An Ghailís

Is réigiún agus comhphobal féinrialaitheach in Iarthuaisceart na Spáinne í an Ghailís (Galiza as Gailísis agus Galicia as Spáinnis). Tá an Ghailís ag críochantacht leis an bPortáingéil agus le dhá chomhphobal féinrialaitheacha eile, mar atá, comhphobal na Caistíle agus Leon agus Comhphobal Asturias.

Tabhair faoi deara nach ionann an Ghailís sa Spáinn agus an Ghailís in Iarthar na hÚcráine in Oirthear na hEorpa. Fuair an dá réigiún an t-ainm ó na Ceiltigh, áfach, agus is ionann sanasaíocht an dá ainm, a bheag nó a mhór.

Galicia
An Ghailís
Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne
Comunidade Autónoma de Galiza
Comunidad Autónoma de Galicia
Bratach na Gailise Armas na Gailise
Bratach Armas
Suíomh na Gailise
Tír An Spáinn
Príomhchathair Santiago de Compostela
Aonaid Riaracháin A Coruña, Lugo, Ourense, & Pontevedra
Bardais 314
Teangacha oifigiúla Gailísis agus Spáinnis
Aintiún "Os Pinos"
Rialtas
 • Uachtarán

Alberto Núñez Feijóo (PPdeG)
Achar
 • San iomlán
 
29,574.4 (7ú) cm²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 • Céatadán
 
2,748,695 (2014) (5ú)
94/km2/cm²
6.5% den tír
Parlaimint
 • Suíocháin Comhdhála
 • Suíocháin Seanaid
 
25 (as 350)
19 (as 264)
Láithreán Suíomh gréasáin

Stair

Seanstair

Tagraíonn ainm na Gailíse don treibh Cheilteach a raibh cónaí uirthi sna bólaí seo fadó, chois Abhainn Douro. Thugadh na Rómhánaigh GallaeciCallaeci ar an treibh as Laidin, agus is é an t-ainm Gréigise ná Kallaikoi. Luaigh an staraí Gréagach Heireadótas faoin ainm seo iad.

Bhí cónaí ar dhornán treibheanna sa réigiún roimh theacht na Rómhánach, mar a deir staraithe Clasaiceacha ar nós Strabó, Heireadótas, agus Phlinias. Dealraíonn sé gur Ceiltigh a bhí iontu, agus go raibh siad measartha cosúil le chéile ó thaobh an chultúir de. De réir na fianaise atá ann, bhí teanga Cheilteach de shórt éigin á labhairt sa Ghailís go dtí an 15ú haois.

Teacht na Rómhánach

Mar a deir Livias, d'ionsaigh na Rómhánaigh faoi cheannasaíocht Decimus Iunius Brutus an Ghailís sna blianta 137-136 roimh bhreith Chríost, ach i ndáiríre, ní raibh an chumhacht ná an cultúr Rómhánach greamaithe go ródhomhain in ithir an réigiúin i réimeas Ágastas féin. Níor chuir na Rómhánaigh mórán suime sa chúige seo ach amháin mar fhoinse mianraí is mianaigh, ach sa deireadh, rinne siad proibhinse de faoi ainm Gallaecia. Tháinig cultúr ábhartha na Rómhánach agus a dteanga isteach i ndiaidh an ghabháltais a rinne siad, agus iad ag gearradh bóithre nua agus ag cur caoi ar na cathracha, mar ba dual dó. Ní dhearna siad iarrachtaí gníomhacha teanga na mbundúchasach a bhaint dá mbéal, áfach. Sa deireadh, rinne an Chríostaíocht féin a fódú sa Ghailís, de thoradh na nasc idir an cúige agus lárionaid chultúrtha na himpireachta.

Gabháltais na Suevi agus na Moslamach

D'fhorghabh na Suevi, treibh a raibh canúint Ghearmánda á labhairt aici, an Ghailís sa bhliain 411 AD. Ba iad na Suevi a bhunaigh an chéad ríocht mheánaoiseach sa chuid seo den Eoraip i ndiaidh Impireacht na Róimhe. Sa bhliain 584, áfach, d'ionsaigh na Viseagotaigh an Ghailís faoi cheannas an taoisigh Leovigild, agus chloígh siad ríocht na Suevi. Chuir Leovigild an Ghailís le tailte a ríochta féin, ach níor éirigh leis na Viseagotaigh a dteanga a chur á labhairt go forleathan ina ríocht. Ba iad na canúintí Rómánsacha, cosúil leis an nGailísis féin, a rug an chraobh leo.

Nuair a tháinig na Múraigh - na Moslamaigh ó thuaisceart na hAfraice - le Leithinis na bPiréiní a ghabháil sna blianta 711-718, níor éirigh leo an Ghailís a chur faoi smacht. Bhí an réigiún cosúil le garastún faoi léigear ar feadh i bhfad, ach sa deireadh, tháinig Alfonso I, Prionsa Asturias, chun fortachta do mhuintir na Gailíse sa bhliain 739. Ón lá sin ar aghaidh, bhí an Ghailís ar ceann de na ríochtaí Críostaí i dTuaisceart Leithinis na bPiréiní ina raibh canúint Rómánsach á labhairt.

