Treallchogaíocht

Is éard is treallchogaíocht ann ná cineál cogaíochta agus comhraic neamhrialta ina n-úsáideann grúpa beag trodairí oirbheartaíocht mhíleata ghluaiseachta i bhfoirm luíochán agus ruathar le dul i ngleic le h-arm foirmiúil atá níos mó ná iad ach nach bhfuil chomh soghluaiste is atá siad féin.

Alastair I na Rúise

B'é Alexander I (Rúisis: Александр I Павлович, Aleksandr I Pavlovich) impire na Rúise ó 23 Márta 1801 go 1 Nollaig 1825.

An Leabhar Uaine

Is é an Leabhar Uaine (Green Book) an lámhleabhar oiliúna agus treorach a eisíonn an tIRA le haghaidh a chuid Óglach. Eagraíochtaí náisiúnaíocha agus iad gníomhach i ndiaidh Chogadh Cathartha na hÉireann, cosúil leis an gCéad IRA, Cumann na mBan, agus na Sealadaigh a bhain úsáid as an Leabhar Uaine. Is éard a leagtar amach sa Leabhar Uaine ná cuspóirí na gleice armtha atá an tIRA a chur, an córas oirbheartaíochta, agus na coinníollacha atá le comhlíonadh le go bhféadfar a rá go bhfuil an cath briste ar Arm na Breataine Móire agus comhghuaillithe an Airm sin. Mar a chonaic an tIRA agus na Sealadaigh an scéal bheadh céim mhór chun tosaigh sa bhua mhíleata seo in iarrachtaí leanúnacha na gluaiseachta Poblachtánaí le hÉirinn a shaoradh ó bhráca na nGall. Tá an Leabhar Uaine á úsáid mar threoirleabhar polaitiúil agus míleata ag na heagraíochtaí armtha Poblachtánacha ó na caogaidí anuas, ar a laghad.

An Liotuáin

Is tír í an Liotuáin (Liotuáinis: Lietuva), go hoifigiúl Poblacht na Liotuáine (Liotuáinis: Lietuvos Respublika), atá suite in oirthuaisceart na hEorpa. Is ceann de na Stáit Bhaltacha í. Is ball den AE í. Tá comhtheorainneacha aici leis an bPolainn, leis an mBílearúis, leis an Laitvia agus leis an gceantar Kaliningrad, ar limistéar scoite é de chuid na Rúise.

Vilnias (Polainnis: Wilno; Gearmáinis: Wilna) príomhchathair na tíre. Sna blianta 1919-1940, áfach, bhí cathair Kaunas (Polainnis: Kowno) ag déanamh ghnó na príomhchathrach, agus Vilnias sealbhaithe ag na Polannaigh. Níor thug na Liotuánaigh aitheantas oifigiúil don ghabháltas seo riamh, áfach.

Cogadh na Saoirse (An Spáinn)

Bhí Cogadh Saoirse na Spáinne (nó Cogadh na Leithinse), cogadh sa Spáinn i rith Cogaidh Napoleon. Bhí muintir na Spáinne ag troid leis an bPoirtingéil agus Sasana in aghaidh Impireacht na Fraince. Lean an cogadh ó forghabháil na Spáinne sa bhliain 1808 go dtí ghéilleadh Napoleon sa bhliain 1814.

Bhí an cogadh seo, cheann de na chéad cogaidh i gcomhair saoirse náisiúnta agus an chéad treallchogadh. Lean an cogadh chomh fada sin toisc nach raibh airm mór Napoleon in ann muintir na Spáinne a chuir faoi chois. Chuir na "guerrilleros", nó an treallchogaíocht, brú ar saighdiúirí na Fraince.

Ghabh saighdiúirí Napoleón, cathracha éagsúla agus rinne siad iarracht ansin an Phortaingéil a thógáil. Nuair a fuair siad réidh leis an rí, spreag seo éirí amach ar fud na tíre, glaotar go minic "El Dos de mayo de 1808" sé sin 2 Bealtaine, 1808.

Fad is a bhí na guerrilleros ag troid taobh thiar de línte na naimhde, bhí airm na Sasanaigh agus na Portaingéile ag ionsaí fórsaí na Fraince, ag déanamh iarracht atreorú a dhéanamh orthu.

I ndeireadh na cogadh bhí fórsaí na Fraince an-lag. Bhí naimhde na Fraince in ann ionradh a dhéanamh ar an Spáinne. Cuireadh ar na Franciah cúlú go dtí sléibhte na Piréiní.

