Malaicí

Ba fháidh agus naomh é Malaicí. Luaitear é sa Sean-Tiomna.

Amos-prophet
Malaicí
An Bíobla

Is éard atá sa Bhíobla ná focal Dé, de réir mar a mheasann na Críostaithe agus na Giúdaigh. Tagann "Bíobla" ón nGréigis: (τα) βιβλια, (ta) biblia, "na leabhair", iolra an fhocail βιβλιον, biblion, "leabhar". Tá dhá phríomhroinn sa Bhíobla, an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua. Baineann an Sean-Tiomna leis an Seanreacht, conradh nó beartas sollúnta slánaithe a socraíodh le linn Mhaois, agus tá an Tiomna sin scríofa in Eabhrais, cé is moite de shleachta i nDainéil agus in Eazrá atá scríofa in Aramais. Baineann an Tiomna Nua leis an Reacht Nua, ré Íosa Críost, agus i nGréigis atá sé scríofa.

Ní féidir liosta buan a dhéanamh de leabhair an tSean-Tiomna mar athraíonn siad de réir an leagain atá i gceist. Is ionann na chéad seacht leabhair a leanas i ngach Bíobla.

Dún Dealgan

Is baile é Dún Dealgan (Béarla: Dundalk) atá suite i gContae Lú. Tá an baile suite ar abhainn Bhaile an Chaisleáin a shníonn isteach go dtí Bá Dhún Dealgan. Tá an baile gar don teorainn le Tuaisceart Éireann agus leathbhealach idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Tá calafort iascaireachta agus tráchtála beag sa bhaile. Deirtear gurb é an bhrí leis an logainm Dún Dealgan ná Dún Dalga, ach tá foinsí eile ann a mhaíonn gur as Dealg a d'eascair an t-ainm. Sé Trá Bhaile Mhic Buain an sean-ainm a bhíodh ar an mbaile. Tá baint mór ag Cú Chulainn leis an mbaile, mar de réir na scéalta, is ann a rugadh agus a tógadh é. Fuair Dún Dealgan an chéad chairt sa bhliain 1189. Tá an baile suite ar bhéal abhainn an Nith. 'Sé rosc an bhaile ná "Is mé do rug Cú Chulainn Cróga".Tá Dún Dealgan ceangailte de Rezé san Fhrainc.

Eiliosaibeit

Máthair Eoin Baiste, bean chéile Zacairiá, ab ea Eiliosaibeit. Ba chol ceathrair iad Muire agus Eiliosaibeit. Ba dheirfiúracha iad Anna, máthair Mhuire, agus Seismeiria, máthair Eiliosaibeit. Is naomh í san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.

Bhí mac ag Eiliosaibeit, an fear naofa mór le rá Eoin Baiste: "Mhair sagart darbh ainm Zachairias agus a bhean Eiliosaibeit in aice Iarúsailéim, 400 bliain tar éis atógáil bhallaí na cathrach. Bhí siad pósta le blianta fada ach ní raibh aon chlann orthu. Lá amháin nuair a bhí Zachairias ag ofráil túise i sanctóir an teampaill, tháinig an t-aingeal Gaibriéil ina láthair. .. dúirt Gaibriéil leis: ‘.. Beidh mac ag do bhean, Eiliosaibeit, agus tabharfar Eoin mar ainm air. .. In am tráth, rugadh buachaill beag d’Eiliosaibeit"

Eoin Baiste

Ba sheanmóirí agus fear naofa mór le rá é Eoin Baiste (Eabhrais: יוחנן המטביל, Yo-hanan ha-matbil, Araibis: يحيى‎ Yaḥyá or يوحنا Yūḥannā, Aramais: ܝܘܚܢܢ Yokhanan) a fuair bás timpeall na bliana 30. Dhearbhaigh sé go raibh apacailipsis naofa ag teacht, agus mar thoradh bhí gá le gach duine a bheith ullmhaithe.

Máthair Eoin Baiste, bean chéile Zacairiá, ab ea Eiliosaibeit.

Bhí baisteadh de dhíth, rud a rinne sé in Abhainn na hIordáine. Bhaist sé Íosa Críost féin ann.

Féachann Críostaithe agus Moslamaigh araon ar Eoin Baiste mar fáidh tábhachtach.

Ceiliúrtar lá fhéile Eoin Baiste ar an 29 Lúnasa.

Ceiliúrtar breith Eoin Baiste ar an 24 Meitheamh. Is sean fhéile págánach í, le tinte cnámha in onóir na gréine.

De réir Soiscéal Lúcáis 1:57-66, 80, rugadh Eoin do bhean a bhí aimrid agus í anonn sna blianta: "Tháinig a hionú d'Eiliosaibeit agus rug sí mac. Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi... Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias. Ach labhair a mháthair agus dúirt: "Ní hea, ach glaofar Eoin air." .. Bogadh [Eoin] a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé. Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: "Cad is dán don leanbh seo, mar sin?"

Fáidh

Is duine le aird aige mar múinteoir inspioráidithe nó craoltóir Toil Dé i gCríostaíocht é fáidh.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.