God Save the Queen

Is é God Save the Queen (Gaeilge: Go sabhála Dia an Bhanríon) amhrán náisiúnta na Ríochta Aontaithe agus na Nua-Shéalainn. Nuair a bhíonn rí ar an ríchathaoir, tugtar "God Save the King" air.

God Save the Queen
Gaeilge: Go sabhála Dia an Bhanríon
Gstk

As The Gentleman's Magazine, 15 Deireadh Fómhair 1745.
Amhrán Náisiúntach agus
Ríoga na
An Ríocht Aontaithe,
An Nua-Shéalainn agus a thiortha
An Astráil
Ceanada
Iamáice
Na Bahámaí
Barbadós
Tuvalu
Oileán Norfolk
Chomh maith leis sin ar a dtugtar God Save the King
(nuair a mbíonn an monarc firinscneach)
Liricí Anaithnid
Ceol Anaithnid
Sámpla ceoil
God Save the Queen (Ionstraimeach)

Liricí

Béarla Gaeilge na hÉireann Gaeilge na hAlban
God save our gracious Queen,
Long live our noble Queen,
God save the Queen:
Send her victorious,
Happy and glorious,
Long to reign over us:
God save the Queen.
O Lord, our God, arise,
Scatter her enemies,
And make them fall:
Confound their politics,
Frustrate their knavish tricks,
On thee our hopes we fix:
God save us all.
Thy choicest gifts in store,
On her be pleased to pour;
Long may she reign:
May she defend our laws,
And ever give us cause
To sing with heart and voice
God save the Queen.
Not in this land alone,
But be God's mercies known,
From shore to shore!
Lord make the nations see,
That men should brothers be,
And form one family,
The wide world over.
From every latent foe,
From the assassins blow,
God save the Queen!
O'er her thine arm extend,
For Britain's sake defend,
Our mother, prince, and friend,
God save the Queen!
Lord grant that Marshall Wade
May by thy mighty aid
Victory bring.
May he sedition hush,
And like a torrent rush,
Rebellious Scots to crush.
God save the Queen!
Dhia, tabhair dár mBanríon ghaoil,
Sonas is síneadh saoil,
Dhia, cosain an Bhanríon;
Deonaigh di bua sa chóir,
Sásaimh agus glór,
Fad-rialú aoibhinn,
mór;
Dhia, cosain an Bhanríon!
A Thiarna, ár nDia, chun cinn,
Scaip a naimhde,
Agus a dhéanamh orthu titim.
Sean gcuid polaitíochta,
Sáraigh a cleasanna knavish,
Ar Riot ár súil againn a shocrú,
Sábhála Dia linn go léir.
Mo bronntanais Muighinis sa siopa,
Ar a bheith sásta go Doirt;
Fada féadfaidh sí rialaigh:
D'fhéadfadh sí a chosaint ár ndlíthe,
Agus riamh a thabhairt dúinn faoi deara
A chanadh le croí agus guth
Sábhála Dia an Bhanríon
Gan sa talamh ina n-aonar, 

Ach a bheith bocht Dé ar a dtugtar, 

Ón gcósta a chladaigh! 

Tiarna a dhéanamh ar an náisiúin a fheiceáil, 

Ba chóir go mbeadh fir a deartháireacha, 

Agus foirm amháin teaghlaigh, 

An mó ar fud an domhain.
Ó gach namhaid folaigh, 

Ón buille mheanna, 

Sábhála Dia an Bhanríon!
Thar a lámh do a leathnú, 

Ar mhaithe le Bhreatain's chosaint, 

Tá ár máthair, Prionsa, agus a chara, 

Sábhála Dia an Bhanríon!
Deontas a Thiarna Marscal Wade
Bealtaine ag Bua cabhrach do neartmhar
a thabhairt. 

Féadfaidh sé ceannairc ciúnaigh, 

Agus cosúil le deifir tuile, 

Albanach ceannairceach a threascairt. 

Sábhála Dia an Bhanríon!

DHIA, thoir d ar n-uachdran gaoil
Sonas is sìneadh saoghl;
Dhia, dìon an Rìgh;
Deònaich dha buaidh sa chòir,
Ard-ghreadhnachas is glòir,
Fad-riaghladh aoibhinn, mòr;
Dhia, dìon an Rìgh !

