Trádáil

Is an gníomh díol agus ceannach earraí agus seirbhísí í trádáil. Is Malairt an focal Gaeilge na hAlban dó.

Wojciech Gerson - Gdańsk in the XVII century
Gdańsk
MercadodeSanJuandeDios
Trádáil
2 Márta

Is é an 2 Márta an 61ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra nó an 62ú lá i mbliain bhisigh. Tá 304 lá fágtha sa bhliain.

Alberta

Is cúige iartharach de chuid Cheanada í Alberta; tá sí mar chúige ó 1 Meán Fómhair, 1905.

Tá Alberta suite in iarthar Cheanada, tá An Cholóim Bhriotanach ó thiar agus Saskatchewan ó thoir, Northwest Territories ó thuaidh, agus Montana, sna Stáit Aontaithe ó dheas.

Is í Edmonton príomhchathair an chúige, suite sa lár (agus ó dheas). Solathraíonn Edmonton ola agus acmhainní eile an tuiscirt. Cathair an-tábhachtach is ea Calgary maidir leis an iompar, trádáil agus tráchtáil. De réir tomhais daonra, tá níos mó ná 1 miliúin duine de dhaonra ag an gcathair. I measc na gcathracha tábhachtacha eile in Alberta, tá Red Deer, Lethbridge, Medicine Hat, Fort McMurray, Grande Prairie, Camrose, Lloydminster, Wetaskiwin, Banff, agus Jasper.

Ó 24 Bealtaine, 2015, is í Rachel Notley, NDP, príomh-aire an chúige.

Tá Alberta ainmnithe in ómós don bhanphrionsa "Louise Caroline Alberta" (1848–1939), ceathrú hiníon Victoria. Bean chéile Marquess Lorne, Seanascal Cheanada ó 1878 go 1883, ab ea í. Tá Loch Louise, sráidbhaile Caroline, agus sliabh Alberta ainmnithe in ómós di freisin.

An Airgintín

Is tír i Meiriceá Theas í an Airgintín. Tá teorainneacha aici leis an Sile, le Paragua, leis an mBolaiv, leis an mBrasaíl agus le Peiriú. Ceann de thíortha an réigiúin úd Río de la Plata is ea í (rioplatense mar a deirtear sa Spáinnis), agus cosúil leis na tíortha eile i Río de la Plata fuair sí a lán tionchair ón Iodáil, ó shocraigh a lán lucht imirce ón tír sin san Airgintín. Tá lorg na hIodáilise féin le mothú sa chineál Spáinnise a labhraítear sa tír. Is iad teangacha na n-inimirceach, cosúil leis an Iodáilis (nó leis na canúintí Iodálacha), an Ghearmáinis, an Araibis agus an Béarla féin, na teangacha mionlaigh is mó. An chuid is mó de na teangacha bundúchasacha ón aimsir roimh theacht na Spáinneach, chuaigh siad in éag, ach labhraítear cuid acu i gcónaí, ar nós na Ceatsuaise agus na Guaráinise.

Tagann ainm na tíre ón fhocal Laidine argentum, a chiallaíonn airgead.

Is í Buenos Aires an phríomhchathair. Bhí 43 milliún duine ina gcónaí ansin sa bhliain 2005.

An Bhrasaíl

Tír i Meiriceá Theas í an Bhrasaíl (Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, go hoifigiúil). Is í an tír is mó in ilchríoch Mheiriceá Theas, agus í ag clúdach réimse ollmhór talún idir shléibhte na nAindéas agus an tAigéan Atlantach. Tá timpeall 180 milliún duine ina gcónaí sa Bhrasaíl. Ritheann Abhainn na hAmasóine trí thuaisceart na tíre, agus tá a habhantrach ar ceann de na réigiúin is tábhachtaí ar domhan ó thaobh na bithéagsúlachta de, chomh maith le tábhacht na gcoillte don atmaisféar. Is í Brasília príomhchathair na tíre, ach is iad São Paulo agus Rio de Janeiro na cathracha is mó sa tír.

An Cholóim Bhriotanach

Is cúige i gCeanada í an Cholóim Bhriotanach, suite ar chósta thiar na tíre. Tá timpeall is 4,338,106 duine ann , agus is í Victoria (ar an Oileán Vancouver) an phríomhchathair. Is í Vancouver an chathair is mó agus 587,891 duine ina gcónaí ann..

Camarún

Is tír san Afraic í Camarún. Is í Yaoundé an phríomhchathair.

Donostia-San Sebastián

Is príomhchathair cúige Gipuzkoa/Guipuscoacathair i gcomhphobail féinrialaithe Tír na mBascach sa Spáinn í Donostia-San Sebastián (Bascais: Donostia, Spáinnis: San Sebastián, go hoifigiúl glaotar Donostia-San Sebastián uirthi). Is cathair chósta í suite ar Bhá na Bioscáine, 20 cm (12 miles) ó teorainn na Fraincíse i dtuaisceart na Spáinne. Tá daonra bardais 186,095 aici agus is iad Trádáil agus Turasóireacht na príomh gníomhachtaí eacnamaíochta sa chathair. Tá an tóir ag turasóirí ar an áit seo.

