Inis Iocht

Is oileán agus contae de chuid na Ríochta Aontaithe í Inis Iocht[1] (Isle of Wight as Béarla). Tá sí suite trí mhíle amach ó chósta theas Chontae Hampshire i Sasana, agus í scartha ón mórthír ag caolas mara a dtugtar Solent air. Tá an-ráchairt ar an oileán seo ón ré Victeoiriach i leith, mar ionad saoire. Tá cáil uirthi as áilleacht a tírdhreacha chomh maith.

Tá stair shaibhir ilghnéitheach ag Inis Iocht. Ríocht neamhspleách a bhí ann ar feadh tamaillín sa chúigiú haois déag. Bhí cónaí ar an bhfile Alfred Lord Tennyson ansin, agus chaith an Bhainríon Victeoiria féin deireadh a saoil in Osborne House, an teach saoire a bhí aici in Inis Iocht. Áit mhór tógála bád a bhí in Inis Iocht riamh, ach, de bharr na forbartha teicneolaíochta, tógadh eitleáin uisce san oileán freisin, chomh maith leis an gcéad sciorrárthach (árthach foluaineach) i stair an chine dhaonna.

Ba chuid de Chontae Hampshire í go dtí an bhliain 1890, agus tá canúint an oileáin an-chosúil le canúint tuaithe Hampshire, cé go bhfuil cuid mhaith focal dá gcuid féin ag muintir Inis Iocht. Bhí 132,731 duine ina gcónaí san oileán sa bhliain 2001, agus aon duine amháin ag déanamh feisireachta dóibh i bparlaimint Westminster - rud a chiallaíonn gur í Inis Iocht í an toghcheantar is mó sa tír.

San úrscéal ficsin eolaíochta The Day of the Triffids le John Wyndham, shocraigh iarmharáin na holltubaiste domhanda in Inis Iocht sa deireadh, le coilíneacht dá gcuid féin a bhunú ansin.

Wight
Íomhá satailíte d'Inis Iocht

Bailte

Nithe is díol spéise do thurasóirí

Tagairtí

  1. http://www.focal.ie/Search.aspx?term=Inis+Iocht

Naisc Sheachtracha

Appley, Inis Iocht

Is baile suite in Inis Iocht é Appley.

Brading

Is baile suite in Inis Iocht é Brading. Bhí 2,077 duine ina gcónaí i mBrading sa bhliain 1991.

Caisleán Carisbrooke

Is caisleán suite in Inis Iocht é Caisleán Carisbrooke.

Cluichí Oileán

Is comórtas spóirt idirnáisiúnta iad na Cluichí Oileán a bhíonn ar siúl gach dhá bhliain. Thóg an chéad eagrán de na cluichí ar súil in Oileán Mhanann sa bhliain 1985.

Cluichí Oileán 1993

Thóg na Cluichí Oileán 1993 ar súil in Inis Iocht ón 3ú go 10ú lá de mhí Iúil na bliana sin. Ba é seo an 5ú eagrán de na cluichí.

Cluichí Oileán 2011

Thóg na Cluichí Oileán 2011 ar súil in Inis Iocht ón 25ú Meitheamh go 1ú Iúil na bliana sin. Ba é seo an 14ú eagrán de na cluichí.

Cowes, Cowes Thoir

Is baile suite in Inis Iocht é Cowes. Bhí 9,663 duine ina gcónaí i gCowes sa bhliain 2001.

Inis Iocht (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)

Is toghcheantar i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe é Inis Iocht. Cruthaíodh sa bhliain 1832 é. Is é Bob Seely (C) an sealbhóir reatha den suíochán.

Leadóg ag na Cluichí Oileán 2017

Tá leadóg ar súil ag na Cluichí Oileán 2017. Tá na comórtais ar súil ag cúirteanna chré ag Slite agus Rackethallen Visby, Gotland idir an 25ú agus an 30ú lá de Mheitheamh 2017.

Lúthchleasaíocht ag na Cluichí Oileán 2017

Thóg lúthchleasaíocht ar súil ag na Cluichí Oileán 2017. Thóg na comórtais ar súil idir an 25ú agus an 30ú lá de Mheitheamh 2017.

Newport, Inis Iocht

Is baile suite in Inis Iocht é Newport. Bhí 23,957 duine ina gcónaí i Newport sa bhliain 2001.

Osborne House

Is teach mór suite in Inis Iocht é Osborne House.

Quarr Abbey

Is mainistir suite in Inis Iocht é Quarr Abbey.

Ryde

Is baile suite in Inis Iocht é Ryde. Bhí 32,250 duine ina gcónaí i Ryde sa bhliain 2008.

Sandown

Is baile suite in Inis Iocht é Sandown. Bhí 8,455 duine ina gcónaí i Sandown sa bhliain 2012.

Shanklin

Is baile suite in Inis Iocht é Shanklin. Bhí 8,055 duine ina gcónaí i Shanklin sa bhliain 1991.

Snámha ag na Cluichí Oileán 2017

Thóg snámha ar súil ag na Cluichí Oileán 2017. Thóg na comórtais ar súil ag Solbergabadet, Visby, Gotland idir an 26ú agus an 29ú lá de Mheitheamh 2017.

Ventnor

Is baile suite in Inis Iocht é Ventnor. Bhí 6,257 duine ina gcónaí i Shanklin sa bhliain 2001.

Yarmouth, Inis Iocht

Is baile suite in iarthar Inis Iocht é Yarmouth. D'fhás an baile timpeall béal abhann an Yar Thiar agus as sin a thagann a ainm. Tá pobal ann le breis is 1,000 bliain anuas. Tá an baile luaite den chéad uair i liosta na mbailte a d'íoc an Danegeld sa bhliain 991.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.