Cultúr

Tagann an focal cultúr ón fhocal Laidine colere. De ghnáth is gníomhaíochtaí daonna atá i gceist. Tá go leor sainmhíniú ann faoi cad is saíocht ann, bunaithe ar na teoiricí éagsúla. Is éard is ciall le cultúr, d'fhéadfá a rá, ná staid sibhialtachta a bhaineann le pobal daoine. Féadann cultúr tagairt d'fheabhsú na hintleachta, freisin.

Ancientcultures
Cultúir an tseansaoil timpeall an domhain
An Afraic

Is ilchríoch mhór í an Afraic. Is í an dara ilchríoch is mó sa domhan, tar éis An Áise. Tá achar de 30,244,050 km² (11,677,240 mi²) inti, a cuid oileán san áireamh. Clúdaíonn sí 20.3 faoin gcéad den achar iomlán an domhain. Tá thart ar 1.0 billiún daoine agus 54 tír ann. Is ann atá thart ar 15% de dhaonra an domhain. Ó thuaidh agus ó dheas tá aeráid mheánmharach inti, fásaigh ollmhóra taobh ó thuaidh de Thropaic an Phortáin, foraoiseacha báistí timpeall ar an Mheánlíne, agus tailte féaracha eatarthu. Rinne Eorpaigh agus Arabaigh slad ar an Afraic ar feadh na gcéadta bliain agus níor tháinig cuid ar bith di slán ó ionradh sa naoú haois déag agus sa bhfichiú haois.

Creidtear gur tháinig ann don chine daonna timpeall trí mhilliún bliain ó shin agus tá an-éagsúlacht cultúr agus teanga inti.

An Lúnasa

Is é Lúnasa, Mí Lúnasa nó Lughnasadh an, t-ochtú mí den bhliain.

An Rúis

Is tír leath-Eorpach, leath-Áiseach í an Rúis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na Rúise). Is í an tír is mó ar domhan, le hachar 17,075,400 km², beagnach dhá oiread níos mó ná an chéad tír eile, is é sin, Ceanada. Is í an t-ochtú tír is mó maidir le daonra. Is é Moscó an phríomhchathair. Is í an Rúisis an teanga oifigiúil, siúd is go bhfuil an dúrud teangacha eile á labhairt ag na mionlaigh ar fud na tíre.

Bhí sí ar an tír cheannasach in Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha (APSS) agus is iomaí duine sa Rúis a airíonn uaidh cumhacht na Rúise sna laethanta a bhí.

Aonghas

Contae de chuid na hAlban is ea Aonghas.

Birmingham

Cathair mhór atá suite in Iarthar Láir na Tíre Shasana is ea Birmingham. Tá an chathair suite 190 km (120 mhíle) ó thuaidh thiar de Londain. Tá nasc iompair ar fheabhas ag an gcathair. Tá go leor iarnród ann, tá aerfort mór idirnáisiúnta suite in oirthear na cathrach, agus go leor débhealach agus mótarbhealach idir an chathair agus an chuid eile de Shasana.

Contae Chiarraí

In iarthar Chúige Mumhan atá Ciarraí nó Contae Chiarraí. Tá dhá pháirc náisiúnta sa chontae. Tá Corrán Tuathail, an sliabh is mó in Éirinn, suite i gCiarraí. Bíonn an féile "The Rose of Tralee" ar siúl i Mí Lúnasa. Is iomaí féilte a bhíonn ar siúl ann i rith na bliana.

Is é an dTrá Lí an príomhbhaile sa chontae.

Contae Chill Mhantáin

Tá Contae Chill Mhantáin in oirthear na hÉireann, i gCúige Laighean. Ba é Contae Chill Mhantáin an contae deireannach a bunaíodh in Éirinn: go dtí 1605 ba chuid de Chontae Bhaile Átha Cliath í. Is inti atá fothraigh mhainistir cháiliúil Naomh Chaoimhín ag Gleann Dá Loch.

Contae Loch Garman

Tá Loch Garman nó Contae Loch Garman in oirdheisceart na hÉireann, i gCúige Laighean.

Contae Luimnigh

In iarthar Chúige Mumhan atá Contae Luimnigh. Tá Contae an Chláir suite lastuaidh de. Tá Contae Chorcaí suite ar an taobh ó dheas de Luimneach. Tá Contae Thiobraid Árann ar an taobh thoir de agus tá Ciarraí ar an taobh thiar de. Ritheann an tSionainn trí thuaisceart an chontae agus tá cathair Luimní suite ar bhruach na h-abhann. Tá Ollscoil Luimnigh suite sa chathair. Is é an Caisleán Nua Thiar an baile is mó sa chontae seachas an chathair féin.

Contae Mhuineacháin

I ndeisceart Chúige Uladh atá Muineachán nó Contae Mhuineacháin. Is é Muineachán ainm an phríomhbhaile freisin.

Contae Shligigh

Tá Contae Shligigh i gCúige Chonnacht in iarthar na hÉireann.

Contae Thiobraid Árann

In oirthear Chúige Mumhan atá Tiobraid Árann nó Contae Thiobraid Árann, I dtaobh riaracháin de, tá an contae roinnte idir Thiobraid Árann Thuaidh agus Tiobraid Árann Theas, agus dhá phríomhbhaile ag an gcontae dá bharr.