Learpholl

Is cathair mhór í Learpholl in iarthuaisceart Shasana, agus tá sí suite ar abhainn an Mersey. Liverpool a thugtar uirthi i mBéarla. Is port tábhachtach í ar Mhuir Éireann. Tá cáil idirnáisiúnta ar Learpholl mar bhaile dhúchais an bhanna rac-cheol The Beatles, agus dhá fhoireann sacair - Liverpool Football Club agus Everton Football Club. Is í Learpholl a bhí mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa i mbliain 2008. Sa Bhéarla, tugtar scouse ar chanúint Learphoill, agus "scouser" ar dhuine de mhuintir na háite. Timpeall 1,363,000 duine atá ina gcónaí i gcomharsanacht na cathrach.

Lochlannaigh

B'fhir gnó, coilínigh agus, mar is eol go leathan, foghlaithe mara iad na Lochlannaigh nó Uigingigh nó Vairingiaigh a shíolraigh as Críoch Lochlann. Idir na blianta 800 agus 1050, rinneadar coilíniú, réabadh agus trádáil ar fud chóstaí, aibhneacha agus oileáin na hEorpa agus fiú oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Thugadar Norðmenn (fir aduaidh) orthu féin. Tugann Lochlannaigh an lae inniu fós nordbor nó daoine aduaidh orthu féin.

Tá fios maith ar a gcrógacht agus a gcruas i gcogadh, ach thógadar bailte freisin, agus bhí bua acu le obair lámha agus le trádáil. Sa Rúis agus san Impireacht Bhiosántach, thugtaí na Vairingiaigh (Væringjar, ar bhrí leis ná "fir geasa") ar na Lochlannaigh, agus thugtaí an Gárda Vairingiach ar fhir cosanta Lochlannach na hImpireachta Biosántaí. Thugtaí Danair, Gearmánaigh agus Normannaigh orthu freisin, agus as Gaeilge déantaí idirdhealú idir dubh-Lochlannaigh, nó Danair, agus Fionn-Lochlannaigh, nó Ioruaigh. Is iad na hIoruaigh, na Danair, na Sualannnaigh, na hÍoslannaigh agus oileánaigh Faró náisiún an lae inniu a shíolraíonn don chuid is mó ó na Lochlannaigh. Is de shíol Lochlannach cuid éigin den daonra i Sasana, in Albain, in oirthear na hÉireann agus i dtuaisceart na Fraince.

B'astu siúd a shocraigh síos i dtuaisceart na Fraince a shíolraigh na Normannaigh, arbh í an Fhraincis a dteanga, agus tháinig siadsan i dtír in Éirinn, i Sasana agus i dtíortha eile in iarthar na hEorpa ón 11ú haois ar aghaidh.

Peter Mandelson

Is polaiteoir Sasanach é Peter Mandelson (21 Deireadh Fómhair, 1953 a rugadh é). Ba Coimisinéir Eorpach don Trádáil é i gCoimisiún Barroso ón bhliain 2004 go 2008.

Pisa

Cathair san Iodáil is ea Pisa. Tá sí suite ar bhruach abhainn Arno, agus is í príomhchathair Chúige Pisa í, i réigiún na Tuscáine. Tá cáil dhomhanda ar an túr claonta atá inti. Tá daonra de 90,000 duine inti.

Ní fios cathain ar bunaíodh an chathair, ach tá fianaise ann go raibh na Pealascaigh, na Gréagaigh, na hEatruscaigh agus na Liogúirigh sa cheantar. Léiríonn fianaise na seandálaíochta go raibh trádáil á dhéanamh leis an Ghréig sa 5ú haois RC. Rinne na Rómhánaigh cóilíneacht de Phisa sa bliain 180 RC. Bhí easpag lonnaithe inti ó 313 AD ar aghaidh.

Cathair chumhachtach mhuirí ba ea Pisa le linn na meánaoiseanna agus chuir sí longa ar fáil don phápa Gréagóir I chun cogadh a chur ar Biosantiam, agus bhí sí páirteach i gcogaí éagsúla eile mar stát neamhspleách nó mar chuid d'impireachtaí éagsúla. Mhair glór-réim na cathrach go dtí an 13ú haois nuair a chloígh cabhlach Genoa í ar an 6 Lúnasa 1284. Mar gheall ar an cuan a bheith ag dul i léigle sioltadh tháinig meath ar thrádáil agus ar chumhacht mhíleata Phisa ach tháinig sí chun cinn mar ionad léinn le bunú na hollscoile sa bhliain 1343.

Ba i bPisa a rugadh Galileo Galilei duine d'eolaithe móra an domhain. Rinneadh tionsclaíocht éadrom a fhorbairt sa bhfichiú haois ach scriosadh cuid mhaith den chathar sa Dara Cogadh Domhanda.

