Na Náisiúin Aontaithe

Cuireadh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe (nó Na Náisiúin Aontaithe de ghnáth) ar bun sa bhliain 1945, tar éis don Eoraip agus tíortha eile a bheith scriosta tar éis an Dara Chogaidh Domhanda. Bhí rún ag na bunaitheoirí nach ligfí dona leithéid de shlad tárlúint arís. Cuireadh Conradh na Náisiún ar bun mar thoradh ar phlean Woodrow Wilson, uachtarán SAM, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda ach ar ndóigh, níor éirigh leis an eagraíocht sin cogadh domhanda eile a sheachaint. Tá formhór thíortha an domhain ina mbaill ar an eagraíocht.

Tá a ceanncheathrú suite i Nua-Eabhrac, agus tá 193 ballstát aige. Tá 6 teangacha oifigiúla aige: Béarla, Fraincis, Spáinnis, Araibis, Sínis agus Rúisis.

Na Náisiúin Aontaithe

United Nations
الأمم المتحدة
联合国
Nations Unies
Организация Объединённых Наций
Naciones Unidas

Bratach na Náisiún Aontaithe

Bratach na Náisiún Aontaithe
Ceanncheathrú: Manhattan, Cathair Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac, SAM
Ballraíocht: 193 stáit mar bhaill
Teangacha oifigiúla: Araibis, Béarla, Fraincis, Rúisis, Sínis, Spáinnis
Ard-Rúnaí: António Guterres
Flag of Portugal.svg
Foirmiú: mar chomhaontas in am cogaidh:
1 Eanáir 1942
mar eagraíocht idirnáisiúnta:
24 Deireadh Fómhair 1945
Suíomh gréasáin oifigiúl: http://www.un.org

Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe

Uimhir Ainm Tír Ghlac Oifig Oifig Clé
1 Trygve Lie Flag of Norway.svg An Iorua 1 Feabhra 1947 10 Aibreán 1953
2 Dag Hammarskjöld Flag of Sweden.svg An tSualainn 11 Aibreán 1953 17 Meán Fómhair 1961
3 U Thant Flag of Burma (1948–1974).svg Burma 3 Samhain 1961 31 Nollaig 1971
4 Kurt Waldheim Flag of Austria.svg An Ostair 1 Eanáir 1972 31 Nollaig 1981
5 Javier Pérez de Cuéllar Flag of Peru.svg Peiriú 1 Eanáir 1982 31 Nollaig 1991
6 Boutros Boutros Ghali Flag of Egypt.svg An Éigipt 1 Eanáir 1992 31 Nollaig 1996
7 Kofi Annan Flag of Ghana.svg Gána 1 Eanáir 1997 31 Nollaig 2006
8 Ban Ki-moon Flag of South Korea.svg An Chóiré Theas 1 Eanáir 2007 31 Nollaig 2016
9 António Guterres Flag of Portugal.svg An Phortaingéil 1 Eanáir 2017 In oifig
10 Nollaig

Is é an 10 Nollaig an 344ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 345ú lá i mbliain bhisigh. Tá 21 lá fágtha sa bhliain.

13 Meitheamh

Is é an 13 Meitheamh an 164ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 165ú lá i mbliain bhisigh. Tá 201 lá fágtha sa bhliain.

24 Deireadh Fómhair

Is é an 24 Deireadh Fómhair an 297ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 298ú lá i mbliain bhisigh. Tá 68 lá fágtha sa bhliain.

Ardchoimisinéir na Náisiún Aontaithe um Dhídeanaithe

Cosnaíonn agus tacaíonn an Oifig an Ardchoimisinéra na Náisiún Aontaithe um Dhídeanaithe (UNHCR) (14 Nollaig, 1950 a cruthaíodh é) dídeanaí arna iarraidh sin ag Rialtas nó na Náisiúin Aontaithe. agus cabhraíonn sé le a bhfilleadh nó athlonnú. Tháinig sé in áit an Eagraíocht Idirnáisiúnta na nDídeanaí.

