Géineas

Sa tacsanomaíocht bitheolaíochta, is éard is Géineas ná aicme tacsanomaíoch faoi Fhine agus os cionn Speiceas. Tagann an focal ón Laidin genus ( i.e. "sliocht, teaghlach, cineál, inscne"), agus is rang tacsanomaíoch íseal-leibhéil é a n-úsáidtear in aicmiú na n-orgánach beo agus iontaisí.

Cosúil le mórchuid na n-aonad tacsanomaíocht eile, is féidir na géinis bheith roinnte ina fho-ghéinis ( uimh.uatha- fo-ghéineas) Tá díospóireacht ag dul ar aghaidh faoi láthair maidir leis an mbealach is fearr gur féidir géineas a shainmhíniú go cruinn.

Rangú
Aicmiú eolaíoch

Is éard is aicmiú bitheolaíoch, nó aicmiú eolaíoch sa bhitheolaíocht ann, ná modh eolaíoch le haghaidh orgánach a rangú i ngrúpaí, mar shampla géineas nó speiceas, de réir na gcosúlachtaí struchtúir agus feidhme a bhíonn eatarthu. . Tugtar tacsa tacsóin (uatha: tacsón) ar ghrúpaí mar seo agus an tacsanomaíoch a thugtar ar an chineál bitheolaíochta a phléann le haicmiú ar neacha an Nádúir.

Tá aicmiú na n-organach na linne seo, fréamhaithe in obair an luibheolaí Sulannach Carolus Linnaeus, a rangaigh speicis de réir comhthréithe fisiciúla. Tá athbhreithniú déanta ó shin, ar na grúpálacha seo chun a gcomhsheasmhacht a fheabhsú, ionas go mbeadh siad i gcomhréir le prionsabal Darwin, sé sin le rá 'gur shíolraigh na speicis go léir ó shinsearacha coiteann éigin'. Le teacht isteach an mhodha chladistice, ag deireadh an 20ú haois, thosaigh an tacsanomaíocht fhíliginiteach ag éirí coitianta i roinnt réimsí de chuid na bitheolaíochta, ina ngrúpáiltear orgánaigh de réir a n-gaolmhaireacht amháin, bunaithe ar thátal éabhlóideach, gan aird a thabhairt ar chosúlacht mhoirfeolaíochta. Thiomáin an fhíligéineolaíocht mhóilíneach, a úsáideann seichimh NAD mar sonraí, go leor leasuithe le déanaí, agus is dócha go leanfaidh sin ar aghaidh. Baineann an aicmiú bitheolaíoch le heolaíochta na córasaíochta bitheolaíocha.

Arbhar Indiach

Arbhar Indiach a thugtar ar chineál planda. Is cineál féir é a saothraiodh den chéad uair i Méisi-Mheiriceá roimh theacht na nEorpach. Tugtar "grán buí" air chomh maith. Cruithneachd Innseanach a thugann Gaeil na hAlban air.

Asteraceae

fine an-mhór plandaí blátha (Angiosperma) is ea na hAsteraceae. Tá breis is 23,600 speiceas den fhine ann, iad scaipthe thar 1,620 géineas (genera) agus 13 fofhine. Is iad na hOrchidaceae an t-aon fhine níos mó i measc na bplandaí blátha. "Nóiníní" a thugtar ar bhaill den fhine go minic, ag brath ar an speiceas.

Bitheolaíocht

Is í an bhitheolaíocht an brainse eolaíochta a dhéanann staidéar ar rudaí beo, ar nós na n-ainmhithe agus na bplandaí, lena n-áirítear struchtúr, feidhm, fás, éabhlóid, dáileadh, agus tacsanomaíocht.

Réimse ollmhór agus eicléicteach is ea an bhitheolaíochta nua-aimseartha, comhdhéanta de go leor brainsí agus fodhisciplíní.

Mar sin féin, in ainneoin raon leathan na bitheolaíochta, tá coincheapa ginearálta agis i gcoiteann áirithe aici a rialaíonn gach staidéar agus taighde, agus a chomh dhlúthaíonn í isteach i réimsí aonaracha leanúnacha.

Go ginearálta, aithníonn an bhitheolaíocht an chill mar an t-aonad bunúsach den saol, géinte mar aonad bunúsach na hoidhreachta, agus an éabhlóid mar an t-inneall a thiomáineann sintéis agus cruthú speiceas nua. Tuigtear freisin inniu go dtagann gach orgánach slán tré fhuinnimh a ídiú agus a athrú agus tríd a dtimpeallacht inmheánach a rialáil sa chaoi is go mbeadh sí cobhsaí agus beoga.

