Eacnamaíocht

Is brainse den eolaíocht shóisialta í an eacnamaíocht a bhaineann le cúrsaí an gheilleagair. Tagann an focal ón nGréigis (oikos nó teach agus nomos nó dlí). Thug an staraí Thomas Carlyle "an eolaíocht ghruama" uirthi sa naoú chéad déag.

Díríonn an eacnamaíocht ar iompar agus idirghníomhú na ngníomhairí eacnamaíocha agus conas a oibríonn na ngeilleagar. Ag teacht leis an bhfócas seo, is minic a dhéanann príomh-téacsleabhair idirdhealú idir micreacnamaíocht agus maicreacnamaíocht.

Anailísíonn an eacnamaíocht an geilleagar ar fad (a chiallaíonn táirgeadh comhiomlán, tomhaltas, coigiltis, agus infheistíocht) agus na saincheisteanna a dhéanann difear dí, lena n-áirítear dífhostaíocht na n-acmhainní (saothair, caipiteal, agus talamh), boilsciú, fás eacnamaíoch, agus na beartais phoiblí a thugann aghaidh ar na saincheisteanna seo (beartais airgeadaíochta , fioscacha, agus eile).

Supply-demand-right-shift-demand
'Soláthar agus éileamh' , léaráid ag léiriú na héifeachtaí a éiríonn as éileamh méadaithe

Micreacnamaíocht

Scrúdaíonn an micreacnamaíocht iompar na n-eilimintí bunúsacha sa gheilleagar, lena n-áirítear gníomhairí aonair agus margaí, ar na hidirghníomhaíochtaí, agus torthaí na n-idirghníomhaíochtaí. D'fhéadfadh a bheith san mar gníomhairí aonair, mar shampla; teaghlaigh, gnólachtaí, ceannaitheoirí, agus díoltóirí.

Airgead (eacnamaíocht)

Is meán malairte reatha i riocht boinn agus nótaí bainc é airgead.

An Bheilg

Is tír í an Bheilg (Ísiltíris: België, Fraincis: Belgique, Gearmáinis: Belgien) atá suite in Iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, an nGearmáin, Lucsamburg, an bhFrainc, agus tá cósta aici ar an Muir Thuaidh.

Tá sí ag crosbhóthar cultúrtha idir an Eoraip Ghearmánach (le cainteoirí na hOllainnise sa tuaisceart, Flóndras) agus an Eoraip Rómánsach (le cainteoirí na Fraincise, An Vallóin), agus tá tionchar aige sin ar chastacht a cuid institiúidí agus a cuid staire polaitiúla.

Trí theanga oifigiúil atá sa Bheilg: An Ísiltíris (tuairim is 60%), an Fhraincis (tuairim is 40%), agus an Ghearmáinis (níos lú ná 1%).

Is ballstát den Aontas Eorpach í an Bheilg.

An Fhrainc

Is tír í an Fhrainc (Fraincis: La France) nó Poblacht na Fraince (Fraincis: République française) atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta.

An Ghearmáin

Is tír mhór i lár na hEorpa í an Ghearmáin nó an Almáin (Gearmáinis: Deutschland), nó Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (Gearmáinis: Bundesrepublik Deutschland) go hoifigiúil, agus thart ar 82 milliún duine ina gcónaí inti. Is ball den Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an bPoblacht Seiceach, leis an bPolainn, leis an Danmhairg agus leis an Eilvéis. Is í Beirlín an phríomhchathair, agus 3.4 milliún duine ina gcónaí ann.

An Ghréig

Is tír í an Ghréig (Gréigis: Ελλάδα) ar a dtugtar go hoifigiúil an Phoblacht Heilléineach (Gréigis: Ελληνική Δημοκρατία).

An Iodáil

Tír i ndeisceart na hEorpa í an Iodáil (Iodáilis: Italia) nó Poblacht na hIodáile (Iodáilis: Repubblica Italiana) le thart ar 57 milliún duine ina gcónaí inti. Is ballstát den Aontas Eorpach í. Tá cruth buataise ar an leithinis, an chuid is mó den tír, agus is cuid den tír iad freisin an dá oileán is mó sa Mheánmhuir, an tSicil is an tSairdín. Tá teorainneacha aici leis an Ostair, an bhFrainc, an Slóivéin, agus an Eilvéis sa tuaisceart. Tá na h-iamhchríocha San Mairíne agus an Vatacáin istigh san Iodáil. Usáideann siad an euro. Is í an Róimh príomhchathair na hIodáile.

Tá áit an-tábhachtach aici sa stair 'Iartharach'; is san Iodáil a rugadh sibhialtacht na nEitriuscach agus sibhialtacht na Gréige Móra; Impireacht na Róimhe; poblachtaí muirithe na Meánaoise; an fhealsúnacht daonnachach; agus an Renaissance. Tá an Iodáil ina tír aontaithe ó 1861, tar éis an Risorgimento ar dhírigh Ríocht na Sairdíne é, agus tá sí ina poblacht ó cuireadh ar ceal an mhonarcaíocht i reifreann sa bhliain 1946. Tá sí ar cheann de na sé stát a bhunaigh an Comhphobal Eorpach sa bhliain 1957, agus den aon stát déag a bhunaigh an limistéar eoró sa bhliain 1999.

