Tír

Is ceantar geografachpolaitiúil í an tír go príomha, ach focal atá ann ag a bhfuil bríonna éagsúla. Tá gaol aige le 'terra' na Laidine a chiallaíonn talamh, nó aonad polaitiúil, nó fisiceach talún. Is aonad polaitiúil í an 'tír' sa ghnáthchaint. Mar shampla,

Mar gheall ar chúinsí éagsúla na staire, tá an-éagsúlacht tíortha ar domhan. Tá cuid acu bunaithe ar náisiún nó treabh amháin, dream daoine a bhfuil teanga, creideamhcultúr ar leith acu. Samplaí díobh sin is ea an Íoslainn, an tSeapáin, Vítneam, Leosóta.

Ach bíonn meascán go minic i dtíortha eile, an Eilbhéis mar shampla mar a labhraítear ceithre theanga oifigiúla, nó an Bheilg mar a bhfuil trí theanga agus tháinig ann do na tíortha sin de bharr na hiomaíochta idir impireachtaí nó tíortha níos mó ná iad ina labhraítear teangacha náisiúnta na tíre.

Cruthaíodh teorannacha idir tíortha de bharr na gcoimhlintí idir náisiúin éagsúla, agus mar sin is minic a bhíonn mionlach i dtír nach bhfuil an teanga, creideamh nó cultúr céanna acu is atá an mhóraimh acu - lucht labhartha na Sualainnise sa bhFionlainn mar shampla, a thugann a ndílseacht don tír ina bhfuil siad in ainneoin na ndifríochtaí sin.

Is minic a labhraítear an teanga chéanna i dtíortha difriúla, Ceanada agus na Stáit Aontaithe mar shampla, nó an Phortaingéil agus an Bhrasaíl, ach cuirtear an-bhéim ar neamhspleáchas na dtíortha sin óna chéile.

Sa bhliain 2004, bhí tuairim is 180 tíortha ann, de réir na Náisiún Aontaithe.

Flag-map of the world
Na tíortha

Féach fosta

Albain

Is tír í Albain (Gaeilge na hAlban: Alba; Sacs-Bhéarla agus Béarla Gallda: Scotland) a bhíodh ina ríocht neamhspleách tráth in iarthuaisceart na hEorpa agus tá sí ar cheann de na ceithre náisiúin as a bhfuil an Ríocht Aontaithe comhdhéanta. Is in Albain atá an trian ó thuaidh d'oileán na Breataine.

Ghlac Albain páirt in aontas pearsanta le Sasana sa bhliain 1603, nuair a deineadh Séamus I Shasana de Séamus VI na hAlban. Tugadh aitheantas oifigiúil don aontas 1 Bealtaine 1707 le Acht an Aontais 1707. Cuireadh deireadh le Parlaimint na hAlban ar Márta 26, 1707. D'aontaigh an t-aontas seo an dá ríocht, agus as seo tháinig Ríocht na Breataine Móire ar an saol, le Parlaimint nua amháin suite i Westminster, Londain. D'fhan codanna áirithe d'institiúidí na hAlban, go háirithe an córas dlí, mar a bhí. Níos déanaí thóg an stát seo seilbh ar Éirinn, agus ón mbliain 1932 ar aghaidh is Tuaisceart Éireann a bhí sa stát agus in ainm na Ríochta. Sa bhliain 1999, beagnach 300 bliain tar éis di a bheith curtha ar ceal, vótáil pobal na hAlban chun parlaimint na tíre a thabhairt le chéile arís, de réir Rialtais na Breataine, faoi Acht Alban 1998. Tugadh cumhachtaí do Pharlaimint na hAlban an tír a riaradh i ngnéithe a bhaineann le hAlbain amháin, agus níl ach cumhachtaí teoranta aici le cáin a ardú.

An Astráil

Is tír í an Astráil atá le fáil idir an tAigéan Ciúin agus an tAigéan Indiach, agus í ar an oileán is mó ar domhan. Is é Malcolm Turnbull an Príomh-Aire faoi láthair.

Tháinig daoine chun cónaithe sa tír timpeall 40,000 bliain ó shin ar a laghad, sinsir na mBundúchasach atá anois ann. Chruthaigh siad a lán cultúr casta, agus tá a gcuid teangacha ar na cinn is ársa ar domhan. De réir a chéile rinneadh fásach de chuid mhaith den tír, cé go raibh an t-oirthear torthúil go maith i gcónaí.

