Cabáiste

Planda débhliantúil glas nó corcora-duilleach is ea cabáiste(a chuimsíonn grúpaí éagsúla saothróga de Bhrassica oleracea), a fhástar mar bharr ghlasraí bliantúil i gcomhair a gceann dlúthduilleach. Tá dlúthbhaint aige le glasraí croisiféaracha eile, cosúil le brocailí, cóilis, agus bachlóga Bruiséile, síolraíonn sé ó B. oleracea var. oleracea, cabáiste fiáin machaire. Cuimsíonn cinn cabáistí raon ó 0.5 go dtí 4.0 cileagram, agus is féidir iad a bheith glas, corcra nó bán agus bíonn cabáiste Savoy mín-dhilleach dearg agus crap-dhilleach dearg nó glas ar na cinn is neamhchoitianta. Is glasra ilscaireach é. Faoi choinníollacha ina mbíonn laethanta fada sholas na gréine ann, mar shampla sna hard-domhanleithid thuaidh i rith an tsamhraidh, is féidir le cabáiste fás i bhfad níos mó.

?
Cabáiste
Cabbage

Aicmiú eolaíoch
Ríocht:Plantae
Aicme:Eudicots
Fine:Brassicaceae
Speiceas:Brassica oleracea
An tSeirbia

Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an tSeirbia, nó Poblacht na Seirbia (Seirbis: Република Србија nó Republika Srbija). Is í Béalgrád an phríomhchathair agus an chathair is mó. Tá sí suite ag crosaire idir Lár na hEorpa agus Oirdheisceart na hEorpa. Tá stair agus cultúr éagsúil ag an tír cé gur tír réasúnta beag í. Faoi láthair tá sí ag dul tríd an aistriú ó Sóisialachas Tito agus ré Milošević go daonlathas. Tá teorainn aici leis An Ungáir ó thuaidh; An Rómáin agus an Bhulgáir san oirthear; an Mhacadóin ó dheas agus; an Chróit, an Bhoisnia, agus Montainéagró san iarthar; freisin tá teorainn aici leis an Albáin tríd an réigiúin Cosaive.

Ó lonnaigh na Seirbiaigh sna Balcáin, bhunaigh siad stáit éagsúla, ar deireadh d'aontaigh siad mar Impireacht na Seirbia sa bhliain 1346. Faoin 16ú haois, rinne Impireacht Otamánach gabháil ar an réigiúin iomláin ina bhfuil Seirbia an lá inniu suite. San 19ú haois ath-bhunaigh réabhlóid Seirbia mar mhonarcacht bhunreachtúil. I ndiaidh tamaill d'fhás an ríocht seo agus fuair siad réidh leis an feodachas ar fud na Balcáin. Sa bhliain 1918 aontaigh an cúige Hapsburgach Vóvaidín le Ríocht na Seirbia. I ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, bhí Seirbia páirteach i gcur le chéile an chéad Iúgslaiv leis na náisiúnaithe eile Slavaigh ó dheas, bhí an t-aonán seo i ré i bhfoirm éagsúla go dtí an bhliain 2006. Sa bhliain sin aisghabh Seirbia a neamhspleáchas. I mí Feabhra 2008 d'fhógair pairlimint UNMIK-riaraithe Cosaive, cúige Seirbia ó dheas, neamhspleáchas. Bhí freagairt rialtais idirnáisiúnta measctha, le cuid mhaith den Eoraip ag tabhairt aitheantas don aonán nua. Tá Seirbia mar bhaill de chomhlachtaí idirnáisiúnta éagsúla, ina measc tá, NA, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip(ESCE), Comhpháirtíocht na Síochána, an Eagraíocht Comhar Eacnamaíochta na Mara Duibhe(CEMD) agus Comhaontú Saorthrádála na hEorpa Láir(CSEL). Tá sí freisin mar iarrthóir oifigiúil le bheith mar bhaill den Aontas Eorpach agus is tír neodrach í.

Bolb cabáiste

Cruimh a mhaireann i gcoilíneacht lena siblínigh i bpuball síoda ar an bplanda. Uaireanta fágann na cruimheanna an puball agus déanann imirce i línte fada thar an talamh, srón le heireaball.