Sainítear fodhisciplíní na bitheolaíochta tríd scála na n-orgánach a bhíonn faoi scrúdú, agus na modhanna a úsáidtear chun staidéar a dhéanamh orthu: scrúdaíonn an bhithcheimic an cheimic rudim uraiceacht ceimic na beatha; an bhitheolaíocht mhóilíneach na hidirghníomhaíochtaí casta idir móilíní bitheolaíochta; an luibheolaíocht bitheolaíocht na bplandaí; an bhitheolaíocht na gceall bun-bhloic tógála an bheathra uilig, an chill; Scrúdaíonn an fhiseolaíocht feidhmeanna fisiceacha agus ceimiceacha na bhfíochán, na n-orgán, agus córas orgánach ar n-orgánach; Scrúdaíonn an bhitheolaíocht éabhlóideach na próisis a tháirgtear éagsúlacht na beatha; agus scrúdaíonn an éiceolaíocht conas a n-idirghníomhaíonn orgánaigh ina dtimpeallacht.

Capall

Mamach crúbach is ea an capall nó an t-each. Is ainmhithe móra ceathairchosacha iad na capaill. Is é Equus caballus an t-ainm eolaíoch. Úsáidtear an t-aimhe le haghaidh spórt agus le haghaidh obair.

Carl von Linné

Luibheolaí Sualannach ab ea Carl Linnaeus (23 Bealtaine, 1707 – 10 Eanáir, 1778), a rugadh i Rashult na Sualainne. Chuir von Linné tús leis an tacsanomaíocht, is é sin, an brainse den bhitheolaíocht a bhíonn ag plé le rangú agus le haicmiú na neachanna beo. Tá cáil air freisin mar dhuine de cheannródaithe na héiceolaíochta.

Cat

Is ainmhí clóis é an cat (felis catus), nó an cat clóis/tí/baile, mar a thugtar air uaireanta chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus féilínigh eile.

Cochall

Planda forleathan ilbhliantúil. An gas cearnach i dtrasghearradh, na duilleoga i bpéirí urchomhaireacha, na bláthanna déliopach go minic le feadán bun os cionn, an chailís le sceimheal droma sonrach cochallchruthach. Cuid mhaith cineálacha ann le bláthanna geala daite a fhástar mar mhaisiúchán. Tá cuid eile íocshláinteach, agus úsáidtear mar dheochanna athbhríocha do na néaróga iad.

Cruithneacht

Is cineál féir í an chruithneacht. Tá roinnt chineálacha den chruithneacht ann, iad go léir sa ghéineas Triticum. Ón gCorrán Méith, sa Mheán Oirthear í an chruithneacht i dtús báire. Táthar á saothrú le breis agus 9,000 bliain.

Cú Faoil

Ainmhí clóis is ea an cú faoil. Saghas madra atá ann. Tá stair fhada ag baint leis an gcú faoil in Éirinn. Mar shampla, de réir na seanscéalta, mharaigh Sétanta cú faoil Chulainn agus bhí air bheith mar gharda ag Culann ar feadh tamaill: mar sin, tugtar Cú Chulainn air. Tá siad an-ard: de ghnáth idir 50 ceintiméadar agus méadar amháin ar airde.

Dair

Is crann nó tor í an dair sa ghéineas Quercus (Laidin crann darach ), ar ina leith tá timpeall 400 speiceas ann. Tá an géineas dúchasach sa leathsféar thuaidh, agus folaíonn sé crainn dhuillsilteacha agus shíorghlasa a shíneann ón leithead fuar go dtí an Áise thrópaiceach

agus Críocha Mheiriceá.

Cuirtear an t-ainm “Dair” ar an gceathrú litir den sean-aibítir Ghaeilge.

Duine

Is speiceas príomhach atá sa duine nó duine daonna (ainm déthéarmach Homo sapiens). Homainid atá ann.

Seasann daoine cruinn díreach, i riocht is go bhfuil na lámha saor le ruda a láimhsiú. Tá inchinn an-fhorbartha acu agus mar sin tá réasún teibí, caint, agus inbhreithniú acu.

Is de thréithe iompraíochta na ndaoine go n-úsáideann siad teanga, go n-eagraítear i sochaithe aimhréiteacha iad, agus go bhforbraíonn siad teicneolaíocht. Maireann daoine i gcultúir gan chuntas lena lán creidimh, miotais, deasghnátha, luachanna, agus noirm shóisialta.

