Ceirmeacht

Táirgí a fhaightear ó bhácáil cré, a dhéanann ábhair chrua láidre neamhsheoltacha bhriosca theasdíonacha. Bíonn úsáidí teicniúla ag na hábhair seo (mar shampla, scríobaigh, uirlisí gearrtha, líneálacha teasfhulangacha) agus úsáidí maisiúcháin. Tá plaisteacht na cré áisiúil ar dtús, mar is féidir cruthanna de gach saghas a dhéanamh aisti trí mhúnlú, teilgean, guairneáil nó comhbhrú. Úsáidtear an-chuid saghsanna cré, ó chré gharbh le haghaidh brící go dtí cré mhín bhán le haghaidh poircealláin. Is féidir ceirmeachtaí a bhácáil i gcéimeanna. Mar shampla, chun glónrú a tháirgeadh, cuirtear brat cré nó ábhair ghloiniúil ar an earra agus bácáiltear athuair é chun an cheirmeacht a dhéanamh neamhthréscaoilteach (i ndéanamh píobán) nó dathanna maisithe a chur uirthi.

Blue and white vase Jingdezhen Ming Yongle 1403 1424
Ceirmeacht
Caimeo

Bealach chun íomhá rilífe a shnoí ar bhlaosc nó cloch scothluachmhar le cisil dathanna éagsúla. Coitianta in impireacht na Róimhe, agus go dtí an lá inniu in ealaín iarthar na hEorpa. Déantar aithris air go minic i ngloine is ceirmeacht.

Comhphobal Valencia

Is Comhphobal féinrialaitheach í an Comhphobal Valencia nó Comhphobal Vaileinseach (Catalóinis: Comunitat Valenciana nó País Valencià, Spáinnis: Comunidad Valenciana) in oirthear na Spáinne. Ta sé suite idir dhá abhainn; an Sénia agus Segura, tá cósta 518 cileméadar aici ar an Méanmhuir, le achar 23,255 cm² agus 4.5 milliúin daoine ina chóanaí ann (ca. 2004). Déanann Valencia riaracháin ar na hoileáin Columbretes agus Nova Tabarca freisin. Tá na teorainn seo beagnach mar an gcéanna le teorainn an Ríocht Stáiriúl Valencia.

Corn Loch na Séad

Is ceann de na huirlisí ceoil is sine dá bhfuil in Éirinn é Corn Loch na Séad. Tagann an corn ó bhéal coirn uamha de chuid na hIarannaoise. Uirlis cheoil í seo, corn, a sheinneadh daoine a chónaigh in Éirinn le linn na hIarnaoise, breis is 2200 bliain ó shin. Bhíodh sé le cloisteáil i bhfad ó bhaile. Bhí coirn den chineál céanna ag Ceiltigh san Eoraip. Shéideadh siad na coirn i gcathanna, chun scanradh a chur ar an namhaid.

Tá an corn féin in Ard-Mhúsaem na hÉireann anois.

Cruanadóireacht

Úsáid ábhar ildaite, cosúil le gloine, a bhácáiltear ar mhiotal nó ceirmeacht mar mhaisiúchán. Is iad na teicníochtaí a úsáidtear ar mhiotail ná basse taille, champlevé, cloisonné, agus péintéireacht. Táirgeadh cruain phéinteáilte ar chopar den chaighdeán is airde i Limoges sa 16ú céad, agus baineadh feidhm as an teicníocht chéanna ar fud na hEorpa sa 18ú céad chun boscaí snaoise is giuirléidí beaga eile a dhéanamh. I maisiú ceirmeachta le cruan, cuirtear an cruan ar an mbunghloiniú bácáilte agus déantar bácáil nó dhó eile ag teocht níos lú.

Díraonadh neodrón

Iarmhairt trasnaíochta, bunaithe ar scaipeadh neodrón—ag cisil dhifriúla adamh is solad, mar shampla — chun patrún idirdhealaithe déine a tháirgeadh, ar féidir a úsáid chun struchtúr an tsolaid a dhéanamh amach. De bhrí nach bhfuil lucht glan leictreach ag neodróin, treánn siad ábhair go héasca, ach de bhrí go bhfuil moimint mhaighnéadach acu is éifeachtach iad chun tréithe maighnéadacha ábhar a iniúchadh (i gcomhábhair fhorsheoltacha ardteochta, mar shampla). Idirghníomhaíonn siad tríd an bhfórsa núicléach láidir le núicléis adamhacha, agus mar sin bíonn siad íogair d'iseatóip éagsúla sa mheán ina bhfuil siad ag taisteal. Braitheann cuid de na foinsí neodrón ar imoibreoirí núicléacha chun léas leanúnach neodrón a chur ar fáil. I bhfoinsí eile úsáidtear léis cáithníní chun foinse bíogtha neodrón a dhéanamh. Baintear feidhm as díraonadh neodrón chun an-chuid córas a anailísiú, plaistigh, ceirmeacht, criostail leachtacha, próitéiní, is ábhair bhitheolaíocha eile.

Eolaíocht na n-ábhar

Staidéar ar na hairíonna fisiciúla, ceimiceacha is innealtóireachta ábhar, de réir mar a chinneann a struchtúir mhicreascópacha na hairíonna sin, den chuid is mó. Tagann modhanna caighdeánacha tástála meicniúla ón innealtóireacht agus modhanna fisiciúla is ceimiceacha scrúdaithe ar struchtúr ábhar (le leictreonmhicreascópacht, mar shampla) san áireamh chun na naisc idir comhábhair is comhpháirteanna éagsúla in ábhair a thuiscint.

Fisic soladstaide

Staidéar ar thréithe ábhair sa staid sholadach. Fo-bhrainse d'fhisic ábhair chomhdhlúthaithe a chuimsíonn leachtanna is solaid. Ar dtús ba iad na criostail an fócas, ach faoi seo tagann córais níos casta san áireamh: cóimhiotail, ceirmeacht, solaid dhímhorfacha, agus dromchlaí.

Paul Gauguin

Ealaíontóir Francach ab ea Eugène Henri Paul Gauguin (7 Meitheamh 1848 – 8 Bealtaine 1903). Saolaíodh i bPáras é ach chaith sé seal dá óige i bPeiriú. Fuair sé bás in Atuona, sna hOileáin Mharcasacha, Polainéis na Fraince agus is ann a bhfuil sé curtha. Bhí sé ar phríomhphéintéirí na Fraince sa 19ú haois. Eisean an duine ba thábhachtaí sa Scoil Pont-Aven, agus eisean a spreag an avante garde iar-impriseanaíoch. Chuir sé lámh leis an dealbhóireacht, greanadóireacht agus ceirmeacht freisin.

Iriseoir ab ea a athair, Clovis Gauguin, agus b'as teaghlach Peiriúch sách compórdach a mháthair, Alina María Chazal.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.