Cáisc

Féile Chríostaí is ea an Cháisc (ainm.u. Cáisc, gin.u. Cásca), agus í ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaí. De réir scrioptúr Críostaí, d'aiséirigh Íosa Críost tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá.

Meastar gur thit na heachtraí i gceist amach áit éigin idir 26 agus 36 AD.

Féilire

Braitheann an dáta ar casadh na gealaí, agus ní ionann an dáta gach bliain. Bíonn difríocht, freisin idir dáta a cheiliúrtha sna heaglaisí san iarthar, agus sna heaglaisí Ceartchreidmheacha, mar nár ghlacadar le féilire Ghréagóra, a chuir eaglais na Róimhe i réim.

  • Cuireann an Cháisc deireadh le Carghas.

Sanasaíocht

Tagann an focal ón Laidin Pasqua, mar ní raibh an litir ná an fhuaim p sa sean-Ghaeilge, agus chuirtí c (fuaim q na Laidine agus an Bhéarla) ina áit.

An tSeirbia

Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an tSeirbia, nó Poblacht na Seirbia (Seirbis: Република Србија nó Republika Srbija). Is í Béalgrád an phríomhchathair agus an chathair is mó. Tá sí suite ag crosaire idir Lár na hEorpa agus Oirdheisceart na hEorpa. Tá stair agus cultúr éagsúil ag an tír cé gur tír réasúnta beag í. Faoi láthair tá sí ag dul tríd an aistriú ó Sóisialachas Tito agus ré Milošević go daonlathas. Tá teorainn aici leis An Ungáir ó thuaidh; An Rómáin agus an Bhulgáir san oirthear; an Mhacadóin ó dheas agus; an Chróit, an Bhoisnia, agus Montainéagró san iarthar; freisin tá teorainn aici leis an Albáin tríd an réigiúin Cosaive.

Ó lonnaigh na Seirbiaigh sna Balcáin, bhunaigh siad stáit éagsúla, ar deireadh d'aontaigh siad mar Impireacht na Seirbia sa bhliain 1346. Faoin 16ú haois, rinne Impireacht Otamánach gabháil ar an réigiúin iomláin ina bhfuil Seirbia an lá inniu suite. San 19ú haois ath-bhunaigh réabhlóid Seirbia mar mhonarcacht bhunreachtúil. I ndiaidh tamaill d'fhás an ríocht seo agus fuair siad réidh leis an feodachas ar fud na Balcáin. Sa bhliain 1918 aontaigh an cúige Hapsburgach Vóvaidín le Ríocht na Seirbia. I ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, bhí Seirbia páirteach i gcur le chéile an chéad Iúgslaiv leis na náisiúnaithe eile Slavaigh ó dheas, bhí an t-aonán seo i ré i bhfoirm éagsúla go dtí an bhliain 2006. Sa bhliain sin aisghabh Seirbia a neamhspleáchas. I mí Feabhra 2008 d'fhógair pairlimint UNMIK-riaraithe Cosaive, cúige Seirbia ó dheas, neamhspleáchas. Bhí freagairt rialtais idirnáisiúnta measctha, le cuid mhaith den Eoraip ag tabhairt aitheantas don aonán nua. Tá Seirbia mar bhaill de chomhlachtaí idirnáisiúnta éagsúla, ina measc tá, NA, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip(ESCE), Comhpháirtíocht na Síochána, an Eagraíocht Comhar Eacnamaíochta na Mara Duibhe(CEMD) agus Comhaontú Saorthrádála na hEorpa Láir(CSEL). Tá sí freisin mar iarrthóir oifigiúil le bheith mar bhaill den Aontas Eorpach agus is tír neodrach í.

Cáisc na nGiúdach

Is féile Ghiúdach í Cáisc na nGiúdach (Eabhrais פֶּסַח, pésach(cabhair, comhaid), «dul thart»). Cuimhnítear ar scéal Mhaois agus an tÉalú ón Éigipt, .

Déardaoin

Is é Déardaoin(cabhair, comhaid) lá na seachtaine idir Dé Chéadaoin agus Dé hAoine.

De réir coinbhinsiún áirithe, is í an chéad seachtain sa bhliain an chéad seachtain le Déardaoin inti.

Sa Ríocht Aontaithe, is é Déardaoin an lá a tharlaíonn thoghcháin, de ghnáth. Is éard an chúis ná go bheadh a n-íoc caitheamh le daoine, a íocadh Dé hAoine seo chaite.

San úrscéal The Hitchhiker's Guide To The Galaxy le Douglas Adams, deir an príomhcharactair Arthur Dent 'Ní foláir sin Déardaoin, níor tháinig mé isteach ar Déardaoin riamh', i gceann cúpla soicind, scriosadh an domhain.

Sa reiligiúin Hindu, is 'guruvar', nó lá an Guru é an Déardaoin.

Mars (barra seacláide)

Is barra seacláide é Mars á dhéanamh agus á sholáithear ag Mars Incorporated. Ar dtús, cruthaíodh agus rinneadh é i Slough sna Ríocht Aontaithe sa bhliain 1932. Is é cheann de na barraí seacláide is aitheannta ar domhan inniu é.

Réaltán Ní Leannáin

Rugadh Réaltán Ní Leannáin i mBéal Feirste, agus chaith sí a hóige agus a déaga ann le linn na seascaidí agus na seachtóidí. Tá cónaí uirthi faoi láthair i mBaile Átha Cliath

Thosaigh Réaltán ag teagasc Gaeilge agus Spáinnise i scoileanna dara leibhéal sna hochtóidí. Tá tréimhsí caite aici ar fud na Spáinne agus tá taithí aici ar go leor de na teangacha éagsúla a labhraítear ann. Bhog sí as sin go dtí an t-oideachas tríú leibhéal, ag léachtóireacht san oideachas i gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sí as sin go hOllscoil na Banríona, Béal Feirste.

Le linn di bheith ag léachtóireacht in Ollscoil na Banríona tháinig ailse uirthi. Sháraigh sí an deacracht seo, áfach, agus tá sí ag scríobh ó bhí 2007 ann. Tá cnuasach filíochta foilsithe aici, Turas Ailse (2011), bunaithe ar an eispéaras seo. Déanann sí blagáil ar ailse agus ar ghnéithe eile dá saol agus déanann sí léirmheasanna ar leabhair nua-fhoilsithe. Déanann sí tvuíteáil freisin.Sa bhliain 2015 d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a cnuasach gearrscéalta, Dílis, radharc neamhthrócaireach ó thaobh na mban de ar an saol. Bhí an-rachairt air, agus chothaigh sé conspóid lena pheirspeictíocht dhiongbháilte.

Is í Réaltán an chéad scríbhneoir Éireannach le bheith roghnaithe ag Foras na Gaeilge don tionscadal idirnáisiúnta scríbhneoireachta Focail Eile. Is clár comhpháirtíochta é Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha ar fud na hEorpa agus é mar aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chur ar bun do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh.

An tSeachtain Mhór

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.