Carbónáit

Sa cheimic, salann an aigéid charbónaigh[1] is ea carbónáit, a chuimsíonn an t-ian CO32-. Féadfaidh, freisin, go bhfuil i gceist leis an ainm eistear de chuid an aigéad carbónach, comhdhúil orgánach ina mbíonn an grúpa carbónáite C(=O)(O–)2 ann.

Tá na carbónáití aolchloch, carbónáit chailciam, CaCO3, atá beagnach dothuaslagtha, carbónáit mhaignéisiam, MgCO3 is dolaimít, CaMg(CO3)2 tábhachtach. Tugtar sóid níocháin ar charbónáit sóidiam ina foirm hiodráitithe Na2CO3.10H2O, agus is oibreán glanta í mar go bhfuil sí bunata is ina bogthóir uisce a dheascann carbónáit chailciam is carbónáit mhaignéisiam.

Carbonate-3D-balls
Carbónáit

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Teimpléad:Cite EB1911
Aigéad carbónach

Comhdhúil is ea aigéad carbónach (H2CO3); an fhoirm hiodráitithe de dhéocsaíd charbóin (CO2). Aigéad lag a dhíthiomsaíonn ina dhá chéim chun ian carbónáit hidrigine HCO3- is ian carbónáite CO32- a tháirgeadh. Bíonn uiscí nádúrtha sáithithe le déocsaíd charbóin, agus cinneann an tiúchan ian décharbónáite is ian carbónáite an pH iontu. In uisce báistí le haigéad carbónach íon, bíonn an pH timpeall 5.

Amóiniam

Is caitian é an t-amóiniam (NH4+) a dhéantar nuair a imoibríonn amóinia le haigéad . Faightear é i gcuid mhaith salann, clóiríd amóiniam (sal amóiniach) agus carbónáit amóinaim (sal so-ghalaithe) go príomha. Tugtar hiodrocsaíd amóiniam ar thuaslagáin uisciúla amóiniam.

Anthozoa

Rang na n-inveirteabrach muirí is ea Anthozoa, a chuimsíonnn bundúin leice, coiréil chlochacha, coiréil bhoga agus gorgainigh. Bíonn formhór na hanthozoa fásta ceangailte le ghrinneall na farraige, cé gur féidir a larbhaí spréigh amach mar chuid den planctóin. Is í an pholaip aonad bunúsach na bpolaip aibí; is éard a bhíonn ann ná colún sorcóireach agus diosca ar a bhar, le béal lárnach timpeallaithe ag braiteoga. Bíonn bundúin leice farraige den chuid is mó aonarach, ach tá an chuid is mó de na coiréil coilíneach,iad a bheith déanta ag péacadh na bpolaipí nua ón bhunaidh. Neartaítear na coilíneachtaí ag carbónáit chailciam agus ábhair eile, agus glacann siad foirmeacha éagsúla ollmhóra, plátúla, tomógacha nó duilleacha.

Tá Anthozoa san áireamh laistigh den fhíleam Cnidaria, lena n-áirítear freisin na smugairlí róin, smugairlí cuachacha agus Myxozoa agus Polypodiozoa seadánacha. An dá phríomh fho-aicmí den Anthozoa is ea an Hexacorallia, comhaltaí dá bhaill a bhfuil siméadracht faoi shé, agus áirítear leis an coiréil clochacha, bundúin leice, bundúin fheadáin agus Zoantharia; agus Octocorallia a bhíonn siméadracht faoi a hocht, agus ina measc siúd áirítear na coiréil bhoga agus na gorgainigh (pinn mhara,feananna mara agus fuipeanna mara), agus goirmíní mara. Tá Ceriantharia, an fho-aicme níos lú, comhdhéanta de bhundúin leice a mhaireann faoi thalamh, i ndríodair bhoga.

Asúirít

Mianra gorm, carbónáit chopair, ar mianach tábhachtach copair é. Faightear mar chriostail aonchlaonasacha is maiseanna dímhorfacha é. Úsáidtear na criostail a fhaightear sa bhFrainc is iardheisceart na Stát Aontaithe chun ornáidí a dhéanamh.

Cailmín

Meascán de charbónáit since is ocsaíd fheireach a úsáidtear mar ungadh do riochtaí éagsúla craicinn. Ainm a d'úsáidtí tráth ar an mianra smitsinít (carbónáit since).

