Consan

Fuaim a dhéantar le dúnadh nó caolú chonair an ghutha chun go stoptar nó go laghdaítear sreabhadh an aeir ar feadh tamaillín. Mar shampla, dúntar na liopaí chun p a rá, agus cuirtear an teanga i gcoinne an charbaill chun s a rá. Go minic bíonn consan ag tús is ag deireadh siolla, mar atá i c o n-s a n.

Latin alphabet Tt
An litir "t", ar chonsan é
An Fharóis

Teanga Lochlannach, is é sin teanga Gearmáinice Thuaidh, í an Fharóis a labhraítear in Oileáin Fharó agus i measc lucht imirce ó na hoileáin sa Danmhairg. Is í an Íoslainnis an teanga is cóngaraí don Fharóis, ach ní féidir le cainteoirí an dá theanga mórán tuisceana a bhaint as caint a chéile. Scéal eile é go bhfuil an Fharóis scríofa sách intuigthe ag an duine a bhfuil an Íoslainnis aige. Is é is cúis leis seo go bhfuil scríbhneoireacht na Faróise níos cosúla le struchtúr stairiúil na bhfocal sa tSean-Lochlainnis ná le fíor-fhuaimniú na bhfocal i bhFaróis an lae inniu.

Tá Faróis ó dhúchas ag seasca nó ochtó míle duine. Ó thaobh líon na gcainteoirí de is féidir a rá go bhfuil sí chomh beag nó chomh neamhfhorleathan le Gaeilge na Gaeltachta. Thairis sin, bíonn difríochtaí móra idir na canúintí, nó tá ocht móroileán déag in oileánra Fharó, agus ar ndóigh d'fhorbair caint na ndaoine sna hoileáin difriúla ar bhealaí éagsúla.

An Haicléara Mánas

Téacs Gaeilge ón naoú haois déag is ea An Haicléara Mánas, agus é scríofa sa chineál Gaeilge a bhí á labhairt timpeall an Chlocháin, Co. na Gaillimhe, san am sin. Pádraig Ó Loideáin, duine de mhuintir na háite a chuaigh ar imirce go Pennsylvania, a chum an scéal, de réir dealraimh. Ba í Nancy Stenson a chuir in eagar é, agus tháinig an leabhar i gcló sa bhliain 2003.

An Hásais

Teanga Sheadach í an Hásais a labhraítear san Afraic Thiar. Sa bhliain 1991 bhí breis is seacht milliún is fiche ag labhairt na teanga, ach tá teacht ar fiche milliún duine, a bheag nó a mhór, a d'fhoghlaim mar dhara teanga í agus a bhaineann úsáid an fhrancbhéarla aisti. Teanga thonúil í an Hásais don chuid is mó, ach i dtuaisceart an réigiúin ina labhraítear í chuaigh an tonúlacht in éag faoi thionchar na dteangacha Beirbeireacha.

Tá dhá inscne ghramadúla ag na hainmfhocail Hásaise, agus cuirtear an uimhir iolra in iúl le hiarmhíreanna ina n-eamhnaítear consan deiridh an tamhain: teebùr "bord, tábla", teeburoorii "boird, táblaí"; ƙoofàà "doras", ƙoofoofii "doirse". Tabhair faoi deara an dóigh a n-eamhnaítear an -r sa chéad fhocal agus an -f- sa dara focal acu. Maidir leis an mbriathar, tá a lán foirmeacha aige, ach ní chuirtear iar- ná réimíreanna leis an mbriathar féin, ach bíonn mír scoite ag teacht roimhe leis an bhfoirm a chur in iúl: yanàà tàfiyaa "tá sé ag siúl", yakàn tàfi "siúlann sé, bíonn sé ag siúl", yà tàfi "caithfidh sé siúl". Tabhair faoi deara an fhoirm eisceachtúil tàfiyaa: is ainmfhocal briathartha é, cosúil le "siúl" na Gaeilge. Sna foirmeacha eile áfach úsáidtear tàfi, arb é an fhoirm orduitheach é, cosúil le "siúil!" na Gaeilge.