Ar éigean a bhí eolas ag Eorpaigh ar an Astráil go dtí an seachtú haois déag. Ghlac an Captaen James Cook seilbh ar an tír in ainm na Breataine sa bhliain 1778, agus tugadh New South Wales ar an limistéar thoir mar a raibh an chéad choilíneacht. De réir a chéile bunaíodh coilíneachtaí eile timpeall na tíre, agus rinneadh aon tír amháin díobh, Comhlathas na hAstráile, sa bhliain 1901.

De bhunadh Shasanach agus Éireannach cuid mhór den daonra, ach pobal an-mheasctha atá ann anois, go háirithe sna cathracha, agus neart teangacha le cloisteáil, cé gurb é an Béarla an príomhtheanga. Ba mhór an babhta ar na Bundúchasaigh teacht na nEorpach, agus fuair mórán acu bás de ghalracha agus den lámh láidir, ach tugtar aitheantas anois dá ndúchas.

Córas cónaidhme atá ann, sé stát agus dhá chríoch, agus cúpla oileán ina gcríocha spleácha. Tá timpeall os cionn 20 milliún duine sa tír, agus os cionn 70% de na daoine ina gcónaí i ndeich cinn de na cathracha. Is í an Bhanríon Eilís II ceann an Stáit go fóill, cé nach bhfuil sa Choróin ach comhartha stairiúil anois, agus súil ag mórán daoine go ndéanfar poblacht den Astráil feasta.

An Bhreatain Bheag

Tír atá suite ar iarthar oileáin na Breataine í an Bhreatain Bheag. Tá dhá phríomhtheanga ann: Béarla agus Breatnais; agus sa Bhreatnais tugann muintir na tíre Cymru (fuaimnítear mar "comraí", leis an mbéim ar an gcéad siolla) ar a dtír agus Cymraeg (fuaimnítear mar "comráidhg", leis an mbéim ar an dara shiolla) ar a dteanga. Wales agus Welsh a deirtear i mBéarla. Tá Breatnais ag 20% den daonra, agus úsáideann suas le 10% an teanga ar bhonn rialta.

Tá 3,125,000 duine ina gcónaí sa tír, dar le meastachán de chuid rialtas na Breataine Bige ó Mhí Iúil 2017. Is é Caerdydd (Cardiff as Béarla) príomhchathair na tíre. I ndeisceart na tíre atá formhór an daonra, mar go ndeachaigh sé ar aghaidh leis an Réabhlóid Thionsclaíoch, mar gheall ar an ngual agus iarainn a fuarthas ann, agus mar gheall ar na calafoirt bhreátha atá sna bailte móra. Tá na trí chathair is mó, Caerdydd, Abertawe (Swansea) agus Casnewydd (Newport), suite i ndeisceart na tíre.

Nóta: Gaeilge na hAlban, "A' Bhreatainn Bheag" = An Bhriotáin

An Eilvéis

Is tír bheag thalamhiata atá suite in iarthar na hEorpa í an Eilvéis nó an Eilbhéis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na hEilvéise). Tá teorannacha aici leis an Ostair, le Lichtinstéin, leis an bhFrainc, leis an Iodáil, agus leis an nGearmáin.

An Fhrainc

Is tír í an Fhrainc (Fraincis: La France) nó Poblacht na Fraince (Fraincis: République française) atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta.

An Ghearmáin

Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáin (Gearmáinis: Deutschland), nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Gearmáinis: Bundesrepublik Deutschland) go hoifigiúil, agus thart ar 82 milliún duine ina gcónaí inti. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an bPoblacht Seiceach, leis an bPolainn, leis an Danmhairg agus leis an Eilvéis. Is í Beirlín an phríomhchathair, agus 3.4 milliún duine ina gcónaí ann.

An Iodáil

Tír i ndeisceart na hEorpa í an Iodáil (Iodáilis: Italia) nó Poblacht na hIodáile (Iodáilis: Repubblica Italiana) le thart ar 57 milliún duine ina gcónaí inti. Is ballstát den Aontas Eorpach í. Tá cruth buataise ar an leithinis, an chuid is mó den tír, agus is cuid den tír freisin an dá oileán is mó sa Mheánmhuir, an tSicil is an tSairdín. Tá teorainneacha aici leis an Ostair, an bhFrainc, an Slóivéin, agus an Eilvéis sa tuaisceart. Tá na h-iamhchríocha San Mairíne agus an Vatacáin istigh san Iodáil. Usáideann siad an euro. Is í an Róimh príomhchathair na hIodáile.