Cogadh na Saoirse (Éire)

Tugtar Cogadh na Saoirse (nó an Cogadh Angla-Éireannach), 21 Eanáir 1919 - 11 Iúil 1921, ar an treallchogadh idir Rialtas na Breataine in Éirinn agus Óglaigh na hÉireann, a bhí faoi smacht na Chéad Dála. Parlaimint neamhspleách a bhí ann, agus í curtha i dtoll le chéile as feisirí Éireannacha a vótáladh isteach in olltoghchán Westminster sa bhliain 1918, an tromlach acu a thoiligh le dul ar an Dáil mar theachtaí.

Cromail in Éirinn 1649-1650

Ní fada an t-achar a chaith Cromail in Éirinn - níos lú ná dhá bhliain - agus níor éirigh chomh maith leis is a shíltear go minic, ach d'fhág sé féin agus na ginearáil a lean é rian ar an tír atá soiléir go fóill.

Críochdheighilt na hÉireann

Chuaigh an Chriochdheighilt ar Éirinn ar an 3 Bealtaine 1921, nuair a cuireadh an tAcht um Rialtas na hÉireann ón mbliain 1920 i bhfeidhm. Ar an 6 Nollaig 1922, gaireadh Saorstát den oileán go léir, ach ar an lá arna mhárach, tharraing na Sé Contaetha in oirthear Uladh as an Saorstát, de réir na rogha a bhí fágtha acu. Chruthaigh an Chríochdheighilt dhá stát in oileán na hÉireann, mar atá, Tuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann, ar a dtugtar Éire inniu.

Dara Éirí Amach i nDeasmumhain

Ba é an Dara Éirí Amach i nDeasmhumhain (1579-1583) an t-éirí amach b’fhairsing agus b’fhuilteach den dá cheann i nDeasmhumhain, a thosaigh ríshliocht Mhic Gearailt Dheasmhumhan i gCúige Mumhan, Éire, in aghaidh fhorlámhas coimhthíoch na Sasanach in Éirinn.

Thosaigh an dara éirí amach seo i mí Iúil na bliana 1579, nuair a tháinig Séamus Mac Muiris Mac Gearailt i dtír in Éirinn, agus fórsa de chuid arm an Phápa ina theannta aige. Spreag an eachtra seo éirí amach fud fad dheisceart na tíre, i measc iadsan a bhí báúil do ríshliocht Mhic Gearailt agus a bhí míshásta le Rialtas Shasana sa tír ar chúiseanna éagsúla. Nuair a tháinig an troid chun deiridh, bhí na ceannaircí cloíte, agus bhí Gearóid Mac Gearailt, an 15ú hIarla Dheasmhumhan, básaithe.

Bhí cúiseanna éagsúla leis an reibiliún agus iad go léir chomh suntasach céanna, lena n-áirítear:

gearán na n-iarlaí feodacha in aghaidh ionsá nó cur isteach an Rialtais lárnaigh (Londain) ar a gcuid gnóthaí;

freagairt choimeádacha na nÉireannach in aghaidh polasaithe na Sasanach, a bhí ag tabhairt dúshlán do shochaí traidisiúnta na nGael;

agus cosaint an Chaitliceachais in éadan rialach Bhanríona Protastúnaí a bhí tar éis a bheith fógartha ina heiriceach in 1570 sa bhulla de chuid an Phápa, Regnans in Excelcis.Mar thoradh ar theip an dá éirí amach, tharla léirscrios ar ríshliocht Dheasmumhan agus plandáladh na críocha siúd le coilínigh ó Shasana ina dhiaidh sin - Plandáil na Mumhan - sa bhliain 1585.

Chomh maith leis sin, rinneadh cuid mhaith d'uachtar na hÉireann a bhánú faoin am gur stad an troid. Ceaptar go bhfuair suas le trian de dhaonra na Mumhan bás de dheasca gorta agus galair ar thorthaí den chogadh iad.

Fidel Castro

Ba é Fidel Castro ( audio) (13 Lúnasa 1926 – 25 Samhain 2016) uachtarán ar Chúba ón mbliain 1961 go dtí an 24 Feabhra 2008. Bhí sé ina cheannaire ar an tír ó chuir sé an deachtóir Fulgencio Batista as oifig tar éis éirí amach i 1959. Tháinig a dheartháir Raúl mar chomharba air, ar an 24 Feabhra 2008.

Náisiúnaí a bhí ann ina óige, agus cháin Castro tionchar gnó agus polaitiúil na Stáit Aontaithe i gCúba nuair a bhí sé ina mhac léinn. Bhailigh sé buíon ceannairceach timpeall air féin agus rinne sé ionsaí ar bheairic Moncada (in aice le Santiago) i 1953.