Ionad Oilithreachta

Sa naoú haois AD, thosaigh cultas Naomh Séamas ag éirí tábhachtach i measc na gCríostaithe, agus dá réir sin, thosaigh na hoilithrigh ag teacht go dtí Santiago de Compostela sa Ghailís, na sluaite flúirseacha acu. Inniu féin, tugann na mílte daoine Turas Naomh Séamas go Santiago de Compostela in aghaidh na bliana, agus siombalaíonn sé tábhacht stairiúil na hoilithreachta seo do na Críostaithe go dtugann na Spáinnigh "bealach Naomh Séamas" (el camino de Santiago) ar Bhealach na Bó Finne ina dteanga.

An Ghailís faoi Fhorlámhas na Caistíle

Sa bhliain 1063, roinn Ferdinand I, Rí na Caistíle, tailte a ríochta idir a chuid mac. Ba é Garcia II, Rí na Gailíse, a fuair an Ghailís, ach má fuair féin, d'fhorghabh a dheartháir, Rí na Caistíle, Alfonso VI, an cúige, agus rinne sé cuid dá ríocht féin di. Mar sin, bhí an Ghailís á rialú mar chúige de chuid Ríocht na Caistíle agus Leon ón am sin i leith, cé go raibh féinrialtas de shórt éigin aici ó am go ham.

Sa 13ú haois, thosaigh an rí Alfonso X ag cur na Caistílise chun cinn mar theanga oifigiúil sa Chaistíl. Faoin mbrú seo, tháinig meath ar shaothrú liteartha na Gailísise, agus fuair an Spáinnis an lámh in uachtar. De thoradh na forbartha seo, fágadh an Ghailísis ina canúint bhocht i mbéal chosmhuintir an chúige, agus ba é an dearcadh oifigiúil nach raibh ann ach Spáinnis bhriste.

Sa dara leath den 16ú haois, b'éigean do Bhanríon Leon agus na Caistíle, Isibéil I, cath polaitiúil a chur ar an nGailís faoi cheist na corónach. Is amhlaidh gur tháinig éilitheoir mná ar an bhfód, bean darbh ainm Juana (Siobhán), agus ba í Siobhán Phortaingéalach, bean Annraoi IV, rí na Caistíle, a máthair. Ba í Siobhán óg an t-aon pháiste amháin a rugadh dá máthair riamh, agus ba é an chuma ar an scéal gurbh ise iníon Beltrán de la Cueva, leannán leapa na banríona - sin é an tuige go dtugtaí La Beltraneja ar Shiobhán. Sa deireadh, cloíodh Siobhán agus lucht a leanúna, agus de thoradh na n-imeachtaí seo, bhain Isibéil an neamhspleáchas nó an féinrialtas dá lán foras réigiúnach sa Ghailís. Dúirt an staraí ríoga Jerónimo Zurita y Castro gurb é an rud a rinne Isibéil ná Ríocht na Gailíse a choilleadh is a cheansú.

Tháinig deireadh deifnídeach leis an nGailís mar ríocht ar leith sa bhliain 1833, nuair a haontaíodh seanríochtaí na Spáinne in aon mhonarcacht amháin. Roimhe sin, bhí seacht bproibhinse agus lár-rialtas réigiúnach sa Ghailís, ach anois, rinneadh ceithre chúige di. Cé gur tugadh aitheantas di mar "réigiún stairiúil", ní raibh an Ghailís á rialú mar shlánaonad inti féin. Bhí muintir an réigiúin míshásta leis seo, agus tháinig gluaiseachtaí ar an bhfód a bhí ag éileamh tuilleadh aitheantais do réigiúin na Spáinne.

Sa bhliain 1846, d'éirigh na Gailísigh amach in aghaidh rialtas tíoránta Ramón María Narváez faoi cheannas an ghinearáil liobrálaigh Miguel Solís Cuetos, ach briseadh an cath orthu ag Cacheiras ar an 23 Aibreán 1846. Cuireadh ceannairí na ceannairce chun báis, an ginearál Solís ina measc. Breathnaítear orthu inniu mar mhairtírigh náisiúnta - Mairtírigh Carral, nó Mairtírigh na Saoirse.

An Rexurdimento - athbheochan an Ghailíseachais

Eduardopondal
Eduardo Pondal.

Nuair nach raibh siad in ann saoirse a bhaint amach dóibh le lámh láidir, dhírigh na Gailísigh ar an gcath cultúrtha. Thosaigh athbheochan na teanga Gailísise - an Rexurdimento. Chuaigh scríbhneoirí an réigiúin ag saothrú na Gailísise arís mar theanga chultúrtha liteartha. Bhí baint ag Rosalía de Castro, Manuel Murguía, Manuel Leiras Pulpeiro, agus Eduardo Pondal leis an ngluaiseacht seo.

