Laoi na Laoithe

Is leabhar sa Bhíobla í Laoi na Laoithe.

An Bíobla

Is éard atá sa Bhíobla ná focal Dé, de réir mar a mheasann na Críostaithe agus na Giúdaigh. Tagann "Bíobla" ón nGréigis: (τα) βιβλια, (ta) biblia, "na leabhair", iolra an fhocail βιβλιον, biblion, "leabhar". Tá dhá phríomhroinn sa Bhíobla, an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua. Baineann an Sean-Tiomna leis an Seanreacht, conradh nó beartas sollúnta slánaithe a socraíodh le linn Mhaois, agus tá an Tiomna sin scríofa in Eabhrais, cé is moite de shleachta i nDainéil agus in Eazrá atá scríofa in Aramais. Baineann an Tiomna Nua leis an Reacht Nua, ré Íosa Críost, agus i nGréigis atá sé scríofa.

Ní féidir liosta buan a dhéanamh de leabhair an tSean-Tiomna mar athraíonn siad de réir an leagain atá i gceist. Is ionann na chéad seacht leabhair a leanas i ngach Bíobla.

An Ghiúdais

Teanga Ghearmáinice í an Ghiúdais atá bunaithe ar chanúintí Gearmáinise an Iarthair, go háirithe ar na canúintí a labhraítear i ngleann na Réine. Bhí sí á labhairt ag na Giúdaigh Ghearmánacha a shocraigh síos sa Pholainn faoi dheireadh na meánaoiseanna le teacht slán ó na géarleanúintí ní b'fhaide siar. Faoi thionchar na Polainnise agus na dteangacha eile in Oirthear na hEorpa, d'athraigh an Ghiúdais go mór, agus d'fhorbair a teanga scríofa go neamhspleách ar an nGearmáinis eile. Mar sin, ní mór a rá inniu gur teanga ar leith atá ann seachas canúint na Gearmáinise.

Tá sé le haithint go soiléir i gcónaí ar an nGiúdais gur canúint ó Iarthar na Gearmáine atá ann, áfach. Mar shampla, deirtear eppes as Giúdais in áit etwas "rud éigin", agus is foirm é eppes a chloistear ina lán canúintí san Iarthar (ebbes a deirtear i Lucsamburg, mar shampla).

Is í aibítir na hEabhraise a úsáidtear leis an nGiúdais a bhreacadh síos, agus tá an teanga breac le focail iasachta ón Eabhrais, mar is dual do theanga Ghiúdach.

Cainche

Is crann beag duillsilteach é an crann cainche a thugann torthaí crua piorracha. Cydonia oblonga an t-ainm eolaíoch atá air. Is é an t-aon bhall den ghéineas Cydonia é, siúd is go bhfuil gaol réasúnta gairid ag an gcainche leis an úll agus leis an bpiorra. "Cainche" a thugtar ar an toradh. Faoi láthair, táirgítear an barr cainchí is mó ar domhan, an ceathrú cuid den bharr domhanda, sa Tuirc.

Bíonn an crann 5–8 m (16–25 troigh) ar airde agus 4–6 m (13–20 troigh) ar leithead. Bíonn na duilleoga 6–11 cm (2.3–4.3 orlach) ar a bhfad agus ciúmhais timpeall orthu. Bíonn clúmh mhín bhán ar na duilleoga. Bíonn na torthaí 7–12 cm (2.7–4.7 orlach) ar a bhfad agus 6–9 cm (2.3–3.5 orlach) ar leithead. Dath órbhuí a bhíonn orthu agus iad aibí.

Tagann bláth ar an gcrann cainche i mí na Bealtaine. Bíonn na bláthanna bán nó pinc. Bíonn na torthaí glas agus iad ag fás le linn an tsamhraidh. Bíonn clúmhnachán liath orthu a imíonn sula dtagann an chainche chun aibíochta i Meán Fómhair nó i nDeireadh Fómhair. Dath buí a bhíonn ansin orthu. Bíonn na torthaí crua cumhra, freisin.

Tá trí chineál cainche comónta ann, is é sin cainche na Portaingéile, an chainche úllchruthach, agus an chainche piorrachruthach. Fásann an chéad chrann díobh seo níos airde agus bíonn na torthaí níos mó. Is torthúla an ceann úllchruthach ná na cinn eile, ámh. Tagann an chainche phiorrachruthach chun cineáil níos déanaí ná an ceann úllchruthach. Tá ceithre chineál crann eile ar a dtugtar "cainche", go mór mhór an chainche Sheapánach (Chaenomeles laginaria), ach glactar anois nach bhfuil siad gaolta le Cydonia oblonga. Scothanna dearga nó scarlóideacha a bhíonn ar na speicis eile seo, uaireanta.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.