Stán

Is é an stán dúil cheimiceach uimhir a 50 agus is í an tsiombail cheimiceach a thagraíonn dó sna foirmlí ceimiceacha ná Sn. Ó thaobh na ceimice de, tá sé sách cosúil leis an dá dhúil is cóngaraí dó i ngrúpa a 14, is é sin, an luaidhe agus an gearmáiniam. Miotal iar-thrasdultach é an stán go bunúsach, cé go bhfuil tréithe áirithe aige a chuireann miotalóideach nó neamh-mhiotal i gcuimhne. Tá dhá uimhir ocsaídiúcháin aige, mar atá, +2 (na comhdhúile stánúla) agus +4 (na comhdhúile stánacha). Is iad na comhdhúile stánacha is cobhsaí.

Stán
Siombail Cheimiceach Sn
Uimhir Adamhach 50
Meáchan Adamhach 118.710(7) g·mol-1
Grúpa, Peiriad 14, 5, p
Dlús 5.769  g·cm−3
Sraith Cheimiceach Miotail iarthrasdultacha
Sn-TableImage

Stair

Tá an t-ainm sin stán bunaithe ar stannumstagnum na Laidine. Ar dtús, ba é ba bhrí leis an bhfocal seo ná "cóimhiotal airgid agus luaidhe", agus is é an téarma a chiallaigh "stán" ná plumbum candidum, "luaidhe bhán". Níl a fhios ag aon duine cad is bunús don fhocal sin stagnum, agus is féidir gur tháinig sé as ceann de na teangacha ársa réamh-Ind-Eorpacha san Eoraip. Ón taobh eile de, tá an teoiric ann gur focal Coirnise é, ó bhí poill mhianaigh i gCorn na Breataine fadó agus iad ina bhfoinsí tábhachtacha stáin.

Tá aithne ag an gcine daonna ar an stán ó na laethanta réamhstairiúla anuas. Go bunúsach, thosaigh an mhianadóireacht stáin timpeall ar thrí mhíle bliain roimh Chríost, san am chéanna ar thosaigh an Chré-umhaois. Is í an chasatairít - an dé-ocsaíd stáin, SnO2 - an mianra stáin is tábhachtaí ó na laethanta sin anuas. Inniu féin baintear an chuid is mó den stán as an gcasatairít.

Ceimic

Tá deich n-iseatóp cobhsaí nádúrtha ag an stán: stán a 112 (0.97 % de stán an dúlra), stán a 114 (0.66 %), stán a 115 (0.34 %), stán a 116 (14.54 %), stán a 117 (7.68 %), stán a 118 (24.22 %), stán a 119 (8.59 %), stán a 120 (32.58 %), stán a 122 (4.63 %), agus stán a 124 (5.79 %). Tá iarsmaí beaga de stán a 126 ann freisin. Iseatóp radaighníomhach é an ceann sin agus é fiche trí mhíle bliain ar leathré. Tagann béite-mheath air agus is é antamón a 126 an t-iníoniseatóp. Is é is cúis leis an saibhreas iseatóp seo ná gur ceann de na "huimhreacha draíochta" é 50 san fhisic núicléach, is é sin, uimhir a fheabhsaíonn cobhsaíocht an núicléis. Is é tuiscint na bhfisiceoirí go bhfuil na núicléoin (na prótóin agus na neodróin) ar scealla éagsúla i núicléas an adaimh cosúil leis an dóigh a bhfuil na leictreoin ar scealla éagsúla (nó ar leibhéil éagsúla fuinnimh) i leictreon-néal an adaimh, agus go bhfuil na scealla lán ag na huimhreacha draíochta. Bíonn na dúile "draíochta" eile saibhir in iseatóip chobhsaí freisin - mar shampla tá cúig iseatóp cobhsaí ag an nicil agus ag an gcailciam - ach is é an stán an ceann is mó "draíochta" acu.

Tá roinnt allatróp ag an stán. Is iad an t-alfa-stán agus an béitea-stán an dá cheann is tábhachtai. Is é an béitea-stán an miotal is aithnid dúinn, ach má fhuaraítear an béitea-stán síos go 13.2 °C, gheofar alfa-stán, ar púdar liath é nach bhfuil úsáid ar bith ann. Má mheasctar miotail eile leis an stán, is féidir teocht an trasdula seo a ísliú. Is iad an t-antamón agus an biosmat is fearr a choisceann é.