Cearta daonna

Tá a lán daoine ann a chreideann go bhfuil cearta ag daoine de thairbhe gur daoine iad (ní ainmhithe ná rudaí iad

ach daoine ar féidir leo smaoineamh agus mothú).

Tá iarrachtaí déanta ag a lán sochaithe chun cearta a thabhairt do gach duine. Uaireanta tá na cearta seo a dhearbhú mar chairt (liosta scríofa). Mar gheall ar na rudaí uafásacha a tharla le linn an Dara Cogadh Domhanda, shocraigh a lán tíortha go mbeadh liosta nua de chearta an duine ann chun daoine a chosaint. Mar shampla, i 1948 d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.

Shínigh a lán tíortha an dearbhú seo, a rá go ndéanfaidís a ndícheall chun na cearta seo a chosaint. Sa lá atá inniu ann tá an dearbhú sínithe ag an chuid is mó de thíortha an domhain.

Cogadh na Murascaille

Coimhlint sa 20ú haois idir an Iaráic agus comhghuaillíocht a bhí eagraithe ag na Náisiúin Aontaithe (mar shampla Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ríocht Aontaithe agus tíortha eile) ab ea an Cogadh na Murascaille. Thosaigh an cogadh ar an 2 Lúnasa 1990 nuair a thóg Saddam Hussein an t-ordú ionsaí a dhéanamh ar Chuáit.

Bhí an bua ag na gComhguallithe sa deireadh ar an 28 Feabhra 1991, ach níor cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein.

Agus iad ag teith ó Chuáit, dhóigh na hIarácaigh a lán de na tobair ola atá go flúirseach sa tír seo.

Conchúr Crús Ó Briain

Scríbhneoir, polaiteoir agus acadúlach Éireannach ab ea Conchúr Crús Ó Briain (seanlitriú Gaeilge: Conchubhar Crús Ó Briain, Béarla: Conor Cruise O'Brien), a dtugtar The Cruiser nó An Crúiseoir air uaireanta. Saolaíodh i Ráth Maonais ar an tríú lá de Mhí na Samhna 1917 é agus bhásaigh sé ar an 18 Nollaig 2008. D'fhoghlaim sé a chuid léinn i gColáiste na Tríonóide, rud as an ngnáth san am, ós rud é gur Caitliceach a bhí ann féin, agus clú Protastúnach ar an áit. Phós sé cailín Preispitéireach arbh ainm di Christine Foster san am seo.

Chuaigh sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus bhain sé an chéad cháil idirnáisiúnta amach, nuair a bhí sé ina ionadaí do na Náisiúin Aontaithe i gKatanga sa Chongó (an tír a dtugtaí an tSáír uirthi ní ba mhaille, agus arb í Poblacht Dhaonlathach an Chongó í inniu). Sa bhliain 1961, d'fhéach cúige seo na tíre le neamhspleáchas a bhaint amach, agus bhí géarchéim mhór sa tír dá dheasca sin. Bhí a lán tíortha ag cur a ladair féin i gcúrsaí an Chongó, agus sa deireadh, b'éigean don Bhrianach éirí as a phost agus glanadh as an tír. Scríobh sé leabhar faoin taithí seo, To Katanga and Back, a bhfuil cáil an chlasaicigh uirthi i gcónaí.

Sna blianta 1962–1965, bhí sé ina Sheansailéir ar Ollscoil Ghána, agus ina dhiaidh sin, chaith sé ceithre bliana ina Ollamh le Daonnachtaí in Ollscoil Nua-Eabhraic. Ollúnacht a bhí ann a bunaíodh in ómós d'Albert Schweitzer.