An Ostair

Poblacht i lár na hEorpa í an Ostair (Gearmáinis: Österreich), ar mar a dtugtar go hoifigiúl Poblacht na hOstaire (Gearmáinis: Republik Österreich). Tá teorannacha aici leis an nGearmáin, leis an tSeic, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir, leis an tSlóivéin, leis an Iodáil, le Lichtinstéin agus leis an Eilvéis. Is é Vín príomhchathair na tíre.

An Phortaingéil

Is poblacht daonlathach í an Phortaingéil (Portaingéilis: Portugal), go hoifigiúil an Phoblacht Phortaingéalach (Portaingéilis: República Portuguesa), atá suite in iardheisceart na hEorpa. Tá teorainn ag an tír leis an Spáinn, suite san oirthear, agus an tAigéan Atlantach san iarthar. Clúdaíonn an tír na hoileánraí na hAsóir agus Maidéara. Is í Liospóin, an chathair is mó sa Phortaingéil, príomhchathair na tíre.

An Spáinn

Is tír í an Spáinn (Spáinnis: España), nó Ríocht na Spáinne go hoifigiúil (Spáinnis: Reino de España), atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire.

Is ball den Aontas Eorpach í agus is monarcacht bhunreachtúil í.

Tá tionchar ag an Spáinn ar fud an domhain: sa lá atá inniu ann, tá 500 milliún daoine ag labhairt na Spáinnise.

An Ungáir

Tír thalamhiata i lár na hEorpa is ea an Ungáir (Ungáiris: Magyarország) agus teorainneacha aici leis an Ostair, an tSlóvaic, an Úcráin, an Rómáin, an tSeirbia, an Chróit agus an tSlóivéin. Maigiaraigh a thugann na hUngáraigh orthu féin, agus is é an t-ainm seo is bun le hainm na tíre féin san Ungáiris agus ina lán teangacha eile sa réigiún.

An tSualainn

Is tír í an tSualainn (Sualainnis: Sverige), go hoifigiúil Ríocht na Sualainne (Sualainnis: Konungariket Sverige), sa Chríoch Lochlann i dtuaisceart na hEorpa agus san Aontas Eorpach.

Is monarcacht bhunreachtúil í. Tá an Iorua ar an taobh thiar thuaidh dí agus an Fionlainn ar an taobh thoir dí. Tá líne an chósta an-fhada aici leis an Muir Bhailt.

Is í Stócólm an phríomhchathair. Is cathracha tábhachtacha eile iad Göteborg, Malmö, Uppsala, Linköping, Västerås agus Örebro.

An Ísiltír

Is tír í an Ísiltír (Ísiltíris: Nederland, Freaslainnis: Nederlân, An Phaipeamaintis: Hulanda), go hoifigiúil Ríocht na hÍsiltíre (Ísiltíris: Koninkrijk der Nederlanden), atá suite in iarthuaisceart mhórthír na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg agus leis an nGearmáin. Is monarcacht bhunreachtúil í. Is é Rí Willem-Alexander na hÍsiltíre an Ceann Stáit. An rialtas atá suite ar An Háig ach is é Amstardam an phríomhchathair freisin. Tá cónaí ar 16,318,199 duine san Ísiltír (meastachán as Iúil 2004). Tá an Ísiltír deighilte ina 12 cúige. Úsáidtear an euro. Is iad Ollainnis agus Freaslainnis na teangacha oifigiúla. Is é “Wilhelmus van Nassouwen” amhrán náisiúnta (bhí sé scríofa chun clú a chur ar Liam Oráiste). Is ball den Aontas Eorpach í.

Duais Nobel

Sraith duaiseanna is ea iad Duaiseanna Nobel a bhunaigh cruthaitheoir na dinimíte, Alfred Nobel. Faigheann gach duaiseoir bonn óir. Tugtar airgead mar chuid den duais do dhaoine a chuir an taighde nó an tsochaí chun cinn ar bhealach ar leith.

Bronntar duaiseanna Nobel ón mbliain 1901 anuas sna disciplíní a leanas:

Fisic, agus an duais á gearradh ag Acadamh Ríoga na nEolaíochtaí sa tSualainn.

Ceimic, agus an duais á gearradh ag Acadamh Ríoga na nEolaíochtaí sa tSualainn.

Leigheas, agus an duais á gearradh ag Karolinska Institutet (Institiúid Leighis agus Máinliachta Shéarlais a Trí Déag) i Stócólm

Duais Nobel na Litríochta, agus an duais á gearradh ag an Acadamh Sualannach

Duais Nobel na Síochána, agus an duais á gearradh ag coiste ar leith de chuid Phairlimint na hIorua, an Storting.Bhunaigh Sveriges Riksbank, an banc ceannais na Sualainne, duais eile san eacnamaíocht i 1969, a dtugtar "Duais Nobel" air.