Dolaimít

Mianra, cumtha as carbónáit chailciam maignéisiam, (Ca, Mg)CO3. Úsáidtear an téarma céanna do charraigeacha dríodracha carbónáite ina bhfuil níos mó ná 50% dolaimíte. Cruthaítear í de ghnáth trí athrú cailcíte, CaCO3.

Décharbónáit

HCO3-, carbónáit hidrigine. An t-ainian a chomhfhreagraíonn d'aigéad carbónach leathneodraithe. Úsáidtear décharbónáit sóidiam, NaHCO3, sóid bhácála, measctha le haigéid laga mar fhoinse ocsaíd charbóin. Is alcaileach caoin tuaslagáin uisciúla décharbónáití, le luachanna pH 8-9.

Gaineamhchloch

Carraig dríodair ina bhfuil gráinní gainimh (grianchloch go háirithe) táthaithe le chéile i maitrís, silice nó carbónáit chailciam. Is féidir go gcruthaítear í trí fhosú ag an uisce i dtimpeallachtaí muirí nó uisce úir, nó gníomhú na gaoithe (dumhaigh). Baintear as cairéal í mar ábhar tógála.

Glasar

Carbónáit bhunata chopair, Cu3(CO3)2(OH)2 a bheag nó a mhór, a chruthaítear trí chreimeadh dromchlaí copair san atmaisféar. Dath glas air.

Gloine

Is éard atá sa ghloine ná solad dímhorfach trédhearcach a ndéantar pánaí fuinneoige agus soithí bia as. Nuair a thráchtar ar ghloine gan a bheith ag sainiú cén cineál gloine atá i gceist, is í an ghloine sóide agus aoil a bhíonn i gceist, is é sin, gloine a bhfuil an tsileacáit sóidiam dhímhorfach ar an gcomhábhar is tábhachtaí di. Déantar gloine tríd na comhábhair (sóid - is é sin, carbónáit sóidiam -, aol, dolaimít, dé-ocsaid sileacain, ocsaíd alúmanaim, agus beagáinín den tsulfáit sóidiam nó den chlóiríd sóidiam) a théamh i bhfoirnéis suas go 1675 °C. Is féidir dath a chur sa ghloine le breiseáin éagsúla. Mar shampla, cuirtear ocsaíd iarainn leis an meascán le dath ruadhearg a fháil. Is minic a úsáidtear mianraí nádúrtha in áit ceimiceán glan - tróna in áit na sóide, gaineamh in áit na dé-ocsaíde sileacain, nó iathchloch, a bhfuil idir shileacáit, alúmanam, agus cailciam ann.

Tá páirt ríthábhachtach ag an ngloine sa tionsclaíocht agus san eolaíocht araon. Tugtar gloine leacaithe ar an gcineál a ndéantar pánaí fuinneoige as. Maidir leis na soithí is na coimeádáin, séidtear suas ina mboilgeoga gloine leáite iad ar dtús le múnla a chur ina dtimpeall ansin chun an cruth ceart a fháil. Is féidir úsáid a bhaint as snáithíní gloine leis an bplaisteach nó an choincréit a neartú.

Cé go bhfuil an ghloine sobhriste, tá sí sách díonta ar imoibrithe láidre ceimiceacha, cosúil leis na haigéid agus na bunanna. Is iad an fluairín agus an fhluairíd hidrigine is réidhe a chreimeann í, ach is féidir aigéad nítreach agus aigéad sulfarach a choinneáil i dtaisce i gcoimeádáin ghloine.

Luaidhe

Is í an luaidhe dúil cheimiceach uimhir a dó is ceithre scór (82), agus í 207.2 g/mol ar mheáchan adamhach. Pb an tsiombail cheimiceach. Miotal bog atá inti, agus bíonn comhdhúile na luaidhe dainséarach go leor don duine agus don dúlra, mar is dual do na trom-mhiotail. Tá loinnir ghealghorm sa luaidhe nuaghearrtha, ach tagann smúit liath ocsaíde uirthi de réir a chéile agus í i dteagmháil le hocsaigin an aeir. Is í an luaidhe an dúil is troime (de réir na huimhreach adamhaí) a bhfuil iseatóip chobhsaí aici, ach tá leathré an bhiosmait chomh fada agus go bhfuil sé chomh maith againn dearcadh ar an mbiosmat nádúrtha mar dhúil chobhsaí.