Miotal insínte é an stán, agus ní ocsaídíonn an t-aer é ach ar éigean, rud a fhágann gur féidir úsáid a bhaint as le miotail eile a chosaint ar ocsaídiú. Úsáidtear stán sna cóimhiotail freisin. An chéad chóimhiotal a bhí ar eolas ag an gcine daonna, ba é an cré-umha é, agus é comhdhéanta as stán agus as copar.

Is féidir halaiginídí an dá staid ocsaídiúcháin a tháirgeadh, mar atá, SnF2 (défhluairíd stáin), SnCl2 (déchlóiríd stáin), SnBr2 (débhróimíd stáin), SnI2 (dé-iaidíd stáin), agus SnF4 (teitreafluairíd stáin), SnCl4 (teitreaclóiríd stáin), SnBr4 (teitreabróimíd stáin) agus SnI4 (teitriaidíd stáin). Solaid iad na halaiginídí stánúla (na déhalaiginídí) go léir, agus iad comhdhéanta as móilíní móra polaiméireacha. Maidir leis na halaiginídí stánacha (na teitreahalaiginídí), is solad polaiméireach é an teitreafluairíd freisin, ach is comhdhúile soghalaithe iad na cinn eile. Leacht í an teitreaclóiríd stáin le teocht an tseomra, fiú. Níl dath ar bith sna halaiginídí stáin, amach ó na hiaidídí, nó tá an dé-iaidíd dearg, agus an teitriaidíd flannbhui.

Tá an dé-ocsaíd stáin, SnO2, amfaiteireach, is é sin, is dual di imoibriú leis na bunanna agus leis na haigéid. Má imoibríonn sí le bun, gheofar salann de chuid an aigéid stánaigh, cé nach bhfuil san aigéad sin ach comhdhúil theoiriciúil nach féidir a aonrú. Níl an dé-ocsaíd stáin sothuaslagtha san uisce, áfach. Tugtar stánáití ar shalainn an "aigéid", agus is é SnO44- foirmle an iain stánáite.

Cosúil leis an dé-ocsaíd, is comhdhúil amfaiteireach í an aonocsaíd SnO freisin. Tugtar stáinítí ar shalainn an "aigéid stánúil", ach úsáidtear an téarma sin sa gheolaíocht i gciall eile - is é sin, le tagairt do phirítí stáin (mianraí a bhfuil copar, stán, iarann agus sulfar iontu).

Tá hidríd amháin ag an stán, mar atá, teitrihidríd stáin nó stánán sa chiall chúng, SnH4. Is comhdhúil an-éagobhsaí í a dhíscaoileann uaithi féin go stán agus hidrigin le teocht an tseomra agus a dhéanfaidh uathadhaint má thagann sí i dteagmháil le hocsaigin an aeir.[1] Nimh atá inti freisin.

Sa chiall fhairsing, tugtar stánáin ar na comhdhúile orgánacha stáin, ina bhfuil adaimh stáin ceangailte le nasc comhfhiúsach d'adaimh charbóin. Na comhdhúile stáin is mó a úsáidtear sa tionsclaíocht, a dhíoltar is a cheannaítear, is comhdhúile orgánacha iad, ach ní mór cuimhne a choinneáil air gur nimheanna láidire cuid mhór acu agus an-dochar iontu don duine agus don dúlra araon.

Úsáidtear stán ar an iliomad bealaí: sádráil, stánphlátáil, cóimhiotail, fiaclóireacht agus a lán eile. Maidir leis na comhdhúile orgánacha stáin, is féidir teacht aniar a chur i bplaisteach vinile (is é sin, clóiríd pholaivinile) le comhdhúile speisialta stáin. Mar a luadh, is nimheanna a lán comhdhúile orgánacha stáin, ach is féidir leas a bhaint as an airí seo freisin. Mar sin, is comhdhúile stáin a lán frithbhréantán. (Is é is frithbhréantán nó péint fhrithbhréantais ann ná péint ar leith a chuirtear ar an long le hí a chosaint ar na halgaí, ar na baictéir agus ar bheothaigh eile ar dual dóibh dul greamaithe sa long ón taobh amuigh agus dochar a dhéanamh di.) Inniu, áfach, táthar an-bhuartha faoin bpriacal atá sna frithbhréantáin stánbhunaithe don timpeallacht. Bhí na comhdhúile tríbhúitilstáin, ina bhfuil an grúpa adamh úd tríbhúitilstán -Sn(CH2CH2CH2CH3)3, an-choitianta mar fhrithbhréantáin tráth den tsaol, ach inniu, táthar ag iarraidh éirí astu, ós truailleáin iad.

