León

Is cathair i gcomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í León. Tá sí mar phríomhchathair ar an gcúige León agus suite in iarthuaisceart na Spáinne. Tá 127,817 (2015) daoine ina gcónaí ann agus mar sin an bardas is mó sa chúige le haon ceathrú de daonra an chúige ina gcónaí ann. Leis an mórcheantar uirbeach san áireamh tá níos mó ná 202,000 daoine ann (2015). Tá León nasctha le Baile Átha Cliath

León
León

Ardeaglais Gotach León

Suíomh

42°36′ Thuaidh 5°34′ Thoir

Rialtas
Tír An Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach Caistíl agus León
Méar Antonio Silván (PP)
Déimeagrafaic
Achar 39 cm²
Daonra 3,210.79
Dlús daonra 21.64/km²
Airde 837
www.aytoleon.es/

Stair

Bunaithe mar champa míleata ag an Legio VI Victrix thar ar 29 RC. I ndiadh Ionradh na Moslamach tháinig laghdú ar an daonra go dtí gur thóg Ríocht Asturias greim ar an áit. Sa bhliain 910 thosaigh ráth ar an áit agus é mar phríomhchathair Ríocht León, ag troid in Athghabháil na hIspéirne i gcoinne na Múraigh. Dá bharr bhí sé mar cheann de bun-ríochtaí na Spáinne. Sa bhliain 1188, bhí an chéad parlamaint san Eoraip insan gcathair faoi Rí Alfonso IX, mar sin glaodh cradle of Parliamentarism air sa bhliain 2010. Tháinig meath ar thábhacht na cathrach ina diaidh sin de bharr cailiúint a neamhspleáchas in aontú Ríocht León le Corón Caistíle, sa bhliain 1301. Bhí sí ar cheann de na cathracha a d'éirigh amach i rith Cogadh Saoirse na Spáinne agus roinnt blianta ina dhiahd sin fuair sí stadas mar príomhchathair chúige (1833). I rithe na 19ú agus 20ú haoiseanna d'fhás an áit agus í mar communications hub tábhachtach san iarthuaisceart agus fás tionscadal gual agus teacht na n-iarnróid.

Cultúr

Tugann stair agus ailtreacht León chomh maith leis na féilte suimiúla (go háirithe Féile Cásca) pearsacht ar leith don chathair. Tá suite chomh maith ar Bhealach Francach an Chamino, agus mar sin tá tóir ag turasóirí ar an áit. Tá Ardeaglais na Cathrach an-fheiceálach agus í mar sampla iontach de stíl gotach na Fraince sa Spáinn. Tá Baisleac San Isidoro, sampla tábhachtach de eaglais rómhánúil sa Spáinn agus reilg monarchaí meánaoisigh Leon. Tá an Mainistir San Marcos, dea-shampla d'Ailtreacht na hAthbheochana sa Spáinn. Chomh maith leis sin tá an Casa Botines, leis an ailtire nua-aoiseach Antoni Gaudí agus dea-shampla d'ailtreacht chomhaimseartha le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na Cathrach MUSAC.

Teanga

Is canúint díreach ón Laidin í Leónis agus bhíodh sé mar theanga i mbaol dáiríre ar liosta UNESCO oifigiúil Ríocht Leon ach tá meath ollmhór tar eis teacht air agus é mar theanga i mbaol dáiríre de réir UNESCO.

An Aragóin

Is comhphobal féinrialaitheach í an Aragóin atá suite in oirthuaisceart na Spáinne. Go hoifigiúil glaotar Comunidad Autónoma de Aragón air. Tá achar 47,719 km² (18,424 mí²) aige le daonra de 1,277,471 (2006).

Tá teorainneacha aige leis An Fhrainc ó thuaidh, taobh thiar den Chatalóin, tá Valenia ó dheas agus tá sé taobh soir de Castilla-La Mancha, Castilla y León, La Rioja, agus Navarra. Is iad Zaragoza, Huesca, agus Teruel na cúigí atá sa réigiún. Sruthann an abhainn Ebro tríd an réigiún, agus tá sléibhte ó thuaidh; le gleann álainn torthúil, ach áfach, giota beag aimrid ó dheas.

