Eacsadas

Is é Eacsadas an dara leabhar sa Bhíobla agus sa Torah Eabhrais. Tá an t-ainm Gaeilge bunaithe ar an nGréigis, agus is é is brí leis sa teanga sin ná "dul amach", nó is é imeacht na nGiúdach ó bhraighdeanas na hÉigipte faoi cheannas Mhaois is príomhábhar leis an leabhar seo. Tá cuid mhór de dhlí an Ghiúdachais le fáil anseo freisin.

The Crossing fo The Red Sea
Eacsadas
Deich nAitheanta

Is the rialaithe diaga an t-iompar a thug Dia go Maois ar an tSliabh Shíonáí, de réir Eacsadas sa Bhíobla 20:1–17. iad na Deich nAitheanta.

Goídel Glas

De réir miotaseolaíocht Ghaelach agus Albach na meánaoise, ba chruthaitheoir na dteangacha gaelacha, agus sinsear eapainmneach na nGael é Gael Glas (Sean-Ghaeilge Goídel Glas). Téann an seanós siar go dtí an 11ú haois agus Leabhar Gabhála na hÉireann (LGÉ). Tá leagan Albanach ann le John of Fordun (bás. 1384).

Leabhar Gabhála na hÉireann

Is cnuasach dánta agus scéalta próis é Leabhar Gabhála na hÉireann (Meán-Ghaeilge Lebor Gabála Érenn) a mhaíonn gur stair na hÉireann agus na nGael é, ó chruthú an domhain go dtí an mheánaois. Caomhnaítear roinnt leaganacha, an ceann is luaite tiomsaithe ag scriobhneoir anaithnid san 11ú haois, le scéalta ársa an béaloidis.

Meascán de stair, miotaseolaíocht, finscéal, béaloideas agus staireagrafaíocht Chríostaí atá i gceist. Glactar leis gur cumadh an saothar mar aithris ar chuntas an Bhíobla ar bhunús chlann Iosrael.

Insíonn an Leabhar Gabhála gur lonnaigh (nó 'ghabh') sé dhream ceann ar cheann i nÉirinn: muintir Ceasrach, muintir Pharthaláin, Neimhidh, na Fir Bholg, na Tuatha Dé Danann, agus an Chlann Mhíle. Díothaíodh an chéad cheithre dhream, nó b'éigean dóibh Éire a thréigeadh. Seasann an chúigiú dream do (dhea)dhéithe págánach na hÉireann, agus an séú dream dosna Gaeil féin. Tá dream eile ann sna scéalta, na Fomhóraigh, a sheasann ar an taobh dorcha den fhórsa.

Meastar inniu gur miotas nach mór é an Leabhar Gabhála . Is amhlaidh go bhfuil sé bunaithe ar bhréagstair Chríostaí den mheánaois, ach faightear ann chomh maith roinnt de mhiotaseolaíocht réamhChríostaí na nGael. Creideann scoláirí go raibh sé mar chuspóir ag na scríbhneoirí ná stair eipice na hÉireann a chumadh arbh fhéidir a chur ar chomhchaighdeán le staraithe na nIosraelíteach nó na Rómhánach, agus a thug miotas págánach le chéile le cruinneshamhail Chríostaí na staire. Creidtear, mar shampla, go bhfuil sé ghabháil ann chun bheith mar an gcéanna le "Sex Aetates Mundi". Maítear go bhfuil an Leabhar Gabhála "an-údarásach ... scríofa chun an bhearna idir an chruinneshamhail Chríostaí agus réamhstair na hÉireann a dhruidim".

Lámfhind

I miotaseolaíocht na Gael, sinsear Chlainne Mhíle ab ea Lámhfhionn (Sean-Ghaeilge Lámfhind) mac Agnoman (ach ní ionann é agus Agnoman athair Neimhidh). Deirtear gur tháinig a mhuintir go hÉirinn ón Ibéir. Is tríd an muintir úd a rianadh an ginealach den chuid is mó d'Ard-Ríthe tradisiúnta na hÉireann.

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, d'aistrigh muintir Goídil Ghlais, sinsear eapainmneach ancestor na nGael ón Éigipt i dtrátha an Eacsadas, agus lonnaigh siad i Scitia. Roinnt glúnta ina dhiaidh sin, áfach, ruaigeadh as an Scitia iad tar éis d'Agnoman Refloir, rí na Scitia, a mharú. Chuaigh siad ar deoraíocht ar muir ar feadh seacht mbliana, i trí long ceangailte le chéile. Fuair Agnoman bás ar an Muir Chaisp, agus tháinig Lámhfhionn i gceannas ar na deoraithe, i dteannta lena dheartháir Allot agus a gcol ceathrar Caicher, draoi. chosain Caicher a mhuintir ó amhrán na Síréanaí, ag leá céarach isteach ina gcluasa, maraon le hOdaiséas. Thug sé tuar go lonnódh a sliochtaigh in Éirinn i gceann 300 bliain. Idir an dá linn, lonnaigh siad Lámhfhionn ar bhruach an Mhuir Mheoid (Gothia, de réir Seathrúin Chéitinne), agus rugadh mac dó, Éibhear Glúinfhionn. Ocht nglúin ina dhiaidh sin agus a sliochtach Braath mar cheannaire, tagadh a muintir ón áit sin go dtí an Ibéir, áit a gheobhadh Breogán mac Braath spléachadh ar Éirinn ó bharr túir.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.