Iarthar na hEorpa

Is réigiún san Eoraip é Iarthar na hEorpa.

Western Europe map
Iarthar na hEorpa
Amchrios

Is crios de dhromchla an domhain é an t-amchrios ina bhfuil an t-am céanna agus an dáta céanna ar bhonn rialacha.

An Bheilg

Is tír í an Bheilg (Ísiltíris: België, Fraincis: Belgique, Gearmáinis: Belgien) atá suite in Iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, an nGearmáin, Lucsamburg, an bhFrainc, agus tá cósta aici ar an Muir Thuaidh.

Tá sí ag crosbhóthar cultúrtha idir an Eoraip Ghearmánach (le cainteoirí na hOllainnise sa tuaisceart, Flóndras) agus an Eoraip Rómánsach (le cainteoirí na Fraincise, An Vallóin), agus tá tionchar aige sin ar chastacht a cuid institiúidí agus a cuid staire polaitiúla.

Trí theanga oifigiúil atá sa Bheilg: An Ísiltíris (tuairim is 60%), an Fhraincis (tuairim is 40%), agus an Ghearmáinis (níos lú ná 1%).

Is ballstát den Aontas Eorpach í an Bheilg.

An Eilvéis

Is tír bheag thalamhiata atá suite in iarthar na hEorpa í an Eilvéis nó an Eilbhéis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na hEilvéise). Tá teorannacha aici leis an Ostair, le Lichtinstéin, leis an bhFrainc, leis an Iodáil, agus leis an nGearmáin.

An Fhrainc

Is tír í an Fhrainc (Fraincis: La France) nó Poblacht na Fraince (Fraincis: République française) atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta.

An Ghaill

"An Ghaill" an t-ainm stairiúil a úsáidtear i gcomhthéacs na Sean-Róimhe i dtagairtí do réigiún in Iarthar na hEorpa arb ionann iad agus an Fhrainc, Lucsamburg agus an Bheilg, an chuid is mó den Eilvéis, an chuid thiar de Thuaisceart na hIodáile, chomh maith le codanna áirithe den Ísiltír agus den Ghearmáin.

An Mheánaois

Is éard atá i gceist leis an Mheánaois ná an tréimhse idir an tSeanaois Chlasaiceach (is é sin, ré na Sean-Róimhe agus na Sean-Ghréige) agus an Nua-aois (an Renaissance agus ar tháinig ina dhiaidh). Thosaigh an Mheánaois faoi lár na chéad mhílaoise i ndiaidh bhreith Chríost (~500 AD) agus tháinig deireadh léi míle bliain níos déanaí (~1500 AD), i ré an Renaissance agus an Reifirméisin. I dtús na Meánaoise, chaill Impireacht na Róimhe a seantábhacht, agus scoilteadh ina dhá leath í. Ba iad na stáitíní beaga feodacha a tháinig chun tosaigh ansin, agus an Eoraip go léir lán pobail bheaga agus treibheacha - Teotanaigh, Rómánsaigh, Ceiltigh, agus Slavaigh. Bhí sochaí na Meánaoise dealaithe ina haicmí a raibh teorainneacha soiléire eatarthu, agus b'í an Eaglais Chríostaí croílár an chultúir, an léinn agus na litríochta. In Iarthar na hEorpa, bhí an Laidin á saothrú mar chomhtheanga chultúrtha. Maidir leis an eacnamaíocht, bhí sí bunaithe ar an seirfeachas agus ar an bhfeodachas.

Sa lá atá inniu, is fearr le staraithe agús a chur leis an réab idir an seansaol agus an Mheánaois agus ionas go mbíonn idir an tríú agus ochtú haois tréimhse a tugtar, go minic, an tSeandacht Dhéanach air, a bhí ina aistriú mór i ngach réimse: i réimse na heacnamaíocha leis an modh daortáirgthe in ionad an mhodha fheodach; i réimse sóisialta, le dul as radharc coincheap na saoránachta Rómhánaí agus sainmhíniú na n-eastát meánaoiseanna, go polaitiúil le chliseadh ar struchtúir láraithe Impireacht na Róimhe agus dá bharr sin, d'eascair scaipeadh na cumhachta (nó na díláraithe); agus i réimse na idé-eolaíocha agus an chultúir, ionsú agus malartú an chultúir chlasaicigh i gcomhair na gcultúr dialárnach Críostaí nó Ioslamach (gach ceann ina spás féin).

