Ficsean

Is éard atá i bhficsean sa chiall is leithne den fhocal ná téacs ar bith a bhaineann le heachtraí nach eachtraí fírinneacha iad. Samhlaíocht an údair (nó na n-údar) bunús an téics. I gcomhthéacs na litríochta scríofa is minicí a úsáidtear an téarma ficsean, ach úsáidtear é maidir i réimsí na scannánaíochta agus na teilifíse freisin. Malairt fhicsin ná neamhfhicsean, réimse sa litríocht de shaothair a phléann eachtraí fírinneacha.

Formáidí éagsúla

An t-úrscéal an seánra is coitianta san fhicsean, ach áirítear gearscéalta, drámaíocht agus fiú filíocht ar réimsí an fhicsin freisin.

1920

Bliain bhisigh ab ea an bhliain 1920 a thosaigh ar Déardaoin.

Aldous Huxley

Scríbhneoir Sasanach ab ea Aldous Leonard Huxley. Chaith sé deireadh a shaoil sna Stáit Aontaithe ina chónaí i Los Angeles ón mbliain 1937 go dtí a bhás sa bhliain 1963. Tá clú agus cáil aice de bharr a úrscéal Brave New World ach scríobh sé an-chuid aistí chomh maith. Bhí sé mar eagarthóir ar an irisleabhar Oxford Poetry, agus d'fhoilsigh sé gearrscéalta, dánta agus scripteanna.

Ba daonnachaí agus síochánaí é Huxley agus níos déanaí ina shaol bhí suim aige in ábhair spioradálta mar parasiceolaíocht agus misteachas fealsúnachta.

American Horror Story

Is sraith theilifíse Mheiriceánach í American Horror Story a bhíonn ag plé leis na hábhair a bhaineann leis na hosnádúr, ábhair uafáis, agus na beatha eachtardhomhanda. Cruathaíodh an chláir le Ryan Murphy agus Brad Falchuk, agus thosaigh é sa bhliain 2011.

Asterix

Is é Asterix ainm an phríomhcharachtair i sraith leabhar i bhfoirm cartúin do pháistí leis an údar René Goscinny (ag an tús). Is scéalta iad faoin ngaiscíoch beag Ceilteach, Asterix, agus a chara mór, Obelix, agus faoin trioblóid mhór a thug siad don arm Rómhánach.

Thosaigh an tsraith ar an 29 Deireadh Fómhair 1959. Is féidir na scéalta a léamh i mbreis agus 100 teanga anois, an Ghaeilge ina measc.

Tá an-tóir ar Asterix sa Fhrainc go háirithe. Mar shampla, sa bhliain 2017, bhí ceant ar siúl i bPáras chun léaráidí d’Asterix agus Obelix a dhíol. Bhí na pictiúir sínithe ag na daoine a chruthaigh na scéalta, Albert Uderzo agus René Goscinny. Fuair siad €1.2 milliún ar léaráid amháin agus €1.4 milliún ar léaráid eile.

Douglas Adams

Scríbhneoir Sasanach ab ea Douglas Noël Adams (11 Márta 1952 – 11 Bealtaine 2001). B'aisteoir raidió agus ceoltóir amaitéarach é freisin.

Tá clú agus cáil air mar gheall ar an tsraith "Hitchhiker's Guide to the Galaxy". Thosaigh an tsraith ar an raidió, ach bunaíodh cúig leabhar, sraith teilifíse, cluiche ríomhaire agus scannán air.

Chomh maith le "Hitchhiker's Guide to the Galaxy", scríobh Douglas Adams trí scéal ón gclár ficsean eolaíochta Doctor Who. Scríobh sé úrscéalta Dirk Gently freisin.

Bhí cáil air freisin mar gníomhaí timpeallachta.

Tugtha don ól, fuair sé bás sa bhliain 2001 (taom croí) agus é 49 bliain d'aois.

Eachtraí Tintin

Is sraith leabhra iad Eachtraí Tintin a scríobhadh Hergé.

Edgar Allan Poe

Duine de scríbhneoirí móra Béarla na Stát Aontaithe is ea Edgar Allan Poe, a tháinig chun saoil ar an 19 Eanáir 1809 i mBostún agus a fuair bás ar an 7 Deireadh Fómhair 1849 i mBaltimore. Bhí Poe ina fhile, ina ghearrscéalaí, ina léirmheastóir litríochta agus ina eagarthóir. Áirítear ar fhir mhóra an Rómánsachais é i stair na litríochta Meiriceánaí.