An Ollainnis

Teanga Gearmáinice Iartharach is ea an Ollainnis, nó an Ísiltíris ( Nederlands), agus í á labhairt ag 24 mhilliún duine, a bheag nó a mhór, san Ísiltír agus sa Bheilg don chuid is mó. Pléimeannais a thugtar ar chanúint Fhlóndrais sa Bheilg. Is deacair a rá, cé acu teanga ar leith nó canúint Ollainnise atá sa Phléimeannais. Is é an caighdeán céanna a úsáidtear sa dá thír, cé go bhfuil an teanga labhartha an-difriúil sa Bheilg. Labhraítear an Afracáinis san Afraic Theas agus sa Namaib. Teanga í a d'fhorbair as an Ollainnis faoi bhrú theangacha eile an réigiúin - canúint a shaothraítear mar theanga ar leith inniu.

Mar oidhreacht choilíneach, tá stádas oifigiúil ag an Ollainnis in Aintillí na hÍsiltíre, in Aruba, agus i Suranam. Is mar theanga iasachta is mó a shaothraítear an Ollainnis sna tíortha seo.

Tá gaol réasúnta dlúth ag an Ollainnis leis an nGearmáinis, go háirithe leis an Íseal-Ghearmáinis, is é sin, canúint thraidisiúnta Thuaisceart na Gearmáine. Tá gramadach na hOllainnise níos simplí ná gramadach na Gearmáinise, áfach, nó tá an difríocht idir an bhaininscneach agus an fhirinscneach beagnach imithe san Ollainnis.

Dutch a thugtar ar an Ollainnis as Béarla, ainm atá an-chosúil le hainm na Gearmáinise sa Ghearmáinis féin - Deutsch. (Is é is bunbhrí leis an bhfocal ná "teanga na cosmhuintire", is é sin, caint na ndaoine - le hí a scaradh ón Laidin, teanga na naomh is na n-ollamh.) Bhí na hOllannaigh ag tabhairt an ainm chéanna - diets nó duutsch - ar a dteanga féin sna Meánaoiseanna, agus le fírinne, níor aithin siad ach de réir a chéile gur dhá theanga éagsúla a bhí i gceist leis an nGearmáinis agus leis an Ollainnis.

Tugtar Sean-Ollainnis ar an gcineál Ollainnise a bhí á labhairt taobh istigh de chríocha na hOllainne agus na Beilge i dtús na Meánaoiseanna. Níl ach iarsmaí scaipthe fágtha den leagan seo den teanga. Ón 12ú go dtí an 16ú haois, bhí leaganacha éagsúla den teanga á scríobh i gcúigí éagsúla, agus iad faoi thionchar na gcanúintí réigiúnda. Thosaigh caighdeánú na teanga sa chúigiú haois déag, agus sa bhliain 1618 a tháinig an chéad Bhíobla amach sa teanga.

An Pholainnis

Is í an Pholainnis (język polski, polszczyzna) an teanga is líonmhaire cainteoirí i bhfoghrúpa Iartharach na dteangacha Slavacha. Tá sí á labhairt ag tríocha ocht milliún duine sa Pholainn féin. Thairis sin, tá pobail mhóra de lucht imirce á labhairt sna Stáit Aontaithe, san Fhrainc, sa Ghearmáin, san Astráil agus ina lán tíortha eile. Tá sí á saothrú ag mionlaigh dhúchasacha sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Bhílearúis agus san Úcráin. Thairis sin, bíonn intleachtóirí sna tíortha seo á foghlaim agus á húsáid le leas a bhaint as na saothair thaighde a fhoilsítear sa Pholainn agus as Polainnis, nó is minic a bhíonn cúrsaí a dtíortha féin á gcardáil ansin. Teanga thábhachtach is ea an Pholainnis do gach duine a bhíonn ag plé le léann Oirthear na hEorpa. Tríd is tríd, is féidir a mhaíomh go bhfuil an Pholainnis ag seasca milliún duine ar fud an domhain.