Theith Castro thar lear ar feadh tamaill. Tháinig sé ar ais i mí na Nollag 1956 chun tús a chur le treallchogaíocht, a mhair go dtí gur ghlac Castro seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959.

Duine conspóideach a bhí ann: tá an-mheas air go minic sa tríú domhan, fós inniu. I luathbhlianta a réimeas, rinne ranna de chuid rialtas na Stát Aontaithe roinnt iarrachtaí é a mharú nó a chur as oifig.

Impireacht na Rúise

Úsáidtear an téarma Impireacht na Rúise le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta Pheadair Mhóir go dtí Réabhlóid na Rúise 1917. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón Muir Bhailt go dtí an tAigéan Ciúin. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na Boilséivigh an tImpire deireanach, Nioclás a Dó, agus a theaghlach in Yekaterinburg, áit ar cuireadh ar díbirt é.

B'é ainm oifigiúil an stáit Rúisigh ná Impireacht na Rúise (Rúisis: Российская Империя - "Rossiyskaya Imperiya") ón mbliain 1721 go dtí an bhliain 1917. Ba í Cathair Pheadair príomhchathair na himpireachta, agus bhí an stát níos mó ná 22 mhilliún ciliméadar cearnach ar achar ag deireadh na naoú haoise déag. De réir dhaonáireamh na bliana 1897, bhí 128 milliún duine ina gcónaí sa tír. Chomh maith leis an tír atá ann inniu, bhí baint ag go leor tíortha leis an Rúis atá neamhspleách inniu, mar shampla an Fhionlainn, an Eastóin, an Liotuáin, an Laitvia, an Bhealarúis, an Úcráin, an Pholainn, an Mholdóiv, agus na tíortha Muslamacha i lár na hÁise ar a dtugadh na Rúisigh an Turcastáin.

Monarcacht oidhreachtúil ab ea an Impireacht Rúiseach, agus impire nó Sár i gceannas uirthi. Bhain na hImpirí deireanacha le ríshliocht Romanov. B'í Críostaíocht Cheartchreidmheach an Oirthir an reiligiún oifigiúil, agus b'í an Rúisis an teanga oifigiúil. Sa tréimhse sin, b'é "Go Soirbhí Dia don tSár!" (Rúisis: Боже, Царя храни!/Bozhe, Tsarya khrani!) an t-amhrán náisiúnta.

Jesse James

Meirleach Meiriceánach i rith an Iarthair Fhiáin sa Stáit Aontaithe ab ea Jesse Woodson James a rugadh ar an 5 Meán Fómhair, 1847 agus fuair bás ar an 3 Aibreán 1882. Rugadh James in aice Kearney, sa cheantar in iarthar Missouri ar a dtugtar "Dixie Beag". Bhí Jesse agus a mhuintir báúil leis an nDeisceart i gCogadh Cathartha na Stát Aontaithe. Chuaigh Jesse agus a dheartháir, Frank, leis na "bushwhackers", drong a rinne treallchogaíocht ar son na Cónaidhme in Missouri agus in Kansas sa chogadh sin. Mar leantóirí de chuid William Quantrill agus "Bloody Bill" Anderson, treallchogaithe, cuireadh mí-úsáid i gcoinne saighdiúirí an Aontais agus sibhialtach, Sléacht Centralia (1864) san áireamh.

Josip Broz Tito

Bhí Josip Broz Tito (Script Choireallach: Јосип Броз Тито) i gceannas ar Phoblacht Fheidearálach Shóisialach na Iúgslaive ó 1945 go dtí gur éag sé ar an 4 Bealtaine 1980.

Ku Klux Klan

Is ainm é Ku Klux Klan nó KKK a úsáideann a lán grúpaí dúchasacha sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe, go háirithe sa Deisceart. Bíonn lucht leanúna Ku Klux Klan ag ionsaí Gormaigh agus lucht inimirce, agus iad ag iarraidh ardchumhacht an chine bháin a chur chun cinn. Go stairiúil, bhí Ku Klux Klan ag caitheamh róbaí bána agus púicíní ar dhéanamh coirceoige, agus iad ag cur i gcéill gurbh iad taibhsí na saighdiúirí a fuair bás i bpáirc an áir i rith Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe ar son an Deiscirt. Sin é an chuma a bhíonn ar lucht leanúna KKK ina lán scannán, cuir i gcás.