Do mhaitheas caoin, neo-ghann,
Bi dortadh air a cheann,
Gun sgur, gun dìth ;
Ceart-reachdan biodh ra linn,
Á sìor thoirt aobhair dhuinn,
Le guth s le cridh bhith seinn
Dhia, dion an Rìgh !

A Night at the Opera

Is albam ón bhanna Queen é A Night at the Opera, a bhí eisithe ar an 21 Samhain, 1975.

Akrotiri agus Dhekelia

Is bunáit mhíleata na Ríochta Aontaithe ar an gCipir í Akrotiri agus Dhekeila (Gréigis: Περιοχές Κυρίαρχων Βάσεων Ακρωτηρίου και Δεκέλιας, Periochés Kyríarchon Váseon Akrotiríou kai Dekélias; Tuircis: Egemen Üs Bölgeleri Ağrotur ve Dikelya). Choimead an Ríocht Aontaithe an limistéar tar éis an conradh neamhspleáchas 1960 nuair a bhuaigh an Chipir a neamhspleáchas ón Ríocht Aontaithe. Tá an críoch roinnte ina dhá pháirt; Akrotiri atá suite i ndeiscirt an oileán agus Dhekelia atá suite i dtuaisceart an oileán. Tá teorainn aici leis an gCipir, crios maolánach na Náisiún Aontaithe agus an Chipir Thuaidh.

Amhrán náisiúnta

Is é is amhrán náisiúnta ann ná amhrán nó saothar ceoil eile a bhfuil ábhar tírghráúil aige, agus rialtas is údaráis oifigiúla an stáit ag baint úsáide as mar shuaitheantas don tír ag ócáidí oifigiúla. Ina lán tíortha, reachtaíodh dlíthe faoi cheartúsáid an amhráin náisiúnta, ach níl a leithéid riachtanach le go nglacfaí le hamhrán ar leith mar shiombaile náisiúnta den chineál sin. Mar shampla, is é an traidisiún an t-aon bhunús amháin le stádas an amhráin úd God Save the Queen sa Ríocht Aontaithe.

Is é amhrán na hÍsiltíre, Het Wilhelmus nó Amhrán Uilliam ó Nassau, an t-amhrán náisiúnta is sine sa domhan. Scríobhadh timpeall na bliana 1570 é, nuair a bhí an Cogadh Ochtó Bliain á chur ag an Ísiltír ar na Spáinnigh.

Níor éirigh an t-amhrán náisiúnta, mar nuáil chultúrtha, coitianta roimh an naoú haois déag. Is aireagán Eorpach é, go praiticiúil. Bíonn blas an cheoil chlasaicigh Eorpaigh ar amhráin náisiúnta na dtíortha neamh-Eorpacha féin, amach ó chupla eisceacht a théann i dtuilleamaí cheol traidisiúnta na tíre (an tSín agus an tSeapáin, ach go háirithe).

An chuid is mó de na hamhráin náisiúnta, cantar i dteanga iad atá coitianta mar ghnáthurlabhra phobail sa tír. Mar sin féin, tá cupla eisceacht ann. Nó cé gurb í an Urdais teanga oifigiúil na Pacastáine, is í an Pheirsis teanga an amhráin náisiúnta. Teanga thábhachtach chultúrtha í an Pheirsis do mhuintir na Pacastáine, ach is ar éigean a labhraíonn aon duine ó dhúchas í sa tír sin.

An Bheilís

Is tír i Meiriceá Láir í an Bheilís. Tá sí ag críochantaíocht le Meicsiceo agus Guatamala. Is é Belmopan an phríomhchathair agus Cathair Bheilís an chathair is mó.

An Nua-Shéalainn

Tír sa leathsféar theas is ea an Nua-Shéalainn. Tá dhá phríomhoileán agus a lán oileán beag inti. Is daonlathas parlaiminteach í. Is ball den Chomhlathas í. Tá sí freagrach as na stáit fhéinrialacha Oileáin Cook agus Niue. Riarann sé Oileáin Tócalá agus Spleáchríoch Ross. Tugtar Aotearoa ar an Nua-Shéalainn i Maorais, teanga na bPolainéiseach a chuir fúthu inti corradh is míle bliain ó shin.