Helen McEntee

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Oirthear na Mí í Helen McEntee (Gaeilge: Héilin Nic an tSaoi) (rugadh sa bhliain 1986 í). Toghadh í ag fothoghchán i Márta na bliana 2013. Iníon í leis an iarTheachta Dála Shane McEntee agus tháinig sí i gcomharbacht air tar éis gur chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 2012. Tá céim san Eacnamaíocht, Polaitíocht agus Dlí aici ó DCU.

Sheas sí san Olltoghchán 2016 agus toghadh í le 18.3% de na vótaí céad rogha.

Kansas

Is stát é Kansas, agus eascraíonn an t-ainm as an bhfocal Lakota Kansa, gur bhrí leis ná "muintir an ghaoith aneas", atá suite i Meániarthar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is í Topeka an phríomhchathair. Ta teagasc éabhlóid sna scoileanna conspóideach i Kansas mar tá neart Chríostaíthe bunúsacha ina gcónaí ann.

Olltáirgeacht intíre

Is tomhas ar ghníomhaíocht eacnamaíochta í olltáirgeacht intíre (OTI). Léiríonn OTI luach na n-éarraí agus na seirbhísí ar fad a tháirgeann eacnamaíocht thar thréimhse sonraithe.

Paireacht Cumhacht Cheannaigh

Is éard is Paireacht Cumhacht Cheannaigh (PCC) ann ná teoiric nó méadracht feidhmíochta maicreacnamaíocha chun táirgiúlacht eacnamaíoch agus caighdeáin mhaireachtála idir tíortha éagsúla a chur i gcomparáid trí chur chuige “ciseán earraí”. Tá an teoiric seo bunaithe ar an choincheap go léireoidh an ráta malairte cothromaíochta ar an margadh d'aon dá airgeadra an coibhneas idir cumhacht ceannaigh an dá airgeadra.

Sa bhfoirm is simplí, taispeánann PCC comhréir na bpraghsanna in airgeadraí náisiúnta maidir leis an earra nó an tseirbhís chéanna i dtíor tha éagsúla.

Nuair a coinníonn PCC, cosnaíonn ciseán earraí an chéanna idir dhá tíre:

P

t

=

S

t

P

t

{\displaystyle P_{t}=S_{t}P_{t}^{\star }}

P

t

{\displaystyle P_{t}}

: An praghasleibhéil intíre;

P

t

{\displaystyle P_{t}^{\star }}

: An praghasleibhéil eachtrach; agus

S

t

{\displaystyle S_{t}}

: An ráta malairte díreach.Seo í an teoiric um paireacht iomlán na cumhachta ceannaigh. Is í paireacht cumhacht ceannaigh coibhneasta nuair a coinníonn:

π

t

π

t

=

S

t

+

1

e

S

t

S

t

{\displaystyle \pi _{t}-\pi _{t}^{\star }={\frac {S_{t+1}^{e}-S_{t}}{S_{t}}}}

π

t

{\displaystyle \pi _{t}}

: An ráta boilscithe intíre;

π

t

{\displaystyle \pi _{t}^{\star }}

: An ráta boilscithe eachtrach; agus

S

t

+

1

e

S

t

S

t

{\displaystyle {\frac {S_{t+1}^{e}-S_{t}}{S_{t}}}}

: An athrú céatadáin ionchasach an ráta malairte.Tá an innéacs Big Mac bunaithe ar PCC.

Sóisialachas

Is fealsúnacht pholaitiúil í an sóisialachas. Creideann sóisialaithe gurb cheart don tsochaí go léir an eacnamaíocht a stiúradh go díreach trí na hoibrithe nó go hindíreach tríd an rialtas. Tá easaontas go minic idir sóisialiathe maidir le saghas an tsóisialachais le cur i bhfeidhm. Is saghsanna difriúla an tsóisialachais iad an daonlathas sóisialta agus marxach-leninach.

Tá barúlacha difriúla ann maidir le ciall an tsóisialachais. Creideann a lán sóisialaithe gur cheart do thionscail mhóra a bheith leis an rialtas. Creideann daoine eile gur cheart do chomhlachtaí a bheith le hoibrithe. Dar le daoine eile ba cheart don phobal a bheith ionann faoi chaipitleachas leasaithe.

Síleann bunús na ndaoine a chuireann "sóisialaithe" orthu féin nach córas daonlathach atá sa chaipitleachas. Molann siad sórt "daonlathachas an phobail" ina gcinneann na hoibrithe cad a tháirgeadh agus conas é a dháileadh. Is minic go n-áitíonn criticeoirí an tsóisialachais gur deachtóireachtaí brúidiúla atá i roinnt tíortha sóisialacha in ainm agus gur maraíodh a lán daoine ann, agus gur cheart córas sóisialach a sheachaint dá bharr sin. Freagraíonn bunús na sóisialaithe nach raibh na deachtóireachtaí seo sóisialach go fíor nó gur chuir siad polasaithe sóisialacha go holc i bhfeidhm.

In Éirinn bíonn: Partai na h-Oibrithre Sóisialach , Partai Sóisialach , agus Partai na h-Oibrithe

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.