Tagairtí

  1. Greenwood, Norman N.; Earnshaw, Alan. (1997). "Chemistry of the Elements (2nd ed.)". Oxford: Butterworth-Heinemann ISBN 0-08-037941-9.
Allatrópacht

Is éard is allatróip ann ná struchtúir éagsúla móilíneacha nó criostalacha a bhíonn ag aon dúil cheimiceach amháin, ionas gur dual don neamheolaí a chreidiúint gur dúile difriúla ar fad atá iontu. Is é is cúis leis an allatrópacht ná na hadaimh a bheith ceangailte dá chéile le naisc dhifriúla.

Dúile amháin atá i gceist leis an allatrópacht. Más comhdhúile atá ann, tugaimid polamorfacht ar an bhfeiniméan.

Bíonn cobhsaíocht na n-allatróp ag brath ar an teocht agus ar an mbrú. Mar shampla, is é an stán miotalach is cobhsaí os cionn 13.2 céim Celsius, ach faoi bhun na teochta sin tiocfaidh "plá" ar an stán, ionas go gclaochlóidh sé go hallatróp eile, stán neamh-mhiotalach nach bhfuil úsáid ann.

Go tipiciúil, ní bhíonn na hallatróip éagsúla ar fáil ach sa phas soladach. Mar shampla, má leáitear fosfar - pé allatróp atá ann - gheofar leacht den chineál chéanna, P4, is é sin, leacht atá comhdhéanta as móilíní ceithre adamh. Ón taobh eile de, áfach, tá an trí phas - solad, gás agus leacht - ag an ózón, ar allatróp de chuid na hocsaigine é. Tá trí adamh i móilín an ózóin, O3, agus dhá adamh i móilín na gnáthocsaigine O2.

Chuala an saol mór iomrá ar dhá phríomhallatróp an charbóin, mar atá, graifít agus diamant. Tá struchtúr tríthoiseach ag an diamant, ionas go bhfuil na hadaimh ceangailte go daingean dá chéile, rud a fhágann an diamant an-chrua. Ón taobh eile de, tá an ghraifít comhdhéanta as macramhóilíní déthoiseacha, cineál sraitheanna nach bhfuil ach lagnaisc eatarthu. Mar sin, bíonn an ghraifít bog sobhriste. Le déanaí, d'éirigh leis na saineolaithe allatróip nua charbóin a chruthú, ar nós fullairéiní agus nainfheadáin.

Dúil é an fosfar atá an-saibhir in allatróip. Is é an fosfar bán an ceann a gheofar nuair a fhuaróidh fosfar leáite. Substaint nimhiúil dhainséarach é an fosfar bán ar dual di uathadhaint a dhéanamh - is é sin, rachaidh sé trí thine uaidh féin. Tá an fosfar dearg níos cobhsaí, agus is é an fosfar dubh an t-allatróp is cobhsaí le teocht an tseomra, cé go bhfuil sé riachtanach an fosfar bán a théamh faoi bhrú an-ard lena chlaochlú go fosfar dubh. Thairis sin, sa bhliain 1865 d'éirigh leis an eolaí Gearmánach Johann Wilhelm Hittorf allatróp nua a chruthú, mar atá, fosfar vialait.

Amfaiteireacht

Sa cheimic, tá speiceas amfaiteireach má tá sé in ann imoibríú mar aigéad agus freisin mar bhonn. Sampla is ea hiodrocsaíd alúmanain, Al(OH)3, a chruthaíonn salainn Al3+ in aigéad is salainn AlO2- in alcaileach. Tagann an focal ón bhfocal Gréigise 'amphoteroi' (ἀμφότεροι) a chiallaíonn "an dá". Cruthaíonn go leor miotal (mar shampla, sinc, stán, luaidhe, alúmanam, agus beirilliam) agus an chuid is mó de na miotalóidigh ocsaídí nó hiodrocsaídí amfaiteireacha. Braitheann an amfaiteireacht ar staid ocsaídiúcháin na hocsaíde.

Speiceas amfaiteireach ar leith is ea na móilíní amfaprótónacha, gur féidir leo prótón (H +) a bhronnadh nó a ghlacadh). I measc na samplaí seo tá na haimínaigéid agus na próitéiní, a bhfuil grúpaí aimín agus aigéad carbocsaileacha, agus comhdhúile féin-ianú ar nós uisce agus amóinia.