Is í Zaragoza an phríomhchathair.

Freisin, chomh maith leis an trí chúige, tá an Aragóin fhoroinnithe i 33 comarcas nó contaetha.

Asturias

Is comhphobal féinrialaithe é Asturias (nó Asturies as Astúiris) laistigh de ríocht na Spáinne.

Tá Asturias suite ar chósta thuaidh na Spáinne lena aghaidh ar Bhá na Bioscáine. Tá sé teorainn ar theorainn le Cantabria san oirthear, le Castilla y León ó dheas agus le Galicia san iarthar.

Is iad na cathracha is tábhachtaí ná, an phríomhchathair, Oviedo (Uviéu as Astúiris), an calafort agus an chathair is mó sa réigiún Gijón (Xixón as Astúiris), agus an baile tionscalaíochta, Avilés.

Bailte eile: Mieres, Langreo, Siero, Cangas de Onís, Cangas del Narcea, Grado, Lena, Laviana, El Entrego, Villaviciosa, agus Llanes.

Burgos

Is cathair i gchomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus Leon sa Spáinn é Burgos agus í mar phríomhchathair ar an gcúige a bhfuil an ainm céanna aige. Tá sé suite i dtuaisceart na tíre ar chumar craobh-aibhneacha Arlanzón. Tá níos lú ná 180,000 duine ina gcónaí sa chathair í féin agus breis is 20,000 san mórcheantar uirbeach. Bhíodh Burgos mar phríomhchathair Ríocht Chaistil agus sa bhliain 1512 d'fhógraíodh Leyes de Burgos, nó dlíthe Burgos a thug cosaint do dhaoine de bhunadh na háite óna Spáinnigh. Tá neart iarsmaí stairiúil; Ardeaglais Burgos (Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO ón mbliain 1984), Mainistir Las Huelgas Reales agus Teach Miraflores ina measc. Tá neart eaglais, páláis agus foirgnimh eile nach iad óna meánaoiseanna fós ann.

Rugadh an tUasal agus ceannaire míleata El Cid Campeador ó thuaidh den chathair. Tógadh agus múineadh é sa chathair. Tá an chathair mar phríomh-chrosbhealaigh an Chamino i dtuaisceart na Spáinne a ritheann in aice na habhann Arlanzón.

D'osclaíodh Iarsmalann Éabhlóid an Chine Dhaonna sa bhliain 2010, agus ceaptar go mbeidh sé ar liosta na 10-iarsmalann is fearr sa Spáinn. Tháinig siad ar na céad Eorpaigh sa réigiúin seo ó 800,000 bliain ó shin. Nuair a thóg na Rómhánaigh í, b'áit Ceilteach í.

Tagann an teanga Spáinnis ón gcanúint a bhíodh in úsáid sa réigiúin seo chomh maith.

Cantabria

Is comhphobal féinrialaitheach é Cantabria atá suite in oirthuaisceart na Spáinne. Santander an phríomhchathair.

Tá Cantabria ag críochantacht le Tír na mBascach (cúige na Bioscáine), agus ó dheas tá Castilla y León, agus san oirthiar tá Asturias. Tá cósta aige ó thuaidh chomh maith.

Tá Cantabria lonnaithe lastigh den Spáinn Glas, ainm a dtugtar don réigiún idir muir Cantabria agus sléibhte Cantabria i dtuaisceart na Spáinne. De bhárr an bháistí agus na haeráide aigéanaí bíonn an fásra an-ghlas. Tá tionchar mhór ag an Aigéan Atlantach, tagann an ghaoth ón Atlantach agus bíonn sé sáinithe leis na sléibhte; meán deascadh na háite ná 1,200 mm.

Tá tábhacht ar leith ag Cantabria de bhárr an mhéid láithreán seandálaíochta atá le fáil ann. Tagann cuid dóibh as an ré pailéiliteach. Tá naoi bpluais ann le stádas Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO. Tá líníocht phluaise le feiceál mar shampla i bpluais Altamira, atá dátaithe 16,000 go 9,000 RC.

