Dalmátach

Pór madra ó na Balcáin, nó b'fhéidir duchasach don India na céadta bliain ó shin. Mór, déanta go héadrom, le cosa, eireaball is soc fada. Na cluasa gearr crochta, an fionnadh gearr bán le spotaí dubha nó donna.

Prunella Fitzgerald de Puech Barrayre
Dalmátach
An Chróit

Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an Chróit, arb iar-Phoblacht de chuid na hIúgslaive í sna Balcáin. Is í Ságrab an phríomhchathair agus an chathair is mó. Bhain an tír amach an neamhspleáchas sa bhliain 1991. Is í an Chróitis an teanga oifigiúil, agus is ceann de na teangacha Slavacha Deisceartacha í.

San Mairíne

Mionstát i ndeisceart na hEorpa í Poblacht Ró-Gheal San Mairíne (Iodáilis: Serenissima Repubblica di San Marino nó San Marino). Tá San Mairíne suite i lár na hIodáile, agus baintear feidhm as an euro.

Níl ach 61.5 ciliméadar cearnach de mhéid ann, agus tá 31,373 duine ina gcónaí ann. Tá sé ar na baill de Chomhairle na hEorpa agus de na Náisiúin Aontaithe is lú daonra.

Is í Cathair San Mairíne an phríomhchathair, agus tugtar sammarinesi (Sanmairínigh) ar an muintir. Sa bhliain 2008 cuireadh lár na príomhchathrach agus Monte Titano faoi choimirce Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe. Leanúnachas na Poblachta ba chúis leis, de réir mar a dúirt an coiste.

Póir Mhadraí

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.