Is éard is amfailítí ná móilíní amfaiteireacha ar a bhfuil dísghrúpa, cinn aigéadacha agus cinn bunata agus bíonn siad ann den chuid is mó mar svitiriain i réimse áirithe de pH. Tugtar an pointe isileictreach ar an pH ag a bhfuil an meánlucht an móilín a náid. Úsáidtear amfailítí chun teacht ar ghrádán pH cobhsaí le húsáid i bhfócasú isoelectric.

An tSean-Ghréig

Tháinig tús le sibhialtacht sa Ghréig thart ar 3000 R. Ch. le sibhialtacht na Mionóch ar oileán na Créite nuair a bhfuarthas amach conas le copar agus stán a chur le chéile. Tugtar aois an chré-umha ar an ré seo. D'fhás an cultúr sin thar na blianta is thart ar 2000 R.Ch. thosaigh na Mionóigh ag baint úsáide as iairiglifí nó cineál scríbhneoireachta le pictiúir. Thóg na Mionóigh pálás Knossos mar lárionad a rialtais sa Chréit idir 1900 agus 1400 R. Ch. Sa bhliain 1450 R. Ch. chuir brúchtadh bolcáin in Thera deireadh le réim na Mionóch.

Cé go raibh tionchar mór ag na Mionóigh ar stair na Gréige, ceaptar nár Ghréagaigh iad ó thaobh a dteangan de. Tháinig an chéad phobal gurbh í an Ghréigis a dteanga don tír timpeall 2000 R. Ch., agus tar éis deireadh a theacht ar shibhialtacht na Mionóch, bhunaigh na luath-Ghréagaigh seo an tsibhialtacht go dtugtar Mícéinéach uirthi, a mhair ó 1600–1100 R. Ch. Is ó Ré na Mícéinéach a eascair na heipicí Hóiméaracha agus na scéalta i dtaobh Chogadh na Traoi, cé nár deineadh leagan údarásach díobh go dtí timpeall 700 R. Ch.

Ina dhiaidh sin, is féidir stair na Sean-Ghréige a roinnt i réimsí áirithe ginearálta:

An Ré Ársa timpeall 800–500 R. Ch.;

An Ré Chlasaiceach timpeall 500–323 R. Ch.;

An Ré Heilléanaíoch timpeall 337–146 R. Ch.;

An Ré Rómhánach, ó 146 R.Ch. go dtí 476 A. D.Ag tús na Ré Ársa, chum na Gréagaigh aibítir na Gréigise, a bhí bunaithe ar aibitír na bhFóinéiciach, ach gur chuir na Gréagaigh litreacha i gcóir gutaí isteach inti den chéad uair.

Is le linn na Ré Ársa a cuireadh tús le nós na nGréagach coilíneachtaí a bhunú mórthimpeall na Meánmhara agus na Mara Duibhe, agus bhí raidhse acu ar an bhfód in iarthar na hAnatóile, san Iodáil, agus sa tSicil faoi dheireadh na ré seo. Bhí na chéad Chluichí Oilimpeacha ann in 776 R. Ch. Bunaíodh an chéad rialtas daonlathach san Aithin i 508 R.Ch.

Tarluint chinniúnach ag tús na Ré seo ab ea iarracht na Impireachta Peirsí mórthír na Gréige féin a ghabháil. Dhein na Peirsigh dhá ionradh ar an nGréig, i 490 R. Ch. agus arís i 480–478 R. Ch., ach chuir na Gréagaigh ruaig orthu (feic Cath Mharatóin), rud nach raibh na Peirsigh ná mórchuid na nGréagach ag súil leis. Bhí an Aithin i mbarr a réime sa Ré Chlasaiceach i ndiaidh na gCogaí Peirseacha. Is sa tréimhse seo a bhí Cogadh na Peilipinéise idir Sparta agus an Aithin, go raibh an bua ag Sparta ann. Ba é an Ré Chlasaiceach Ré an "polis" (Gréigis: πόλις), nó "cathair-stát", mar nach raibh aon rialtas náisiúnta ag na Gréagaigh, ach bhí an tír roinnte idir a lán cathracha neamhspleácha a bhí i gcoimhlint lena chéile don chuid is mó.

