Cosacaigh

Tugtar Cosacaigh ar threibheacha áirithe Slavacha a raibh cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus san Úcráin. Is deacair a rá, cé acu grúpa eitneach nó aicme shóisialta atá iontu. Ar dtús, ba scológa bochta iad a bhí míshásta leis an dóigh a rabhthas á ndúshaothrú sa Rúis. Mar sin, d'éalaigh siad ó bhráca na dtiarnaí talún agus chuaigh siad le fánaíocht i machairí móra an deiscirt. Creidtear gur cuireadh síol leis an gcultúr Cosacach sa Mheánaois, ach níor thrácht na foinsí staire orthu roimh an gceathrú haois déag.

Tugtar marcshluanna ar na dreamanna éagsúla de Chosacaigh, ar nós Marcshlua Zaporizhia, Marcshlua Don, Marcshlua Terek agus Marcshlua na hÚraile. Chuala muintir Iarthar na hEorpa an chéad iomrá ar na Cosacaigh i lár na seachtú haois déag, nuair a d'éirigh Cosacaigh Zaporizhia faoi cheannas Bogdan Chmielnicki amach in aghaidh chumhacht na Polainne agus na Liotuáine san Úcráin.

Chuir na Cosacaigh eagar míleata orthu féin, rud a chiallaigh nach raibh na stáit áitiúla - an Pholainn, an Rúis agus Cánacht na Crimé - ábalta greim a fháil orthu. Bhí siad ag maireachtáil sna machairí móra mar shluaite leath-neamhspleácha armtha. Uaireanta, bhí siad sásta comhoibriú leis na Polannaigh nó leis na Rúisigh, ach uaireanta eile, d'éirigh siad amach in aghaidh na dtiarnaí iasachta seo. I rith na naoú haoise déag, áfach, bhí na hImpirí Rúiseacha in ann a gcumhacht a chur i bhfeidhm ar na Cosacaigh, cé go bhfuair siad a lán pribhléidí ina éiric sin. Bhí siad díolmhaithe ón gcáin go hiomlán. Bhain na hImpirí úsáid astu mar scothaicme saighdiúirí agus le críocha nua a thabhairt chun míntíreachais, go háirithe sa tSibéir.

Chuaigh na Cosacaigh i líonmhaireacht go déanach sa Mheánaois, nuair a bhí na seirfigh Úcráineacha agus Rúiseacha ag teitheadh óna dtiarnaí talún le triail a bhaint as saol an Chosacaigh. Sa deireadh thiar thall, áfach, d'iompaigh na Cosacaigh ina saighdiúirí in arm Impireacht na Rúise, agus iad ag coimheád teorainneacha na hImpireachta. Is mar ghardaí teorann agus mar shearbhóntaí de chuid an Impire anlathaigh sin is mó a aithníonn muintir an Iarthair na Cosacaigh, agus is le tíorántacht na hImpireachta a shamhlaítear iad – íomhá atá bun os cionn ar fad le clú na gCosacach sa Rúis féin.

Ghreamaigh íomhá rómánsúil na saoirse agus na heachtránaíochta de na Cosacaigh go dtí an lá inniu, rud atá le haithint ar litríocht na Rúise agus na hÚcráine. Tá iarsmaí na gCosacach i Rúis an lae inniu eagraithe ina marcshluaite arís, agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta, go háirithe ag tacaíocht le páirtithe agus dreamanna náisiúnaíocha. Níl údaráis na Rúise sásta stádas an ghrúpa eitnigh a bhronnadh ar na Cosacaigh go hoifigiúil, áfach.

Throid na Cosacaigh Rúiseacha in Arm na Rúise ina lán cogaí i rith na hochtú is na naoú haoise déag. Le linn Chogadh Cathartha na Rúise, bhí Cosacaigh ag troid ar an dá thaobh, san Arm Bán chomh maith leis an Arm Dearg. Bhí na Cosacaigh cois Don ar ceann de na dreamanna ba mhó a chuir in aghaidh na mBoilséavach. Mar sin féin, cuireadh reisimintí Cosacacha ar bun arís roimh an Dara Cogadh Domhanda.