An Úcráinis

Teanga Shlabhach Oirthearach is ea an Úcráinis a labhraítear go coitianta san Úcráin agus mar theanga mhionlaigh sna tíortha atá ag críochantaíocht leis an Úcráin. Tá pobail mhóra Úcránacha i dtíortha an Bhéarla chomh maith, go háirithe i gCeanada. Glactar leis go bhfuil Úcráinis ag timpeall is 40 milliún duine. Úsáidtear an aibítir Choireallach leis an Úcráinis a scríobh, ach tá litreacha áirithe in úsáid san Úcráinis nach bhfuil le fáil in aibítir na Rúisise - є, і, ї, ґ.

Tá trí phríomhchanúint ann, mar atá, an ceann tuaisceartach, atá níos cosúla leis an mBealarúisis, an ceann iardheisceartach, agus é tar éis cuid mhór focail iasachta a fháil ón bPolainnis, agus an ceann oirdheisceartach, atá níos cosúla leis an Rúisis ná an bheirt eile acu. Is í canúint an oirthir a bhí mar dhúshraith leis an gcaighdeán oifigiúil le linn an Aontais Shóibhéadaigh, ach tá traidisiún liteartha dá cuid féin ag an gcanúint iartharach, ós rud é go raibh iardheisceart an limistéir ina labhraítear an teanga dealaithe ón Úcráin Shóivéadach sna blianta idirchogaidh, agus é curtha leis an bPolainn. Inniu, is é iarthar na hÚcráine an chuid den tír is láidire ó thaobh na teanga dúchasaí de, agus creidtear go mbeidh an caighdeán liteartha ag éirí níos cosúla leis an gcanúint iartharach de réir mar atá an teanga ag teacht chuici féin i ndiaidh bhlianta an tSóibhéadachais.

Tá an Úcráinis cosúil leis an Rúisis ar a lán dóigheanna, ós rud é go bhfuil dlúthghaol ag an dá theanga le chéile. Athraíonn an bhéim ó shiolla go siolla i bhfoirmeacha díochlaonta nó réimnithe éagsúla an fhocail sa dá theanga, agus bíonn sé deacair ag an bhfoghlaimeoir an teanga a fhuaimniú go ceart, ós rud é nach bhfuil a fhios aige an siolla ar a gcuirtear an bhéim i bhfoirm áirithe nó i bhfocal áirithe. Sa Rúisis, áfach, is gnách an guta faoi bhéim a fhuaimniú go fada agus na gutaí nach bhfuil faoi bhéim a lagú - go tipiciúil, déantar [a] den litir "o" i bhfuaimniú na Rúisise, ach san Úcráinis, bíonn na gutaí go léir soiléir leathfhada, cuma cé acu atá siad faoi bhéim nó nach bhfuil. Mar sin, tá blas na hÚcráinise níos cosúla leis an bPolainnis.

San Úcráinis, déantar cineál [h], nó fiú [γ] - gh leathan na Gaeilge - den litir úd г, a fhuaimnítear mar [g] sa Rúisis. Mar sin féin, úsáidtear an fhuaim [g] i roinnt focal iasachta - go háirithe focail Ghearmáinise a tháinig isteach tríd an bPolainnis, nó iasachtaí nua ón mBéarla. Úsáidtear an litir speisialta úd ґ leis na focail seo a scríobh.

Ní fheictear an litir Rúiseach ы san Úcráinis ar aon nós, nó d'imigh an difríocht idir и agus ы san Úcráinis. Mar sin, ní úsáidtear ach an litir и. Fuaimnítear cosúil le y na Polainnise í, agus ní chaolaíonn sí an consan roimpi. Ón taobh eile de, tá [i] nua forbartha san Úcráinis a chaolaíonn an consan roimhe, agus is mar і a litrítear é. Tá baint ag an і nua seo le о agus е na Rúisise, agus go tipiciúil, nuair a chuirtear iarmhíreanna díochlaonta leis an bhfocal, tagann о nó е in ionad an і.