Sa bhliain 1969, d'fhill sé ar Éirinn le bheith ina pholaiteoir agus ina ionadaí do Pháirtí an Lucht Oibre. D'éirigh go maith leis ar dtús, ach nuair a rinneadh Aire Poist agus Teileagraif de sa bhliain 1973, tharraing sé a lán seantithe anuas air. Ghlac sé col fíochmhar leis an bPoblachtánachas Éireannach, agus chuaigh sé i dtuilleadh cinsireachta leis an mbolscaireacht Phoblachtánach a ruaigeadh as an gcraolachán. Thriail sé freisin na hamhráin reibiliúnacha a chosc ar an raidió. De thoradh na n-iarrachtaí seo, theip air sa chéad toghchán eile, agus chaill sé a shuíochán mar Theachta Dála. Mar sin féin, rinneadh Seanadóir de go gairid ina dhiaidh sin.

Sna blianta 1979–1981, bhí an Brianach ina eagarthóir ar an nuachtán Sasanach úd The Observer. San am céanna, bhí sé ina Ollamh agus ina léachtóir taistil a thug cuairt ar a lán ollscoileanna, go háirithe sna Stáit Aontaithe. Chuaigh sé ag léachtóireacht san Afraic Theas féin, rud a tharraing seantithe áirithe anuas air, ó bhí córas na hapairtéide i bhfeidhm sa tír sin san am.

Bhí sé an-mhíshásta le polasaithe Chathal Uí Eochaidh, agus b'eisean a cheap an acrainim úd GUBU (Grotesque, Unbelievable, Bizarre, Unprecedented - "arrachtúil, dochreidte, áiféiseach, gan réamhshampla") mar ainm ar rialtas Uí Eochaidh sa bhliain 1982.

Go dtí an bhliain 1994, bhí an Brianach ina Leas-Seansailéir Cúnta ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath (is é sin, Coláiste na Tríonóide).

Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Gníomhaireacht a bunaíodh taobh istigh de na Náisiúin Aontaithe i 1948 chun comhoibriú idirnáisiúnta i bhfeabhsú shláinte na ndaoine a chur chun cinn is ea an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (World Health Organization nó WHO).

Geneva

Cathair mhór san Eilvéis í an Ghinéiv (Fraincis: Genève, Gearmáinis: Genf, Iodáilis: Ginevra, Rómainis: Genevra, Franc-Phroibhinsis: Geneva), an dara cathair is mó sa tír de réir daonra tar éis Zürich agus an chathair is mó sa réigiún Romandie, an chuid den tíre ina labhraítear Fraincis mar phríomhtheanga. Suite san áit ina sníonn Abhainn na Róine amach as Loch na Ginéive, is í príomhchathair Chantún na Ginéive í.

Feictear ar an Ghinéiv inniu mar chathair dhomhanda, ós rud é go bhfuil roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta bunaithe sa chathair. Mar shampla, tá ceanncheathrú de chuid na Náisiúin Aontaithe agus an Chrois Dhearg san áit seo, agus is ann a síníodh Coinbhinsíuin na Ginéive.

Sa bhliain 2007, léirigh suirbhé a bhí déanta ag Mercer Consulting go raibh an dara caighdeán maireachtála is airde ar domhain ag an Ghinéiv, tar éis Zürich arís.

Ceaptar gur de bhunús Ceilteach é ainm na cathrach. "Genava" a thugtar uirthi i dtéacsanna ó ré na hImpireachta Rómhánaí.

Kofi Annan

Is taidhleoir ó Ghána é Kofi Atta Annan (8 Aibreán 1938 – 18 Lúnasa 2018), a bhí ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe idir 1 Eanáir 1997 agus 31 Nollaig 2006, an seachtú ceann. Is comharba ar Boutros Boutros-Ghali ón Éigipt é agus is é an chéad Ard-Rúnaí ón Afraic Ghorm. Ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar an 13 Nollaig 1996 agus thosaigh sé a chéad téarma ar an 1 Eanáir 1997. Bronnadh an Duais Nobel don tSíocháin ar Annan agus na Náisiúin Aontaithe le chéile ar an 10 Nollaig, 2001, mar gheall ar a gcuid oibre ar son domhan níos eagraithe agus níos síochánta.