Úsáidtear luaidhe sna tógálacha, sna cadhnraí gluaisteáin, i bpiléir, agus i sciatha cosanta in aghaidh na radaighníomhaíochta. Is maith an chosaint atá sa luaidhe ar an radaíocht, ós rud é go stopann sé cuid mhór de na gáma-ghathanna agus na X-ghathanna féin. Ina dhiaidh sin féin, táthar ag iarraidh éirí as an luaidhe don chuid is mó, toisc gur trom-mhiotal agus nimh atá inti. Déanann an luaidhe dochar agus damáiste do na néaróga ach go háirithe, agus í á carnadh sa cholainn.

Tá an luaidhe trom agus bog araon, rud a chiallaíonn gur féidir di camadh agus dul as a riocht faoina meáchan féin.

Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an luaidhe, is é sin, Pb-204 (1.4 % de luaidhe an dúlra), Pb-206 (24.1 %), Pb-207 (22.1 %) agus Pb-208 (52.4 %). Iseatóp radaighníomhach é Pb-204, ach is féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht, ó tá a leathré chomh fada (1.4 x 1017 bliain - is é sin, 14,000,000,000,000,000 bliain, nó 14 chuaidrilliún bliain).

Mianraí tábhachtacha luaidhe iad an ghailéin (PbS, suilfíd luaidhe), a bhíonn measctha trí mhianta since; an bhúlainséirít (Pb5Sb4S11, suilfíd mheasctha na luaidhe agus an antamóin), an anglaisít (sulfáit luaidhe, PbSO4) agus an cheiriúisít (carbónáit luaidhe, PbCO3).

Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta atá ag an luaidhe ina cuid comhdhúl ná +2, ach is féidir leis an luaidhe an uimhir ocsaídiúcháin is dual do na dúile eile sa ghrúpa - mar atá, +4 - a bhaint amach chomh maith. Níl sé furasta luaidhe a ocsaídiú go +4. Nuair a rachaidh an fluairín i bhfeidhm ar an miotal luaidhe, ní dhéanfar ach défhluairíd luaidhe PbF2, cé gurb iomaí dúil nach sroicheann an uimhir ocsaídiúcháin is airde ach amháin faoi thionchar an fhluairín.

Na comhdhúile ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin is airde ag an luaidhe, is comhdhúile orgánacha iad de ghnáth. Sampla tipiciúil é an luaidhe teitreitile Pb[(CH2CH3)4] a d'úsáidtí mar bhreisín sa pheitreal sna laethanta a bhí, le maolú ar chnagadh an innill, go dtí gur glacadh leis go raibh an iomarca dochair ann don chomhshaol.

Maignéisít

Mianra, carbónáit mhaignéisiam (MgCO3), a chruthaítear trí charraigeacha a bhfuil cuid mhaith maignéisiam iontu a athrú le sreabháin. Cumann sí fosuithe mílítheacha maisiúla, ar foinse thábhachtach mhaignéisiam iad.

Malaicít

Mianra ar carbónáit chopair híodráitithe í, Cu2CO3(OH)2, a fhaightear i bhfosuithe síonchaite mianaigh chopair. Dath geal glas a bhíonn uirthi.

Mangainéis

Is í an mhangainéis dúil cheimiceach a 25, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann di ná Mn. Faightear ina dúil sa dúlra í, ach tá go leor mianraí mangainéise ann chomh maith. Riandúil thábhachtach í, is é sin, bíonn beagáinín mangainéise de dhíth ar an gcuid is mó de na horgánaigh bheo, ach san am chéanna, is féidir le barraíocht mangainéise dochar a dhéanamh dóibh.

Miotal crua sobhriste í an mhangainéis agus é ag breathnú cosúil leis an iarann. Tá an mhangainéis agus cuid dá comhdhúile paramhaighnéadach, is é sin, ní féidir buanmhaighnéad a dhéanamh den mhangainéis, ach má chuirtear réimse maighnéadach i bhfeidhm uirthi ón taobh amuigh, beidh sí ag freagairt an mhaighnéadais, ionas go n-aomfaidh an maighnéad í.

Bíonn an mhangainéis ag flúirsiú i screamh an Domhain, agus í ar an dara dúil déag is coitianta ansin. Mianraí tábhachtacha mangainéise iad an phirealúisít (an phoiliainít), arb ionann í agus dé-ocsaíd na mangainéise, an bhrabhainít (cineál sileacáite), an silimeileán (ocsaídí éagsúla mangainéise in éineacht le potaisiam agus bairiam) agus an ródacróisít (carbónáit na mangainéise).

