Murlach

Is éard is murlach ann ná corp tanaí sáile, scartha ón bhfarraige oscailte ag baic oileán. Tarlaíonn a leithéid in áiteanna nach bhfuil mórán uisce ag taomadh ón talamh isteach sa bhfarraige. Is féidir go gcruthóidh sé sceireacha orgánacha murlaigh freisin, mar a dhéanann ataill choiréalacha is lionáin.

BalosLagoonCreta
Murlach Balos in iarthuaisceart na Créite
Abidjan

Is é Abidjan príomhchathair eacnamaíochta an Chósta Eabhair. Is é an chathair is mó sa tír agus an chathair is mó ina labhraítear Fraincis san Afraic Thiar. I ndaonáireamh na bliana 2014 fuarthas 7,707,404 duine ina gcónaí ann, is é sin, 20% de dhaonra na tíre ar fad. Níl ach Lagos na Nigéire níos mó san Afraic Thiar mar chathair. Áirítear Abidjan mar an crosbhóthar cultúrtha den Afraic Thiar, agus tá an sé an-fhorbartha mar chathair.

Nuair a tógadh cé nua san áit sa bhliain 1931, agus go mór mór i ndiaidh stádas mar phríomhchathair riaracháin faoi na Francaigh a fháil sa bhliain 1933, tháinig borradh mór faoin gcathair. Calafort tábhachtach ab ea Abidjan i ndiaidh oscailt an chanáil Vridi sa bhliain 1951 mar ansin bhí longa móra in inmhe dul isteach i Murlach Ébrié. Sa bhliain 1983, d'fhógair an rialtas Yamoussoukro a bheith ina phríomhchathair ar an tír, cé go bhfuil oifigí an rialtais náisiúnta beagnach ar fad suite in Abidjan i gcónaí, chomh maith leis na hambasáidí eachtrannacha go léir.

Atall

Struchtúr beagnach ciorclach de sceireacha coiréil a fhálaíonn murlach. Tarlaíonn ataill in uiscí teo soiléire trópaiceacha aigéanacha mar ar féidir le coiréil is algaí coiréalacha fás go maith. Thairg Darwin gur céim dheireanach i gcruthú sceireacha iad. Sa chéad chéim cruthaítear sceir imeallach gar don tír gan aon mhurlach nó le murlach beag idir sin is an tír. Sa dara céim cruthaítear sceir baic amach ón gcósta le murlach idir sin is an tír. Is atall an 3ú céim, an chéim is aibí, gan aon tír a bheith i láthair. Thairg Darwin freisin go leanann na sceireacha ag fás suas i dtreo dromchla an aigéin de réir mar a thugann oileáin bholcánacha faoin aigéan. Rinneadh druileáil ar ataill éagsúla agus fuarthas go seasann siad ar bhoinn bholcánacha, rud a thug tacaíocht láidir do thairiscint Darwin.

Cruidín

Is éan é an cruidín. Is ball den ord Coraciiformes é. Tá 114 speiceas ann, leis an líon is mó daoibh seo scaipithe i measc tropaicí an tSean-Domhain agus san Astráil. Déanann siad neadacha i dtolláin ar bhruacha abhann agus d’fhéadfadh obair ‘fheabhsaithe’ abhann nó talmhaíochta iad a mhilleadh.

Oileáin bhaic

Is éard is oileáin bhaic ann ná oileáin fhada chaola nó leithinsí a bhíonn comhthreomhar leis an gcósta go ginearálta, agus scartha uaidh ag murlach nó riasc goirt. Cruthaíodh cuid mhaith díobh ar fud an Domhain nuair a d'éirigh leibhéal na farraige 5,000-6,000 bliain ó shin, ag aistriú maiseanna móra gainimh trasna na scairbhe ilchríochaí.

Timpeall 4,000 bliain ó shin chobhsaigh leibhéal na farraige go neamhbhuan, agus fuair cuid mhaith de na hoileáin bhaic na cruthanna atá orthu anois. Le míle bliain anuas tá leibhéal na farraige ag éirí arís, agus mar thoradh, na hoileáin seo ag bogadh i dtreo na mórthíre.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.