Tháinig Ban Ki-moon ón gCóiré Theas i gcomharba ar Annan ar 1 Eanáir 2007.

Martti Ahtisaari

Is iar-Uachtarán de chuid na Fionlainne é Martti Oiva Kalevi Ahtisaari, a rugadh ar an 23 Meitheamh 1937 i Viipuri.

Sa lá atá inniu ann, is taidhleoir ag na Náisiúin Aontaithe é ar ar bronnadh Duais Síochána Nobel sa bhliain 2008 mar aitheantas dá bhfuil bainte amach aige ina chuid oibre síochána idirnáisiúnta.

Michael McNamara

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Chontae an Chláir é Michael McNamara (Gaeilge: Mícheál Mac Conmara) (rugadh é Márta, 1974). Tá sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus ina TD ón mbliain 2011. Is abhcóide é agus tá seal caite aige leis na Náisiúin Aontaithe. Theip air ina iarracht neamhspleách ar bheith mar fheisire i bParlaimint na hEorpa sa bhliain 2009, sa toghchán do toghcheantar an iarthuaiscirt.

Sheas sé san Olltoghchán 2016, ach chaill sé a shuíochán.

Poblacht na hÉireann

Is stát í Éire (Béarla: Ireland) ar an gcuid is mó d'oileán na hÉireann, amach ó chósta thiar-thuaidh na hEorpa. Is le Tuaisceart Éireann, atá laistigh den Ríocht Aontaithe, an chuid eile den oileán. Éire an teideal oifigiúil atá ar an stát, leis an gcur síos oifigiúil Poblacht na hÉireann (Béarla: Republic of Ireland). Cé gur fhan an Phoblacht neodrach le linn an Dara Chogaidh Domhanda agus cogaí eile ó shin, is ballstát de na Náisiúin Aontaithe agus den Aontas Eorpach í, ach ní dheachaigh sí isteach in ECAT, ar eagraíocht mhíleata í.

Proinsias Mac Aonghusa

Craoltóir, iriseoir, fear Gaeltachta, athbheochantóir, Conraitheoir, fear cúise, fear polaitíochta agus taidhleoir idirnáisiúnta ab ea Proinsias Mac Aonghusa (1933–2003). B'as Gaeltacht Chonamara ó dhúchas dó. Iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Chaith sé seal san Afraic ag obair do na Náisiúin Aontaithe. Phós sé Catherine McGuinness.

Ba mar fhear ildánach, iltréitheach a shamhlaítí go minic é ach is mar iriseoir agus mar chraoltóir is mó a mhairfidh a cháil. Ó 1952 go ham a bháis in 2003, bhí sé ag craoladh agus ag cur cláir raidió agus teilifíse i dtoll a chéile.

Taidhleoir

Is é is taidhleoir ann duine atá ceaptha ag stát chun idirbheartaíocht a chur i bhfeidhm le stát (nó stáit) eile nó le heagraíocht idirnáisiúnta. Ar na feidhmeanna a bhíonn faoi chúram an taidhleora tá: ionadaíocht agus cosaint leas agus saoránaigh an stáit churtha; tosach agus áisiú comhaontaithe straitéiseacha; conarthaí agus coinbhinsiúin; cur ar aghaidh faisnéise; trádáil agus gnó; teicneolaíocht; agus caidreamh cairdiúil. Úsáidtear taidhleoirí cleachta in eagraíochtaí idirnáisiúnta dála na Náisiúin Aontaithe agus i gcomhlachtaí ilnáisiúnta as a dtaithí agus scileanna i mbanistíocht agus in idirbheartaíocht. Sna tíortha éagsúla ar fud an domhain, tugtar "an seirbhís eachtrannach" nó "an cór taidhleoireachta" ar a gcuid taidhleoirí.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.