An Ríocht Aontaithe

Is éard atá i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, ar a dtugtar An Ríocht Aontaithe (RA) agus An Bhreatain fosta (Béarla: United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland nó United Kingdom nó UK), ná stát ceannasach atá suite siar ó thuaidh ó chósta Mhór-Roinn na hEorpa. Áiríonn an tír oileán na Breataine Móire, an chuid thoir thuaidh d’oileán na hÉireann, agus go leor oileán níos lú eile. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát eile – Poblacht na hÉireann. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát ceannasach eile nuair nach nglactar na Spleáchais (Giobráltar agus Akrotiri agus Dhekelia) san áireamh. Tá teorainn idir Giobráltar agus an Spáinn, chomh maith leis sin tá teorainn ag Akrotiri agus Dhekelia le Poblacht na Cipire agus ag Dhekelia le Poblacht Thuaisceart na Cipire (atá faoi cheannas Turcaigh an oileáin ach nach bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige), agus an Crios Maolánach de chuid na NA a scarann an dá thír ar an oileán. Seachas an teorainn talún seo, bíonn an tAigéan Atlantach thart timpeall na tíre ar fad siar agus ó thuaidh, bíonn an Mhuir Thuaidh ina luí soir, an Mhuir nIocht ó dheas agus Muir Éireann siar.

Is í foirm rialtais na tíre í monarcacht bhunreachtúil le córas parlaiminteach. Is í cathair Londain í an phríomhchathair. Tá 4 thír chomhdhéanaimh sa RA: Tuaisceart Éireann, Alba, An Bhreatain Bheag agus Sasana.

Tá fo-rialtais chineachta ag na chéad 3 chinn acu seo, a bhfuil cumhachtaí athraitheacha acu bunaithe ina bpríomhchathracha, Béal Feirste, Dún Éideann agus Caerdydd faoi seach. Gaolmhar leis an RA gan a bheith ina gcodanna di atá 3 Spleáchas na Coróine: Geansaí, Geirsí agus Manainn. Tá 14 Chríoch Thar Lear. Is ionann iad seo agus píosa iarmharacha de Impireacht na Ríochta Aontaithe, ina raibh beagnach ceathrú iomlán de dhromchla an domhain ag deireadh an 19ú haois agus toiseacht an 20ú haois. Ba í an Impireacht í an ceann is mó riamh ar domhan. Tchítear tionchar na RA i leitheadúlacht an Bhéarla mar mheán cumarsáide, cultúr na nOileán Briotanach, agus córais dlí i dtíortha ar fud na cruinne.

Is tír fhorbartha í an RA, a bhfuil an cúigiú geilleagar is mó ar domhan aige de réir OTI ainmneach agus an naoú ceann is mó ar domhan de réir Paireachta Cumhacht Cheannaigh. Ba í an chéad tír thionsclaíoch ar domhan í agus an neart is tábhachtaí ar domhan i rith an 19ú haois agus go luath san 20ú haois. Déantar tagairt go seadh don RA mar neart ollmhór agus tá go fóill cumhachtaí ollmhóra aigi i leith na heacnamaíochta, an chultúir, an mhíleata agus na n-eolaíochtaí aici, mar aon le tionchar nach beag go hidirnáisiúnta. Is stát núicléach aitheanta é agus caitheann sé an ceathrú caiteachas is mó ar domhan ar chúrsaí míleata. Tá tuairim is 65 milliún duine ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe: breis is 55 milliún i Sasana, cúig mhilliún in Albain, trí mhilliún sa Bhreatain Bheag agus cúpla milliún i dTuaisceart Éireann.

Rinne Sasana concas ar an mBreatain Bheag i rith na Meánaoise. Chruthaigh Acht an Aontais 1707 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire, agus chruthaigh Acht an Aontais 1800 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Nuair a bhain Saorstát Éireann a neamhspleáchas amach san fhichiú céad, cruthaíodh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Is stát aonadach é an Ríocht Aontaithe, rialaithe faoi monarcacht bhunreachtúil agus córas parlaiminteach, lena shuíochán rialtais sa phríomhchathair, Londain.