Níl ach aon iseatóp amháin le fáil sa dúlra, Mn-55, agus is é an t-aon iseatóp amháin atá cobhsaí. Tá an raidiseatóp úd Mn-53 sách fadsaolach (beagnach ceithre mhilliún bliain ar leathré), ach is iseatóp saorga é.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an mangainéis ná +2, +3, +4, +6 agus +7. Is iad na comhdhúile is cobhsaí na cinn ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin úd +2 ag an mangainéis, agus bíonn na comhdhúile seo dearg (an ródacróisít mar shampla, MnCO3) nó pinc. Le fírinne, bíonn dathanna na gcomhdhúl chomh láidir sin is gur féidir úsáid an dathlí a bhaint as cuid acu. Is é +2 staid ocsaídiúcháin na mangainéise in orgánach an duine freisin, agus mar sin, ní bhíonn na comhdhúile seo chomh nimhiúil agus na comhdhúile eile.

Comhdhúile tábhachtacha iad an dé-ocsaíd MnO2 agus na sármhanganáití freisin, cosúil le sármhanganáit an photaisiam, KMnO4. Ocsaídeoir láidir í an tsármhanganáit photaisiam, agus is iomaí cineál úsáid a bhaintear aisti dá réir: bhí sí tábhachtach i ndíghalrú an uisce tráth, agus is féidir na baictéir a mharú in othrais athlasta léi freisin. Thairis sin, is ceimiceán agus imoibrí tábhachtach saotharlainne í.

Nicholas Leblanc

Ceimicí Francach ab ea Nicholas Leblanc (6 Nollaig 1742 – 16 Eanáir 1806). Shaothraigh sé próiseas Leblanc chun sóid a tháirgeadh ó ghnáthshalann ar bhonn trádálach. Measctar aigéad sulfarach le salann chun sulfáit sóidiam a dhéanamh. Nuair a mheasctar seo le carbón, cruthaítear suilfíd sóidiam, agus imoibríonn sí seo le haolchloch chun carbónáit sóidiam (sóid) a tháirgeadh. Níos déanaí, tháinig próiseas Solvay a bhí níos éifeachtaí.

Potaisiam

Is é an potaisiam dúil uimhir a 19 sa tábla peiriadach. Fuair sé a ainm Gaeilge ón bpotais, is é sin, an mianra carbónáite (carbónáit an photaisiam, K2CO3) as ar haonraíodh é an chéad uair riamh. Potassium an t-ainm Béarla agus Fraincise freisin, ach tá siombail cheimiceach an photaisiam, K, bunaithe ar an ainm Gearmáinise Kalium, a úsáidtear ina lán teangacha eile chomh maith. Tháinig an t-ainm sin as focal Araibise a chiallaíonn "luaith".

Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, is miotal bog éadrom é an potaisiam a bhfuil loinnir an airgid ghil ann go gairid ar lorg a ghearrtha, ach is dual dó brat ocsaíde a tharraingt air féin go sciobtha i dteagmháil leis an aer. Ar ndóigh, imoibríonn sé go fíochmhar leis an uisce, agus mar sin, is gá potaisiam a choinneáil i dtaisce istigh in ola lena chosaint ar an aer agus ar an bhfliuchas.

Tá imoibriú an photaisiam leis an uisce níos fíochmhaire fós ná imoibriú an tsóidiam, agus is dual dó an hidrigin a scaoiltear saor sa teagmháil a chur ar bharr lasrach le teas an imoibriúcháin. Mar sin, tá sé thar a bheith contúirteach triail a bhaint as an imoibriúchán seo, cé go ndéantar ó am go ham ar scoil é le himoibríocht na miotal alcaileach a ghléiniú.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an bpotaisiam ná 1s22s22p63s23p64s1.

Is é sin, tá aon s-leictreon amháin aige taobh amuigh den ochtréad, mar fhiúsleictreon, agus tagann adamh an photaisiam an leictreon seo go fonnmhar ar iasacht, ionas gur féidir leis féin iompú ina ian deimhneach, K+. Is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin amháin atá ag an bpotaisiam ná +1, agus cruthaíonn sé comhdhúile atá an-chosúil le comhdhúile an tsóidiam, is é sin, salainn (comhdhúile ianacha). Bíonn comhdhúile an photaisiam so-thuaslagtha san uisce. Má chuirtear salann potaisiam trí thine, aithneofar an potaisiam ar an lasair vialaite.