Edgar Rice Burroughs

Scríbhneoir Meiriceánach ab ea Edgar Rice Burroughs a scríobhadh úrscéalta den chineál éadrom. Ó pheann Bhurroughs a tháinig an dá charachtar dodhearmadta, Tarzan, rí na n-ápaí agus tiarna na dufaire, agus John Carter, tiarna cogaidh Mharsa.

Saolaíodh Burroughs i Siceagó ar 1 Meán Fómhair 1875, agus bhásaigh sé in Encino (California) ar 19 Márta 1950.

Ficsean eolaíochta

Seánra ficsin is ea an ficsean eolaíochta (nó an finsceolaíocht uaireanta) a dhéanann tuairimíocht ar an todhchaí agus ar na forbairtí ardteicneolaíochta a bheidh i ndán dúinn. Tá ráchairt mhór inniu ar an bhficsean eolaíochta ina lán meán éagsúil cosúil le leabhair, seónna teilifíse, scannáin, ríomhchluichí, amharclannaíocht agus araile. Ní féidir i gcónaí an ficsean eolaíochta a aithint thar sheánraí eile den chineál ficsin ar a dtugtar ficsean tuairimeach air, cosúil leis an litríocht fantaisíochta agus an litríocht uafáis.

Is é an phríomhdhifríocht idir an ficsean eolaíochta agus an litríocht fantaisíochta go mbíonn craiceann inchreidte éigin ar imeachtaí an fhicsin eolaíochta agus é bunaithe ar an eolaíocht agus ar na dlíthe nádúrtha, nó ar a laghad, go mbíonn na himeachtaí éadóchúla ag brath ar ghléasra ardteicneolaíochta a bhfuil cuma réasúnta inchreidte air de réir shaoltaithí an léitheora. Bíonn na scríbhneoirí ag iarraidh cur síos a thabhairt ar an saol difriúil a bheadh ann dá mbeadh na haireagáin ardteicneolaíochta ann i ndáiríre agus ar na difríochtaí idir ár sochaí féin agus an tsochaí a bheadh ann ansin. Ansin atá cuid mhór den draíocht a chuireann an ficsean eolaíochta ar an léitheoir, agus bíonn idéanna spéisiúla den chineál sin níos tábhachtaí, go minic, ná an charachtracht agus an phlotáil. Sin é an tuige go dtugtar "litríocht na n-idéanna" ar an bhficsean eolaíochta chomh maith.

Ar na saintréithe seo is minic a aithnítear an ficsean eolaíochta:

Tá na himeachtaí suite i malairt saoil agus i malairt staire: cuir i gcás go bhfuil Hitler tar éis an Dara Cogadh Domhanda a ghnóthú (Fatherland le Robert Harris, SS-GB le Len Deighton, nó The Man in the High Castle le Philip K. Dick), nó an Ghaeilge á labhairt go forleathan ag uasal is ag íseal ar fud na hÉireann (A.D. 2016 le Pádraig Standún).Tá na himeachtaí suite amuigh sa spás i bhfad ón Domhan, agus neachanna eachtardhomhanda ag baint leis an bplota.Tá teicneolaíocht ann nach bhfuil ag cloí le dlíthe an nádúir mar is aithin dúinn iad inniu.Cuid den scéal is ea an dóigh a n-aithnítear dlíthe nua nádúir nach eol dúinn inniu, agus iad á gcur in oiriúint don teicneolaíocht. Samplaí de seo is ea léamh na hintinne (The Demolished Man le Alfred Bester), an cianiompar nó an léim tríd an hipearspás (Tiger, Tiger! le hAlfred Bester, a chuaigh i gcló faoin teideal The Stars My Destination freisin), an róbataic agus na róbait dhaonchosúla (scéalta róbataice le hIsaac Asimov faoi Powell agus Donovan, nó faoi Susan Calvin), an taisteal forsholasach (sárú luas an tsolais), agus araile. Is fiú na scéalta diostóipeacha a lua anseo freisin, is é sin, na scéalta faoin dóigh a gcuireann an teicneolaíocht an tsochaí ó mhaith, ionas go dtagann deachtóireacht agus ollsmacht ar an bhfód (Fahrenheit 451 le Ray Bradbury, Brave New World le hAldous Huxley, 1984 le George Orwell, Mockingbird le Walter Tevis, nó Make Room! Make Room! le Harry Harrison).

Frankenstein

Úrscéal de chuid an scríbhneora Mary Shelley is ea Frankenstein; or, The Modern Prometheus, nó Frankenstein mar atá aithne níos fearr air. Foilsíodh an leabhar, ceann de chlasaicí móra na hEorpa, ar 1 Eanáir 1818.