Cruthaíodh Cúige Cantabria ar an 28 Iúil 1778. Glacadh le Reacht Cantabria ar an 30 Nollaig 1981, agus mar sin stádas fhéinrialathach.

Castilla-La Mancha

Is comhphobal féinrialaitheach é Castile-La Mancha (Spáinnis Castilla-La Mancha) sa Spáinn.

Tá an comhphobal ag críochantacht le Castilla y León, Comhphobal Maidrid, Aragón, Comhphobal Valencia, Murcia, Andalucía, agus Extremadura. Tá dlús daonra an-bheag aige.

Is é Toledo an phríomhchathair. Bhíodh Castilla-La Mancha mar chomphobal le Maidrid darbh ainm Castilla Nua ("Castilla la Nueva"), ach le córas nua-aimseartha, féinrialaithe, scoilt siad é de bhár na difríochtaí eacnaimíochta idir an phríomhchathair agus na cúigí eile.

Tá clú agus cáil ar an áit, de bhárr eachtraí an leabhar cáiliúla Don Quixote le Cervantes a thiteann amach anseo. Cé gur áit gaofar é La Mancha, le hardchlár seanchaite, is siombail é de chultúr na Spáinne, lena luis na Gréine, muileann gaoithe, Cáis Manchego agus, ar ndóigh, El Quijote.

Tá Stair La Mancha's callánach. Chomh fada siar agus ré na muslamaigh sa Spáinn, bhí La Mancha mar áit cogaidh idir forsaí na Críostaí agus Muslamaigh. Chomh maith leis sin bhí an áit seo pairteach i gcoimhlintí, nuair a d'aontaigh Castilla le Aragón sna 14ú agus 15ú aoiseanna, (1492) faoi Rí Ferdinand agus Banríon Éilis.

Castilla y León

Is comhphobal féinrialaitheach é Caistíl agus León (as Spáinnis: Castilla y León) atá suite i lár na Spáinne. Is í Valladolid suíochán an rialtais áitiúla go hoifigiúil cé nach príomhchathair í.

Lá dá raibh san áit atá Caistíl agus León anois bhí dhá ríocht ann; ríocht León agus ríocht na Sean-Chaistíle. Ó thaobh achair talún de, is í Caistíl agus León an réigiún féinrialaitheach is mó sa Spáin agus tá sí ar cheann de na réigiúin is mó san Aontas Eorpach. Tá achar 94,223 km² aige le daonra oifigiúil de 2,558,463 (ó dhaonáireamh na bliana 2011).

Tá teorainn ag an chomhphobal le hAsturias agus Cantabria ó thuaidh, le hAragon, agus le Tír na mBascach soir ó thuaidh, La Rioja soir, an comhphobal féinrialaitheach de Maidrid agus Castilla-La Mancha siar ó dheas, Extremadura ó dheas, agus an Phortaingéil agus Galicia siar.

Girona

Is cathair sa Chatalóin in oirthuaisceart na Spáinne é Girona nó Gerona (as Spáinnis). Tá sí suite ar chumar na haibhneacha Ter, Onyar, Galligants, agus Güell le daonra thart ar 99,000 (2017). Tá sí mar phríomhchathair an chúige Gerona agus an chontae Gironès. Tá Barelona suite 99 cm soir ó deas. Imríonn Club Sacair Girona i La Liga na Spáinne.

Guanajuato

Ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo is ea Guanajuato. Tá sé suite i lár na tíre. Is é Guanajuato an phríomhchathair agus is é León an chathair is mó. Bhí 5,486,372 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012. Ba in Dolores, in Guanajuato, a chuir an t-Athair Miguel Hidalgo agus a chomhghleacaithe tús leis an éirí amach i gcoinne na Spáinne sa bhliain 1810.

Huelva

Is cathair i gcomhphobal féinrialaitheach na hAndalúise in iardheisceart na Spáinne í Huelva agus í mar phríomhchathair ar an gcúige leis an ainm céanna. Tá sí suite ar Guilf Cósta Cádiz, ag cumar na habhainn Odiel agus Tinto. Bhí 149,410 duine ina gcónaí in Huelva sa bhliain 2011. Is é Recreativo de Huelva, an club sacair is sine sa Spáinn.

