Paróiste

Is ceantar riaracháin é an paróiste (Gaeilge na hAlban: parraist). Baineann eaglaisí Chríostúla úsáid as mar ceantar eaglasta atá faoi chúram sagairt.

Sanasaíocht

Is as an Ghréigis παρоικια a tháinig an focal trí Laidin paroechia, Sean-Fhraincis paroisse, agus Angla-Fhraincis parosse (1075) agus paroche (1292). Cialaíonn sé ceantardeoise ó na focail Gréigise παρά = in aice le agus οικος = teach. Ba téarma Heilléanaíoch é a chialaíonn lonnú i dtír iasachta, nó comhphobal lonnaitheoirí i dtaca leis na Giúdaigh i dtír iasachta. Cuireadh an téarma i bhfeidhm ar na chéad Chríostaithe (mar deoise) sa 3ú haois agus mar paróiste sa 4ú haois

Paróistí Eaglasta

Is ceantar talún de chuid dheoise é an paróiste san Eaglais Chaitliceach Rómhánach, Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthirsa, Eaglais na Sualainne agus sa Comaoin Anglacánach. De ghnáth déanann sé tagairt do na daoine sa théann go dtí an eaglais. Sna heaglaisí tá an paróiste faoi chúram sagairt, nó aireministir an pharóiste.

Eaglais Chaitliceach Rómhánach

Níl ach sagart paróiste amháin ag gach paróiste san Eaglais Chaitliceach (sna Stáit Aontaithe Mheiriceá tréadaí is ainm don sagart) agus an paróiste fá chúram. Is féidir sagairt chúnta bheith ag sagart an pharóiste. Tá an deoise roinnte ina chuid pharóistí agus eaglais pharóiste amháin ag gach aon pharóiste. Bíonn dhá nó trí eaglais ag na paróistí is mó, nó tugtar an t-ainm séipéal orthu. San Eaglais Chaitliceach Rómhánach tá paróistí náisiúnaigh le fáil freisin. Is do ghrúpa daoine le teanga amháin atá an paróiste bunaithe, mar shampla de réir inimirce lucht daoine as tír eile.

Eaglais Shasana

Bhí na paróistí atá i Sasana bunaithe ar shean-eastáit na hAngla-Shacsanach agus na Normannach. Is cúige í de chuid Chomaoin Anglacánach an Eaglais Shasana. Is féidir le Corónach, Easpag, coláiste, carthanas nó comhlacht reiligiúnach sagart a roghnú chun bheith i gceannas ar pharóiste.

Eaglais na hAlban

Is é an paróiste an ceantar riaracháin is bunúsach san eaglais.

An Chúlóg

An Chúlóg (le ciall "The Little Corner" as Béarla) Is limistéar fo-uirbeach mór é, dírithe ar sráidbhaile, Is bruachbhaile mór i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath í An Chúlóg (Béarla: Coolock ). Bunaíodh séipéal ann sa luath-Chríostaíocht agus forbraíodh an sráidbhaile timpeall an tséipéil sin. Ba shráidbhaile í an Chúlóg go dtí na 1950í nuair a tosaíodh le tógáil tithíochta sa cheantar mar chuid de leathnú bhruachbhailte Bhaile Átha Cliath. Tá tionscail na háite faoi bhrú faoi láthair le dúnadh mhonarcha Tayto sa bhliain 2005. Tá clubtheach an club CLG Parnells lonnaithe i sráidbhaile na Cúlóige.

Bíonn an paróiste dlí na Cúlóige suite idir Bóthar Tóin le Gaoith (chomh fada le Domhnach Míde) agus Bóthar Mhullach Íde, mar aon leis na tailte ar an dá thaobh den Bhóthar Mhullach Íde idir Darndál agus Ard Aidhin, agus na tailte ar an dá thaobh de Bhóthar Oscair Mhic Thréinfhir ar an mbealach chun Seantrabh.