Theip ar an seanchóras politiúil seo i 337 R. Ch. nuair a d'éirigh le Pilib II, rí na Macadóine, cathracha na Gréige a chur faoi smacht, agus don chéad uair riamh bhí iomlán na Gréige féin faoi smacht ag rialtas amháin (lean na cathracha Gréagacha san Iodáil agus sa tSicil mar cathracha neamhspleácha, áfach). Tháinig a mhac Alastar Mór ina chomharba ar Philib, agus d'éirigh leis, mar aon le harm mór Macadónach is Gréagach, ionradh a dhéanamh ar an Impireacht Pheirseach agus an impireacht sin ar fad a ghabháil. Leath an bua seo an cultúr Gréagach thar leath na cruinne, ón Éigipt aniar go dtí an Ind. Scoilteadh impireacht Alastair Mhóir tar éis a bháis ina ríochtaí neamhspléacha, agus ceaptar bás Alastair mar tús leis an Ré Heilléanaíoch.

Ghabh na Rómhánaigh an Ghréig i 146 R. Ch., agus bhí sí mar chuid lárnach den Impireacht Rómhánach feasta.

Tháinig deireadh le cumhacht na Sean-Ghréige nuair a ghabh na Rómhánaigh í mar chuid dá n-impireacht i 146 R. Ch. D'ainneoin go raibh an lámh in uachtar ag na Rómhánaigh maidir leis an gcumhacht pholaitiúil de, bhí tionchar as cuimse ag cultúr na Gréige ar an impireacht.

Cé gur thit an Impireacht san Iarthar as a chéile sa deireadh, lean an Impireacht san Oirthear mar chomharba uirthi, agus ba impireacht Ghréagach í feasta, go dtugtar an Impireacht Bhiosántach uirthi anois.

Bruithniú

Próiseas ina bhfaightear miotal óna mhianach trí théamh, ag baint feidhm as breosla a bhaineann comhábhair eile an mhianaigh amach ag an am céanna (mar shampla an ocsaigin óna ocsaídí) agus as flosc a chabhraíonn le heisíontas a bhaint. Is dócha gurb é copar an chéad mhiotal a fuarthas ón mianach, agus bhruithnítí stán, luaidhe is airgead anallód. Gualach ab ea an breosla is an t-oibreán dí-ocsaídithe uilíoch gur thosaigh úsáid an chóic sa 18ú céad. Bhíodh tarraingt fhórsáilte in úsáid sna foirnéisí sa ré chlasaiceach, agus i bhfad na haimsire forbraíodh an fhoirnéis soinneáin as sin. Tá an-chuid foirmeacha bruithnithe trí dhó breosla ann, agus bealaí leictreacha téimh in úsáid freisin, mar a dhéantar le halúmanam.

Forsheoltacht

Iompar neamhghnách ina gcailleann ábhar ar leith aon fhriotaíocht do sheoladh srutha leictrigh. De réir dlí Ohm, nuair a ritheann sruth trí ábhar forsheoltach ní bhíonn aon voltas trasna, agus ní chruthaítear aon teas ón bhfuinneamh leictreach a iompraítear tríd. Mar sin, tá an seoladh srutha leictrigh lánéifeachtach trína leithéid d'ábhar. Dá mb'fhéidir sreanga forsheoltacha a úsáid i gciorcaid is mogalraí leictreacha, ba mhór an choigilt fuinnimh é. Gníomhaíonn na dúile miotalacha luaidhe, stán is mearcair, agus comhdhúile éagsúla mar fhorsheoltóirí nuair a fhuaraítear iad go dtí teocht héiliam leachtaithe ag -273.15 °C, an-ghar don dearbhnialas teochta. Tá sé an-chostasach ó thaobh airgid is fuinnimh de a leithéid a chur i gcrích, agus mar sin ní dóchúil go bhfeidhmeofar éifeacht na forseoltachta i dtarchur leictreachais leis na miotail sin. Le blianta anuas táthar tar éis comhdhúile ceirmeacha, bunaithe ar thailliam, a úsáid a léiríonn forsheoltacht ag teocht nítrigine leachtaithe, nó fiú suas go dtí -150 °C. Tá an-chuid taighde ar siúl chun comhdhúile a aimsiú a bheadh forsheoltach ag teocht níos mó fós, rud a dhéanfadh táirgeadh is feidhmiú na n-ionstraimí is na n-inneall a bheadh bunaithe ar chiorcaid is comhbhaill fhorsheoltacha níos saoire fós.

Gearmáiniam

Is é an gearmáiniam dúil cheimiceach uimhir a 32, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ge. Leathmhiotal nó miotalóideach atá ann, is é sin, dúil a bhfuil saintréitheanna miotalacha agus neamh-mhiotalacha araon aici, agus é sách cosúil le dúile eile an ghrúpa chéanna freisin, is é sin, an stán agus an sileacan.

