An Mhuir Aeigéach

Is í an Mhuir Aeigéach (Tuircis: Ege Deniz, Nua-Ghréigis: Αιγαίο Πέλαγος/Aigaio Pelagos) an chuid den Mheánmuir atá suite idir an Ghréig (an Leithinis Bhalcánach agus an Leithinis Pheilipinéiseach) ó thaobh amháin de, agus an Tuirc (an Mhion-Áise) ón taobh eile de. Is iad Oileán na Créite agus Caolas na Dardainéile teorainneacha na Mara Aeigéiche theas agus thuaidh.

An focal Gréigise Αρχιπέλαγος/Arkhipelagos, a chuaigh in úsáid ina lán teangacha sa chiall "oileánra", is seanainm ar an Muir Aeigéach é, agus is é is bunbhrí leis ná "An Phríomh-Fharraige".

Tá an Mhuir Aeigéach ag cur thar maoil le hoileáin bheaga, agus mar sin, athrú nádúrtha céille a bhí ann.

Aegeansea
Grianghraf satailíte.

Stair

Chuaigh an  HMHS Britannic - comhlong Titanic - go tóin poil ar an 21 Samhain 1916 sa Mhuir Aeigéach. Bhuail sí mianach nó ionsaí toirpéid a bhí i gceist, níl a fhios againn.

An Bhosparais

Is chaolais é an Bosparas (Gréigis: Βόσπορο, Vósporo; Tuircis: Boğaziçi; Rúisis: Босфор, Bosfor) agus cumann páirt is cuid den teorainn idir An Eoraip agus An Áise. An Bosparas, an Mhuir Mharmara, is an chaolais An Dardainéil cumann le chéile na Chaolas Tuircis. Nascann an Bosparas, an chaolais is caoile úsáidte le haghaidh nascleanúint idirnáisiúnta, An Mhuir Dhubh leis an Mhuir Mharmara (atá nasctha mar an Dardainéil leis An Mhuir Aeigéach, agus mar sin leis Meánmhuir.)

An Dardainéil

Is caolas a ceangail an Mhuir Aeigéach go dtí Muir Mharmara í an Dardainéil. Is suite í san Tuirc. Bhí aithne air mar Heilléaspontas.

An Ghréig

Is tír í an Ghréig (Gréigis: Ελλάδα) ar a dtugtar go hoifigiúil an Phoblacht Heilléineach (Gréigis: Ελληνική Δημοκρατία).

Feachtas Gallipoli

Bhí Feachtas Gallipoli ar na cathanna ba mhó agus ab fhíochmhaire i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda. D'ionsaigh fórsaí na Breataine, na Fraince agus fórsaí nua-chruthaithe na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ANZAC), srl. an Impireacht Ottoman ag leathinis Gallipoli sa Dardainéil. Lean an cogáoicht ó 25 Aibreán 1915 go 9 Eanáir 1916.

Ar deireadh, tar éis 8 mí de chogaíocht, cuireadh an ruaig ar fhórsaí na gComhghuaillithe. Bhí an-chuid taismeach ar an dá thaobh agus fuair thart ar leathmhilliún bás.

Míora

Ba chathair ársa í Míora sa Licia (Gréigis: Μύρα), áit ina bhfuil baile beag Kale (Demre) sa lá atá inniu ann, i gCúige Antalya sa Tuirc. Bhí sí suite ar bhruach abhann an Mhíorois (Demre Çay), ar an mhá ghlárach mhéith idir Alaca Dağ, sliabhraon Massikytos agus an Mhuir Aeigéach.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.