Páras

Is é Páras (Fraincis: Paris) príomhchathair na Fraince agus í ar an gcathair is mó sa Fhrainc. Tá sé suite cois Séine i dtuaisceart na Fraince i lár an réigiúin darb ainm “Île de France” (tugtar “Réigiún Pháras” air chomh maith; Fraincis: Région parisienne). Tá 2.153.600 duine ina gcónaí taobh istigh de theorainn na cathrach (daonáireamh 2005) agus tá 11.769.433 duine ina gcónaí i mórcheantar uirbeach Pháras (aire urbaine). Mar sin, tá Páras ar ceann de na mórcheantair uirbeacha san Eoraip.

Bhí Páras ina áit lonnaithe thábhachtach le dhá mhílaois anuas agus sa lá atá inniu ann tá sé ar cheann de na príomhionaid maidir le cúrsaí gnó agus cultúrtha ar domhan. Tá tionchar aige ó thaobh chúrsaí polaitíochta, oideachais, siamsaíochta, meán, faisin, eolaíochta agus ealaíon de agus cuireann an méid seo lena stádas mar cheann de na príomhchathair dhomhanda ar domhan.

Is é Páras ceann de na cinn scríbe turasóireachta is coitinne sa domhan. Téann breis is 45 milliún turasóir gach bliain go dtí Réigiún Pháras. Tá roinnt sainchomharthaí tíre íocónacha sa chathair mar aon le hinstitiúidí aithnidiúla agus páirceanna coiteanna.

Páras
Ville de Paris
Páras
Suíomh

48°52′ Thuaidh 2°20′ Thoir

Rialtas
Tír Flag of France.svg An Fhrainc
Réigiún Île-de-France
Méara Anne Hidalgo
Déimeagrafaic
Achar 105.4 km²
Daonra 2,229,621 (2013)
Dlús daonra 21,196/km²
www.paris.fr

Sanasaíocht

Tagann an t-ainm "Paris" ó ainm a áitritheoirí, treibh Ghallach darb ainm "Parisii". Tugadh "Lutetia" (nó Lutetia Parisiorum, "Lutetia na bParisii" san iomlán) ar an gcathair le linn fhorghabháil na Rómhánach sa chéad aois go dtí an séú haois. Ach le linn réimeas Julian an Fealsamh (360-363) athainmníodh an chathair mar "Paris".

Measann daoine eile go dtagann ainm na treibhe Parisii ón bhfocal Gaillise parisio, a chiallaíonn "an lucht oibre" nó "na ceardaithe". Ó thús na fichiú haoise, tugtar Paname, focal béarlagair as Fraincis, ar Pháras chomh maith.

Tá a lán leasainmneacha ag Páras, ach is é "La Ville-Lumière" an leasainm is coitinne. Aistrítear é seo mar "Cathair an tSolais" de ghnáth. Tagann an leasainm seo ó chlú na cathrach i rith Ré na hEagnaíochta mar lárionad oideachais, agus níos déanaí mar gheall ar shoilsiú sráide a glacadh go luath sa chathair.

Ceantair na Cathrach

Tá Páras roinnte i gceantair éagsúla. I measc na gceann is cáiliúla, tá:

Aeráid

Páras – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Meán-uasteocht an lae (°C) 6.9 8.2 11.8 14.7 19.0 22.7 25.2 25.0 20.8 15.8 10.4 7.8 15.5
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 2.5 2.8 5.1 6.8 10.5 13.3 15.5 15.4 12.5 9.2 5.3 3.6 8.5
Meán-bháisteach (mm) 53.7 43.7 48.5 53.0 65.0 54.6 63.1 43.0 54.7 59.7 51.9 58.7 649.6
Foinse:
Place de la Concorde dsc00772
Place de la Concorde
An Fhrainc

Is tír í an Fhrainc (Fraincis: La France) nó Poblacht na Fraince (Fraincis: République française) atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta.

An Lúnasa

Is é Lúnasa, Mí Lúnasa nó Lughnasadh an, t-ochtú mí den bhliain.

Blaise Pascal

Ba fhealsamh, diagaire, matamaiticeoir agus fisiceoir Francach é Blaise Pascal (19 Meitheamh 1623, Clermont-Ferrand - 19 Lúnasa 1662, Páras).

I 1647 d'fhionn sé meaisín ríomhaireachta.

Bhunaigh sé teoiric nua-aoiseach na dóchúlachta.

Rinne sé staidéar ar an gciorclóid, agus chuidigh le forbairt an chalcalais dhifreálaigh.

Ina thaighde ar shreabháin, dhíorthaigh sé dlí Pascal.

D'fhionn Pascal

an baraiméadar

an fáisceán hiodrálach

an steallaire.