I rith na mblianta d'imir an Pholainnis an-tionchar ar fhorbairt na hÚcráinise. Mar sin, tá stór focal na hÚcráinise breac le hiasachtaí Polainnise nó le focail a leanann múnlaí Polainnise: perebudova an focal Úcráinise ar "atógáil", cf. perestroika na Rúisise agus przebudowa na Polainnise. God an focal Rúisise ar "bliain", ach rok a deir an Polannach, agus is é rik an leagan Úcráinise. Tá an focal rok le fáil sa Rúisis, ach is é is brí leis ansin ná "cinniúint".

Chí

Is é Chi (Χ ina cheannlitir, χ ina litir bheag) an dara litir is fiche in aibítir na Gréigise. Bíodh sé mar consain phléascach choguasach séimhithe sa sean Gréigis /kʰ/.

I nGréigis Koine agus sna canúintí níos déanaí d'athraigh sé go consan cuimilteach chomh maith le Θ agus Φ. In Gréigis an lae inniú, tá dhá fhuaimniú áirithe aige: I ndiaidh gutaí tosaigh agus gutaí airde ([e] nó [i]) fuaimnítear é mar cuimilteach carballach neamhghlórach [ç], cosúil leis an "ich" sa Ghearmáinis nó cosúil leis an "h" i fuaimniú áirithe as Béarla mar hew agus human. I ndiaidh gutaí íseal agus gutaí cúil ([a], [o] nó [u]) agus consain, fuaimnítear é mar cuimilteach choguasach neamhghlórach ([x]), an "ach" sa Ghearmáinis.

Tá luach 600 aige i gcóras na n-uimhreacha Gréigise.

Tá Chí mar bhunús d'ainm an struchtúr chiastaic an focal Béarla "Chiasmus" (croseagar).

Uaireanta úsáidtear Chi nó X chun giorrúcháin a dhéanamh ar ainm An Chríost as Béarla mar shampla Xmas in ionad "christmas".

Sa teangeolaíocht tá sé mar shiombail i gcomhair cuimilteach úbhalaigh gan guth.

Úsáidtear é go minic sna staitisticí freisin.

Consan cliathánach

Is consain ar nós "L" iad cliathánaigh, a fhoghraítear iad le sú déanta áit éigin ar ais na teanga, agus a scaoiltear aer ar thaobhanna na teanga.

Fuaimniú

Próiseas ina n-athraítear an aershreabh os cionn na larainge chun raon fuaimeanna urlabhra a chruthú. Osclaíonn na gialla oiread éigin, déanann an teanga tadhall leis an gcarball ag ionaid éagsúla eile sa bhéal, agus is féidir na liopaí a dhéanamh cruinn nó spréite. Rangaítear fuaimeanna de réir ionad an fhuaimnithe (mar shampla, an chuid den charball mar a ndéanann an teanga tadhall) agus modh an fhuaimnithe (mar shampla, sreabhadh an aeir go saor chun guta a dhéanamh, nó bac a chur leis an aershreabh le consan a dhéanamh).

Gaeilge Mhanann

Teanga Ghaelach a labhraítear in Oileán Mhanann atá i gceist leis an Manainnis nó Gaeilge Mhanann (Gaelg nó Gailck). Shíolraigh sí ón Meán-Ghaeilge ar dtús, agus tá sí cosúil le Gaeilge Uladh agus Gaeilge na hAlban. Fuair an cainteoir deireanach dúchais, Ned Maddrell, bás sa bhliain 1974, ach tá athbheochan ar siúl ar an oileán agus líon na gcainteoirí ag dul i méadaíocht. Tá gaelscoil Mhanainnise ann le cúpla bliain anuas áfach, ina n-úsáidtear an teanga mar mheán teagaisc. Baineann rialtas Mhanann, an Tinbheal, úsáid as Gaeilge Mhanann mar theanga oifigiúil reachtaíochta, chomh maith leis an mBéarla.