Tugann a nádúr fiosrach agus inbhreathnitheach ar daoine iarraidh a thabhairt ar a gcomhfhios a míniú, agus tionscnaíonn sé téarmaí idir ábharaíocha agus spioradálta le cur síos ar an toisc dhaonna. Dar leis an chéad dearcadh, atá onteolaíoch nó meitifisiciúil, nach bhfuil aon réaltacht ann ach amháin an ceann fisiciúil nó ábhartha. Cuireann an dara dearcadh treis ar taobh spioradálta nó neamhfhisiciúil sa bheatha, agus cuireann sé san áireamh uaireanta creideamh i nDia nó i ndéithe éagsúla agus creideamh go bhfuil anam ag daoine ach níl ag ainmhithe eile, idir creidimh eile. Is é an féinmhachnamh seo bun na fealsúnachta agus tá sé i gcáipéisí stairiúla ó thosach aimsire.

Fine (bitheolaíocht)

San aicmiú bitheolaíoch, tá an fhine (Laidin: familia-ae) ar cheann de na hocht ranganna tacsanomaíochta móra; agus tá sí rangaithe idir ord agus géineas. Is féidir an fhine a roinnt i bhfo-fhinte, céimeanna idirmheánacha os cionn chéim na ghéinis. I dteanga an phobailn, féadfar fine a ainmniú i ndiaidh ceann dá chomhaltaí coitianta; mar shampla, baineann na gallchnónna agus na crainn hicearaí leis an bhfine Juglandaceae, mar is fearr aithne orthu fine na ngallchnónna.

Cad a dhéanann nó nach mbaineann le fine-nó cé acu ba cheart nó nár cheart fine a bhfuil cur síos uirthihe a aithint ar chor ar bith - bíonn ar tacsanomaithe atá ag cleachtadh a ngairme tabhairt faon ghnó seo. Níl aon rialacha crua ann le haghaidh fine a thuairisciú nó a aithint, nó aon tacsóin. Is glacann tacsanomaithe dearcthaí difriúla go minic faoi tacsón a thuairisciú agus a aithing, agus d'fhéadfadh nach mbeadh aon chomhdhearcadh leathan ar fud an phobail eolaíochta ar feadh tamall. Glactar le roinnt tacsón a bhfuil cuntas orthu go forleathan agus go tapa, ach cuid eile go hannamhis annamh nó fiú in aon chor; is minic go gcuireann foilsitheoireacht sonra nua agus tuairim nua ar chumas oiriúnuithe agus comhaontú le himeacht ama.

Gabhar

Ainmhí is ea an gabhar. Mamach le crúba atá ann.

Madra

Ainmhí clóis is ea an madra (madadh nó gadhar) (Canis lupus familiaris). Mamach atá ann. D'eascair madraí an lae atá inniu ann ón mac tíre. Mar gheall ar an bpórú a rinne daoine is mór an éagsúlacht atá ann i measc na gcineál éagsúla. Tá na madraí flúirseach go maith ar fud an domhain.

Muc

Is mamach crúbach í an mhuc. Uiliteoir is ea í.

Príomhach

Tá príomhach (Laidin: príomh, sa chéad áit) ionadaitheach d'ord sna mamaigh plainteacha. De réir rangaithe fíliginitigh na linne seo, baineann na príomhaigh le na Euarchontoglires.

Roinntear na príomhaigh, go traidisiúnta, ina dhá ghrúpaí, sé sin na strepsirrhiniens agus na haplorrhiniens, sé sin, rannóg na moncaithe, ina bhfuil an géineas Homo (nó an duine) agus na Hominidae (nó homainidí).

Sí-abhabha

Is é an sí-abhabha nó chihuahua an saghas madra is lú dá bhfuil ann.

Éan Parthais (réaltbhuíon)

Le haghaidh an ghéinis éan, féach Éan Parthais (géineas)Réaltbhuíon dhoiléir dheisceartach is ea Éan Parthais nach raibh infheicthe ag na Sean-Ghréagaigh; tá sé ar cheann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeanaigh Petrus Plancius. Thug an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer isteach ina léarscáil neamhaí Uranometria é sa bhliain 1603.

Apus an t-ainm Laidine a thugtar ar an realtbhuíon seo, focal a thagann ón nGréigis απους, a chiallaíonn "gan chosa". Is é an fhine éan Paradisaeidae atá i gceist, fine a chuimsíonn níos mó ná daichead speiceas éan.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.