La Rioja

Is comhphobal féinrialaithe í La Rioja atá suite i dtuaisceart na Spáinne. Is í Logroño an phríomhchathair.

Tá teorainn ag La Rioja leis An Tír Bhascach (an cúige Álava), Navarra, na hAragóine (an cúige Zaragoza), agus Castilla y León (na cúigí Soria agus Burgos). Téann an abhainn Ebro tríd La Rioja.

Tá clú agus cáil ar an áit don fíon a thagann as an áit.

Maidrid

Is í Maidrid (Spáinnis: Madrid) príomhchathair na Spáinne. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse Ibéaraigh. Ghlac Alfonso VI Chaistíle seilbh ar lonnaíocht Arabach, al-Maĝrīt, a bhí ann cheana i 1083. Roghnaigh Pilib II an baile mar phríomhchathair na Spáinne, in ionad Toledo, sa dara leath den 16ú haois. Lean an chathair ar aghaidh sa ról sin go dtí an lá atá inniu ann, seachas le linn tréimhse ó 1601 go 1606 nuair a bhog Pilib III a chúirt ríoga go Valladolid.

Nuevo León

Ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo is ea Nuevo León. Tá sé suite i dtuaisceart na tíre. Is é Monterrey an phríomhchathair agus an chathair is mó daonra freisin. Bhí 4,826,292 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.

Palencia

Is cathair i gcomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Palencia'. Tá sí mar phríomhchathair an chúige Palencia chomh maith. Tá thart ar 78,000 daoine ina gcónaí ann.

Tá sí suite i dtuaisceart lár na Spáinne. Tá sí i lár gleann na habhann Carrión in aice cumar na habhann Pisuerga a sruthann tríd an gcathair ag fágáil ceathar oileáin bheaga. Tá Maidrid thart ar 190 cm ó dheas agus agus Valladolid (príomhchathair na Caistíle agus León) 40 cm ó dheas.

Salamanca

Is cathair i gcomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Salamanca agus í mar phríomhchathair chúige Salamanca. Tá sí suite in iarthuaisceart na Spáinne lonnaithe i measc roinnt cnoic bruach na habhann Tormes. Tá sean-lár na cathrach mar shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO ón mbliain 1988. Leis an mórcheantar uirbeach san áireamh tá níos mó ná 220,000 ina gcónaí ann mar sin is í an dara chathair is mó i gCaistíl agus León, i ndiaidh Valladolid (414,000), agus níos mó ná León (187,000) agus Burgos (176,000). Tá sé ar cheann de na cathracha ollscoile is tábhachtach sa tír, 16% de múinteoirí na Spáinnise ag teacht ón áit agus neart mic léinn idirnáisiúnta. Tá sé lonnaithe thart ar 200 cileaméadar siar ón bpríomhchathair Maidrid agus 80 cm soir ón teorainn Phortaingéileach. Bunaíodh Ollscoil Salamanca sa bhliain 1218, an ollscoil is sine sa Spáinn agus and ceathrú ollscoil is sine ar domhain. Rinne Hernán Cortés staidéar ar an ollscoil seo. Le 30,000 mic léinn, tá an ollscoil chomh maith turasóireacht príomh foinse ioncaim do gheilleagar Salamanca. Tá sí suite ar Tóchar de la Plata de Camino de Santiago.

Tá nasc laidir ag an gcathair le stair na hÉireann de bharr Coláiste Éireannach Salamanca a bhunaíodh ann sa bhliain 1592 do mhic léinn ó Éire a bhí ag teitheadh géarleanúint na Sasnaigh. Thug an Rí agus clann na nIarlaí (mar shampla Ó Súilleabháin Béarra) tacaíocht agus airgead don choláiste. Bhí Luke Wadding mar dhiagaire agus uachtarán ar an gcoláiste ón mbliain 1617.