Cé go bhfuil gaol dlúth ag an Manainnis leis na teangacha Q-Cheilteacha eile (Gaeilge agus Gàidhlig), tá an litriú bunaithe ar litriú an Bhéarla agus na Breatnaise.

Gaeilge na hAlban

Ceann de na teangacha Gaelacha í Gaeilge na hAlban (Gàidhlig (IPA: /ˈɡaː.ʎic/), mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Foghrúpa de chuid na dteangacha Ceilteacha is ea na teangacha Gaelacha, mar atá, Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanannan. Is iad na teangacha Breatnacha nó Briotanacha, mar atá, Breatnais na Breataine Bige, an Choirnis i gCorn na Breataine, agus an Bhriotáinis sa Bhriotáin, an trí theanga chomhaimseartha san fhoghrúpa seo. Taobh istigh de gach foghrúpa den bheirt, tá na teangacha sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach is deacair, fiú, an gaol atá ag an dá fhoghrúpa le chéile a aithint gan tuiscint éigin a bheith agat don teangeolaíocht Cheilteach.

Is í Gaeilge na hAlban teanga na nGael in Albain, agus cé gur i nGarbhchríocha na hAlban atá a réimeas anois don chuid is mó, bhí sí i bhfad á labhairt sa chuid is mó den tír.

Tá áit ar leith aici i gcultúr na hAlban, agus aithníonn an chuid is mó de mhuintir na hAlban é seo, idir Ghaeil agus Ghaill. Tá saibhreas beul-aithris sa Ghaeilge, óir ba í teanga chultúr na mbard sa Ghàidhealtachd ar feadh na gcéadta bliain. Chuaigh an teanga i léig nuair a tosaíodh ar ghéarleanúint a dhéanamh ar mhuintir na Gàidhealtachda agus ar a gcuid nósanna, go háirithe tar éis Chath Chùl Lodail agus Fhuadach na nGael. Inniu féin, tá dímheas ag cuid de mhuintir na hAlban ar an teanga, agus iad den tuairim nach bhfuil ann ach canúint gharbh gan úsáid liteartha. Teuchters a thuganns siad ar mhuintir na nGarbhchríoch, focal a bhfuil blas díspeagúil ciníochais air.

Ba chirte Gaeilge na nGarbhchríoch agus na nOileáin a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban inniu, nó chuaigh an teanga in éag ar fad in Ísealchríocha na hAlban le fada an lá. Labhraítí Gaeilge na nÍsealchríoch i bhfad theas in Albain, sular thosaigh an Albainis ag fáil na láimhe in uachtar uirthi. Teanga is ea an Albainis — Lallans nó Braid Scots — atá gaolmhar leis an mBéarla.

Nuxálk

Is teanga Sailíseach í Nuxálk, a labhraínn 20-30 seanduine í i mBella Coola i gCeanada. Tugadh Bella Coola ar an teanga, ach is fearr an t-ainm dúchais Nuxálk anois.

Tá 28 consan agus 3 ghuta ag Nuxálk. Ní úsáidtear an coincheap de shiolla ann, mar is féidir le go leor consan a leanúint a chéile gan guta inmheánach eatarthu. Tá clú ar theangacha Sailíseacha, go háirithe Nuxálk, de bharr seo. Mar shampla, níl ach consan sa focal seo a leanas:

xłp̓x̣ʷłtłpłłskʷc̓ [xɬp’χʷɬtɬpɬːskʷʦ’] "Bhíodh planda bunchberry ina sheilbh aige."