An Réin

Is abhainn mhór Eorpach í an Réin. Tá foinse na habhann ar fáil i nGraubünden in oirdheisceart Alpa na hEilbéise agus is cuid de teorann na hEilvéise-na hOstaire, na hEilvéise-na Lichtinstéin, na hEilvéise-na Gearmáine í, agus teorainn na Franince-na Gearmáiné, ansin sreabhann sí tríd Dhúiche na Réineagus sa deireadh folmhaíonn sí isteach ar chósta na Mara Thuaidh san Ísiltír. Is í an dara habhainn is faide i Lár agus Iarthar na hEorpa (i ndiaidh an Danóib), ag thart ar 1,230 km (760 míle), le toilleadh ciúbach thart ar 2,900 m3 / s.

An tSean-Ghaeilge

Sa tseachtú haois a tháinig an chéad leagan caighdeánaithe den Ghaeilge, an tSean-Ghaeilge (Guithealg nó Goidelc), ar an bhfód, agus í sách difriúil fós leis an gcineál Gaeilge a labhraítear inniu.

Cádiz

Is cathair agus port i gcomhphobal féinrialaitheach na hAndalúise in iardheisceart An Spáinn é Cádiz. Bhí 123,948 duine ina gcónaí i gCádiz sa bhliain 2012. Feictear ar Cádiz mar an cathair is sine in iarthar na hEorpa ina bhfuil daoine ina gcónaí ann go leanúnach toisc gur aimsíodh iarsmaí ó 3,100 bliain ó shin. Bhunaigh na Féinícigh é. Tá sé mar Phort Baile Cabhlach na Spáinne ó na Búrbónaigh Spáinneacha san 18ú haois. Tá Ollscoil Cádiz lonnaithe ann chomh maith. Tá Cadiz suite ar píosa talún caol timpeallaithe leis an bhfarraige.

Diúcacht na Briotáine

Ba stát feodach meánaoiseach é Diúcacht na Briotáine (Briotáinis Dugelezh Breizh, Fraincis:Duché de Bretagne ), a bhí ann idir tuairim is 939 agus 1547. Chlúdaigh sé leithinis oirthuaisceart na hEorpa, críochantacht leis an Aigéan Atlantach san iarthar agus an Mhuir nIocht ar an taobh thuaidh, agus go neamhchinntitheach ag Abhainn an Loire sa deisceart agus an Normainn agus cúigí eile na Fraince ar an taobh thoir. Bunaíodh an Diúcacht tar éis arm Lochlannach a bheith ruaighthe ón réigiún, timpeall na bliana 939. Bhí an Diúcacht, sna tréimhse idir an 10ú céad agus an 11ú céad, éagobhsaí go polaitiúil, agus ní bheadh ach cumhacht teoranta ag na diúcaí lasmuigh dá dtailte pearsanta féin. Bhí caidrimh measctha idir an Diúcacht agus Diúcacht na Normainne, uaireanta ag dul i gcomhghuaillíocht leis an Normainn, agus ag amanna eile, ar aon dul leis an Chogadh Briotánach -Normannach, ag tabhairt faoi choimhlint oscailte

Lichtinstéin

Tír bheag thalamhiata is ea Prionsacht Lichtinstéin atá suite in iarthar na hEorpa. Is ball de Chomhlathas Saorthrádála na hEorpa í. Tá teorainn aici leis an Eilvéis agus leis an Ostair. Ba chuid den seanchúige Rómhánach, Raetia, í.

Ta Lichtinstéin suite i nGleann na Réine Uachtair in aice le Sliabh Alpa. Cumann an abhainn ar teorainnthoir uile. Is ceann de dá tíortha talamhiata dúbailte í.

Tá clú ag an tír mar is tearmann cánach í. Tá an tír ina ball de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus an Limistéar Schengen, ach níl an tír ina ball den Aontas Eorpach.

Lochlannaigh

B'fhir gnó, coilínigh agus, mar is eol go leathan, foghlaithe mara iad na Lochlannaigh nó Uigingigh nó Vairingiaigh a shíolraigh as Críoch Lochlann. Idir na blianta 800 agus 1050, rinneadar coilíniú, réabadh agus trádáil ar fud chóstaí, aibhneacha agus oileáin na hEorpa agus fiú oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Thugadar Norðmenn (fir aduaidh) orthu féin. Tugann Lochlannaigh an lae inniu fós nordbor nó daoine aduaidh orthu féin.