Cluichí Oilimpeacha

Is eachtra spóirt idirnáisiúnta iad na Cluichí Oilimpeacha a bhíonn ar siúl gach ceithre bliana. Imrítear go leor spórt éagsúla sna cluichí, agus tá cluichí ar leith ann do spóirt an tSamhraidh agus spóirt an Gheimhridh. Bunaíodh na Cluichí Oilimpeacha in Oilimpia na Sean-Ghréige, agus athbhunaíodh iad arís sa Fhrainc ag deireadh an 19ú haois.

Sa lá inniu, is é Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha a eagraíonn na cluichí nua-aimseartha.

Conradh na Náisiún

Eagraíocht idirnáisiúnta sna 1920idí agus 1930idí a bhí i gConradh na Náisiún. Bunaíodh an Conradh tar éis comhdháil síochána i Versailles, Páras sa bhliain 1919.

Jacques Chirac

B'é Jacques René Chirac (29 Samhain 1932 - 26 Meán Fómhair 2019) Uachtarán na Fraince idir 17 Bealtaine 1995 agus 16 Bealtaine 2007.

Rugadh i bPáras é.

Le Corbusier

Ailtire agus dearthóir intí ba ea Charles-Édouard Jeanneret-Gris, nó Le Corbusier (6 Deireadh Fómhair 1887 – 27 Lúnasa 1965), ceannródaí an deartha agus na hailtireachta sa 20ú haois.

Louis-Ferdinand Céline

Scríbhneoir a rugadh i bPáras na Fraince ab ea Louis-Ferdinand Céline (27 Bealtaine 1894 – 1 Iúil 1961). Scríobh sé an leabhar Voyage au bout de la nuit (aistrithe go Béarla faoi teideal Journey to the End of the Night) sa bhliain 1932.

Louvre

Is ceann de na músaeim is mó agus is cáiliúla ar an domhan í an Louvre (Musée du Louvre) i bPáras, an Fhrainc. Tá sé suite i lár Phárais idir an tSéin agus an Rue de Rivoli. Tá an lár-clós ar an Axe historique.

Lyon

Is cathair í Lyon i lár-oirthear na Fraince. Is í Lyon an triú cathair is mó san Fhrainc, tar éis Párais agus Marseille. Is cathair mhór gnó í Lyon, agus í suite idir Páras agus Marseille. Tá cáil ar an gcathair mar phríomhchathair ghastrónómachais na Fraince agus bhí páirt mór ag Lyon i stair thionscal na scannán freisin. Tá an fhoireann sacair Olympique Lyonnais lonnaithe sa chathair.

Is í Lyon an dara ceantar ceannchathartha is mó san Fhrainc nuair a cuirtear a bruachbhailte agus na cathracha timpeall uirthi san áireamh. Bhí daonra 1,783,400 sa cheantar ceannchathartha sa bhliain 2007.

Is lárionad mór tionsclaíoch í Lyon don tionscal peitriceimiceach, don tionscal cógaisíochta agus don tionscal biteicneolaíochta. Tá tionscal mór bogearraí sa chathair freisin, agus é dírithe go mór ar fhíschluichí.

Is préfecture (príomhchathair) an Rhône (département) í Lyon agus is priomhchathair réigiún Rhône-Alpes í freisin. Thug UNESCO aitheantas don chathair mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda.

Bhíodh cáil ag Lyon i gcónaí mar phríomhchathair thionscal an síoda agus is lárionad faisin í an chathair fós. Tá ceanncheathrú Interpol agus Euronews lonnaithe sa chathair freisin.

Marcel Proust

Scríbhneoir Francach a bhí i Valentin Louis Georges Eugène Marcel Proust (10 Iúil 1871 – 18 Samhain 1922). Rugadh in Auteuil na Fraince é. Ba é an t-úrscéal fada À la recherche du temps perdu ba mhó a thuill clú dó. Tá na mílte leathanach ann. Tosaíodh an t-úrscéál sa bhliain 1909 agus lean sé ar aghaidh leis an obair go lá a bháis.

Molière

Duine de phríomhdhramadoirí na Fraince ab ea Molière (15 Eanáir, 1622 - 17 Feabhra, 1673). Rugadh é faoin ainm Jean-Baptiste Poquelin i bPáras i 1622.

Rinne sé staidéar ar an dlí in Orléans ach dhiúltaigh sé leanúint ar aghaidh. Bhuail sé le clann aisteoirí, na Béjart, agus bhunaigh siad L’Illustre Théâtre i 1644. Is faoin am seo a thóg sé an t-ainm pinn Molière. Theip ar an ngrúpa sé mhí déag ina dhiaidh sin, de bharr fadhbanna airgid. D'fhág siad Páras i 1646 agus chuaigh siad go Bordeaux. Bhí Madame Béjart faoi choimirce an Diúc d’Épernon agus bhunaigh siad grúpa eile faoi stiúradh Charles Dufresne, ag taistil ar fud Languedoc. Thosaigh Molière ag scríobh thart faoin am seo, ag tosú leis na coiméidí La Jalousie du barbouillé agus Le Médecin volant.