Inniu, tá traidisiún na gCosacach á athbheochan i ndeisceart na Rúise. Faoi láthair, tá timpeall is 150,000 duine ar fiannas míleata in aonaid armtha na gCosacach, agus na milliúin duine ag dearcadh orthu féin mar Chosacaigh eitneacha.

Is iad na teangacha is mó a shamhlaítear leis na Cosacaigh ná an Rúisis agus an Úcráinis. Bhí canúint, téarmaí agus focail dá gcuid féin ag na Cosacaigh sa dá theanga, áfach. Na scríbhneoirí Rúisise a scríobh scéalta faoi na Cosacaigh, ar nós Mikhail Sholokhov agus Vasiliy Shukshin, d'fhéach siad le húsáid a bhaint as canúintí agus téarmaí Cosacacha ina gcuid saothar.

Józef Brandt - Wesele kozackie
Bainis Chosacach le Józef Brandt. Péintéir Polannach ab ea Jozef Brandt (1841-1915) a chuir suim i saol míleata na seachtú haoise déag agus i saol na scológ sa Pholainn.

An Focal ”Cosacach”

Fuair an Ghaeilge an focal sin ”Cosacach” ón mBéarla. Tháinig sé go dtí an Béarla agus ón bhFraincis tríd an bPolainnis agus an Úcráinis, ach is focal Tuircise é ar dtús, qazaq, nó kazak i dTuircis an lae inniu. ”Eachtránaí” nó ”fear saor” is brí leis an bhfocal ó thús.

Stair

Níl a fhios ag aon duine cathain a thosaigh na treibheacha Slavacha ag cur fúthu san Úcráin agus i ndeisceart na Rúise cois na n-aibhneacha móra úd Don agus an Dnípir. Ní dócha gur tharla sé roimh an tríú haois déag, áfach. San am sin, chloígh na Mongólaigh cumhacht na gCúmánach agus na dtreibheacha Turcacha eile sna bólaí sin. Cibé scéal é, an sórt saol a bhíodh ag na Cosacaigh i ndeisceart na Rúise, ní rud é a rith leo féin, nó dealraíonn sé go raibh siad ag déanamh aithris ar nósanna na gCúmánach agus na Siorcásach.

Is dealraitheach gur tháinig na chéad ”phróta-Chosacaigh” ar an bhfód faoi lár na tríú haoise déag san áit a bhfuil an Úcráin inniu. Tráchtann na croinicí Rútaenacha sa bhliain 1261 ar dhornán de Shlavaigh a raibh cónaí orthu idir an Dnístir agus an Volga. Is deacair teacht ar eolas stairiúil faoi na Cosacaigh a bheadh ní ba sine ná an séú haois déag, áfach. Rud deimhin é gur thúg Cosacaigh Don pictiúr naofa den Mhaighdean Muire do Dmitry Donskoy sa bhliain 1380. An cineál sochaí a bhí ag na Cosacaigh sa chúigiú haois déag, deir na foinsí comhaimseartha gur cónaidhm scaipthe de phobail neamhspleácha a bhí ann. Ba mhinic a bhí na pobail seo á n-iompar mar a bheadh airm bheaga áitiúla iontu, agus iad beag beann ar fad ar na stáit ina dtimpeall, cosúil le Ard-Diúcacht Mhoscó, leis an bPolainn, nó le Cánacht na Crimé.