Tá fios maith ar a gcrógacht agus a gcruas i gcogadh, ach thógadar bailte freisin, agus bhí bua acu le obair lámha agus le trádáil. Sa Rúis agus san Impireacht Bhiosántach, thugtaí na Vairingiaigh (Væringjar, ar bhrí leis ná "fir geasa") ar na Lochlannaigh, agus thugtaí an Gárda Vairingiach ar fhir cosanta Lochlannach na hImpireachta Biosántaí. Thugtaí Danair, Gearmánaigh agus Normannaigh orthu freisin, agus as Gaeilge déantaí idirdhealú idir dubh-Lochlannaigh, nó Danair, agus Fionn-Lochlannaigh, nó Ioruaigh. Is iad na hIoruaigh, na Danair, na Sualannnaigh, na hÍoslannaigh agus oileánaigh Faró náisiún an lae inniu a shíolraíonn don chuid is mó ó na Lochlannaigh. Is de shíol Lochlannach cuid éigin den daonra i Sasana, in Albain, in oirthear na hÉireann agus i dtuaisceart na Fraince.

B'astu siúd a shocraigh síos i dtuaisceart na Fraince a shíolraigh na Normannaigh, arbh í an Fhraincis a dteanga, agus tháinig siadsan i dtír in Éirinn, i Sasana agus i dtíortha eile in iarthar na hEorpa ón 11ú haois ar aghaidh.

Monacó

Tír bheag agus tearmann cánach in iarthar na hEorpa í Prionsacht Mhonacó, nó, go simplí, Monacó (Fraincis: Principauté de Monaco, Monacais: Principatu de Múnegu). Tá sí suite cois na Meánmhara, agus teorainn aici leis an bhFrainc. Tá an stát suite timpeall sé chiliméadar déag ó theorainn na Fraince leis an Iodáil. Tá dlús an daonra i Monacó níos airde ná in aon tír eile sa domhan.

Monarcacht bhunreachtúil í Monacó, agus í á rialú ag an rítheaghlach céanna, muintir Grimaldi, ón mbliain 1297 anuas, agus thug an Fhrainc aitheantas oifigiúil do neamhspleáchas na tíre sa Chonradh Fhranca-Mhonacach sa bhliain 1861. Cé gur tír neamhspleách í Monacó, tá sé socraithe ag an dá thír gurb í an Fhrainc a bheidh á cosaint, má bhagraíonn cogadh ar an bprionsacht.

Is é an prionsa atá ag rialú na tíre inniu ná Ailbhe II (Albert Alexandre Louis Pierre Grimaldi), a tháinig i gcomharbas ar a athair Rainier III sa bhliain 2005. Bhí Rainier pósta ar Grace Kelly, réaltóg scannán ó na Stáit Aontaithe, arbh í máthair Ailbhe agus na beirte deirfiúracha atá aige, na banphrionsaí Caroline agus Stéphanie. Ba é Rainier a rinne tearmann cánach agus áit mhór turasóireachta de Mhonacó.

Patella vulgata

Is saghas sliogéisc é Patella vulgata nó an bairneach coiteann . Ní úsáidtear mar bhia é go minic, ach tá siad go maith comónta.

Tá an speiceas le fáil in uiscí iarthar na hEorpa.

Ríocht na Portaingéile

Ba mhonarcacht é Ríocht na Portaingéile ( Laidin: Regnum Portugalliae, Portaingéilis: Reino de Portugal) ar Leithinis na hIbéire agus ba réamhtheachtaí na Portaingéile nua-aimseartha é. Bhí sé ann ón bhliain 1139 go dtí 1910. I ndiaidh 1248 , tugadh Ríocht na Portaingéile agus na nAlgarve air freisin, agus idir 1815 agus 1822, tugadh Ríocht Aontaithe na Portaingéile , na Brasaíle agus na nAlgarve air. . Bíonn feidhm leis an ainm [[Impireacht na Portaingéile] go minic air, coilíneachtaí fairsin na Ríochta thar lear

Ba é 'Contae na Portaingéile' croílár stáit na Portaingéile, a bunaíodh sa 9ú haois mar chuid den Reconquista, ag Vímara Peres, a bhí ina vasáilleach den Rí Astúrias. Rinneadh an contae mar chuid de Ríocht de León sa bhlian 1097, agus bhunaigh na cuntai iad féin mar rialóirí de ríocht neamhspleách sa 12ú haois, i ndiaidh chath São Mamede. Rialaigh Teaghlach na Burgúine sa Phortaingéil nó an Ríshliocht Alfonso an ríocht go dtí gur tharla an Ghéarchéim sna blianta 1383-1385, roimh an mhonarcacht a bheith aistrithe chuig an Teaghlach de Avis.