Tháinig an chéad KKK ar an bhfód i ndiaidh an Chogaidh Chathartha, agus é ag dul i muinín sceimhlitheoireachta, foréigin agus linseála leis na hAfra-Mheiriceánaigh, na Caitlicigh agus na Giúdaigh a choinneáil faoi smacht.

Mobile Suit Gundam Wing

Is clár teilifíse beor meica Mobile suit Gundam Wing isteach sa an linat-aom Taréis Coilineacht. Tá Gundam wing ag creidmheas le ollmhórach méadaitheach an meitsraith Gunnadamba.

Mícheál Ó Coileáin

Ba cheannaire míleata agus polaiteoir Éireannach é Mícheál Eoin Ó Coileáin nó Míċeál Ó Coileáin (Michael Collins an Bhéarla; 16 Deireadh Fómhair 1890 – 22 Lúnasa 1922) a rugadh i gContae Chorcaí. Bhí sé beartach i gCogadh na Saoirse, agus bhí sé ina bhall den toscaireacht Éireannach a shínigh an Conradh Angla-Éireannach i 1921. Ba theachtaí iad ó rialtas sealadach na Chéad Dála.

De dheasca an chonartha seo a chuaigh an chríochdheighilt ar Éirinn, agus í i bhfeidhm sa lá atá inniu ann. Níor thug de Valera aitheantas don Chonradh, ach chuaigh sé i gceannas ar na fórsaí frith-Chonartha. Mar sin a cuireadh tús leis an gCogadh Cathartha. Bhí an Coileánach chun tosaigh ar na fórsaí a bhí ag cur in aghaidh de Valera sa chogadh seo.

Bhí gean ag Gaeil ar an gCoileánach, agus é ina laoch mór acu chomh cróga is chomh beartach a bhí sé, ach mar sin féin, fuair sé bás ó lámh Éireannaigh i mBéal na mBláth in iarthar Chorcaí.

Na Trioblóidí

I ngnáthchaint na hÉireann, is ionann na Trioblóidí agus an tréimhse míshuaimhnis, foréigin agus coimhlinte trasphobail a thosaigh i dTuaisceart Éireann nuair a bhí na seascaidí ag druidim chun deireanais, agus ar cuireadh clabhsúr orthu, a bheag nó a mhór, nuair a chuaigh Comhaontú Bhéal Feirste, a dtugtar Comhaontú Aoine an Chéasta air freisin, i bhfeidhm ar an 10 Aibreán 1998. Is iomaí sainmhíniú a tugadh ar na Trioblóidí i rith na mblianta: sceimhlitheoireacht, coimhlint eitneach, coimhlint iltaobhach, treallchogaíocht, coimhlint ar leibhéal íseal géaradais, agus, fiú, cogadh cathartha.

Rote Armee Fraktion

Drong radacach sceimhlitheoirí ón eite chlé a bhí i Rote-Armee-Fraktion ("Faicsean an Airm Dheirg"), nó Drong Baader-Meinhof mar ba mhinic a thugtaí uirthi sna nuachtáin) a bhí gníomhach i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine ón bhliain 1970 go dtí an bhliain 1998. B'iad Andreas Baader, Gudrun Ensslin, Ulrike Meinhof, Horst Mahler agus daoine eile a bhunaigh an drong sa bhliain 1970, faoi thionchar an radacachais chlé agus an fhrithimpiriúlachais a bhí faiseanta san am. Bhí siad ag déanamh aithrise ar na treallchogaithe cathartha i Meiriceá Theas, go háirithe na Tupamaros in Uragua. Mharaigh sceimhlitheoirí na droinge 34 duine, robáil siad a lán bancanna, agus rinne siad a lán buamálacha. Sa bhliain 1998, d'fhógair siad go raibh siad éirithe as an bhfeachtas míleata.

Is é an t-ainm a thug an drong uirthi féin ná Rote-Armee-Fraktion nó RAF, ach ba nós leis na nuachtáin iad a ainmniú as Andreas Baader agus Ulrike Meinhof. Bhí clú áirithe ar Meinhof mar iriseoir radacach sular tháinig an drong sceimhlitheoireachta ar an bhfód. Bhí ról ní ba tábhachtaí ag Gudrun Ensslin sa drong, áfach.

Chuir Baader agus Ensslin lámh ina mbásanna féin i bPríosún Stammheim i Stuttgart sa bhliain 1977, bliain amháin i ndiaidh Meinhof. Tháinig Horst Mahler slán, agus chuaigh sé le radacachas na heite deise agus leis an Nua-Naitsíochas ina dhiaidh sin.

