Imirce (daonra)

San antraipeolaíocht agus sa tsocheolaíocht, gluaiseacht daonra taobh istigh de thír nó idir tíortha is ea imirce. Gluaiseacht isteach i gcathracha is mó a bhíonn san imirce intíre, de thoradh fordhaonra is bochtanais faoin tuath agus deiseanna níos fearr a bheith ar fáil sna cathracha. Tarlaíonn imirce idirnáisiúnta de bharr na gcúiseanna céanna, bagairtí polaitiúla ar mhionlaigh, agus/nó cogaíochta. Bíonn deacrachtaí ar leith nuair nach bhfaigheann inimircigh cead cur fúthu sa tír eile. I dtíortha forbartha, tarlaíonn iompú daonra, oiread inmheasta imirce daoine amach as cathracha isteach sa tuath máguaird.

An t-ádh

Sa ghearrscéal seo, tá triúr bhuachaill ann, Pádraic, Séamas agus Micilín cois Farraige atá ag iarraidh a chuid dualgaisí a sheachaint agus éalú ón obair.

Bhí siad i bhfolach ar an trá. Bhí fonn seoltóireachta acu an uair dheireanach. Ba mhaith leo dul go Garumna go dtí an margadh muc. . Thosaigh Pádraic ag smaoineamh ar phlean. Bhí sé lán cliste ag rá leis na buachaillí eile chun dul i mbád Tom Bhig, bhí siad in ann dul i bhfolach sna málaí cosúil le muca. Ar an drochuair, ní raibh spás do gach duine agus bhí ar dhuine amháin fanacht siar. Freisin, caithfidh an duine sin cur isteach le Tom bhig agus a rá go bhfuil Muc bhreise ann.

Bhí a fhios ag Pádraic an bealach is cóir chun fáil amach cé atá ag fanacht siar ná chun tráithnín a tharraint agus 'An té a tharraingeoidh an ceann is faide caithfidh sé fanacht siar'. Fuair Pádraic an ceann is faide, chaill sé an crannchur agus d'fhan sé siar. Ansin cheangail sé Micilín agus Séamus sna málaí agus nuair a tháinig Tom, labhair sé leis. Bhí cuma an míshásta ar Pádraic. Cheangail sé na leaids isteach sna málaí. Go gairid ina dhiaidh sin tháinig Tom le cúigear táilliúir eile. Bhí siad lán sásta ag canadh agus ag caint, níor cheap siad aon rud bhí na malaí breise. Ar aghaidh le Tom, na táilliúirí, Séamus agus Micilín go dtí an margadh. Bhí Pádraic ag féachaint ar an mbád a d'imigh as a radharc. Ghlaodh Pádraic féin le coladh ar an trá. Cheap sé go raibh sé ag iarraidh amach ar an spraoi go léir.

Thosaigh sé ag cur báistí an trom agus nuair a dhúisigh sé ag crith ó chos go lámh leis an fuar. D'imigh Pádraic abhaile. Bhuail sé le tuismitheoirí Micilín ar an mbealach agus bhí siad trína cheile. Ní raibh a fhois ag tuismitheoirí Micilín cá raibh sé. Níor mhaith leis teitheadh ar na leaids ach d'inis Pádraic an scéal díreach mar a tharla sé ar dheireadh agus chuaigh sé abhaile. Ansin chuala sé faoin tubaiste. Chuaigh an bád go tonn poll agus bádh gach duine ar bord ach muc amháin. Bhí Pádraic bocht croíbhriste i ndiaidh a chairde. Bhí an tádh leis an lá sin agus tá tráithnín an Áidh fós aige.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.