Go luath san fhichiú haois, tháinig gluaiseacht nua ar an bhfód leis an réigiúnachas a chur chun cinn sa Ghailís: Solidaridad Gallega, nó "Dlúthpháirtíocht na Gailíse". Níor mhair an ghluaiseacht seo beo ach ar feadh na mblianta 1907-1912, ach ina dhiaidh sin, tháinig na hIrmandades da Fala, is é sin, na Cuallachtaí Teanga. Ar dtús, ní raibh iontu ach cumainn chultúrtha, ach de réir a chéile d'iompaigh siad ina ngluaiseacht náisiúnaíoch Ghailíseach. Bhí Vicente Risco agus Ramón Otero Pedrayo ar thús cadhnaíochta ag cur chultúr na Gailíse chun cinn san am. Scríbhneoir a bhí i Risco a scríobhadh aistí Gailísise faoi litríocht an domhain, mar iarracht le stádas intleachtach na Gailísise féin a ardú agus le réamhshamplaí a sholáthar do scríbhneoirí nua. Sa pholaitíocht, ba é Lois Peña Novo príomhionadaí na gluaiseachta náisiúnta. Ba í an iris úd Nós ("Sinne") a d'fhoilsíodh saothar na scríbhneoirí is na n-intleachtóirí Gailíseacha i dteanga dhúchasach an réigiúin.

Sa bhliain 1931, tháinig Dara Poblacht na Spáinne ar an bhfód. San am seo, bhí roinnt páirtithe náisiúnaíocha ag obair sa Ghailís, ach ba é an Partido Galeguista an ceann ba tábhachtaí acu. Faoi stiúir na Poblachta, cuireadh ceist an fhéinrialtais ar vóta, agus ba é toradh na pobalbhreithe gur bronnadh féinrialtas ar an nGailís. Chuir Cogadh Cathartha na Spáinne bac ar an bhféinrialtas, áfach. Cé go ndeachaigh an t-acht féin ar leabhar na reacht, níor tháinig sé i bhfeidhm riamh, nó i ndiaidh an chogaidh, ba é Francisco Franco a ghabh cumhacht, agus é go tréan in aghaidh ghluaiseachtaí féinrialtais na réigiún uile, gan trácht a dhéanamh ar na teangacha réigiúnacha. Íorónta go leor, Gailíseach a bhí ann féin, ach mhothaigh sé é féin ina Spáinneach thar aon rud eile.

Franco ag imirt a dhíoltais ar na Gailísigh

Ní raibh troid mhór á cur sa Ghailís i rith bhlianta an chogaidh, nó d'éirigh le lucht leanúna Franco an lámh in uachtar a fháil sa réigiún i dtús báire. Mar sin féin, bhí cogadh polaitiúil á chur, agus na saighdiúirí ag marú is ag céasadh a gcuid naimhde polaitiúla go gránna ar fad. Cuireadh cosc ar na páirtithe polaitiúla, agus scoireadh na ceardchumainn agus na heagraíochtaí cultúrtha réigiúnacha le lámh láidir. Cuireadh ceithre mhíle dhá chéad duine, ar a laghad, chun báis gan triail nó breith chúirte ar bith. Maraíodh daoine ar nós Juana Capdevielle (a raibh a fear céile ina gobharnóir ar A Coruña), Ángel Casal (a bhí ina Ard-Mhéara ar Santiago de Compostela), polaiteoirí aithnidiúla Sóisialacha ar nós Jaime Quintanilla i bhFerrol agus Emilio Martínez Garrido i Vigo, feisirí de chuid Fhronta an Phobail (comhghuaillíocht toghchánaíochta na heite clé) ar nós Antonio Bilbatúa, José Miñones, Díaz Villamil, Ignacio Seoane, agus Heraclio Botana (iar-Fheisire), saighdiúirí nár thaobhaigh le reibiliún Franco in aghaidh na Poblachta, cosúil leis na ginearáil Rogelio Caridad Pita agus Enrique Salcedo Molinuevo nó leis an aimiréal Antonio Azarola. Cuireadh bunaitheoirí an Partido Galeguista, Alexandre Bóveda agus Víctor Casas, chun báis chomh maith. Cuid mhaith eile de lucht ceannais na Gailíse, d'éirigh leo teacht slán agus cur fúthu ar an gcoigríoch.