Tá áit an-tábhachtach aici sa stair 'Iartharach'; rugadh inti sibhialtachtaí na nEitriuscach, na Gréige Móra, Impireachta na Róimhe; poblachtaí muirithe na Meánaoise, an fhealsúnacht daonnachach, agus an Renaissance. Tá an Iodáil ina tír aontaithe ó 1861, tar éis an Risorgimento a ghiollaigh Ríocht na Sairdíne, agus tá sí ina poblacht ó cuireadh ar ceal an mhonarcaíocht i reifreann sa bhliain 1946. Tá sí ar cheann de na sé stát a bhunaigh an Comhphobal Eorpach sa bhliain 1957, agus den aon stát déag a bhunaigh an limistéar eoró sa bhliain 1999.

An Ostair

Poblacht i lár na hEorpa í an Ostair (Gearmáinis: Österreich), ar mar a dtugtar go hoifigiúl Poblacht na hOstaire (Gearmáinis: Republik Österreich). Tá teorannacha aici leis an nGearmáin, leis an tSeic, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir, leis an tSlóivéin, leis an Iodáil, le Lichtinstéin agus leis an Eilvéis. Is é Vín príomhchathair na tíre.

An Ríocht Aontaithe

Is éard atá i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ar a dtugtar An Ríocht Aontaithe (RA) agus An Bhreatain fosta (Béarla: United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland nó United Kingdom nó UK), ná stát ceannasach atá suite siar ó thuaidh ó chósta Mhór-Roinn na hEorpa. Áiríonn an tír oileán na Breataine Móire, an chuid thoir thuaidh d’oileán na hÉireann, agus go leor oileán níos lú eile. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát eile – Poblacht na hÉireann. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát ceannasach eile nuair nach nglactar na Spleáchais (Giobráltar agus Akrotiri agus Dhekelia) san áireamh. Tá teorainn idir Giobráltar agus an Spáinn, chomh maith leis sin tá teorainn ag Akrotiri agus Dhekelia le Poblacht na Cipire agus ag Dhekelia le Poblacht Thuaisceart na Cipire (atá faoi cheannas Turcaigh an oileáin ach nach bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige), agus an Crios Maolánach de chuid na NA a scarann an dá thír ar an oileán. Seachas an teorainn talún seo, bíonn an tAigéan Atlantach thart timpeall na tíre ar fad siar agus ó thuaidh, bíonn an Mhuir Thuaidh ina luí soir, an Mhuir nIocht ó dheas agus Muir Éireann siar.

Is í foirm rialtais na tíre í monarcacht bhunreachtúil le córas parlaiminteach. Is í cathair Londain í an phríomhchathair. Tá 4 thír chomhdhéanaimh sa RA: Tuaisceart Éireann, Alba, An Bhreatain Bheag agus Sasana.

Tá fo-rialtais chineachta ag na chéad 3 chinn acu seo, a bhfuil cumhachtaí athraitheacha acu bunaithe ina bpríomhchathracha, Béal Feirste, Dún Éideann agus Caerdydd faoi seach. Gaolmhar leis an RA gan a bheith ina gcodanna di atá 3 Spleáchas na Coróine: Geansaí, Geirsí agus Manainn. Tá 14 Chríoch Thar Lear. Is ionann iad seo agus píosa iarmharacha de Impireacht na Ríochta Aontaithe, ina raibh beagnach ceathrú iomlán de dhromchla an domhain ag deireadh an 19ú haois agus toiseacht an 20ú haois. Ba í an Impireacht í an ceann is mó riamh ar domhan. Tchítear tionchar na RA i leitheadúlacht an Bhéarla mar mheán cumarsáide, cultúr na nOileán Briotanach, agus córais dlí i dtíortha ar fud na cruinne.

Is tír fhorbartha í an RA, a bhfuil an cúigiú geilleagar is mó ar domhan aige de réir OTI ainmneach agus an naoú ceann is mó ar domhan de réir Paireachta Cumhacht Cheannaigh. Ba í an chéad tír thionsclaíoch ar domhan í agus an neart is tábhachtaí ar domhan i rith an 19ú haois agus go luath san 20ú haois. Déantar tagairt go seadh don RA mar neart ollmhór agus tá go fóill cumhachtaí ollmhóra aigi i leith na heacnamaíochta, an chultúir, an mhíleata agus na n-eolaíochtaí aici, mar aon le tionchar nach beag go hidirnáisiúnta. Is stát núicléach aitheanta é agus caitheann sé an ceathrú caiteachas is mó ar domhan ar chúrsaí míleata. Tá tuairim is 65 milliún duine ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe: breis is 55 milliún i Sasana, cúig mhilliún in Albain, trí mhilliún sa Bhreatain Bheag agus cúpla milliún i dTuaisceart Éireann.