Sa bhliain 2008, scannánaigh an stiúrthóir Gearmánach Uli Edel scéal na droinge faoin teideal Der Baader-Meinhof-Komplex ("Coimpléasc Baader agus Meinhof"). Bhunaigh sé an scannán ar leabhar leis an iriseoir Gearmánach Stefan Aust.

Slua reatha

Is aonad beag, neamhspleách, soghluaiste é slua reatha ( nó colún reatha go minic), de shaighdiúirí agus trodairí a bhogann go mear chun cogadh a fhearadh ar a namhaid. Dá bhíthin sin, ní iompraítear mórán trealamh agus airm. Taistealaíonn siad go mear i bhfeithiclí nó in ingearáin. Fadó, bhog slua reatha de chos nó ar mhuin capaill.

D'eagraigh Óglaigh na hÉireann sluaite reatha i rith Cogadh na Saoirse in Éirinn le go mbeidh siad in ann dul i ngleic le díormaí de phóilíní agus saighdiúirí Sasanacha in Éirinn. D'éirigh go geal leis an mbeartas seo mar d'fhan na Sasanaigh i ndúnta sna bailte in Éirinn fad is a bhí na ceantair tuaithe faoi smacht na hÓglaigh.

Treallchogaíocht (leabhar)

Is leabhar é Guerra de guerrillas (Treallchogaíocht i Spáinnis) a scríobh an muirthéachtaí agus treallchogaí Mharxach Airgintíneach-Cúbach Che Guevara. Foilsíodh i gCúba é sa bhliain 1960, tamaillín tar éis gur éirigh le Fidel Castro agus a lucht leanúna, ina raibh Guevara mar cheann de na taoisigh, an bua a fháil sa chogadh a threascair an deachtóir Fulgencio Batista.

Bheartaigh Guevara go mbeadh an leabhar mar lámhleabhar do dhaoine eile le go mbeidh siad in ann foghlaim ó cad a rinne sé agus na treallchogaithe eile a bhí mar chuid den ghluaiseacht Movimiento 26 de julio fad is a bhí siad ag troid. Theastaigh uaidh go mbainfidh sochraidí Mharxacha eile leas as a smaointe agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm iad sna háiteanna ina raibh siad gníomhach, cibé acu Meiriceá Laidineach, An Afraic nó An Áise. Dá bhíthin sin, aistríodh an leabhar go Béarla agus Portaingéilis don CIA agus léigh na sochraidí fhrith-éiritheach é chun ceachtanna a fhoghlaim conas dul i ngleic le treallchogaithe. Bhí sé mar ábhar léitheoireachta sa longfort conspóideach a bhí faoi stiúir an CIA i bPanama, Scoil na Meiriceá (Escuela de las Américas). Tharla an rud céanna nach mór leis an leabhar “Minimanual del guerrillero urbano”, 1969, a scríobh an Brasaíleach Carlos Marighella. Aistríodh a leabhar go Béarla agus Spáinnis.

Cé go bhfuil a lán cosúlachtaí idir a leabhar agus an leabhar a scríobh an taoiseach Síneach Mao Zedong, "Maidir le Treallchogaíocht", mhaígh Guevara nár léigh sé an leabhar sin riamh. Dúirt sé gur scríobh sé a shaothar bunaithe ar a thaithí féin fad agus a bhí sé ag fearadh cogadh, a chríochnaigh le bua ar an 1 Eanáir, 1959. Ina theannta sin, léigh Guevara dhá leabhar a foilsíodh le linn Cogadh Cathartha na Spáinne (1936-1939), dar teideal "Cogaí Nua" agus "Leighis i gcoinne Gabháltas" faoi seach. Leag na leabhair seo béim ar thábhacht spreagadh polaitiúil agus modhanna eagraíochta.

Os a chionn sin, mhaígh Guevara gur beart den scoth í treallchogaíocht chun troid in aghaidh rialtais ansmachtúla, mar a bhí an rialtas ag Fulgencio Batista i gCúba féin. Mar sin féin, mhol sé leas a bhaint as gach dóigh chun dul i ngleic "go dleathach" le "rialtais daonlathacha meánaicmeacha" roimh dul i muinín an fhoréigin.

Thiomnaigh Guevara an leabhar i gcuimhne a chomhlaoch Camilo Cienfuegos, a d'éag i dtimpiste eitleáin ar an 28ú de Dheireadh Fómhair 1959, tamaillín tar éis dóibh an bua a fháil sa mhuirthéacht.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.