Níor aithin an duine an gearmáiniam mar dhúil ar leith ach sách deireanach i stair na ceimice, ós rud é nach bhfuil mórán mianraí saibhir i ngearmáiniam. Ba é Dmitri Mendeleev, a chéadcheap tábla peiriadach na ndúl, a thairngir sa bhliain 1869 go gcaithfeadh a leithéid de dhúil a bheith ann, ó bhí sí ag teastáil le folúntas sa tábla a líonadh. Bhaist sé "eka-sileacan" ar an dúil hipitéiseach sin. Sa bhliain 1886, d'éirigh leis an gceimiceoir Clemens Winkler sa Ghearmáin an dúil nua seo a aonrú, agus ós Gearmánach a bhí ann féin, is é an t-ainm a cheap sé di ná gearmáiniam.

Úsáidtear gearmáiniam mar leathsheoltóir sa leictreonaic thar aon rud eile, ach is iomaí leas eile a bhaintear as sa tionsclaíocht ardteicneolaíoch.

Tá ceithre iseatóp cobhsaí nádúrtha ag an ngearmáiniam, mar atá, gearmáiniam a 70 (21.23 % de ghearmáiniam an dúlra), gearmáiniam a 72 (27.66 %), gearmáiniam a 73 (7.73 %), agus gearmáiniam a 74 (35.94 %). An chuid eile de ghearmáiniam an dúlra (7.44 %), is éard atá ann ná gearmáiniam a 76. Iseatóp radaighníomhach é gearmáiniam a 76, ach tá a leathré chomh fada is gurb ar éigean is féidir an radaighníomhaíocht sin a aithint. Is é an meath a thagann air ná an béite-mheath dúbailte, agus is é seiléiniam a 76 an t-iníoniseatóp.

Is dual don ghearmáiniam imoibriú le hocsaigin an aeir nuair a théifear go 250 céim Celsius é. Mar sin a gheofar dé-ocsaíd ghearmáiniam GeO2. Bíonn an gearmáiniam sách díonta ar na tuaslagáin laga aigéadacha nó alcaileacha, ach imoibreoidh sé le haigéad sulfarach láidir agus le substaintí alcaileacha leáite, ionas go bhfaighfear ian gearmánáite GeO32-. Téann an t-ian i gcomhdhúile le hiain dheimhneacha le gearmánáití a dhéanamh. Úsáidtear an ghearmánáit bhiosmait Bi4Ge3O12 sna brathadóirí radaíochta (brathadóirí drithlíochta), ós drithleoir í - is é sin, is dual di drithliú nuair a bhuaileann cáithnín radaíochta í.

Is iad an dá uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2 agus +4. Mar sin, tá dhá ocsaíd ann: GeO2 agus an aonocsaíd GeO. Is féidir dé-ocsaíd ghearmáiniam a tháirgeadh tríd an déshuilfíd ghearmáiniam GeS2 a róstadh. Is púdar bán í an dé-ocsaíd. Maidir leis an aonocsaíd, is féidir í a tháirgeadh trí imoibriú an ghearmáiniam leis an dé-ocsaíd. Bíonn comhéifeacht athraonta an tsolais infheicthe an-ard ag ocsaídí an ghearmáiniam agus ag na gearmánáití, ach ón taobh eile, ní chuireann siad mórán bac ar an radaíocht infridhearg.

Téann an gearmáiniam i gcomhdhúile dénártha (is é sin, comhdhúile nach bhfuil ach adamh dhá dhúil iontu) le dúile eile i ngrúpa na hocsaigine. Samplaí iad an déshuilfíd ghearmáiniam GeS2, an désheiléiníd GeSe2, an aonsuilfíd GeS, an aonseiléiníd GeSe agus an aonteallúiríd GeTe. Gheofar an déshuilfíd má chuirtear suilfíd hidrigine H2O ag dul trí thuaslagán aigéadach a bhfuil iain ghearmáiniam Ge4+ ann. Cé go bhfuil an déshuilfíd ghearmáiniam intuaslagtha san uisce, tá sí dothuaslagtha ar fad i dtuaslagáin aigéadacha uisce, agus mar sin, déanfaidh sí deascán. Le fírinne ba é an deascadh seo a cheadaigh do Winkler fionnachtain na dúile seo a dhéanamh i dtús báire.

Jos

Cathair is ea Jos sa Nigéir atá suite ar Archlár Jos. Tá 510,000 duine ina gcónaí sa chathair.