Is é An Chúlóg freisin, ainm an bharúntachta atá freagrach as an chuid is mó de chathair Bhaile Átha Cliath ó thuaidh, ó chósta isteach go dtí Páirc an Fhionnuisce, agus ag síneadh ó thuaidh chomh fada le Sord.

An Fheothanach

Paróiste agus baile fearainn i gCorca Dhuibhne í an Fheothanach . Tá an Fheothanach suite ag bun Chnoc Bréanainn thart ar 11 ciliméadar siar ó thuaidh ó Dhaingean Uí Chúis i nGaeltacht Chontae Chiarraí.

Paróiste Mórdhach a ghlaothar ar an bparóiste go háitiúl. Síneann paróiste Mórdhach ó Chnoc Bréanainn go Trá na Feothanaí agus ó Binn Bhaile Reo go Mám an Lochaigh. Tá beagnach 500 duine ag maireachtaint i bParóiste Mórdhach. Tá an paróiste i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus tá an Ghaoluinn fós mar theanga an phobail ann.

An Spidéal

Is baile é An Spidéal (Spiddal nó Spiddle as Béarla) atá suite in iarthar Chontae na Gaillimhe.

Tá sráidbhaile an Spidéil thart ar aon mhíle déag nó ocht gciliméadar déag siar an cósta ó Chathair na Gaillimhe. Baile an Droichid a thugadh muintir na háite tráth air. Táid ann a deir gurb é an Spidéal príomhbhaile Chois Fharraige. Síneann Paróiste an Spidéil ó Dhoire Locháin Thoir siar go hAbhainn an Spidéil nó Abhainn Bhoth Loiscthe agus ó thuaidh go Leitir Meas agus Poll. Tugtar 'Ceantar an Spidéil' uaireanta ar cheantar beagán níos fairsinge ná sin, a chuimsíonn Paróiste an Spidéil féin agus an ceantar i bParóiste an Chnoic ó shráidbhaile an Spidéil siar go Sáile Chuanna.

Tá an Spidéal suite i nGaeltacht Chonamara agus cé go bhfuil an Ghaeilge in uachtar i gcónaí in imeachtaí poiblí sa gceantar, tá labhairt na teanga trí chéile san áit ag teacht faoi bhrú (mar atá sa nGaeltacht ina hiomláine.) Béarla is mó a chloistear á labhairt i ngnónna na háite agus ceaptar gur thart ar leath na dteaghlach san áit a úsáideann an Ghaeilge mar theanga bhaile. De bhrí go bhfuil an Spidéal cóngarach go leor do Chathair na Gaillimhe, tá sé tarraingteach mar áit chónaithe; tá roinnt mhaith daoine nua tagtha chun cónaithe san áit le tamall de bhlianta anuas, go mór mór in eastáit nua tithíochta gar don sráidbhaile.

Is é Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta an eagraíocht forbartha pobail atá ag feidhmiú san áit, agus tá gníomhaíochtaí éagsúla idir lámha ag an gComhlacht Forbartha ar mhaithe leis an gceantar a chur chun cinn.

CLG Craobh Chumhra

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Craobh Chumhra .

CLG Átháin

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Átháin.

Cill Rosanta

Is paróiste suite i gContae Phort Láirge í Cill Rosanta.

Eaglais na hÉireann

Craobh de chuid na hEaglaise Críostaí, eaglas aspalda Anglacánach is ea Eaglais na hÉireann. Cuireadh ar bun ar dtús í mar chraobh d'Eaglais Shasana, agus mar sin níl Eaglais na hÉireann gníomhach ach in Éirinn.

Tá an eaglais eagraithe i ndeoisí, agus easpag i mbun gach ceann acu. Tá 350,000 míle ball ann ar fud na hÉireann, 275,000 i dTuaisceart Éireann agus 75,000 i bPoblacht na hÉireann.