Segovia

Is cathair i gcomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Segovia. Tá sí mar príomhchathair an chúige Segovia. Tá clú agus cáil ar an gcathair de bharr na foirgnimh stairiúil mar shampla an t-uiscerian Rómhánach, an Ardeaglais (an Ardeaglais Ghotach is dearanaí a thógadh san Eoraip), agus an caisleáin Alcazar, a raibh tionchar aige air Caisleáin Cinderella Walt Disney. Tá lár cathrach Segovia mar Súiomh Oiltreacht UNESCO sa bhliain 1985. Creidtear go bhfuil bunús Ceilteach ag baint leis an ainm. Tá Segovia lonnaithe ar Má an Sean Caistíle in aice Valladolid agus príomhchathair na Spáinne, Maidrid.

Soria

Is cathair i gcomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Soria agus í mar phríomhchathair chúige Soria. Tá sí súite i lár-oirthuaisceart na tíre, ach ní i bhfad ó Mhaidrid agus in oirthear an réigiúin. Bhí thart ar 38,800 daoine ina gcónaí ann sa bhliain 2017. Tá sí suite taobh na habhann Duero. Agus í 1,063 méadar thuas ó leibhéal na mara, tá Soria ar an dara príomhchathair chúigeach is airde sa Spáinn. Tá achar 271.77km² aici, é seo ag tabhairt di dlús daonra de 144.13 duine do ghach ciliméadar cearnóige agus tá 40% de dhaonra iomláin Chúige Soria ina gcónaí sa chathair. Tá sí ar an bpríomhchathair chúige is lú i gCaistíl agus León agus an dara chathair is lú ina dhiadh Teruel. Tá gnó agraibhia go háirithe tábhachtach sa réigiún agus tá méadú ar na turasóirí atá ag teacht.

Valladolid

Is í Valladolid de facto príomhchathair chomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn agus í mar phríomhchathair chúige Valladolid chomh maith. Tá sí súite ar abhainn an Pisuerga agus taobh istigh den réigiún Ribera del Duero, sa agus mar chuid de réigiúin stairiúl Caistíle. Bhí thart ar 521,130 ina gcónaí ann sa bhliain 2017, sé sin an 13ú bardas is mó sa Spáinn agus an cathair is mó in iarthuaisceart na tíre.

Zamora

Is cathair i gcomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Zamora agus í mar phríomhchathair chúige Zamora. Tá sí súite ar cnoc carraigeach in iarthuaisceart na tíre (iarthar an réigiúin) in aice teorainn na Portaingéile trasnaithe ag abhainn Duero. Bhí thart ar 63,217 ina gcónaí ann sa bhliain 2016. Tá 24 eaglais tógtha ar stíl Rómhánúil óna 12ú agus 13ú haoiseanna agus glaotar Iarsmalann Ealaín Rómhánúil dá bharr. Tá Zamora mar an chathair leis an méid is mó eaglais rómhánúil san Eoraip. Is é an tSeachtain Mhór an féile is tábhachtaí sa chathair.

Ávila

Is cathair i gcomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Ávila agus í mar phríomhchathair chúige Ávila. Tá sí súite i lár na tíre. Bhí thart ar 59,258 ina gcónaí ann sa bhliain 2013.

Glaotar Baile na gClocha agus Naoimh agus deirtear go bhfuil an méid is mó eaglais le stíl Rómhánúil agus Gotach in aghaidh an duine sa tíre. Tá ballaí meánaoiseach feiceálach iomláin tógtha i stíl Romhánúil aici. Glaotar Ávila de los Caballeros, Ávila del Rey agus Ávila de los Leales (Ávila na Ridirí, an Rí agus Dílseoirí) air uaireanta.

Dúirt Orson Welles gurb í Ávila an áit ar mhaith leis bheith ina chónaí ann ag rá gur áit áisteach, tragóideach í. Dúirt José Martínez Ruiz, ina leabhair El alma castellana (An Anam Caistíleach), gurb í an baile is mó a thagraíonn don 16ú haois sa Spáin. Tá sé mar Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO ón mbliain 1985.

Príomhchathracha na Spáinne
An Andalúis
An Aragóin
Asturias
Na hOileáin Bhailéaracha
Tír na mBascach
Na hOileáin Chanáracha
Cantabria
Castilla y León
Castilla-La Mancha
An Chatalóin
Extremadura
An Ghailís
La Rioja
Comhphobal Mhaidrid
Murcia
Navarra
Comhphobal Valencia

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.