Ciclipéid

Is bailiúchán eolais scríobtha í ciclipéid ina bhfuil díriú ar gach uile réimse eolais, nó réimse amháin eolais.

Brockhaus Lexikon
Ciclipéid Brockhaus Lexikon

Stair

Is í "Naturalis Historia" an chiclipéid is sine atá ann.

Naturalishistoria
Ciclipéid "Naturalis Historia"
Ainmníocht dhéthéarmach

An córas nua-aoiseach tacsanomaíoch chun orgánaigh a ainmniú is a rangú a bhunaigh an nádúraí Sualannach Carl Linnaeus (1707-1778) i lár an 18ú céad. Tá ainm uathúil eolaíoch Laidineach ag gach speiceas ina bhfuil dhá fhocal (déthéarma): ainm gnéitheach le ceannlitir, agus ainm speiceasach. Mar shampla, dhá speiceas de ghné na cruithneachta is ea Triticum aestivum (gnáthchruithneacht aráin) agus Triticum durum (cruithneacht dúraim).

Bocsaeir

Pór madra. An cholainn mór matánach, an ceann cruinn dlúth, na cluasa bog crochta, an soc gearr leathan, le gialla suntasacha is giall íochtarach starraiceach. Saothraíodh é ón tarbhghadhar sa Ghearmáin sa 19ú céad.

Brocaire Breatnach

Brocaire a saothraíodh sa Bhreatain Bheag ó bhrocairí Sasanacha. An fionnadh flannbhuí/donn is bán, tiubh. Beagnach gan aon eireaball. An t-aon bhrocaire a aimsíonn. Inneach maith ann.

Brocaire Gaelach

Brocaire meánach gníomhach le fionnadh garbh scothdhearg/crón. Na cluasa bog, in airde. Barr an tsoic timpeallaithe le scuab gruaige fada. Sciotar an t-eireaball, ach é níos faide ná i mbrocairí eile.

Brocaire Yorkshire

Brocaire beag Briotanach. Gruaig fhada thanaí dhonn nó ghormliath. Téann a fhionnadh go talamh. A cheann le cluasa móra díreach suas is gruaig fhada orthu.

Brocaire carn

Brocaire a saothraíodh i dtuaisceart na hAlban chun sionnaigh a ruaigeadh as a bpoill. Beag le cosa gearra. An fionnadh donn tiubh mosach. Na cluasa ceartdíreach is an dreach airdeallach.

Bulladóir

Pór madra a d'úsáidtí sa Bhreatain sa Mheánaois le haghaidh gríosú tarbh. Tugtar tarbhghadhar air freisin. An cholainn trom le cosa bóracha gearra is eireaball gearr, an ceann mór cruinn le soc leata geancach, na cluasa is na súile beag, an fionnadh gearr, donn nó donn is bán.

Bás

Bás a thugtar ar an riocht atá ar neach éigin nuair a bhíonn deireadh le gach gníomhaíocht cheallach atá riachtanach don bheatha, buille an chroí is an riospráid, agus nach féidir na córais sin is an duine a athbheochan.

Cú Faró

Pór madra ar meánmhéid a saothraíodh san Éigipt. Cosúil ina sheasamh le cú (rásaíochta), ach le cluasa móra leathana bioracha a choinníonn sé in airde. An fionnadh gearr, scothdhearg/donn nó bán le paistí liatha nó scothdhearga.

Dalmátach

Pór madra ó na Balcáin, nó b'fhéidir duchasach don India na céadta bliain ó shin. Mór, déanta go héadrom, le cosa, eireaball is soc fada. Na cluasa gearr crochta, an fionnadh gearr bán le spotaí dubha nó donna.

Fiachú

Pór madra a saothraíodh in Albain ó shinsir ón Meánmhuir. Ard caol, na cosa an-fhada, an t-eireaball fada, an fionnadh mosach liath, an ceann beag le cluasa gearra boga.

Luirsire

Madra cros-síolraithe a choinníodh póitseálaithe chun greim a fháil ar choiníní is giorriacha. De ghnáth, is cros-síolrú cú is madra caorach é.

Matthew Hussey

Tá aithne ar an Ollamh Matthew Hussey mar Cheann ar roinn na fisice agus mar Stiúrthóir/Déan ar Dhámh na hEolaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus mar scríbhneoir leis na blianta, i nGaeilge agus i mBéarla, maidir le cúrsaí teicniúla. Is iomaí alt atá scríofa aige, agus is é atá laistiar den chiclipéid eolaíochta is cuimsithí dá bhfuil ann sa Ghaeilge, Fréamh an Eolais. Ina chuid scríbhinní Gaeilge, is ar an ngnáthléitheoir ar suim leis cúrsaí teicniúla a dhíríonn sé.

Peicinís

Madra beag bídeach a saothraíodh sa tSín suas le 2,000 bliain ó shin. An cholainn fada is na cosa gearr; an t-eireaball lúbtha os cionn an droma; na cluasa fada ar crochadh; an aghaidh leata, beagnach gan soc; an fionnadh an-fhada mín, an-tiubh ar an muineál is an cliabhrach.

Púdal

Pór Francach madra a saothraíodh le haghaidh seilge ar dtús. 3 mhéid: caighdeánach (níos airde ná 38 cm), miondealbhach, agus beag bídeach (níos lú ná 28 cm). An ceann caol le cluasa ar crochadh. An t-eireaball sciota, an fionnadh tiubh, go minic bearrtha mar mhaisiúchán.

Samóideach

Speiceas gníomhach madra a saothraíodh sa tSibéir is ea an samóideach. Ar meánmhéid, le fionnadh an-tiubh gruaige fada bánghnéithí. Ní iompraíonn sé an t-eireaball os cionn an droma ach amháin nuair a bhíonn san airdeall, is é coirnithe go scaoilte.

Seabha-seabha

Pór madra a saothraíodh sa tSín roimh 1000 RC. An cholainn trom le fionnadh tiubh is moing cosúil le moing leoin, an teanga gorm, an t-eireaball lúbtha thar a dhroim. Choinnítí iad i dteampaill, agus phóraítí iad le dreach chrua chun teitheadh a chur ar na hainspridí. Tugadh isteach san Eoraip sa 18ú céad é.

Smutmhadra

Maidrín beag bídeach a saothraíodh sa tSín. A bhunús cosúil leis an bpeicinís, ach le fionnadh gearr, níos airde troime anois, ach le haghaidh leata fós agus an t-eireaball iompartha os cionn an droma.

Spáinnéar

Madra seilge a saothraíodh ar dtús chun cabhrú le sealgairí. Póraíodh é chun creach a bhailiú, éin go háirithe. Beag de ghnáth, ceanúil, cluasa fada ar luascadh. Coitianta anois mar pheata.

Vicipéid

Ciclipéid, ghréasán-bhunaithe, ilteangach, is ea an Vicipéid (i.e. Wikipedia agus na tionscnaimh ata ag gabháil leis) agus tá an méid a bhfuil inti ar fáil saor in aisce do phobal na cruinne. Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc.

Scríobhadh an chéad alt sa leagan Gaeilge i mí Eanáir 2004 agus faoi láthair tá 51,503 alt ann.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.