Antigua agus Barbúda

Náisiún oileánda is ea Antigua agus Barbúda atá suite i Muir Chairib, ar imeall an Aigéin Atlantaigh. Cuimsíonn sé dhá oileán mhóra, Antigua agus Barbúda, chomh maith le roinnt oileán beag mar Great Bird, Green, Guinea, Long, Maiden agus York agus, níos faide ó dheas, Redonda.

Bíonn isteach is amach le 81,800 duine ina gcónaí ann (daonáireamh na bliana 2011). Is é St. John's, ar Antigua, an phríomhchathair, an chathair is mó agus an port is mó.

Níl ach dornán míle farraige idir Antigua agus Barbúda. Táid i lár Oileán na Fothana.

Giobráltar

Is críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe i ndeisceart na Spáinne é Giobráltar (Gibraltar as Béarla). Ghéill an Spáinn an chríoch seo don Bhreatain i gConradh Utrecht sa bhliain 1713 agus tá sé ina ionad tábhachtach cabhlaigh agus trádála ag an Ríocht Aontaithe ó shin, cé bhfuil mian láidir ag an Spáinn an áit a chur faoi smacht na tíre sin arís. Tá sé ag suí mar slí amach agus isteach don Meánmhuir.

Greanáda

Tír is ea Greanáda atá suite i Muir Chairib. Is é St. George's an phríomhchathair.

Lonaigh na Francaigh ann sa chéad uair sa bhliain 1650, agus mharaigh siad an chuid ba mhó de na bundúchasaigh. Ghéill na Francaigh Greanáda do na Sasanaigh le Conradh Pháras sa bhliain 1763. Ar an 25 Deireadh Fómhair 1983, rinne na Stáit Aontaithe ionradh ar oileán Ghreanáda, darbh ainm "Operation Urgent Fury".

Iamáice

Tír agus oileán í Comhlathas Iamáice, nó Iamáice de ghnáth.

Rugadh cúpla daoine cailiúla ann, mar shampla Bob Marley agus Usain Bolt.

Impireacht na Breataine

I mbarr a réime, ba í Impireacht na Breataine an impireacht ba mhó agus an stát ba chumhachtaí ar domhan. Sa bhliain 1922 bhí tuairim is ceathrú de thailte agus de dhaonra an domhain faoi smacht na Ríochta Aontaithe. Tá oidhreacht na himpireachta an-tábhachtach fós ó thaobh na teanga, na polaitíochta agus an chultúir de.

Language Freedom Movement

Bunaíodh an Language Freedom Movement (LFM) (Gluaiseacht Saoirse Teanga nó GST as Gaeilge) sa bhliain 1966. B'é Christopher Morris a bhí ina uachtarán ar na nGluaiseacht. Ba í aidhm na gluaiseachta ná cur in aghaidh athbheochan stát-urraithe na Gaeilge in Éirinn. Thacaigh na scríbhneoirí Gaeilge Séamus Ó Grianna ("Máire") agus John B. Keane leis an bhfeachtas.

Chuir lucht tacaíochta na Gaeilge isteach ar chruinnithe an LFM. I mí Lúnasa 1966, chuir lucht agóide isteach ar chruinniú agus chan siad "God Save the Queen" ag greannú iad siúd a bhí ag freastal ar an gcruinniú.

I mí Mheán Fómhair na bliana 1966, bhí cruinniú ag an LFM i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath, ach bhí lucht an LFM báite i measc slua mór Gaeilgeoirí. Chuir agóideoirí na Gaeilge isteach ar an gcruinniú, ag caitheamh bhratach na Ríochta Aontaithe agus ag iarraidh bratach na hÉireann a bhaint ón stáitse. Tharla scliúchas beag freisin. Bhí an grúpa Misneach i measc lucht na Gaeilge.

