Solamh

Ba rí é Solamh (1011 R.Ch – 931 R.Ch).

Piero della Francesca- Legend of the True Cross - the Queen of Sheba Meeting with Solomon; detail
Solamh
Leabhar Buí Leacáin

Scríobhadh Leabhar Buí Leacáin i ndeireadh an 14ú haois. Caomhnaítear í anois mar TCD MS 1318 (olim H 2.16). Cnuasach de chodanna é a scríobh scríobhaithe difriúla agus a cuireadh le chéile ina dhiaidh sin. Bhí scoil filíochta ag Clann Mhic Fhir Bhisigh i dTír Fhiachrach Muaidhe (i gContae Shligigh), agus is cosúil go raibh ceann de na codanna i seilbh duine den mhuintir sin tráth. Scríobh Giolla Íosa mac Dhonnchadha Mhóir Mhic Fhir Bhisigh ceann eile timpeall na bliana 1392 d’Ó Dubhda Ua bhFiachrach. Bhí Leabhar Buí Leacáin ar na scríbhinní a bhailigh an scoláire Breatnach Edward Lhuyd.

Tigernmas

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí na hÉireann ab ea Tiarnmhas (Sean-Ghaeilge Tigernmas) mac Follaigh, mac Ethriel, de shliocht Éiremhóin.

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i réim nuair a dhíbrigh sé a réamhtheachtaí Conmáel sa Chath Aonach Mhacha. Lastigh d'aon bhliain dá theacht i gcoróin, bhuaigh sé seacht gcath is fiche in éadan sliochtach Eber Finn, ag cloí nach mór an sliocht go léir.

Deirtear gur bruithníodh ór don chéad uair riamh i rith a réimis, ag an ngabha Iuchadán. Ba é Tiarnmhas an chéad rí a thug coirn dá lucht coimhdeachta. Ba é an chéad a chaith éadaí daite le corcra, gorm agus uaine, agus cóirithe le dealga, frainsí agus seoda. Agus é ina rí, tharla deich dtomhaidhm, seacht loch agus trí abha.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.