Deachtóireacht Franco

I ndiaidh chogadh cathartha na Spáinne, bhí Franco ag rialú na Spáinne ina dheachtóir go lá a bháis sa bhliain 1975. Chuir sé béim ar an Spáinnis mar phríomhtheanga chultúrtha agus mar shiombail do "mhórgacht na Spáinne" sna laethanta a bhí, agus ní raibh sé ceadaithe an Ghailísis a chur chun cinn mar theanga chultúrtha nó liteartha. Bhí baiclí beaga de radacaigh chlé ag cur in aghaidh na deachtóireachta faoi cheannasaithe ar nós "O Piloto" (fíorainm: Xosé Castro Veiga), ar mharaigh na póilíní míleata i Chantada é sa bhliain 1965, nó Foucellas (fíorainm: Benigno Andrade) a cuireadh chun báis in A Coruña sa bhliain 1952.

Cheadaigh Franco do pholaiteoirí pragmatacha ar nós Manuel Fraga Iribarne forbairt eacnamaíoch a dhéanamh ar an réigiún, ar acht go dtabharfaidís aird ar threoracha na hEaglaise - go praiticiúil, b'ionann sin agus Opus Dei, an chuallacht eaglasta choimeádach a bhí ag comhoibriú go dlúth le Franco. Níor bhac na forbróirí eacnamaíocha sin le cúrsaí an dúlra ná le leas mhuintir an réigiúin, áfach, nó is é an dearcadh a bhí acu ná go raibh amhábhair agus acmhainní nádúrtha na Gailíse ag teastáil ón Spáinn ar fad. Mar sin, nuair a bhí an comhlacht úd Fenosa, a raibh monaplacht aige i gcúrsaí an fhuinnimh leictrigh sa Spáinn ag an am, - nuair a bhí an comhlacht sin ag tógáil dambaí hidrileictreacha sa Ghailís, bháigh sé a lán gleannta sa Ghailís, agus b'éigean do mhuintir na ngleannta sin aistriú go háit éigin eile. Faoi na himthoscaí seo, is iomaí Gailíseach a chuaigh ar imirce go tíortha eile san Eoraip nó i Meiriceá Laidineach féin.

De réir a chéile, áfach, thosaigh cuma nua-aimseartha ag teacht ar eacnamaíocht na Gailíse. Bhunaigh Citroën monarcha gluaisteán i Vigo, agus tháinig borradh nua faoi ghnó na hiascaireachta agus na feirmeoireachta féin nuair a tugadh modhanna oibre tionsclaíocha isteach, sa déiríocht ach go háirithe, nó i stánú an éisc. Bhí ról tábhachtach ag Euloxio Gómez Franqueira san fhorbairt seo. Polaiteoir measartha a bhí ann agus é ag iarraidh idirghabháil agus eadráin a dhéanamh idir córas cumhachta Franco agus cosmhuintir na Gailíse. Theastaigh uaidh mar fhear gnó tionscal na feirmeoireachta a thabhairt chun nua-aimsearthachta sa réigiún, agus bhunaigh sé an chéad chomharchumann feirmeoireachta sa Ghailís.

Nuair a bhí réimse cumhachta Franco ag druidim chun deiridh, tháinig borradh faoin náisiúnachas sa Ghailís arís. Bhí na mic léinn ag léirsiú agus an lucht oibre is na feirmeoirí ag dul ar stailc. Sa bhliain 1972, fuair Amador Rey agus Daniel Niebla bás nuair a chuir na fórsaí slándála stailceanna faoi chois i Vigo agus in Ferrol. Ní raibh an Eaglais Chaitliceach sásta tacú le Franco a thuilleadh, ach an oiread, nó sa bhliain chéanna, d'eisigh easpag Mondoñedo agus Ferrol, Miguel Anxo Araúxo Iglesias, tréadlitir inar cháin sé cruálacht na bhfórsaí slándála. Ba é ba spreagadh don tréadlitir seo ná gur maraíodh beirt fhear oibre nuair a tháinig na póilíní míleata go Bazán - comhlacht longcheártaíochta in Ferrol - le léirsiú na bhfear oibre a stopadh.

I nDiaidh Franco

I ndiaidh do Franco bás a fháil, tháinig an daonlathas ar ais go dtí an Spáinn, agus mar chuid den fhorbairt seo, fuair an Ghailís a féinrialtas ar ais, rud a socraíodh i Reacht Féinrialtais na Gailíse sa bhliain 1981. Is éard a deirtear i dtús an Reachta ná: Ós náisiúntacht stairiúil í an Ghailís, gairtear Comhphobal Féinrialaitheach de, le go mbeidh féinrialtas aici de réir mar a fhorálann Bunreacht na Spáinne agus an Reacht seo. Bíonn náisiúnachas Gailíseach le haithint i saol polaitiúil na Gailíse go fairsing, ach is é Bloc Náisiúnaíoch na Gailíse (Bloque Nacionalista Galego) an t-aon pháirtí náisiúnaíoch amháin a bhfuil tábhacht leis ó thaobh na vótála de. Páirtí clé atá ann a bunaíodh sa bhliain 1982, nuair a tháinig roinnt páirtithe clé le chéile faoi stiúir Xosé Manuel Beiras, ollamh le heacnamaíocht agus duine d'intleachtóirí móra na Gailíse san fhichiú haois.