Le teacht na séú haois déag, chuaigh na pobail bheaga Chosacacha le chéile le dhá mhóreagraíocht neamhspleácha réigiúnda a chruthú. Fágadh dornáin bheaga de Chosacaigh neamhspleácha taobh amuigh de na móreagraíochtaí, áfach. B'iad an dá ghrúpa seo ná:

  • Cosacaigh Zaporizhia, nó na Cosacaigh Úcránacha timpeall na Dnípre. Thug siad Sich ar a bpríomhchathair dhaingnithe. Nuair a shínigh siad conradh leis na Polannaigh sa bhliain 1649, tugadh aitheantas foirmeálta dóibh mar stát ar leith - Marcshlua Zaporizhia.
  • Cosacaigh Don. Bhí cónaí orthu seo cois na habhann úd Don, idir Ard-Diúcacht Mhoscó agus na stáit Nogaecha, a bhí dílis d'Impireacht Otamánach na Tuirce. B'í Cherkassk príomhchathair na gCosacach seo ar dtús. Níos déanaí, hathraíodh go Novocherkassk ("Cherkassk Nua") í.

Níl an oiread sin iomrá ar na Cosacaigh Polannacha ná ar na Cosacaigh Thataracha, nó Nağaybäklär. "Cosacaigh" (Kozacy) a thugtaí ar mharcshlua éadrom de chineál ar leith in Aontas na Polainne is na Liotuáine.

Cosacaigh na hÚcráine

Cosacaigh Zaporizhia

Bhí clú agus cáil ar Chosacaigh Zaporizhia. Bhí an-ról acu i ngeopholaitíocht na hEorpa Thoir, agus iad ag comhoibriú leis an stát Polannach-Liotuánach nó ag cur catha air, de réir mar ab áil leo. Bunaíodh an chéad Mharcshlua Cosacach i Zaporizhia sa bhliain 1552, nuair a thóg Dmytro Vyshnevetsky daingean in Oileán Khortytsia in Íochtar na Dnípre. Faoi lár na seachtú haoise déag, d'éirigh Cosacaigh Zaporizhia amach in aghaidh na bPolannach faoi cheannas Bogdan Chmielnicki (nó Bohdan Khmelnytsky), agus de thoradh na ceannairce seo tháinig an chéad stát neamhspleách Cosacach ar an bhfód i Zaporizhia. Ina dhiaidh sin, d'iompaigh an stát seo ina heatmánacht fhéinrialaitheach, stát a thug urraim d'Impire na Rúise, agus é á rialú sách neamhthuilleamach ag an heatmán, is é sin, ceannasaí an mharcshlua. Sa dara leath den ochtú haois déag, scrios na húdaráis Rúiseacha marcshlua Zaporizhia, agus d'aistrigh iarsmaí an mharcshlua go réigiún na Danóibe agus ina dhiaidh sin go dtí an réigiún chois Mhuir Mheoid. I ndiaidh na bliana 1828 bhí an chuid ba mhó de Chosacaigh na Danóibe tar éis socrú síos i réigiúin Chosacacha Kuban agus Mhuir Mheoid. Inniu, ní bhíonn Cosacaigh Kuban admhálach gur Úcránaigh eitneacha iad, ach is féidir a mhaíomh gur canúint de chuid na hÚcráinise a labhraíonn siad, agus is féidir blas na hÚcráine a aithint ar a gcuid béaloidis.

Ba nós le Cosacaigh Zaporizhia an ríocht Otamánach - an Tuirc - agus na stáit soip a bhain léi a ionsaí go tráthrialta, ach ní hionann sin is a rá nach dtabharfaidís faoi thíortha eile ag déanamh foghla. Ba é ba toradh don nós seo ná go ndeachaigh na cúrsaí chun teannais ar theorainn theas Chomhlathas na Polainne is na Liotuáine, agus fad is a mhair an Comhlathas níor stop an mhionchogaíocht ar fud na teorainne sin.