Níor cuireadh ord ar an gcruinniú go dtí gur labhair Dónal Ó Móráin, ceannaire Gael Linn ón bpóidiam. Dúirt sé go mba cheart go mbeadh lucht an LFM ábalta caint ag a gcruinniú féin, má éistear le hargóintí na n-agóideoirí chomh maith. Ní dhearna na Gardaí faic chun smacht a chur ar an gcruinniú agus bhí plé faoi sin sa Dáil.

D'éirigh leis an LFM ceist na Gaeilge éigeantaí a chur ar an gclár oibre polaitiúil. Nuair a bunaíodh an LFM, fuarthas teip iomlán san Ardteistiméireacht tar éis teipe sa scrúdú Gaeilge. Cuireadh deireadh leis an nós sin sa bhliain 1973. Ón mbliain 1974 amach, ní raibh gá leis an nGaeilge chun poist a fháil sa Státseirbhís.

Ceaptar gur shásaigh na hathruithe seo lucht tacaíochta an LFM, mar bhásaigh an ghluaiseacht ina dhiaidh sin.

Montsarat

Críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe is ea Montsarat, atá suite i Muir Chairib. Ba é Plymouth an phríomhchathair roimh bhrúchtadh bolcánach Chnoc Soufrière sa bhliain 1995. Tá an rialtas suite in Brades faoi láthair ar an taobh thuaidh den oileán.

Oileáin Bhriotanacha na Maighdean

Críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe is ea iad Oileáin Bhriotanacha na Maighdean. Tá an chríoch suite i Muir Chairib. Is é Road Town an príomhbhaile.

Oileáin Fháclainne

Críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe iad Oileáin Fháclainne (Islas Malvinas as Spáinnis), agus iad suite san Aigéan Atlantach, 300km soir ó chósta na hAirgintíne agus 940km ó thuaidh ón Antartaice. Is iad Fáclainn Thiar agus Fáclainn Thoir na príomhoileáin san oileánra seo.

Tá an t-ainm Gaeilge bunaithe ar an mBéarla. Téann an t-ainm Béarla siar go dtí an bhliain 1690, nuair a bhaist John Strong ainm a urraí féin, Anthony Cary, Bíocúnta Falkland, ar na hoileáin. Maidir leis an ainm Spáinnise, leagan is ea é den ainm Fraincise Îles Malouines.

Oileáin Sholamón

Tír Mheilinéiseach is ea na hOileáin Sholamón atá suite san Aigéan Ciúin. Is é Hóiniára an phríomhchathair.

Oileáin na dTurcach agus Caicos

Críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe is ea Oileáin na dTurcach agus Caicos. Tá an chríoch suite i dtuaisceart an réigiún Chairib, taobh thoir theas ó na Bahámaí agus ó thuaidh ón Easpáinneoil, 914 km amach ó Miami. Turasóireacht agus seirbhísí airgeadais eischósta na codanna is tábhachtaí i ngeilleagar na n-oileán. Tá 49,000 duine ina gcónaí ar na hoileáin, 23,769 ar Providenciales.

Tá an dá ghrúpa oileán ann, mar atá na hOileáin Caicos agus Oileáin na dTurcach. Tá an hOileáin Caicos i bhfad níos mó ná an grúpa eile. Daoine ó Bheirmiúda ag cruinniú salainn na chéad áitritheoirí Eorpacha ar na hoileáin sna 1680idí. Bhain na foghlaithe mara úsáid fhorleathan as na hoileáin luatha. Chuir Dílseoirí ó na 13 choilíneacht fúthu sna hoileáin sna 1780idí. Rinne siad iarracht barra mar an chadás a shaothrú, ach d'éirigh siad as i ndiaidh tamaill mar gheall ar neamthorthúlacht na hithreach agus chuaigh siad le cruinniú an tsalainn.

San Héilin

Críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe is ea San Héilin. Tá an chríoch suite i lár an Aigéin Atlantaigh. Is é Jamestown an phríomhchathair.

D’fhionn an taiscéalaí Gailíseach João da Nova an t-oileán ar 21 Bealtaine, 1502 ar a thuras farraige ón India.

Sasana

Tír in oileán na Breataine Móire is ea Sasana (Béarla: England; Coirnis: Pow Sows). Is é Sasana an tír is mó sa Ríocht Aontaithe.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.