Sna blianta 1990-2005, bhí an rialtas agus an parlaimint réigiúnach, an Xunta, faoi smacht an Partido Popular, nó Páirtí an Phobail, arb é páirtí coimeádach na Spáinne é. Ba é Manuel Fraga Iribarne, a bhí ina Aire agus ina ambasadóir i mblianta Franco, a bhí i gceannas ar rialtas na Gailíse san am. Sa bhliain 2002, chuaigh an Prestige, tancaer mór artola, i dtóin phoill in aice le cósta na Gailíse, agus rinne an artola dochar mór do dhúlra an chósta. Bhí muintir na Gailíse den bharúil nach ndearna Fraga a dhicheall leis an gcósta a ghlanadh ná leis an dlí a chur ar na daoine a bhí freagrach as an doirteadh, agus i dtoghcháin na bliana 2005, chaill an Partido Popular an dearbhthromlach sa pharlaimint réigiúnach, agus thit an chumhacht le comhrialtas na Sóisialaithe (PSdeG nó Partido dos Socialistas de Galicia nó Páirtí Sóisialach na Gailíse, arb é craobh Ghailíseach an pháirtí Shóisialaigh uile-Spáinnigh, PSOE) agus na Náisiúnaithe (BNG). Ó ba é PSdeG an páirtnéir sinsearach sa chomhrialtas, rinneadh Uachtarán na Gailíse de chathaoirleach an pháirtí sin, Emilio Pérez Touriño. Fuair Anxo Quintana, cathaoirleach na náisiúnaithe, suíochán an Leas-Uachtaráin. I dtoghcháin na bliana 2009, tháinig an PP i seilbh na cumhachta arís, agus is é an coimeádach Alberto Núñez Feijóo an tUachtarán inniu.

Teanga

Idioma gallego
An Ghailísis.

Is iad an Spáinnis agus an Ghailísis (Galego) na teangacha a labhraítear sa Ghailís. Teanga Rómánsach í an Ghailísis, is é sin, teanga a d'fhorbair as an Laidin labhartha. Tá gaol aici leis an Spáinnis chomh maith, ach is í an Phortaingéilis an teanga is gaolmhaire léi. Bhí an Spáinnis ar an t-aon teanga oifigiúil ar feadh níos mó ná ceithre chéad bliain (ón gceathrú haois déag go dtí an naoú haois déag), ach i ndiaidh bhás Franco, fuair an Ghailísis ar ais a stádas oifigiúil sa tír agus í á múineadh sna scoileanna Gailíseacha chomh maith leis an Spáinnis inniu. Tá muintir na Gailíse ar aon fhocal gur chóir an teanga a choinneáil á labhairt agus a stádas a ardú sa tsochaí.

Ar dtús, aon teanga amháin - an teanga Gailísise-Portaingéilise - a bhí i gceist leis an nGailísis, agus í á labhairt sa Ghailís féin agus taobh thuaidh den abhainn úd Douro - is é sin, sa chuid is faide thuaidh den Phortaingéil, de réir thíreolaíocht ár linne féin. Sa Mheánaois, thosaigh an dá theanga ag scaradh ó chéile, agus chuir an scarúint pholaitiúil luas leis an bhforbairt seo. Inniu féin, tá an dá theanga an-chosúil le chéile. Faigheann muintir Thuaisceart na Portaingéile furasta adhmad a bhaint as an nGailísis labhartha, ach bíonn sé níos deacra ag muintir an deiscirt.

Tíreolas

Concellos Galicia
Armas na Gailíse

Ón 15ú aois go dtí 1833 roinneadh an tír i seacht gcúige:

Ó 1833 ar aghaidh, ní raibh ach ceithre cinn ann:

Is iad Vigo, A Coruña, Pontevedra, Lugo, Ferrol, Ourense, agus Santiago de Compostela, na príomhchathracha is tábhachtaí. Is í Santiago de Compostela príomhchathair an réigiúin agus cathair an Easpaig. Freisin is é an áit ina chríochnaíonn an "camino de Santiago", an ionad oilithreachta crábhaidh is cáiliúla ón méanaois.