Sruth na Murascaille

Is sruth aigéanach é Sruth na Murascaille, a éiríonn i Murascaill Mheicsiceo, a ritheann thar Florida agus ar feadh cósta thoir na Stát Aontaithe go sraontar é ag Rinn Hatteras. Gar do Thalamh an Éisc, cassann an sruth cúinne deirineach, agus as sin soir ó thuaidh i dtreo na hEireann. Glaotar Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh nó Sruth an Atlantaigh Thuaidh air as sin amach. Trasnaíonn Sruth an Atlantaigh Thuaidh seo Aigéin an Atlantaigh Thuaidh, i dtreo iarthar na hEorpa. Is píosa den coras aigéin, a glaotar Iompú Imsruthú na Mara air, an sruth seo. Iarmhairt láidir fhabhrach atá ag Iompú Imsruthú na Mara ar aeráid iarthuaisceart na hEorpa, Éire go háirithe. Ionas gur aimsir bog tais is mó a bhíonn ar iarthar na mór-rinne agus na hoileáin atá suite roimpi.

Fágann sé gur féidir le báid dul i gcalafort in iarthar na hEorpa ar feadh an gheimhridh ar fad, chomh fada aduaidh leis an Iorua.

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Tír i Meiriceá Thuaidh is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá nó SAM, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar domhan. Tá caoga stát ar fad ann. Is é Alasca an ceann is mó achar acu, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra.

Tá na Stáit Aontaithe ar an t-aon ollchumhacht amháin ar an domhan inniu, nó is í an tír seo atá chun tosaigh ó thaobh na heacnamaíochta, na n-armálacha agus an chultúir de ar an gcuid eile dár bpláinéad. Aithnítear tionchar na luaineachtaí eacnamaíocha sna Stáit Aontaithe ar gheilleagar na dtíortha eile, breathnaítear ar scannáin agus ar chláir teilifíse de dhéantús na Stát Aontaithe, agus labhraítear Béarla Mheiriceá mar fhrancbhéarla idirnáisiúnta. Tarraingíonn cumhacht dhoshéanta na Stát Aontaithe idir adhradh agus fhuath ar an tír, ach ní féidir dearmad ná droichead a dhéanamh di.

Tá an chuid is mó de na stáit suite in aon limistéar amháin in Ilchríoch Mheiriceá Thuaidh. Tá dhá stát ann agus iad scartha ón mbloc seo, mar atá, Stát Haváí, ar oileánra é san Aigéan Ciúin, agus Stát Alasca, a bhfuil stiall chaol de thailte Chúige An Cholóim Bhriotanach, Ceanada, idir é agus Stát Washington.

Stát daonlathach liobrálach is ea na Stáit Aontaithe, agus bhí páirt thar a bheith tábhachtach ag an tír i bhforbairt stairiúil an daonlathais nua-aimseartha. Ós rud é go bhfuil náisiúnachas an stáit bunaithe ar an mbunreacht agus ar an traidisiún daonlathach in áit aon náisiúntacht nó dream eitneach ar leith, fáiltítear lucht inimirce ó gach cearn den domhan, agus dá réir sin, tá na Stáit Aontaithe ar ceann de na tíortha is ilchultúrtha ar fud an domhain. Cé go mbíonn fadhbanna móra ag an tír le ciníochas agus le foréigean, is féidir a rá go raibh córas daonlathach na Stát Aontaithe ábalta an faobhar a bhaint de na fadhbanna seo sa deireadh.

Séasúr stoirm ghaoithe na hEorpa 2017–18

Thosaigh an séasúr stoirm ghaoithe na hEorpa ar an 12 Meán Fómhair 2017 agus chríochnaigh sé ar an 10 Aibreán 2018.

Teangacha Gearmáinice

Is brainse de na na teangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Gearmáinice (nó na teangacha Gearmánda nó na teangacha Gearmánacha) atá á labhairt ag 500 milliún duine, an chuid is mó díobh i Meiriceá Thuaidh, san Aigéine, codanna de Iarthar is Theas na hAfraice agus i dtuaisceart is iarthar na hEorpa.

Tá trí fhoranna san áireamh sna teangacha Gearmánacha: Gearmáinic Thuaidh, Gearmáinic Thiar agus Gearmáinic Thoir. Tagann gach teanga ón bPrótai-Ghearmáinic a bhí in úsáid ón chéad mhílaois RC.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.