Dothan, Alabama

Is cathair í Dothan atá suite i Alabama, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is í an seachtú cathair is mó i stát Alabama. Tá Dotham suite i gContae Houston, gContae Dale agus gContae Henry.

Essex

Is contae i Sasana é Essex atá suite in oirdheisceart na tíre. Is é Chelmsford príomhbhaile an chontae.

Miotaseolaíocht na Gréige

Tá liosta déithe, bandéithe, laochra agus ollphéisteanna le fáil i miotaseolaíocht na Gréige. Ba thraidisiún béil é ar dtús, ach scríobhadh na scéalta le linn na mblianta agus is mar sin atá siad ar fáil dúinn sa lá atá inniu ann.

Oideachas

Is é an t-oideachas an léann nó scolaíocht a thugtar do dhuine, mar aon leis an traenáil agus an múnlú a chuirtear air. Sa domhan thiar, tá ceart ag gach duine, agus is é an gnás inniu, oideachas a fháil ó aois óg go haois idir 15 agus 18, de ghnáth 18 bliain d'aois.

San oideas foirmiúil, labhraítear ar thrí leibhéal: Bunoideachas, Meánoideachas agus Ardoideachas.

Pennsylvania

Is stát i Meiriceá é Pennsylvania, atá suite in oirthuaisceart na tíre. Is comhlathas é, cosúil le Massachusetts, Virginia, agus Kentucky. Ba é Pennsylvania an dara stát a ghlacadh isteach san aontas, agus is é an 5ú stát is mó de réir daonra é. Úsáidtear an giorrúchán PA don phost.

Polaitíocht

Próiseas agus modh na cinnteoireachta i measc daoine is ea an pholaitíocht. Baineann sé le gach gné don idirghníomhaíocht i ngrúpaí, i gcúrsaí gnó, acadúla, creidimh agus rialtóireachta. Ó cuireadh eagar ar dhaoine an chéad lá ba ghá dóibh dualgaisí agus pribhléidí a roinnt eatarthu agus ba chuid nádúrtha den éabhlóid é go mbeadh iomaíocht agus comhoibriú ann.

De réir mar a d'éirigh na grúpaí daoine níos sofaisticiúla cuireadh tús le ceirdeanna speisialta ar nós sagairt, dlíodóirí, bailitheoirí cánach, riarthóirí agus mar sin de agus d'fhorbairt córais éagsúla chun an comhoibriú agus an iomaíocht eatarthu a choinneáil faoi smacht.

Is ón bhfocal Gréigise polis a thagann 'polaitíocht', rud a léiríonn cé chomh lárnach is atá an chathair mar ionad polaitiúil. De ghnáth is i gcomhthéacs riarachán rialtais a phléitear an pholaitíocht inniu.

Stair

Cur síos ar an saol atá caite, agus ciall a bhaint aisti, atá i gceist le stair. Is ón Fhraincis "Histoire" a tháinig an focal go Gaeilge, agus tá a bhunús sa bhfocal Laidne historia a chiallaíonn "scéal". Is féidir stair réigiúin leathain agus cultúir ar fad a chur síos agus staidéar a dhéanamh orthu, nó is féidir dian-staidéar a dhéanamh ar thír, ar bhaile, ar dhuine, nó ar cheird nó aon gné eile den saol thar am.

Tír

Is ceantar geografach nó polaitiúil í an tír go príomha, ach focal atá ann ag a bhfuil bríonna éagsúla. Tá gaol aige le 'terra' na Laidine a chiallaíonn talamh, nó aonad polaitiúil, nó fisiceach talún. Is aonad polaitiúil í an 'tír' sa ghnáthchaint. Mar shampla,

is tír Eorpach í Éire,is tír Mheiriceá Thuaidh iad Stáit Aontaithe Mheiriceá,agus is tír Áiseach í an Vítneam.Mar gheall ar chúinsí éagsúla na staire, tá an-éagsúlacht tíortha ar domhan. Tá cuid acu bunaithe ar náisiún nó treabh amháin, dream daoine a bhfuil teanga, creideamh nó cultúr ar leith acu. Samplaí díobh sin is ea an Íoslainn, an tSeapáin, Vítneam, Leosóta.

Ach bíonn meascán go minic i dtíortha eile, an Eilbhéis mar shampla mar a labhraítear ceithre theanga oifigiúla, nó an Bheilg mar a bhfuil trí theanga agus tháinig ann do na tíortha sin de bharr na hiomaíochta idir impireachtaí nó tíortha níos mó ná iad ina labhraítear teangacha náisiúnta na tíre.

Cruthaíodh teorannacha idir tíortha de bharr na gcoimhlintí idir náisiúin éagsúla, agus mar sin is minic a bhíonn mionlach i dtír nach bhfuil an teanga, creideamh nó cultúr céanna acu is atá an mhóraimh acu - lucht labhartha na Sualainnise sa bhFionlainn mar shampla, a thugann a ndílseacht don tír ina bhfuil siad in ainneoin na ndifríochtaí sin.

Is minic a labhraítear an teanga chéanna i dtíortha difriúla, Ceanada agus na Stáit Aontaithe mar shampla, nó an Phortaingéil agus an Bhrasaíl, ach cuirtear an-bhéim ar neamhspleáchas na dtíortha sin óna chéile.

Sa bhliain 2004, bhí tuairim is 180 tíortha ann, de réir na Náisiún Aontaithe.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.