Tá an-cháil ar ailtireacht Phisa, go háirithe ar an túr claonta sa Piazza de Miracoli (Túr Claonta Pisa).

Samuel de Champlain

Rugadh Samuel de Champlain (ar a dtugtar "athair na Fraince Nua" c.1580-1635) i dteaghlach Protastúnach timpeall na bliana 1580 agus bhí cónaí air i mbaile Brouage, calafort ar chósta thiar na Fraince. Rinne sé turas trí Cheanada sular éag sé i Québec sa bhliain 1635. Mairnéalach agus loingseoir den scoth a bhí ann agus ba é a bhunaigh Cathair Québec. Thaiscéal sé an Loch Champlain agus chuir sé a ainm féin uirthi. Chuir sé tús leis an trádáil idir an Fhrainc agus Meiriceá Thuaidh, go háirithe an trádáil fionnaidh.

Sclábhaíocht

Is córas oibre éigeantais í an sclábhaíocht. Bíonn ar na sclábhaithe obair a dhéanamh dá n-úinéirí gan mórán pá, nó pá ar bith.

Ar feadh trí chéad bliain go leith, rinne muintir na hEorpa creach ar mhuintir na hAfraice agus thugadar iad go dtí an taobh eile den Atlantach ina sclábhaithe.

Taidhleoir

Is é is taidhleoir ann duine atá ceaptha ag stát chun idirbheartaíocht a chur i bhfeidhm le stát (nó stáit) eile nó le heagraíocht idirnáisiúnta. Ar na feidhmeanna a bhíonn faoi chúram an taidhleora tá: ionadaíocht agus cosaint leas agus saoránaigh an stáit churtha; tosach agus áisiú comhaontaithe straitéiseacha; conarthaí agus coinbhinsiúin; cur ar aghaidh faisnéise; trádáil agus gnó; teicneolaíocht; agus caidreamh cairdiúil. Úsáidtear taidhleoirí cleachta in eagraíochtaí idirnáisiúnta dála na Náisiúin Aontaithe agus i gcomhlachtaí ilnáisiúnta as a dtaithí agus scileanna i mbanistíocht agus in idirbheartaíocht. Sna tíortha éagsúla ar fud an domhain, tugtar "an seirbhís eachtrannach" nó "an cór taidhleoireachta" ar a gcuid taidhleoirí.

Tamaulipas

Is ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo é Tamaulipas, agus é suite in oirthuaisceart na tíre. Tá Tamaulipas ag críochántaíocht le Texas, sna Stáit Aontaithe, sa tuaisceart, le Murascaill Mheicsiceo ar a thaobh thoir, le stát Veracruz san oirdheisceart, le San Luis Potosí san iardheisceart, agus le Nuevo León san iarthiar. Is é Ciudad Victoria an phríomhchathair agus is é Reynosa an chathair is mó. Bhí 3,374,200 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.

Tá an trádáil níos tábhachtaí ná aon chuid eile de gheilleagar an stáit. Tá 15 pointe trasnaithe ar an teorann leis na Stáit Aontaithe. Is é Nuevo Laredo an ceann is tábhachtaí. Téann 28% de thrácht thrádála NAFTA tríd agus an droichead idir é agus na Stáit Aontaithe, is é an droichead idirnáisiúnta is mó tráchta ar domhan. Lena chois sin tá dhá chalafort thábhachtacha ann, Tampico agus Altamira. Tá Tampico suite ar an mbruach thuaidh den abhainn Pánuco agus tá scaglann mór ola de chuid PEMEX ann. Táirgí peitril sa chuid is mó a théann tríd an gcalafort úd. Earraí saothraithe de gach aon chineál a théann trí Altamira. San iomlán aistrítear 30% d'earraí trádála Mheicsiceo leis an gcoigríoch trí Tamaulipas.

Trádáil sclábhaithe Bharbarach

Thagair an trádáil sclábhaithe Bharbarach leis na margaí sclábhaí a bhí faoi bhláth ar an gCósta Barbarach an Afraic Thuaidh, nó Maracó nua-aimseartha, an Ailgéir, an Túinéis, agus Libia Thiar, idir an 16ú agus 19ú haoiseanna. Sa bhliain 1631, d'ionsaigh Foghlaithe mara Barbarach ar an nDún na Séad agus a thógtaí a lán cimí as.

Washington

Stát atá suite in iarthuaisceart SAM is ea Washington. Olympia an phríomhchathair agus is é Seattle an chathair is mó. Bhí 6.7 milliún duine ina gcónaí dar leis an daonáirimh sa bhliain 2010. Cónaíonn timpeall ar 60% den daonra i mórcheantar Seattle. Tá a lán foraoisí, aibhneacha, altán, agus sléibhte sa stát. Is é Jay Inslee (Páirtí Daonlathach) gobharnóir an stáit. Úsáidtear an giorrúchán WA don phost.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.