Brassica

Gné plandaí a chuimsíonn cuid mhaith glasraí tábhachtacha, ina measc tornapa, mustard, agus go háirithe cabáiste, cóilis, brocailí is bachlóga Bruiséile, a shíolraíonn ón gcabáiste fiáin Brassica oleracea.

Brocailí

Planda glas sa bhfine cabáiste a fhástar i gcomhair na mbláthanna anabaí a itear mar ghlasra.

Tagann an focal 'brocailí' ón uimhir iolra den fhocal Iodálach 'broccolo', rud a chiallaíonn "bláthbharr ar chabáiste", agus is í an foirm bhídeach de 'brocco' í, rud a chiallaíonn "ionga bheag" nó "péacán".

Beirítear nó galaítear brocailí go minic ach féadfar é a ithe amh.

Rangaítear brocailí san ghrúpa saothróige 'Italica', san speiceas Brassica oleracea. Bíonn bláthchinn móra, de ghnáth glas i ndath, eagraithe i struchtúr ar aon dul le crann, ag leathadh amach ó ghas tiubh inite aige. Bíonn mais na mbláthcheann timpeallaithe ag duilleoga. Bíonn brocailí cosúil le cóilis, grúpa saothróige éagsúla den speiceas céanna.

Cabáiste aille

Planda méith ilchraobhach ilbhliantúil a fhásann 30 cm ar airde, dúchasach do chóstaí na hEorpa, na Meánmhara is na Mara Duibhe. Na duilleoga roinnte ina dteascáin chaola líneacha, ciorclach i dtrasghearradh. Na bláthanna scothbhuí in umbail 3-6 cm ar leithead. Uaireanta déantar picil as na duilleoga méithe.

Cabáiste an mhadra rua

Planda ilbhliantúil a dhéanann mata, le cnotaí duilleog céasla-chruthach maolfhiaclach. Na bláthanna i gcraobhacha ar ghais ingearacha a fhásann 30 cm ar airde, bán go scothbhándearg le spotaí dearga. Hibrid is ea é, ach ní heol a bhunús. Fástar go forleathan i ngairdíní é.

Cabáiste fiáin

Is planda é an cabáiste fiáin.

Cabáiste géaraithe

Bia coitianta sa Ghearmáin a dhéantar trí chisil ailtéarnacha cabáiste mhionghearrtha is salainn a dhéanamh i mbosca adhmaid. Díbrítear aer trí ualach a chur ar barr. Ansin fágtar an t-iomlán ar feadh míosa nó mar sin le coipeadh.

Cnapfhréamh

Galar plandaí i gclann an chabáiste (Brassicaceae), cabáiste, cabáiste dearg, ráib, cóilis ghlas is a lán eile. Cuireann sí tús le borrthaí, cosúil le gáil, ar na fréamhacha is mílíthiú na nduilleog. Múscán ramallach seadánach is bun leis.

Crúibíní

Is éard atá sna crúibíní bia bruite Gaelach a dhéantar de chrúba muice. Is minic a itear leis na lámha iad agus is minic freisin a itear le cabáiste iad. Cuirtear fuidreamh orthu nó friochtar iad uaireanta.

Cál ceannann

Saghas bia Éireannaigh is ea cál ceannann a dhéantar le brúitín, cál (nó cabáiste), im, salann agus piobar de ghnáth, ach is féidir comhábhair eile a úsáid ar nós bainne, uachtar, cainneann, oinniún, síobhas agus gairleog. Bia folláin atá ann nach gcosnaíonn mórán agus a itear ar feadh na bliana go léir.

Traidisiún amháin in Éirinn a bhaineann leis an gcál ceannann ná boinn airgid a fholmhú sa bhia um Shamhna.

Cálráib

Saghas cabáiste le gas an-ghearr ata, glas nó corcra, cosúil le tornapa. Itear mar ghlasra é.

Cóilis

Is ceann de roinnt glasraí san speiceas Brassica oleracea, sa bhfine Brassicaceae, í an Chóilis.