Sa bhliain 1539 d'iarr an Sabhdán Otamánach ar Vasiliy a Trí, Ard-Phrionsa Mhoscó, bac éigin a chur ar fhoghlacha na gCosacach, ach is é an freagra a fuair sí ná: "Ní mhóidíonn na Cosacaigh mionna dílseachta domsa: a rogha saol a bhíonn acu." Sa bhliain 1549, d'fhreagair Ivan Uafásach, Sár na Rúise, impí den chineál chéanna ón Sabhdán mar seo: "Ní géillsinigh de mo chuid féin iad na Cosacaigh chois Abhainn Don, agus is i nganfhios dom féin a imíonn siad chun cogaidh agus a mhaireann siad sa tsíocháin." Chloisfeá caint den chineál seo go minic idir an Rúis, Comhlathas na Polainne agus na Liotuáine, agus an Tuirc Otamánach, agus gach ríocht acu ag iarraidh a leas féin a bhaint as Cosacaigh Zaporizhia in aghaidh an dá stát eile. Sa 16ú haois, agus an Comhlathas ag cur a ceannasaíochta i bhfeidhm ar thailte móra theas, ghlactaí leis go bunúsach gur géillsinigh Pholannach-Liotuánacha a bhí sna Cosacaigh. Go dtí an bhliain 1699, ba chuid d'Arm an Chomhlathais iad na "Cosacaigh Chláraithe", mar a thugtar orthu.

Timpeall ar dheireadh na 16ú haoise, thosaigh caidreamh an Chomhlathais agus na Impireachta Otamánaí, nach raibh go rómhaith riamh, - thosaigh an caidreamh sin ag dul chun donais ar fad, agus na Cosacaigh ag ionsaí chríocha na nOtamánach. Ó lár na 16ú haoise ar aghaidh, bhí na Cosacaigh ag rith damhsa ar an taobh eile den teorainn, agus ní raibh an Comhlathas in ann iad a stopadh ón obair seo chomh neamhspleách is a bhí siad ina meon. Ós géillsinigh de chuid an Chomhlathais a bhí iontu, go prionsabálta ar a laghad, dhearc na hOtamánaigh ar an bhfoghlaíocht seo mar ionsaí ó thaobh an Chomhlathais. Mar chor in aghaidh an chaim thosaigh Tataraigh Otamánacha ag creachadh in oirdheisceart an Chomhlathais nach raibh mórán áitribh ann pé scéal é.

Cosacaigh na Danóibe, Cosacaigh Mhuir Mheoid, agus Cosacaigh na Mara Duibhe

Cosacaigh na Rúise

Aleksandr Solzhenitsyn

Úrscéalaí, scríbhneoir drámaí agus staraí Rúiseach ab ea Aleksandr Isayevich Solzhenitsyn (Rúisis: Алекса́ндр Иса́евич Солжени́цын, traslitriú scolártha: Aleksandr Isaevič Solženicyn).

Ba eisean ba mhó a tharraing súil an tsaoil mhóir ar "oileánra na gcampaí géibhinn" san Aontas Sóivéadach. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1970. Díbríodh as a thír dhúchais é ar chúiseanna polaitiúla, ceithre bliana ina dhiaidh sin. Chuir sé faoi i Vermont sna Stáit Aontaithe, ach nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas sa Rúis, d'fhill sé abhaile.

Fuair sé bás i Moscó ar an 3 Lúnasa 2008.

Alexander Kerensky

Polaiteoir Rúiseach ab ea Alexander Kerensky (Rúisis: Алекса́ндр Фёдорович Ке́ренский, Aleksandr Fëdorovič Kerenskij; 4 Bealtaine 1881 – 11 Meitheamh 1970 i Nua Eabharc), idir oifigeach agus réabhlóidí. Bhí sé i gceannas ar Shóivéid Petrograd ar dtús, agus ansin ar Rialtas Sealadach na Rúise i ndiaidh Réabhlóid na Feabhra.