Rinne Sasana concas ar an mBreatain Bheag i rith na Meánaoise. Chruthaigh Acht an Aontais 1707 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire, agus chruthaigh Acht an Aontais 1800 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Nuair a bhain Saorstát Éireann a neamhspleáchas amach san fhichiú céad, cruthaíodh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Is stát aonadach é an Ríocht Aontaithe, rialaithe faoi monarcacht bhunreachtúil agus córas parlaiminteach, lena shuíochán rialtais sa phríomhchathair, Londain.

An Rúis

Is tír leath-Eorpach, leath-Áiseach í an Rúis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na Rúise). Is í an tír is mó ar domhan, le hachar 17,075,400 km², beagnach dhá oiread níos mó ná an chéad tír eile, is é sin, Ceanada. Is í an t-ochtú tír is mó maidir le daonra. Is é Moscó an phríomhchathair. Is í an Rúisis an teanga oifigiúil, siúd is go bhfuil an dúrud teangacha eile á labhairt ag na mionlaigh ar fud na tíre.

Bhí sí ar an tír cheannasach in Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha (APSS) agus is iomaí duine sa Rúis a airíonn uaidh cumhacht na Rúise sna laethanta a bhí.

An Spáinn

Is tír í an Spáinn (Spáinnis: España), nó Ríocht na Spáinne go hoifigiúil (Spáinnis: Reino de España), atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire.

Is ball den Aontas Eorpach í agus is monarcacht bhunreachtúil í.

Tá tionchar ag an Spáinn ar fud an domhain: sa lá atá inniu ann, tá 500 milliún daoine ag labhairt na Spáinnise.

An tSeapáin

Is tír in oirthuaisceart na hÁise í an tSeapáin (Nippon/Nihon; 日 (grian); 本 (fréamh ach bunús); 国 (tír), go litriúil bunús na gréine). Tá sí suite idir an tAigéan Ciúin agus Muir na Seapáine.

Baile Átha Cliath

Is é Baile Átha Cliath (Béarla: Dublin) príomhchathair na hÉireann agus é ar an gcathair is mó sa tír freisin. Tá sé suite in oirthear na tíre, cois Life agus ar imeall Mhuir Éireann. Tá breis is 1.6 milliún duine ina gcónaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus deirtear go dtiocfaidh borradh agus fás ar an daonra sa todhchaí.

California

Is stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá é California nó an Chalafóirn mar a ghlaotar uirthi as Gaeilge uaireanta (cf. Calafóirniam nó Calafóirneach). Is é Sacramento príomhchathair Chalifornia, ach is é Los Angeles an chathair is mó sa stát (agus an dara is mó sa tír).

Tá sé suite in iarthar na tíre ar chósta an Aigéin Chiúin. Is é an stát is mó sa tír ó thaobh daonra de agus an tríú stát is mó de réir achair.

Is é "an Stát Órga" leasainm oifigiúil an stáit. D´fhéadfadh sé go mbaineann sé seo leis an ór ar thángthas air sa bhliain 1848 (agus a chuir tús le Fuadar Óir Chalifornia) nó mar go bhfuil dath an óir, nach mór, ar go leor de thalamh an stáit sa samhradh.

Úsáidtear an giorrúchán CA don phost, agus baineann an Associated Press feidhm as Calif.

Daonra dlúth atá i ndeisceart na Calafóirne, agus is lú an líon daoine atá le fáil sa taobh thuaidh. Is é Los Angeles, sa deisceart, an chathair is mó sa stát agus is é an dara cathair is mó sna Stáit Aontaithe. Is é mórcheantar San Francisco, sa dtuaisceart, an dara ceantar uirbeach is mó sa stát. Maireann formhór an daonra laistigh de 50 míle (80 km) ón Aigéan Ciúin.

Contae Dhún na nGall

In iarthuaisceart Chúige Uladh atá Dún na nGall nó Contae Dhún na nGall, ceann de thrí chontae in Uladh nach bhfuil i dTuaisceart Éireann. Úsáidtear an t-ainm Tír Chonaill ar an gcontae chomh maith, cé nach hionann an dá áit go stairiúil, toisc nár ghlacadh an téarma Tír Chonaill Inis Eoghain, leathinis mhór in oirthuaisceart an chontae, ina áireamh.