Tá dhá chúige ag an eaglais, Ard Mhacha agus Baile Átha Cliath, agus Ardeaspag i gceannas orthu araon. Tá 12 deoise inti agus 422 paróiste.

Fuil

Leacht speisialtaithe de chuid na colainne is ea an fhuil. Soláthraíonn sí ábhar riachtanach – ocsaigin (O2) agus cothaithigh – do chealla na colainne, agus iompraíonn sí fuíolltáirgí meitibileacha ó na cealla seo go dtí na baill eisfheartha: na duáin, an t-ae, na scamhóga agus an stéig. Lánaíonn sí roinnt fheidhmeanna eile chomh maith: iompraíonn sí na hormóin timpeall na colainne, agus tá páirt láidir aici i gcosaint na colainne ó ionfhabhtú.

Tá trí chomhpháirt san fhuil: na fuilchealla dearga, a iompraíonn ocsaigin; na fuilchealla bána, a chosnaíonn an cholann ó ionfhabhtú, in éindí leis na pláitíní, a chneasaíonn gránuithe agus créachtaí; agus an plasma, leacht a n-iompraíonn sé na cealla fola agus ina dtuaslagaíonn na substainte iompartha eile.

Sna daoine fásta, is sa smior a chruthaítear na fuilchealla nua, i bpróiseas ar a dtugtar fuilghiniúint.

Úsáidtear an focal céanna fuil i nGaeilge na hAlban.

Gaeltacht na nDéise

Tá Gaeltacht na nDéise suite ar chósta Chontae Phort Láirge sé mhíle siar ó dheas ó bhaile Dhún Garbhán. Cuimsíonn sí dhá pharóiste, an Seanphobal agus paróiste na Rinne. Tá giota beag de pharóiste na hAirde Móire mar chuid di freisin. Is í Gaeltacht na nDéise an dara Gaeltacht oifigiúil is lú in Éirinn: clúdaíonn sí achar de 6,110 heicteár (23.59 míle cearnach). Tá traidisiún láidir Gaelainne, ceoil, amhránaíochta, ealaíona agus spóirt sa cheantar.

Inis Córthaidh

Baile i lár thuaisceart Chontae Loch Garman í Inis Córthaidh. Tá daonra timpeall 11,000 ann. Tá an baile suite ar an Sláine, agus tá dhá dhroichead thar an abhainn sa bhaile. Tugtar Paróiste Naomh Seanan ar an dtaobh thoir den bhaile. Tá sé an dara baile is mó i gContae Loch Garman.

Mollongghip

Bailecheantar atá suite thart ar 105 km siar ó thuaidh ó Mhelbourne, príomhchathair Victoria na hAstráile, is ea Mollongghip.

Tá baint ag Mollongghip le limistéar Springbank, agus thaispeáin daonáireamh 2011 go raibh 385 duine ina gcónaí sa limistéar sin.Saothraítear prátaí ann agus cothaítear eallach. Bhíodh an limistéar go léir faoi chrainn roimh theacht na gcoilíneach, agus tá cuid d’Fhoraois Bullarook le fáil láimh leis an gceantar. Chuir feirmeoirí agus lucht lománaíochta fúthu ann i seascaidí an 19ú haois.

Ba iad na Wathaurong cine bunaidh an cheantair agus chaith siad saol traidisiúnta ann anuas go dtí lár an 19ú haois. Scaipeadh iad ina dhiaidh sin.