An Chasacstáin

Is í an Chasacstáin (Béarla: Kazakhstan, Casaicis: Қазақстан/Qazaqstan, Rúisis: Казахстан/Kazakhstán) an tír is mó i lár na hÁise. Is í Astana príomhchathair na tíre. Cathair nua atá ann nach bhfuil ina príomhchathair ach ón mbliain 1997 anuas. Is í Almaty an iar-phríomhchathair. Bhain an tír amach an neamhspleáchas sa bhliain 1991, agus is é Nursultan Nazarbaev atá ina Uachtarán ón am sin anuas. Sna toghcháin i Mí na Nollag 2005, fuair Nazarbaev níos mó ná 90 % de na vótaí, ach má fuair féin, cháin na monatóirí idirnáisiúnta an toradh seo, agus iad den bharúil nár comhlíonadh an caighdeán idirnáisiúnta ó thaobh an daonlathais de.

Is í an Chasaicis "teanga stáit" na tíre, ach san am céanna, is í an Rúisis an "teanga oifigiúil", agus í á labhairt go forleathan sa tír, go háirithe mar fhrancbhéarla idir na dreamanna eitneacha éagsúla.

Caitríona II na Rúise

Bhí Caitríona II (Rúisis: Екатерина II Алексеевна), Caitríona Mhór, ina banimpire ar an Rúis ó 1762 go 1796.

Cánacht na Crimé

Stát stairiúil ab ea Cánacht na Crimé a bunaíodh ar Leathinis na Crimé nuair a thit an tóin as stát an Mhathshlua Órga. B'í an ceann ab fhadsaolaí de na cánachtaí a tháinig i gcomharbas ar impireacht an Mhathshlua Órga.

Futbol'nyj klub Kuban'

Club peile atá suite i Krasnodar, Críoch Krasnodar, An Rúis is ea Futbol'nyj klub Kuban'. Bunaíodh an club sa bhliain 1928. Imríonn an fhoireann a cuid cluichí sa staid "Kuban" (do 32,000) in Krasnodar.

Impireacht na Rúise

Úsáidtear an téarma Impireacht na Rúise le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta Pheadair Mhóir go dtí Réabhlóid na Rúise 1917. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón Muir Bhailt go dtí an tAigéan Ciúin. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na Boilséivigh an tImpire deireanach, Nioclás a Dó, agus a theaghlach in Yekaterinburg, áit ar cuireadh ar díbirt é.

B'é ainm oifigiúil an stáit Rúisigh ná Impireacht na Rúise (Rúisis: Российская Империя - "Rossiyskaya Imperiya") ón mbliain 1721 go dtí an bhliain 1917. Ba í Cathair Pheadair príomhchathair na himpireachta, agus bhí an stát níos mó ná 22 mhilliún ciliméadar cearnach ar achar ag deireadh na naoú haoise déag. De réir dhaonáireamh na bliana 1897, bhí 128 milliún duine ina gcónaí sa tír. Chomh maith leis an tír atá ann inniu, bhí baint ag go leor tíortha leis an Rúis atá neamhspleách inniu, mar shampla an Fhionlainn, an Eastóin, an Liotuáin, an Laitvia, an Bhealarúis, an Úcráin, an Pholainn, an Mholdóiv, agus na tíortha Muslamacha i lár na hÁise ar a dtugadh na Rúisigh an Turcastáin.

Monarcacht oidhreachtúil ab ea an Impireacht Rúiseach, agus impire nó Sár i gceannas uirthi. Bhain na hImpirí deireanacha le ríshliocht Romanov. B'í Críostaíocht Cheartchreidmheach an Oirthir an reiligiún oifigiúil, agus b'í an Rúisis an teanga oifigiúil. Sa tréimhse sin, b'é "Go Soirbhí Dia don tSár!" (Rúisis: Боже, Царя храни!/Bozhe, Tsarya khrani!) an t-amhrán náisiúnta.