Is é Leifear príomhbhaile an chontae, ach is í Leitir Ceanainn an baile is mó atá ann, agus daonra 19,274 aici de réir daonáirimh 2016. Is é Bun Cranncha an dara baile is mó sa chontae, agus is é Baile Dhún na nGall an baile as ar ainmníodh an contae.

Is í Gaeltacht Dhún na nGall an ceann is mó in Éirinn ó thaobh líon na gcainteoirí dúchais.

Meicsiceo

Is tír i Meiriceá Thuaidh é Stáit Aontaithe Mheicsiceo (Spáinnis: Estados Unidos Mexicanos; Nahuatl: Mexihco Tlacetililli Tlahtohcayotl) atá suite idir Mhurascaill Mheicsiceo agus an tAigéan Ciúin. Tá sí ag críochantaíocht le Stáit Aontaithe Mheiriceá ó thuaidh agus le Muir Chairib, leis an mBeilís agus le Guatamala thoir ó dheas. Is í Meicsiceo an cúigiú tír is mó i mór-roinn na Mheiriceá de réir achair, agus is í an 13ú tír is mó ar domhan. Meastar go bhfuil daonra níos mó ná 125 milliún in Meicsiceo, agus is í an 11ú tír is mó ar domhan de réir daonra, agus an tír is mó ina labhraítear Spáinnis. Is í an dara tír is mó i Meiriceá Laidineach i ndiaidh na Brasaíle. Tá 31 stát agus Cathair Mheicsiceo i Meicsiceo agus is í Cathair Mheicsiceo príomhchathair na tíre agus an chathair is mó.

Sasana

Tír in oileán na Breataine Móire is ea Sasana (Béarla: England; Coirnis: Pow Sows). Is é Sasana an tír is mó sa Ríocht Aontaithe.

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Tír i Meiriceá Thuaidh is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá nó SAM, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar domhan. Tá caoga stát ar fad ann. Is é Alasca an ceann is mó achar acu, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra.

Tá na Stáit Aontaithe ar an t-aon ollchumhacht amháin ar an domhan inniu, nó is í an tír seo atá chun tosaigh ó thaobh na heacnamaíochta, na n-armálacha agus an chultúir de ar an gcuid eile dár bpláinéad. Aithnítear tionchar na luaineachtaí eacnamaíocha sna Stáit Aontaithe ar gheilleagar na dtíortha eile, breathnaítear ar scannáin agus ar chláir teilifíse de dhéantús na Stát Aontaithe, agus labhraítear Béarla Mheiriceá mar fhrancbhéarla idirnáisiúnta. Tarraingíonn cumhacht dhoshéanta na Stát Aontaithe idir adhradh agus fhuath ar an tír, ach ní féidir dearmad ná droichead a dhéanamh di.

Tá an chuid is mó de na stáit suite in aon limistéar amháin in Ilchríoch Mheiriceá Thuaidh. Tá dhá stát ann agus iad scartha ón mbloc seo, mar atá, Stát Haváí, ar oileánra é san Aigéan Ciúin, agus Stát Alasca, a bhfuil stiall chaol de thailte Chúige An Cholóim Bhriotanach, Ceanada, idir é agus Stát Washington.

Stát daonlathach liobrálach is ea na Stáit Aontaithe, agus bhí páirt thar a bheith tábhachtach ag an tír i bhforbairt stairiúil an daonlathais nua-aimseartha. Ós rud é go bhfuil náisiúnachas an stáit bunaithe ar an mbunreacht agus ar an traidisiún daonlathach in áit aon náisiúntacht nó dream eitneach ar leith, fáiltítear lucht inimirce ó gach cearn den domhan, agus dá réir sin, tá na Stáit Aontaithe ar ceann de na tíortha is ilchultúrtha ar fud an domhain. Cé go mbíonn fadhbanna móra ag an tír le ciníochas agus le foréigean, is féidir a rá go raibh córas daonlathach na Stát Aontaithe ábalta an faobhar a bhaint de na fadhbanna seo sa deireadh.

Éire

Is alt faoi oileán Éireann agus an tír ina hiomlán é seo; tá ailt ar leith faoi Phoblacht na hÉireann agus faoi Thuaisceart na hÉireann freisin.Is oileán í Éire atá suite amuigh ó chósta iarthuaisceart mhórthír na hEorpa, siar ón mBreatain Mhór, in oirthear an Aigéin Atlantaigh thuaidh.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.