(Nater 1984)

Tá go leor focal i Nuxálk mar an gcéanna:

[ps] 'cruth'

[p’s] 'lúb'

[p’χʷɬt] bunchberry as Béarla (go lit., caor thriopallach)

[ʦktskʷʦ] 'tháinig sé'

[tʦ] 'buachaillín'

[skʷp] 'seile'

[sps] 'gaoth anoir-aduaidh'

[tɬ’p] 'gearr le siossúr'

[sʦ’q] 'sail ainmhí'

[sʦ’qʦtx] 'sin mo shail ainmhí thall ansin'

[tɬ] 'láidir'

[q’t] 'téigh cois farraige'

[qʷt] 'cam'

Peadar Brahe

Státaire agus fear míleata ón tSualainn a bhí i bPeadar Óg Brahe (rugadh é i gCaisleán Rydboholm i Rydbo, inniu: Österåker, ar an 18 Feabhra 1602, agus shíothlaigh sé ar an 2 Meán Fómhair 1680 i gCaisleán Bogesund i Vaxholm), Sualainnis: Per Brahe, Fionlainnis: Pietari Brahe, agus é ina Ghobharnóir Ginearálta ar an bhFionlainn sa tseachtú haois déag. Tá clú agus cáil ar Brahe san Fhionlainn inniu féin toisc go ndearna sé an-fhorbairt ar shaol agus ar shochaí na tíre lena lá. Is é an duine is óige den dá Pheadar Brahe a aithnítear i stair na Sualainne, nó bhí an t-ainm céanna ar a athair mór, sean-Pheadar Brahe, ina chomhairleoir pearsanta ag an Rí Gustaf Wasa. Maidir le Peadar Óg, bhí seisean mór leis an rí Gustaf II Adolph.

Sandhi

Is éard is sandhi ann ná an fheinimeán teangeolaíochta ina n-athraíonn cáilíocht consan mar gheall ar an bhfocal a thagann roimhe. Mar sin, má chríochnaigh an focal roimhe ar chonsan leathan athróidh sé an consan a leanann é go consan leathan freisin. Mar sin "dhún sé", d'athródh an 'n' leathan sin an 's' caol go 's' leathan. Baineann se le hathruithe ag teorainneacha na bhfocal.

Teangacha Abkhaz-Adyghe

Is grúpa teangacha iad na teangacha Abkhaz-Adyghe, na teangacha Pontacha nó na teangacha Cugasacha Iar-Thuaisceartacha a labhraítear i réigiún Cugasach na Rúise, sa Tuirc agus sa tSeoirsia. Tá na teangacha seo chomh bocht i ngutaí agus atá siad saibhir i gconsain, nó is iomaí cineál comhurlabhairt is féidir a chur le consan sna teangacha seo. Teangacha táite iad chomh maith, is é sin, teangacha ina mbaintear úsáid as a lán míreanna gramadúla éagsúla a ghreamaítear de thamhain na bhfocal.

Ní bhíonn díochlaonadh na n-ainmfhocal róchasta sna teangacha seo, ach is scéal eile ar fad é réimniú na mbriathar. Bíonn míreanna gramadúla sna briathra a chuireann in iúl comhréir iomlán na habairte, a bheag nó a mhór. Sa Ghaeilge, níl ach aon chineál amháin de mhíreanna in úsáid - na cinn a thugann le fios pearsa agus uimhir an ainmní (tugaim, tugaimid), agus na cinn seo féin ag géilleadh do chóras níos simplí (tugann mé, tugann muid). Ní cheadaítear ach aon bhriathar finideach amháin san abairt, go prionsabalta. Mar sin, ní cheadaítear fochlásail ach an oiread, agus ní mór dul i muinín córas casta rangabhálacha agus infinideach le ciall an fhochlásail a aistriú go ceann de na teangacha seo. Agus an méid seo ráite, is gá cuimhne a choinneáil air go bhfuil an Rúisis ag imirt a tionchair ar na teangacha seo, ionas go bhfuil sé ag éirí indéanta fochlásail a úsáid iontu, sa teanga Abkhaz ar a laghad.