Montréal

Is í Montréal an chathair is mó i Québec, Ceanada. Tá sí suite ar Oileán Montréal ag cumar dhá abhainn, an Saint-Laurent agus an Outaouais. Is oileán de chuid oileánra Hochelaga é oileán Montréal. De réir fianaise na seandálaíochta tá cónaí ar dhaoine sa cheantar le timpeall trí mhíle bliain. Timpeall ceithre mhilliún duine a chónaíonn ann agus is í an Fhraincis an phríomhtheanga. Is í an tríú cathair is mó Fraincise sa domhan í (Páras agus Kinshasa na cinn is mó).

Méadar

Is aonad faid é méadar, aonad bunúsach den chóras méadrach i gCóras Idirnáisiúnta na nAonad (SI). Tá sé in úsáid ar fud an domhain i gcomhair cúiseanna ginearálta chomh maith le eolaíocht.

Go stairiúil, an sainmhíniú a thug Acadamh Eolaíocht Francach ar an méadar ná an fad idir dhá phointe ar bharra phlatanam-iridiam (a rinneadh chun léiriú 1/10,000,000 den fad ón Meánchiorcal tríd Páras go dtí an Pol Thuaidh).

Anois tá sainmhíniú aici, a thug Oifig Idirnáisiúnta de meáchan agus tomhais, agus is é sin an fad a thaistealaíonn solas i bhfolús i 1/299,792,458 de soicind.

Meastachán simplí air, ná an fad ón urlár go dtí cromán, i gcomhair an meán fhear gan bhróga.

Is í an tsiombail atá uirthi ná m. Chun codáin deicheanna a dhéanamh, cuirtear réamhlitir SI roimpi cosúil leis an ciliméadar (1000 méadar) agus ceintiméadar (1/100 méadar).

Seán MacBride

Ba pholaiteoir agus taidhleoir Éireannach é Seán MacBride (Gaeilge: Seán Mac Giolla Bhríde) a rugadh ar 26 Eanáir 1904 agus a bhásaigh 15 Eanáir 1988. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1974.

Simone de Beauvoir

Scríbhneoir, fealsamh agus gníomhaí ar son chearta an duine ab ea Simone de Beauvoir (9 Eanáir 1908 – 14 Aibreán 1986). Bhí sí ina scríbhneoir bisiúil: cuimsíonn a cuid saothair úrscéalta, aistí ar chúrsaí fealsúnachta agus polaitíochta, beathaisnéisí agus dírbheathaisnéis. Tá clú agus cáil uirthi mar gheall ar a húrscéalta meitifisiciúla agus a tráchtas Le Deuxième Sexe, anailís chuimsitheach ar ansmacht na mban, atá ina bhunchloch don fheimineachas comhaimseartha.

Sorbonne

Is foirgneamh sa Cheantar Laidineach i bPáras na Fraince é an Sorbonne. Bhunaigh an diagaí Robert de Sorbon sa 13ú céad é mar choláiste diagachta agus ba chuid de hOllscoil Pháras é. Sa bhliain 1970, scaradh Ollscoil Pháras i dtrí ollscoil déag agus cuid mhaith acu le hainm an Sorbonne ina dteideal féin. Tá cuid de na hollscoileanna seo lonnaithe i gceantar stairiúil an Sorbonne timpeall rue des Écoles, i gcúigiú arrondissement Pháras.

Túr Eiffel

Tógadh an Túr Eiffel (déanta as iarann) idir na bliana 1887-1889, ar an Champ de Mars, ar bhruach na Séine, i bPáras na Fraince. D’osclaíodh é ar 6 Bealtaine 1889. Dhear Gustave Eiffel an túr, foirgneamh sealadach a cheap sé, don “Exposition Universelle” sa bhliain sin.

Inniu is mó an aithne ar an túr ar fud na cruinne.

Voltaire

Scríbhneoir agus fealsamh Francach ba ea Voltaire, a rugadh leis an ainm François Marie Arouet ar an 21 Samhain 1694 i bPáras, áit ina bhfuair sé bás freisin ar an 30 Bealtaine 1778. Tugadh isteach é san Académie française i 1746. D'athraigh sé a ainm tar éis seal a chaitheamh i bpríosún i 1717. Bhí an-tionchar ag an bhfealsamh Sasanach John Locke ar Voltaire. Bhí sé i measc na ndaoine ba chlúití ag an am san Eoraip.

Deirtear ba inspioráid é saothar Voltaire do Réabhlóid na Fraince.

Príomhchathracha an Aontais Eorpaigh

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.