An Tréimhse Chailceach

An tréimhse gheolaíoch dheireanach (an 3ú ceann) sa ré Mhéiseasóch, 140-65 milliún bliain ó shin. Lena linn tháinig plandaí bláfara chun cinn, agus na dineasáir ceannasach gur díothaíodh iad ag a deireadh. Chlúdaigh na farraigí cuid mhaith talún, agus sil-leagadh an-chuid cailce in iarthuaisceart na hEorpa.

Amóinít

Moileasc cosúil le nátalas atá imithe in éag. Faightear go han-mhinic ón tréimhse Dheavónach is an tréimhse Chailceach Dhéanach í. Bhí an sliogán ar an taobh seachtrach is é beo, de ghnáth bís leata, roinnte sa taobh istigh le ballaí trasnacha.

Ancalasár

Dineasár beag ceathairchosach, armúrtha le plátaí dronuilleogacha cnámhacha ar feadh na colainne is an eireabaill. An ceann beag, na fiacla laghdaithe nó as láthair. D'itheadh sé fásra. Faightear iarsmaí de ón tréimhse Chailceach i Meiriceá Thuaidh.

Asparagales

Ord de phlandaí is ea Asparagales, sna chórais aicmithe nua-aimseartha ar nós an Ghrúpa Fhíligineacht Angiospermae ( Béarla: Angiosperm Phylogeny Group) agus an Láithreáin Gréasáin Fhíligineacht Angiospermae (Béarla:Angiosperm Phylogeny Website).

Díobhaí K-T

Tugtar teorainn K-T ar an idirlinn idir an tréimhse Chailceach is an tréimhse Threasach, timpeall 65 milliún bliain ó shin nuair a díothaíodh na dineasáir agus móran gach neach beo eile ar Domhan. Seasann an T do ‘Treasach’ is an K do ‘Cailceach’ (Kreidezeit i nGearmáinis). Is ródhócha gur imbhualadh le hastaróideach ollmhór i Muir Chairib, seachas brúchtaí bolcán nó athruithe malla san aeráid, a chuir tús le hathruithe cinniúnacha aeráide ba chúis leis na díobhaí seo.

Gymnospermae

Ceann den dá roinn sna plandaí síolta, arb iad na plandaí bláfara (angaispeirmeacha) an dara roinn. Bíonn síolta nochta (gan a bheith cumhdaithe le hubhagán) acu, ach is fíordhifriúil óna chéile baill na rann. Tá siad chomh difriúil sin go meastar anois gur díorthaíodh iad ó línte dúchasacha a bhí iomlán scoite óna chéile. Cuimsíonn an roinn grúpaí beo is grúpaí iontaise. Bhí gimnispeirmeacha luatha flúirseach sa tréimhse Charbónmhar, agus cumadh cuid mhaith de na fosuithe guail astu. Ba iad an fásra ceannasach sa tréimhse Iúrasach is an tréimhse Chailceach, ach ina dhiaidh sin d'imigh an chuid is mó i léig. Tháinig cineálacha beo chun cinn go forleathan arís i rith an oighrithe dheireanaigh, agus faightear fós iad i réigiúin fhuara mheasartha is fho-thrópaiceacha, fiú sna trópaicí go hard sna sléibhte. Faoi seo, tá cuid mhaith de na cineálacha teorannaithe d'fhairsingí beaga.

Méiseasóch

250-65 milliún bliain ó shin. Ré na reiptílí móra, na ndineasár, agus na mamaigh ag teacht chun cinn ag druidim lena deireadh. Laghdaigh meánteocht an Domhain an t-am ar fad. Roinntear an ré seo ina 3 thréimhse. Sa tréimhse Thriasach, 290-195 milliún bliain ó shin, tháinig na dineasáir chun cinn agus thosaigh Pangaea ag titim as a chéile. Sa tréimhse Iúrasach, 195-140 milliún bliain ó shin, tháinig éin is na chéad mhamaigh chun cinn trí éabhlóid ó phéisteanna éagsúla. Ansin tharla an tréimhse Chailceach, 140-65 milliún bliain ó shin, agus ag a deireadh díothaíodh na dineasáir uile is 75% de gach gné bheo ar Domhan, meastar.

Semionotiformes

Ord primitíbheach d'éisc eitíghathacha is ea semionotiformes, a bhí ar fáil i bhfionnuisce go príomha, ón Tréimhse Thriasach go dtí an Tréimhse Chailceach. Is é an géineas is fearr aithne ná Semionotus na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh .

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.