Áirítear go bhfuil cúig theanga san fhine seo, mar atá, an teanga Abaza, an teanga Abkhaz, an teanga Ubykh, an Chabardais agus an teanga Adyghe. Chuaigh an teanga Ubykh as úsáid sa bhliain 1992, nuair a bhásaigh an cainteoir dúchais deireanach, Tevfik Esenç, sa Tuirc, i sráidbhaile Hacı Osman i réigiún Marmara. Bhí teangeolaithe ar nós Georges Dumézil agus George Hewitt in ann an teanga a thaifeadadh go cuimsitheach, agus rinne siad cairdeas maith le hEsenç, a bhí ina thogha seanchaí agus ina fhaisnéiseoir ag na taighdeoirí. Bhí ciall mhaith aige dá theanga dhúchais, agus é ábalta í a labhairt gan an iomarca focal iasachta ón Tuircis ná ón teanga Adyghe a tharraingt chuige. Bhí an dá theanga seo go líofa aige, áfach, agus chuidigh sé leis na teangeolaithe an teanga Ubykh agus an teanga Adyghe a chur i gcomparáid le chéile.

Is iad an teanga Abkhaz agus an teanga Abaza an dá theanga is gaolmhaire leis an teanga Ubykh. Le fírinne, is féidir a rá gur contanóid chanúnach iad an teanga Abkhaz agus an teanga Abaza, is é sin, go bhfuil ceann den bheirt ag iompú ina cheann eile acu de réir mar a leantar slabhra na gcanúintí idir leaganacha caighdeánacha an dá theanga. Tá an teanga Abaza níos casta ó thaobh na bhfuaimeanna de ná an teanga Abkhaz. Tá stádas oifigiúil ag an teanga Abkhaz in Oirthear na Seoirsia, sa phoblacht fhéinrialaitheach úd Abkhazia; maidir leis an teanga Abaza, áfach, níl stádas oifigiúil aici in aon áit.

Contanóid chanúnach iad an teanga Adyghe agus an Chabairdis freisin. Is gnách "Seirceisis" nó "Siorcáisis" a thabhairt orthu, má ghlactar leis gur aon teanga amháin iad. Mar sin féin, tá caighdeáin liteartha éagsúla socraithe dóibh. Tá an Chabairdis liteartha bunaithe ar an gcanúint Terek, cé go mbeadh an chanúint úd Besney intuigthe ag lucht labhartha na Cabairdise agus ag cainteoirí na teanga Adyghe araon. Tá stádas oifigiúil ag an teanga Adyghe i bPoblacht Fhéinrialaitheach Adygea sa Rúis. Maidir leis an gCabairdis, tá an stádas sin aici i dhá phoblacht bheaga sa Rúis, mar atá, Kabardino-Balkaria (an Bhalcáir Chabairdeach) agus Karachay-Cherkessia (an Chiorcáis Charaitséach).

Tá sé deacair prótatheanga réamhstairiúil na dteangacha Pontacha a chur i dtoll le chéile as an ábhar tógála atá fágtha sna teangacha seo, cé go bhfuil sé sách cinnte go bhfuil siad gaolmhar le chéile. Is iad na fadhbanna a bhíonn ag na saineolaithe ná:

go bhfuil an chuid is mó de thamhain na bhfocal aonsiollach - go minic ní bhíonn i dtamhan an fhocail ach aon chonsan amháin;go mbíonn na fuaimeanna ag athrú ar dhóigheanna casta, agus an éagsúlacht chonsan ag cur leis an deacracht;go raibh an t-ablabht (athrú gramadúil na ngutaí) ardtábhachtach i ngramadach na dteangacha seo ní ba luaithe, agus a shliocht ar chuid mhór den ghramadach inniu féin;go bhfuair teangacha na fine seo a lán focal ar iasacht óna chéile i rith na mblianta, ionas nach bhfuil sé éasca a shocrú cén chuma a bhí ar na focail sa phrótatheanga;go mbíonn na homafóin (focail nach ionann a gciall cé go bhfuaimnítear cosúil le chéile iad) sách coitianta i dteangacha na fine.

Teangacha Bundúchasacha na hAstráile

Tá teangacha Bundúchasacha na hAstráile ar na teangacha is sine ar domhan, cé go bhfuil lion na gcainteoirí ag laghdú go tiubh. Tá a lán finte teangacha agus teangacha aonair ann a bhaineann leis an Astráil amháin agus le roinnt oileán máguaird; scéal ar leith is ea an Tasmáin. Ní léir faoi láthair cén gaol atá ag na teangacha seo lena chéile, cé go bhfuil dul chun cinn mór á dhéanamh i gcúrsaí taighde le roinnt blianta anuas.