Macapá

Cathair sa Bhrasaíl is í Macapá. Tá sí suite ar an abhainn Amasón i dtuaiscéart na tíre agus is í príomhchathair an Stát Amapá. Tá 397,913 duine ina gcónaí i Macapá agus 499,166 ina gcónaí sa cheantar cathrach. (daonáireamh 2010). Tá mianadóireacht tábhachtach i ngeilleagar na catharach. Is iad stán, iarann, ór, manganéis, adhmad, ola, agus iaisc chuid den earra easpórtála ón cheantar seo.

Maisealaca

Cré-earraí glónraithe le stán is ea an Maisealaca (Idáilis: Maiolica) a táirgeadh san Iodáil i bhfad roimh 1250 AD. Le linn na hAthbheochana, bhíodh an maisiúchán air an-chosúil le saothar phríomhphéintéirí an ama sin.

Miotal Babbitt

Cóimhiotal geal liath nach mbíonn ach frithchuimilt fhíoríseal ar a dhromchla. Déanta den chuid is mó as stán, copar is antamón. Rinneadh a chéaduair é ag Isaac Babbitt (1799-1862), tionscnóir Meiriceánach.

Nicolas Appert

Sólaisteoir agus aireagóir Francach ba ea Nicolas Appert (Châlons en Champagne 17 Samhain, 1749- Massy 1841).

Poblacht Shacha

Poblacht de chuid Chónaidhm na Rúise is ea Poblacht Shacha (Rúisis: Республика Саха (Якутия), Sachais/Iacúitis: Саха Өрөспүүбүлүкэтэ/Sakha Öröspüübülükete). In 2010 bhí daonra 958,528 duine aici, a raibh a bhformhór ina nIacútaigh agus ina Rúisigh.

Tá sí ar an limistéar féinrialaithe fo-náisiúnach is mó ar domhan agus méid 3,083,523 ciliméadar cearnach inti. Is é Yakutsk an phríomhchathair. Tá aeráid dhian ag an bpoblacht agus na teochtaí is ísle sa leathsféar thuaidh taifeadta i gcuid de na cathracha. Tá meánteocht gheimhridh Yakutsk faoi bhun 35 °C.Bíonn an samhradh an-te i gcuid mhór den phoblacht de thoradh na gclaontaí hipir-ilchríochacha.

Púdarmhiotalóireacht

Cruthanna miotalacha a dhéanamh trí phúdar an mhiotail a chomhbhrú isteach sa bhfoirm chríochnaithe nó gar di. Baineadh feidhm aisti ar dtús chun filiméid tungstain a dhéanamh i gcomhair bolgán leictreach, agus anois chun uirlisí gearrtha cairbíd tungstain is imthacaí féinbhealaithe a dhéanamh. Is féidir é a dhéanamh le hiarann, stán, nicil, copar, alúmanam is tíotáiniam. Ar dtús déantar na púdair le páirteagail rialta de thoisí ar leith trí adamhú (trí sprae den mhiotal leáite a fhuarú go tapa) nó deascadh rialaithe ceimiceach. Ansin comhbhrúitear an púdar isteach i múnla roimh é a theaschóireáil (sintéarú). Is amhlaidh a tharlaíonn táthú idir na páirteagail ag na pointí tadhaill ar fud an struchtúir. I mbealach eile, cothaítear an púdar ó chrannóg isteach sa bhearna idir dhá rollóir chun stiall a dhéanamh. Is costéifeachtúil an modh deantúsaíochta é, agus tugann sé póiriúlacht sa struchtur más inmhianaithe é sin.

Stánphláta

Is é is stánphláta ann ná leathán tanaí cruach, clúdaithe le stán trí thumadh i stán leáite, nó leictreaphlátáil. Úsáidtear é chun boscaí éadroma láidre agus tógálacha cosanta a dhéanamh. Ar eolas ó dheireadh an 17ú céad, ach níor baineadh mórán feidhme as gur ceapadh cannú go luath sa 19ú céad, agus is tábhachtach an tionscal cannaithe ar fud an Domhain faoi seo.

Sádar

Cóimhiotal a leánn go héasca ag teocht mheasartha chun nasc a dhéanamh idir dhá dhromchla miotail. De ghnáth bíonn stán is luaidhe ann nuair a bhíonn copar le nascadh, nó prás, nó iarann le stánphláta air. Ní hionann is táthú, is amhlaidh a líonann an sádar na scáintí sna dromchlaí atá le nascadh, agus is mar seo a dhéanann an nasc gan comhtháthú leo.