Níl ach cúpla teach cónaithe ann anois agus tá na siopaí, an scoil agus an teach tábhairne dúnta. Tá seid bríogáid dóiteáin ann agus cúirt leadóige, agus seanhalla pobail a thóg na feirmeoirí sa bhliain 1903. I mBealtaine 1915 cuireadh ceolchoirm ar bun ann le haghaidh an Chiste Bheilgigh,

agus bhí craobh Mollongghip den Chros Dhearg ag bailiú éadaí ann sa bhliain 1918. I measc na n-ócáidí a bhíonn ar siúl ann anois sin tá léitheoireachta filíochta, dinnéar lár geimhridh, cóisir Nollag, rincí agus bannaí ceoil. Tá caoi á coinneáil air le deontais rialtais. Tá briogáid áitiúil dóiteáin ann de chuid an Country Fire Authority (CFA). Bunaíodh é roimh an Dara Cogadh Domhanda agus sa bhliain 1945 cheannaigh an lucht dóiteáin ceann de na leoraithe athmhíleata a chuir an rialtas ar fáil do na “bush fire brigades”.Ba chuid de Shír Creswick é Mollongghip anuas go dtí an bhliain 1995, nuair a cealaíodh an tSír sin agus gur cruthaíodh Sír Hepburn ina háit.Tá Mollongghip ina chuid den “Great Dividing Trail”, bealach siúlóide trí lár Victoria.Baineann Mollongghip le Paróiste Caitliceach Naomh Pádraig in Gordon, a bunaíodh sa bhliain 1875.

Má Dheilge

Paróiste sibhialta, paróiste Caitliceach Rómhánach, toghroinn agus sráidbhaile in iarthar Chontae Phort Láirge in Éirinn is ea Má Dheilge (Béarla: Modeligo, Magh Dheilge nó Maigh Dheilge i nGaeilge tráth).

Paróistí in Louisiana

Tá 64 paróiste i stát Louisiana. Is Louisiana an stát amháin sna Stáit Aontaithe le foranna polaitiúla a thugtar paróistí, is ionann paróiste na Louisiana agus contae na stát eile.

Port Lách

Is paróiste suite i gContae Phort Láirge é Port Lách.

Pápa Pius X

Bhí Pius X (nó Giuseppe Melchiorre Sarto, 2 Meitheamh 1835 - 20 Lúnasa 2014) mar phápa ar an Eaglais Chaitliceach ó 1903 go dtí 1914 (nuair a bhris an Chéad Cogadh Domhanda amach). Tháinig sé i gcomharbacht ar Leo XIII agus tháinig Benedict XV ina dhiaidh.

Rugadh Giuseppe Sarto i Riese san Iodáil sa bhliain 1835. D'fhás sé suas i dteaghlach de dheichniúr clainne. Bhí a athair ina fhear a phoist agus bhí an clann bocht. Chuaigh sé le sagartacht nuair a bhí sé cúig bliain d'aois agus cuireadh oideachas maith air, mar sin.

Oirníodh Giuseppe Sarto ina shagart in 1828. Chaith sé tréimhse ghearr mar shagart paróiste, bhí sé ina reachtaire ar chliarscoil agus ansin riarthóir deoise Treviso. Ceapadh é mar easpag Mantua sa bhliain 1884.

Ceapadh Giuseppe Sarto mar chairdinéal agus ansin patrarc na Veinéise sa bhliain 1893, ceapachán polaitiúil. Bhí deacrachtaí idir an Vatacáin agus an Iodáil ag an am. Ní raibh sé ábalta dul ann go dtí 1894.

Tar éis bháis Leo XIII, tógadh é mar phápa in 1903. Bhí sé cráifeach go smior agus labhair sé go cráifeach faoina chreideamh. Níor thaitin débhríocht na nua-aimsearthachta leis. Coimeádach cruthanta a bhí ann.

Séipéal Iosóid

Bruachbhaile de chuid chathair Bhaile Áth Cliath é Séipéal Iosóid atá suite i ngleann coillteach na Life, in aice leis Na Ceapóga Sú Talún agus Páirc an Fhionnuisce. Tá Séipéal Iosóid faoi choimirce Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Áth Mheáin

Sráidbhaile in Éirinn is ea Áth Mheáin. Tá an baile suite i ndeisceart na tíre i gContae Phort Láirge gar do Cheapach Choinn agus an Abhainn Mhór.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.