Is planda bliantúil í agus ó shíol a phóraítear í. De gnáth, ní itear ach an ceann bán. Bíonn ceann na cóilise comhdhéanta de mhíristéama bláthrach. Bíonn cinn na gcóiliseacha cosúil leo siúd i mbrocailí, atá éagsúil sa mhéid go bhfuil bachlóga bláthanna acu. Áirítear san speiceas Brassica oleracea freisin brocailí, bachlóga Bruiséile, cabáiste, Brassica oleracea var. viridis, agus cál, cé gur de ghrúpaí saothróg éagsúl iad.

Glasra

Is é is brí leis an bhfocal glasra ná planda nó cuid áirithe de phlanda a itheann daoine agus ainmhithe mar bhia, taobh amuigh den síol ar a dtugtar toradh. Ní sainmhíniú eolaíochta é seo, agus de ghnáth braitheann sé ar thraidisiún an chultúir atá i gceist.

Tugtar feoilséantóirí nó veigeatóirí ar iad siúd a itheann glasraí amháin.

Iúil

Is í Mí Iúil an seachtú mí den bhliain. Úsáidtear an leagan Béarla d'ainm na míosa go forleathan sna canúintí, agus is minic a thugtar July an Chabáiste ar Mhí Iúil fosta, nó nuair a bhí drochbhliain ann, ní bhíodh le hithe ag na daoine bochta ach cabáiste, sula n-aibíodh na prátaí i Mí Lúnasa.

Fuair an mhí a hainm ón Impire Rómhánach Iúl Caesar, a thug isteach féilire nua, Féilire Iúil, lena linn. In Éirinn is í seo an tríú mí den samhradh.

Tá a laethanta náisiúnta ag dhá cheann de na tíortha is cumhachtaí ar domhan i mí Iúil, an 4ú lá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá a cheiliúrann Fógra na Saoirse, agus an 14ú lá ag an bhFrainc, Lá an Bastille.

Cuireadh Cath na Bóinne ar an 12 Iúil 1690, nuair a rug an tÍsiltíreach Liam, a raibh coróin na Breataine bronnta air ag an bParlaimint, bua ar an Rí Séamus II, agus ceiliúrann an tOrd Oráisteach an lá sin gach bliain.

Kimchi

Bia as an gCóiré Theas is ea Kimchi. Cabáiste atá ann a rinneadh a choipeadh le salann, piobar agus gairleog.

Lá Samhna

Is é Lá Samhna an chéad mhí den geimhreadh in Éirinn. Bliain úr na SeanCheilteach a bhí ann fosta, an fhéile ba thábhachtaí sa bhliain ar fad. Inniu ceiliúrtar Lá na Naomh Uile ar 1 Samhain freisin.

Níl na teangeolaithe ar aon intinn faoin chiall cheart atá leis an fhocal Samhain. Creideann cuid de na saineolaithe gur samhfhuin atá ann, nó ‘deireadh an tsamhraidh’ ach ina éadan sin, tugadh na Ceiltigh sa Fhrainc fadó samonios ar an mhí ghealaí idir Mí Dheireadh Fómhair agus Mí na Samhna fosta.

Oíche Shamhna

Saoire i bhféilire an Iarthair is ea Oíche Shamhna, a cheiliúrtar ar an 31 Deireadh Fómhair. Ceiliúrtar in Éirinn, i SAM, i gCeanada, sa Bhreatain, san Astráil, agus sa Nua-Shéalainn í.

Tá baint idir Oíche Shamhna agus an Chríostaíocht sa lá atá inniu ann, ach téann stair na Samhna i bhfad siar roimh ré na Críostaíochta. Tá an fhéile níos saolta anois áfach.

Tornapa

Glasra crua gairdín bliantúil nó débhliantúil a fhásann 1 m ar airde. Gealghlas le duilleoga an-liopacha, na bláthanna buí croischruthach, gaolmhar le cabáiste, ach le tiúbair inite. Is iad na príomhchineálacha Brassica rapa, le tiúbair bhána, agus rutabaga nó svaeid (Brassica napobrassica) le tiúbair bhuí. Sa tornapa saothraithe tá bunfhréamh thiúbrach inite, agus fástar go forleathan é mar ghlasra is foráiste ainmhithe. Sa tornapa fiáin ní bhíonn bunfhréamh ata.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.