Bardais na Gailíse de réir daonra
Vigo

Vigo
A Coruña

A Coruña
Ourense

Ourense
Uimhir Bardais Cúige Daonra

Lugo

Lugo
Santiago de Compostela

Palencia
Pontevedra

Pontevedra

1 Vigo Pontevedra 292,817
2 A Coruña A Coruña 243,978
3 Ourense Ourense 105,893
4 Lugo Lugo 97,995
5 Santiago de Compostela A Coruña 95,612
6 Pontevedra Pontevedra 82,671
7 Ferrol A Coruña 67,569
8 Narón A Coruña 39,565
9 Vilagarcía de Arousa Pontevedra 37,283
10 Oleiros A Coruña 34,693

Ó thaobh na tíreolaíochta de, an rud is tábhachtaí mar gheall ar Galicia ná na heangacha ar an gcósta, inbhir a bháígh le héirí léibhéil an t-uisce tar éis na hoighearaoise dheireanaí. Glaonn siad "rías" orthu agus tá siad roinnte sna Rías Altas, Rías Medias, agus Rías Baixas. Cónaíonn cuid mhaith den phobal in aice na Rías Baixas, áit a bhfuil cathracha lárnacha móra, ina measc Vigo agus Pontevedra. Tá na rias tábhachtach don iascaireacht agus dá bharr sin, tá an cósta an-tábhachtach do na hiascairí. Tagann a lán turasóirí chun na radharcanna iontacha a fhéicéal. Glaotar "A Costa do Marisco" (sé sin: "An Cósta Bia mara") in Gailísis) ar an chuid ghlas seo den Spáínn.

Féach Freisin

Foinsí

An Vicipéid as Béarla tar éis chuid mhaith de aistrithe; http://en.wikipedia.org/wiki/Galicia_%28Spain%29

Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
Flag of Spain.svg

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla

A Coruña

Is cathair i gcomhphobal féinrialaitheach na Gailíse in iarthuaisceart na Spáinne é A Coruña (Spáinnis: La Coruña, Gaeilge: Cathair na Cruinne). Is í an dara cathair is mó sa Ghailís agus is í príomhchathair an chúige í.

Deirtear go háitiúil go tagann an t-ainm ón gColóin Ársa, nó Túr Earcail, a bhfuil fós ina seasamh inniu, ach ní aontaítear go huile leis an dtuairim seo. Teach solais a bhí ann ar feadh 2,000 míle bliain. In aice an túir, tá compás (Rosa de los Vientos- Rós na Gaoithe) le siombailí Ceilteacha a fhreagraíonn dona tíortha Ceilteacha uilig. Deirtear gur tháinig na chéad Ceiltigh (Clann Mhíle) go hÉireann ón áit seo fadó. Táthar ann a deireann go dtagann sé ón bhfocal "Coróin", agus nach gciallaíonn an "a" ach an t-alt sonrach mar an gcéanna as Gaeilge. Tóg faoi deara freisin an cosúlacht fuaimníochta idir "Coruña" ( [koˈɾuɲa] ) agus "Cruinne" ( [kɾʲɪna] ), tá daoine eile ann a dhéanann an nasc sin.

Déanann roinnt daoine nasc idir Éire agus an Ghailí mar deirfiúir Ceilteach de bharr na cosúlachtaí: reiligúin céanna, aimsir fliusch, tírdhreach glas agus geilleagar bunaithe ar talamhaíocht agus iascaireacht. Tá club peil Ghaelach ann chomh maith leis an ain, Fillos de Breogán (Mic Bhreogán); agus tá Roinn Léann Éireannach ag Ollscoil A Coruña. Sa bhliain 2014, thairg banna cheoil Gailíseach, Luar na Lubre, albam darbh ainm Torre de Breoghán, le hamhráin bunaithe ar Mic Míle. Is í Luimneach a chomhchathair.

Is port an-ghnóthach í an chathair agus í suite ar an chósta Atlantach. Tá an chathair tábhachtach ó thaobh trádal talmhaíochta de ar fud an réigiúin. Tá scaglann ola ann comh maith.

Tá clú agus cáil ar an chlub sacair, Deportivo de La Coruña, a bhfuil sa chéad sraith i sacar na Spáinne. Bhí an bua acu i gcoinne club sacair Shelbourne sa bhliain 2004.

An Spáinn

Is tír í an Spáinn (Spáinnis: España), nó Ríocht na Spáinne go hoifigiúil (Spáinnis: Reino de España), atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire.

Is ball den Aontas Eorpach í agus is monarcacht bhunreachtúil í.

Tá tionchar ag an Spáinn ar fud an domhain: sa lá atá inniu ann, tá 500 milliún daoine ag labhairt na Spáinnise.

Ardeaglais Santiago de Compostela

Ardeaglais Chaitliceach atá suite i lár Santiago de Compostela na Spáinne í Ardeaglais Santiago de Compostela.

Breogán

I Miotaseolaíocht na nGael, ba shinsear na nGael é Breoghán (Sean-Ghaeilge Breogán, Bregon nó Breachdan). B'athair Bhilé é, agus eisean athair Mhíle Espáine, sinsear díreach na nGael.

Ciudad Real

Is cathair i gcomhphobail féinrialaithe na Caistíle-La Mancha sa Spáinn í Ciudad Real agus í mar phríomhchathair chúige Ciudad Real. Tá Maidrid suite 185 cm ó thuaidh agus mar sin tá neart daoine ag cianchomaitéireacht de bharr staid traenach ar Iarnróid Ardluas AVE.

Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

Tá deich gcúige (provincias) is dhá scór sa Spáinn, agus iad grúpáilte ina seacht n-aonad déag ar a dtugtar comhphobail fhéinrialaitheacha (comunidades autónomas). Thairis sin, tá dhá chathair ann, mar atá, Ceuta agus Melilla, a bhfuil stádas na cathrach féinrialaithí (ciudad autónoma) acu. Tá Ceuta agus Melilla suite ar chósta thuaidh Mharacó, agus is iad na hiarsmaí deireanacha den choilíneacht a bhí ag an Spáinn ansin go dtí an bhliain 1956.

Nuair a thiontaigh an Spáinn ón deachtóireacht i leith an daonlathais i ndiaidh bhás Franco, bhí an lárstiúradh, an náisiúnachas agus an scarúnachas réigiúnda ina n-ábhair mhóra dhiospóireachta sa pholaitíocht. Ba léir go raibh níos mó saoirse ag teastáil ó na réigiúin, agus an dímheas a bhí ag stát Franco i leith na dteangacha réigiúnda, mar shampla. Ón taobh eile de, b'iomaí Spáinneach a bhí buartha, dá bhfaighfeadh na réigiúin an iomarca cumhachta féinrialaithí, go n-éireodh na coimeádaigh amach in aghaidh a leithéide, i gcruth is go bhféadfadh deachtóireacht nua teacht ar an bhfód. Bhí na páirtithe measartha ábalta comhréiteach a shocrú, áfach, a cuireadh i míotar i mBunreacht na Spáinne sa bhliain 1978. B'é ba chuspóir leis seo ná an faobhar a bhaint den scarúnachas réigiúnda gan an eite dheis a chur i dtreo an chogaidh. An cineál stáit a cruthaíodh, tá sé iontach díláraithe i gcomparáid leis an gcuid is mó de thíortha na hEorpa, gan trácht ar bith a dhéanamh ar an gcuma a bhí ar an Spáinn féin nuair a bhí Franco á rialú.

Tá féinriail chuimsitheach ag na comhphobail seo i gcúrsaí na reachtaíochta agus na cumhachta feidhmithí, agus parlaimintí is rialtais réigiúnda dá gcuid féin acu. Ní hionann iad na cumhachtaí ag gach comhphobal, nó tá a reacht féin um rialtas dúchais, nó estatuto de autonómia, ag gach ceann acu, agus na cumhachtaí leagtha amach ansin. Go praiticiúil, aithnítear nach ionann na comhphobail eile agus na cinn stairiúla, is é sin, an Chatalóin, an Ghailís, Tír na mBascach, agus an Andalúis. Ar dtús, fuair na cinn stairiúla níos mó cumhachtaí, go háirithe an ceart atá ag Uachtarán an réigiúin a shocrú cén t-am a chóireofar an chéad toghchán eile do pharlaimint an réigiúin, ar acht nach mbeidh sé níos maille ná ceithre bliana i ndiaidh an toghcháin dheireanaigh roimhe sin. Sampla eile is ea é go bhfuil constáblachtaí réigiúnda dá gcuid féin ag an gCatalóin agus ag Tír na mBascach: Ertzaintza i dTír na mBascach, agus Mossos d'Esquadra sa Chatalóin. Tá cumhachtaí iomlána póilíníochta ag na constáblachtaí áirithe seo. Maidir leis na réigiúin eile, tá constáblachtaí acu nach bhfuil na cumhachtaí céanna acu, cosúil leis an gceann san Andalúis, mar shampla (Policía Autónoma Andaluza).

Forálann Alt a Dó i mBunreacht na Spáinne go bhfuil "na réigiúin agus na náisiúntachtaí" i dteideal rialtas dúchais. B'é an cuspóir a bhí leis an bhforáil seo ná go bhfágfaí faoi na náisiúntachtaí stairiúla a raibh teanga ar leith acu a gcúrsaí féin a stiúradh, seachas comhphobal féinrialaitheach a bhunú i ngach aon chearn den tír. Mar sin féin, nuair a bhí an bunreacht á dhréachtáil, chuaigh muintir na hAndalúise amach sna sráideanna ag éileamh féinrialach, agus milliún go leith de dhaoine ag léirsiú ar an gceathrú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 1977. B'é ba toradh dó seo ná dhá alt breise i mbunreacht na bliana 1978, mar atá, Alt a 143, a chuir ar chumas na réigiún ar fad stádas an chomhphobail fhéinrialaithigh a bhaint amach, agus raon áirithe de chumhachtaí aistrithe ar fáil dóibh (café para todos, cupán caife do chách, mar a thugadh naimhde an dílárnaithe ar an alt san am); agus Alt a 151, le feidhmeanna an chomhphobail a leagan amach i gcás na déabhlóide ab iomláine a bheadh ar fáil.