Futurama

Is sraith theilifíse Mheiriceánach é Futurama. Sraith beochana atá ann, cruthaithe ag Matt Groening, an fear a chruthaigh The Simpsons.

H. G. Wells

Scríbhneoir Sasanach ab ea Herbert George Wells (21 Meán Fómhair 1866 - 13 Lúnasa 1946) a bhí ina cheannródaí cheannródaí sa bhficsean eolaíochta. Is clasaiceach a leabhar War of the Worlds, nó "Cogadh na Reann".

Liosta séasúir The X-Files

Tá 11ú séasúr ag an tsraith theilifíse fhicsin eolaíochta Meiriceánach The X-Files, a bhí déanta idir an bhliain 1993 (an chéad séasúr) agus 2016 (an 10ú séasúr), agus níl scannán an 11ú tséasúir déanta fós. Chraoladh borradh an deichiú séasúir sa bhliain 2006, le 6 eipeasóidí breise san áireamh. Sa bhliain 2017, fógraíodh go hoifigiúil Fox a d'fhillfeadh an tsraith le haghaidh aonú séasúr déag le 10 eipeasóidí, agus ag cuir amach ar feadh an séasúr teilifíse 2017-2018.

Litríocht

Díolaim scríbhinní í an litríocht a bhaineann feidhm as an gcumadóireacht chun smaointe suntasacha ardsuimiúla a chur in iúl. Déantar é seo le filíocht, le scéalta, le haistí, le drámaíocht agus eile. Ina theannta sin is féidir an focal a úsáid i dtaobh na scríbhinní go léir a bhaineann le teanga áirithe, le ré áirithe, le tír áirithe agus msd.

Is iad ficsean agus neamhfhicsean na catagóirí is bunúsaí ina roinntear litríocht scríofa.

Rick and Morty

Is é Rick and Morty an tsraith bheoite Mheiriceánach is fadsaolaí riamh. Craoladh an chéad eipeasóid ar 2 Nollaig 2013 ar ghréasán Adult Swim. Ó shin, tá 31 eipeasóid craolta. Beidh 70 eipeasóid eile den chlár.

Star Wars

Sraith ficsean eolaíochta é Star Wars, a raibh George Lucas mar stiúrthóir air. Is é an chéad scannán ná Star Wars (Aistrithe le Star Wars Episode IV: A New Hope níos déanaí). Tá dhá scannán eile sa triológ bhunaidh, The Empire Strikes Back agus Return Of The Jedi. Níos lú ná fiche bliain tar éis na scannán sin, rinneadh triológ nua réamh-dheascach. (The Phantom Menace, Attack Of The Clones agus Revenge Of The Sith). Bhí sé de tuairim ag George Lucas nach ndéanfaí scannán ar bith eile shraith iomráiteach, áfach i 2013 scaoileadh go bhfuil trí scannán nua á scannánú (Eipeasóidí VII, VIII agus IX) le bheith eisithe i 2015, 2017 agus 2019 faoi seach. Pé scéal é, tá mórán úrscéalta, greannán agus cluichí ríomhairí san Expanded Universe (Cruinne Leathnaithe).

The X-Files

Is sraith theilifíse Meiriceánach é The X-Files a bhíonn ag plé leis na ábhar a bhaineann leis na t-osnádúr, ábhair an fhicsin eolaíochta, agus go háirithe ábhar na beatha eachtardhomhanda. Cruathaíodh an chláir le Chris Carter, thosaigh é sa bhliain 1993, agus chríochnaigh é go seadalach sa bhliain 2002 (le 202 eipeasóidí le linn na tréimhse seo). Sa bhliain 2002, rinneadh an chéad scannán a bhaineann leis The X-Files, leis an ainm céanna. Níos déanaí, rinneadh an dara scannán a bhainneann leis an tsraith sa bhliain 2008, darb ainm The X-Files: I Want To Believe. I ndiaidh an scannán seo, chraoladh borradh an deichiú séasúir sa bhliain 2016, le 6 eipeasóidí breise san áireamh. Sa bhliain 2017, fógraíodh go hoifigiúil Fox a d'fhillfeadh an tsraith le haghaidh aonú séasúr déag le 10 eipeasóidí, agus ag cuir amach ar feadh an séasúr teilifíse 2017-2018.

Úrscéalaí

Is duine a chruthaigh saothar liteartha é/í úrscéalaí, i bhfoirm scéil (úrscéal) a bheadh bunaithe ar fhicsean seachas ar fhíricí. Is iomaí seanraí a is féidir a bheith úsáidte ar son úrscéal a chríochnaigh (ficsean seachas neamhfhicsean).

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.