Iósua

Ba fháidh é Iósua. Luaitear é sa Sean-Tiomna.

Lanfranco Moses and the Messengers from Canaan
Iósua
An Bíobla

Is éard atá sa Bhíobla ná focal Dé, de réir mar a mheasann na Críostaithe agus na Giúdaigh. Tagann "Bíobla" ón nGréigis: (τα) βιβλια, (ta) biblia, "na leabhair", iolra an fhocail βιβλιον, biblion, "leabhar". Tá dhá phríomhroinn sa Bhíobla, an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua. Baineann an Sean-Tiomna leis an Seanreacht, conradh nó beartas sollúnta slánaithe a socraíodh le linn Mhaois, agus tá an Tiomna sin scríofa in Eabhrais, cé is moite de shleachta i nDainéil agus in Eazrá atá scríofa in Aramais. Baineann an Tiomna Nua leis an Reacht Nua, ré Íosa Críost, agus i nGréigis atá sé scríofa.

Ní féidir liosta buan a dhéanamh de leabhair an tSean-Tiomna mar athraíonn siad de réir an leagain atá i gceist. Is ionann na chéad seacht leabhair a leanas i ngach Bíobla.

Fáidh

Is duine le aird aige mar múinteoir inspioráidithe nó craoltóir Toil Dé i gCríostaíocht é fáidh.

Gioca

Planda síorghlas le duilleoga dochta gan ghais a fhásann i Meiriceá Thuaidh is Láir agus sna hIndiacha Thiar. Rud beag cosúil le crann pailme. Stoc gairid ramhar, duilleoga claíomhchruthacha, bláthanna clogchruthacha cumhra bána nó corcra. Siombóis leis an ngioca-leamhan a phailníonn é, a bheireann a huibheacha ar an stiogma, agus a bhfaigheann a larbhaí a shíolta mar bhia. Is giocaí iad crann Iósua, an bheaignit Spáinneach, agus an mhiodóg Spáinneach.

Inscríbhinní Bir el Qutt

Is é atá i gceist le hInscríbhinní Bir el Qutt (Seoirsis: ბირ ელ ყუტის წარწერები) ná an scríbhneoireacht is faide siar sa tSeoirsis dá bhfuil teacht uirthi. Tá siad scríofa sa chóras scríofa ársa sa teanga úd ar a dtugtar Asomtavruli. Seandálaí Iodálach darbh ainm Virgilio Canio Corbo a tháinig orthu le linn tochailtí sa bhliain 1952 Cé gurb in iarsmaí mainistir Sheoirseach a fuarthas iad, ní sa tSeoirsia féin a bhí an mhainistir, ach in aice Bir el Qutt, sa Ghaineamhlach Iúdáiach, 6 km soir-ó dheas ó Iarúsailéim agus 2 km ó thuaidh ó Bheitheal. Tá na hinscríbhinní suite in urlár mósáicí. Rinneadh dhá cheann de na hinscríbhinní sa bhliain AD 430 agus an tríú ceann sa bhliain AD 532.Peadar Ibéarach, fealsamh agus prionsa ríoga Seoirseach, a thóg nó a atóg an mainistir inar thángthas ar na hinscríbhinní. Tá seisean agus a athair luaite i gceann de na hinscríbhinní. Tá Bacurius Ibéarach luaite sa dara hinscríbhinn a bhfuil teacht uirthi inniu; ceaptar gur b'fhéidir gur athair mór do Pheadar atá i gceist.Coimeádtar na hinscríbhinní san iarsmalann san Studium Biblicum Franciscanum in Iarúsailéim. Tá inscríbhinn 2, ina luaitear Peadar Ibéarach, ar iarraidh faoi láthair.

Ireachó

Is cathair í Ireachó (Araibis: أريحا‎) atá suite gar d'Abhainn na hIordáine ar an mBruach Thiar sna críocha Palaistíneacha. Príomhchathair na Gobhanóireachta Ireachó atá inti, le daonra thart ar 20,000 Palaistíneach. Tá an chathair suite faoi bhun cothrom farraige sé chiliméadar déag ó thuaidh ón Mhuir Mharbh, agus is í an áit lonnaithe is ísle ar domhain. Meastar fosta go bhfuil Ireachó ar an gcathair is sine ar domhain, agus tá fianaise ann a léiríonn go raibh daoine sa cheantar chomh fada siar le 9000 RC.

Déantar cur síos ar Ireachó sa Bhíobla mar "Chathair na gCrann Pailme". Tá aithne ar an gcathair mar an áit ar ar fhill na Iosraelaigh as daorbhroid na hÉigipte, faoi cheannasaíocht Iósua.

Leabhar Iósua

Is an séú leabhar sa Bhíobla é Leabhar Iósua.

Maois

Fáidh agus reachtóir Eabhrach a bhí i Maois. Deirtear gurbh é Maois a scríobh an Torah. Tá sé an-tábhachtach sa Bhíobla. Dar le scoláirí áirithe áfach, ní raibh ann ach carachtar finscéalaíochta.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.