Sa cheathrú deiridh den 18ú haois bhí idir 350 agus 750 treibh Bhundúchasach ann agus an oiread céanna de theangacha nó de chanúintí. Inniu tá níos lú ná 150 teanga Bhundúchasach ann, agus níl ach fiche ceann acu nach bhfuil i gcontúirt mhór. I measc na dteangacha a mhaireann, níl ach 10% á bhfoghlaim ag páistí, agus sin sna ceantair is iargúlta. Tá ag éirí le teagasc dátheangach i mionphobail áirithe. Timpeall 3,000 cainteoir atá ag na teangacha is treise.

Scar an Tasmáin leis an mór-roinn ag deireadh na hoighearaoise deireanaí, agus meastar nach raibh baint ar bith ag Bundúchasaigh an oileáin úd leis an saol amuigh ar feadh tuairim is 10,000 bliain. Ní féidir a gcuid teangacha a rangú cheal faisnéise, ach dealraíonn sé go raibh cosúlacht éigin idir iad agus teangacha na mór-roinne ó thaobh na fóineolaíochta de.

Xhosa

Ceann de theangacha oifigiúla na hAfraice Theas is ea an teanga Xhosa nó an Chóisis. Tá sí ó dhúchas ag 7.9 milliúin duine, thart ar 18% de dhaonra na tíre sin. Ceann de na teangacha Bantúcha í, ach fuair sí na smeach-chonsain ar iasacht ó na teangacha Khoisan, nach bhfuil gaolmhar léi. Tá consan den chineál seo i dtús ainm na teanga féin: [kǁʰoːsa]. Cosúil lena lán teangacha Bantúcha eile, is teanga thonúil í an teanga Xhosa, is é sin, is féidir athchiall an fhocail a chur in iúl trí mhalairt ton a chur leis. Baineann sí leis an bhfoghrúpa Bantúch ar a dtugtar Nguni, agus í intuigthe ag cainteoirí na dteangacha Nguni eile, cosúil leis an tSúlúis, an teanga Swati agus an teanga Ndebele Thuaidh.

Le bheith beacht, ní thagraíonn an focal sin Xhosa don teanga amháin ach do lucht a labhartha freisin. Úsáideann an teanga Xhosa le córas réimíreanna le cur in iúl cé acu atá i gceist: ciallaíonn amaXhosa lucht labhartha na teanga, ach is í isiXhosa ainm na teanga féin. Cuid é seo den chóras aicmiúcháin a bhfuil a leithéid le fáil sna teangacha Bantúcha go léir.

Tháinig an chéad aistriúchán Bíobla i gcló as Xhosa sa bhliain 1859, agus ó sin i leith, d'fhorbair litríocht bheo nua-aimseartha sa teanga. Mar sin féin, is féidir a rá nach bhfuil mórán measa ag lucht a labhartha féin uirthi inniu, nó i laethanta na cinedheighilte, chuaigh na húdaráis i dtuilleamaí na dteangacha dúchasacha leis an mBéarla, an saol mór agus an t-ardoideachas a choinneáil as aice láimhe na nGormach. Inniu, is fearr le lucht labhartha na teanga Xhosa an t-ardoideachas a tharraingt orthu trí mheán an Bhéarla.

Cainteoirí aithnidiúla dúchais iad Nelson Mandela agus Miriam Makeba.

Yolngu Matha

Tugtar Yolŋu Matha (yolŋu = daoine; matha = teanga) mar ainm coiteann ar theangacha na Yolngu (Yolŋu), Bundúchasaigh Thír Arnhem in oirthuaisceart na hAstráile. Tá na teangacha seo ar na cinn is láidre de na teangacha Bundúchasacha, agus tá baint acu le cultúr bríomhar a chuireann sé féin in iúl trí dheasghnátha agus ealaín ar leith.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.