Lavr Kornilov

Ginearál Rúiseach ab ea Lavr Georgiyevich Kornilov (Rúisis: Лавр Георгиевич Корнилов, Lavr Georgievič Kornilov) (18 Lúnasa, 1870 - 13 Aibreán 1918) a throid sa Chéad Chogadh Domhanda agus i gCogadh Cathartha na Rúise. Coinníonn na staraithe cuimhne air, toisc go ndearna sé iarracht i rith Mhí Lúnasa agus Mhí Mheán Fómhair 1917 rialtas na Rúise a chosaint ar na Boilséivigh. Ach b'é ba toradh dá iarracht ná gur scaoil Aleksandr Kerensky (a bhí i gceannas ar Shóivéid Petrograd) saor leo siúd.

Mikhail Sholokhov

Scríbhneoir Rúiseach a bhí i Mikhail Aleksandrovich Sholokhov (rugadh é in aice le Rostov na Donu i ndeisceart na Rúise ar an 24 Bealtaine 1905, agus fuair sé bás ar an 24 Feabhra 1984). Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1965. Ba é an t-úrscéal fada eipiciúil úd Тихий Дон/Tikhiy Don ("An Abhainn Chiúin Don") a thabhaigh an duais dó. Is í dúchinniúint na gCosacach cois Abhainn Don i ndeisceart na Rúise is ábhar don úrscéal.

Peadar Mór

B'é Peadar Mór (Rúisis: Пётр I Алексеевич nó Pyotr I Alekseyevich) an chéad impire nua-aimseartha sa Rúis, agus meas mór ag go leor de mhuintir na tíre sin air i bhfianaise na n-iarrachtaí a rinne sé leis an tír a thabhairt chun nua-aoiseachais agus chun Iartharachais.

Réabhlóid Dheireadh Fómhair

Sórt réabhlóide nó, mar is dóigh leis an gcuid is mó de na saineolaithe inniu, coup d'état sa Rúis i mí na Samhna sa bhliain 1917 ab ea Réabhlóid Dheireadh Fómhair, nó an Réabhlóid Bhoilséiveach. Tugtar Réabhlóid Dheireadh Fómhair uirthi, toisc go raibh Féilire Iúil i bhfeidhm sa Rúis go fóill le linn na réabhlóide. Ina dhiaidh sin, tháinig an Féilire Ghréagóra in úsáid go hoifigiúil, agus de réir an fhéilire sin, thosaigh an réabhlóid seo ar an gcúigiú lá de Mhí na Samhna (an tríú lá fichead de Mhí Dheireadh Fómhair, de réir Fhéilire Iúil).

B'iad an páirtí Boilséiveach, an páirtí Meinséiveach, eite chlé an pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh, agus na hAinrialaigh a bhí páirteach i Réabhlóid Dheireadh Fómhair, ach b'iad na Boilséivigh a bhain an leas ba mhó as an réabhlóid, nó tháinig siad i seilbh na Rúise go hiomlán, agus chaith siad a gcuid comhghuaillithe i leataobh i ndiaidh na réabhlóide. An Rialtas Sealadach faoi Alexander Kerensky a bhí ag rialú na Rúise roimhe sin, chaill sé an chumhacht, ach d'éirigh lucht a leanúna amach in aghaidh na mBoilséiveach, agus phléasc cogadh cathartha amach idir na Bána is na Dearga.

Ba pháirt de Réabhlóid na Rúise 1917 í Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Thosaigh an réabhlóid sin le Réabhlóid na Feabhra, agus ba de thoradh na réabhlóide sin a tháinig an Rialtas Sealadach ar an bhfód ar an chéad ásc.

Stair na Polainne

Is é is brí le stair na Polainne ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Polainne fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire.

Tháinig na treibheanna Slavacha go dtí limistéar na Polainne i mblianta Imirce Mhór na Náisiún, sna sálacha ag na Teotanaigh agus na Húnaigh a rinne spior spear d'Impireacht na hIar-Róimhe i dtús na Meánaoiseanna. Thosaigh an t-eagar ceart polaitiúil ag teacht ar an bPolainn sa deichiú haois, faoi stiúir an rítheaghlaigh atá ainmnithe as Piast, sinsear finscéalach na clainne nach raibh ann ar dtús ach treabhdóir bocht.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.