Ní féidir a rá go mbeadh an potaisiam - is é sin, ian an photaisiam - nimhiúil nó tocsaineach don duine. Tá sé ag teastáil ó orgánach an duine leis an gcothromaíocht osmóiseach a choigeartú idir na cealla agus an sreabhán scáineach, nó leis na cealla néarógacha a choinneáil ag obair.

Próiseas Solvay

Teicníocht chun carbónáit sóidiam, alcaile thábhachtach thionsclaíoch, a tháirgeadh. Shaothraigh an ceimicí Beilgeach Ernst Solvay (1838-1922) é i 1865, agus d'fheabhsaigh Ludwig Mond é i 1870. Déantar clóiríd sóidiam a chóireáil le hamóinia, agus ina dhiaidh sin le dé-ocsaíd charbóin. Uaidh sin faightear décharbónáit sóidiam (a théitear chun an charbónáit sóidiam a tháirgeadh) agus clóiríd amóiniam (a dhéantar a chóireáil le sóid chun an t-amóinia a fháil ar ais le hathúsáid).

Strointiam

Is é an strointiam dúil cheimiceach uimhir a 38, agus ós rud é go bhfuil dhá fhiúsleictreon aige taobh amuigh den ochtréad, is ceann de na miotail chré-alcaileacha é. Sr an tsiombail cheimiceach a sheasann dó. Miotal bog é a bhfuil loinnir gheal nó bhuí ann agus é an-araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile. Fuair an strointiam a ainm ó Shròn an t-Sithein, sráidbhaile in Albain in aice leis an áit inar thángthas ar an strointiam an chéad uair riamh. Ba é an ceimiceoir Adair Crawford ba thúisce a d'aithin go raibh mian ar leith i gceist, thiar sa bhliain 1790, ach ba é Sior Humphry Davy a d'aithin is a d'aonraigh an miotal féin. Chomh himoibríoch is atá an strointiam, níl sé ar fáil sa dúlra mar ghlanmhiotal: mianraí tábhachtacha strointiam iad an strointiainít agus an cheilistít. Carbónáit strointiam atá sa strointiainít, agus sulfáit atá sa cheilistít.

Is í an staid ocsaídiúcháin is dual dó ná +2, ós miotal cré-alcaileach é.

Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an strointiam, mar atá, strointiam a 84 (0.56 % de strointiam an dúlra), strointiam a 86 (9.86 %), strointiam a 87 (7.0 %) agus strointiam a 88 (82.58 %). Iseatóip chobhsaí iad seo go léir. Is é strointiam 90 an raidiseatóp is tábhachtaí agus, b'fhéidir, is míchlúití, nó is eamhnán coitianta é a tháirgtear sna himoibreoirí núicléacha. Mar sin bíonn cuid mhaith den iseatóp seo le fáil sa dramhaíl núicléach. Chomh cosúil agus atá sé leis an gcailciam ó thaobh na ceimice de, agus an t-ian, fiú, ar aon mhéid le hian an chailciam, is dual dó carnadh sna cnámha agus dochar tromchúiseach a dhéanamh ansin. I dtús na seascaidí, d'aithin an Dochtúir Louise Reiss sna Stáit Aontaithe go raibh strointiam 90 caoga oiread níos coitianta i bhfiacla na leanaí a rugadh i ndiaidh na dtrialacha núicléacha mórscála ná rompu, agus ba spreagadh é seo chun cosc a chur ar na trialacha núicléacha san atmaisféar.

Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air gur féidir leas a bhaint as strointiam 90 freisin: úsáidtear i ngineadóirí núicléacha é, a chlaochlaíonn fuinneamh na radaíochta go leictreachas.

Maidir leis na hiseatóip chobhsaí, áfach, glactar leis nach bhfuil mórán dochair iontu do shláinte an duine, agus is féidir go bhfuil iarsmaí beaga strointiam úsáideach don cholainn dhaonna.

Trabhairtín

Saghas aolchloiche a chruthaítear trí dheascadh i dtoibreacha nó srutháin atá tiubh le carbónáit chailcíte thuaslagtha. Nuair a bhíonn sé póiriúil agus cuma spúinsiúil air, tugtar calc tufa air. Tochlaítear go forleathan i dTuscáin na hIodáile agus úsáidtear mar chloch phábhála é.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.