Tailliam

Is dúil cheimiceach é an tailliam. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 204.388 g/mol. Is é dúil uimhir a 81 é, agus is é Tl an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na miotail iar-thrasdultacha atá ann. Tá sé cosúil leis an stán, ach tagann smúit air faoi thionchar an aeir. Nimh atá ann, agus sna laethanta a bhí, ba ghnách luchóga móra agus feithidí a mharú le tailliam. Tá sé chomh nimhiúil don duine féin, áfach, go bhfuil an chuid is mó de na náisiúin shibhialta ag iarraidh éirí as an úsáid sin. Bhain a lán dúnmharfóirí úsáid as an tailliam chomh maith.

Inniu, úsáidtear an chuid is mó den tailliam sa leictreonaic, go háirithe sna leathsheoltóirí. Tá an tailliam an-bhraiteach ar an radaíocht infridhearg, nó athróidh a sheoltacht go mór má bhuaileann radaíocht den chineál sin é. Is féidir tailliam a úsáid i mbrathadóirí radaíochta eile freisin, cosúil leis na cinn a aithníonn radaighníomhaíocht.

Tá dhá staid ocsaídiúcháin ag an tailliam ina chuid comhdhúil: +1 agus +3.

Teallúiriam

Is é an teallúiriam dúil uimhir a 52 sa tábla peiriadach. Te an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Miotalóideach sobhriste airgeadgheal é an teallúiriam agus é réasúnta nimhiúil. Breathnaíonn sé cosúil leis an stán, ach is iad an sulfar agus an seiléiniam na dúile is gaolmhaire leis ó thaobh na ceimice de, ó tá sé in aon ghrúpa leo - grúpa na hocsaigine, nó na calcaiginí. Ba é Franz Joseph Müller von Reichenstein a rinne fionnachtain an teallúiriam sa Trasalváin sa bhliain 1782, ach fuair an dúil nua a hainm ó Martin Heinrich Klaproth sa bhliain 1798. Tá an t-ainm bunaithe ar an bhfocal Laidine tellus, talamh.

Níl úsáid ar bith sa teallúiriam do bheothach an duine. A mhalairt ar fad is nimh é. Iompaíonn meitibileacht an duine an teallúiriam go démheitilteallúiriam (CH3)2Te, ar gás é agus boladh na gairleoige as, agus is féidir an boladh sin a aithint in análú na ndaoine a bhfuil nimhiú teallúiriam orthu.

Bíonn criostail an teallúiriam chomh geal leis an airgead, agus loinnir an mhiotail iontu má bhíonn siad sách glan. Is féidir teallúiriam dímhorfach a fháil trína dheascadh as tuaslagán an aigéid teallúraigh Te(OH)6. Is leathsheoltóir é an teallúiriam, agus a sheoltacht ag brath ar threoir an tsrutha leictrigh i gcomparáid le línte ailínithe na n-adamh sa chriostal. Is fótaisheoltóir é an teallúiriam freisin, is é sin, téann a sheoltacht i méadaíocht faoi thionchar an tsolais. Creimeann an teallúiriam leáite copar, cruach dhosmálta agus gnáthiarann.

Tenterfield

Is baile atá suite i New South Wales ins Astráil é Tenterfield, ag pointe teagmhála an mhórbhealaigh New England, Mount Lindesay agus Bruxner agus ar an abhainn Boonoo Boonoo.

Tá Tenterfield tuairim ar seacht gcéad ciliméadar taobh thuaidh de Sydney agus níl ach ocht gciliméadar dhéag taobh theas den teorann Queensland.

Rinne Henry Parkes (1815-1896) óráid stairiúil i 1889 ina thug sé gairm coiteann ar Stáit na hAstráile de gheall ar chónascadh a dhéanamh.

Ceantar saibhre le beithígh, olann, tobac agus úlloird is ea é agus fuarthas ór agus stán ann i 1860. Baineadh clú na talún agus na háite amach mar gheall ar seo.

Tháinig an ceithearnach coille finscéalach Thunderbolt chun suntais ansin.

Ór saorga

Cóimhiotal óraithe de chopar, sinc is stán a úsáidtear sa bhFrainc go príomha, ón 17ú céad ar aghaidh, i gcomhair clog, coinnealraí is rudaí sómasacha maisithe eile, agus i ndéanamh troscáin mhaisithe freisin.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.