Girona

Is cathair sa Chatalóin in oirthuaisceart na Spáinne é Girona nó Gerona (as Spáinnis). Tá sí suite ar chumar na haibhneacha Ter, Onyar, Galligants, agus Güell le daonra thart ar 99,000 (2017). Tá sí mar phríomhchathair an chúige Gerona agus an chontae Gironès. Tá Barelona suite 99 cm soir ó deas. Imríonn Club Sacair Girona i La Liga na Spáinne.

Huelva

Is cathair i gcomhphobal féinrialaitheach na hAndalúise in iardheisceart na Spáinne í Huelva agus í mar phríomhchathair ar an gcúige leis an ainm céanna. Tá sí suite ar Guilf Cósta Cádiz, ag cumar na habhainn Odiel agus Tinto. Bhí 149,410 duine ina gcónaí in Huelva sa bhliain 2011. Is é Recreativo de Huelva, an club sacair is sine sa Spáinn.

Jaén

Is cathair i gcomhphobal féinrialaitheach na hAndalúise i ndeisceart na Spáinne é Jaén. Bhí 120,021 duine ina gcónaí i Jaén sa bhliain 2009.

Lugo

Is cathair i g Comhphobal fhéinrialaitheach na Gailíse in iarthuaisceart na Spáinne í Lugo (Ghailísis: Lugo, Ghaeilge: Lugh, Laidin: Lucus Augusti) agus í mar an cheathrú cathair is mó sa Ghailís. Is í príomhchathair an chúige den ainmn céanna í chomh maith. Tá thart ar 98,500 duine ina gcónaí ann.

Maidrid

Is í Maidrid (Spáinnis: Madrid) príomhchathair na Spáinne. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse Ibéaraigh. Ghlac Alfonso VI Chaistíle seilbh ar lonnaíocht Arabach, al-Maĝrīt, a bhí ann cheana i 1083. Roghnaigh Pilib II an baile mar phríomhchathair na Spáinne, in ionad Toledo, sa dara leath den 16ú haois. Lean an chathair ar aghaidh sa ról sin go dtí an lá atá inniu ann, seachas le linn tréimhse ó 1601 go 1606 nuair a bhog Pilib III a chúirt ríoga go Valladolid.

Mosc–Ardeaglais an Córdoba

Ardeaglais Chaitliceach agus iar-mhosc atá suite i lár an Andalúis na Spáinne í Ardeaglais Muire an Deastógáil.

Ourense

Is cathair í Ourense i gComhphobal féinrialaitheach na Gailíse in iarthuaisceart na Spáinne, agus is í príomhchathair an chúige Ourense sa Ghailís. Tá thart ar 105, 600 daoine ina gcónaí ann; sé sin 30% de dhaonra an chúige ar fad.

Palencia

Is cathair i gcomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Palencia'. Tá sí mar phríomhchathair an chúige Palencia chomh maith. Tá thart ar 78,000 daoine ina gcónaí ann.

Tá sí suite i dtuaisceart lár na Spáinne. Tá sí i lár gleann na habhann Carrión in aice cumar na habhann Pisuerga a sruthann tríd an gcathair ag fágáil ceathar oileáin bheaga. Tá Maidrid thart ar 190 cm ó dheas agus agus Valladolid (príomhchathair na Caistíle agus León) 40 cm ó dheas.

Pontevedra

Is cathair i g Comhphobal fhéinrialaitheach na Gailíse in iarthuaisceart na Spáinne í Pontevedra. Is é an príomhbhaile den chúige den ainm céanna é. Tá sí suite sna Rias Baixas.

Sa bhliain 1999, chuir siad cosc ar formhór gluaisteáin i lár na cathrach meánaoiseach agus chabhraigh sé go mór leis an gcathair bheith mar chathair fíor insroicthe. Tá sí timpeallaithe ag cnoic ag imeall inbhearr béal abhann Lérez, ag bun Ría de Pontevedra, i gcroílár Rías Baixas. Is lár ionad geilleagar í agus tá tóir ag turasóirí ar an áit. Tá thart ar 82,600 daoine ina gcónaí ann ach sa mhórcheantar uirbeach mór-thimpeall tá níos mó ná 185,000; na bardais Poio, Marín, Sanxenxo, Bueu, Vilaboa, Cotobade, Ponte Caldelas, Barro agus Soutomaior ina measc.

Glaotar an Chathair Mhaith uirthi nó Cathair na Lérez agus tá go leoir cultúr le fáil ann. Is cathair tábhachtach ar bhealach Tóchair Phortaingéileach ar an gCamino de Santiago agus tá Eaglais ciorcalach ann i gcruth sliogáin mhuirín do na hoilitrigh darbh ainm Muire na n-Oilithreach.

Real Club Deportivo de La Coruña

Is club peile Spáinneach é Real Club Deportivo de La Coruña, S.A.D. Bunaíodh an club sa bhliain 1906. Imríonn sé sa chathair A Coruña (An Ghailís) sa pháirc Estadio Municipal de Riazor a bhfuil áit le haghaidh 34,600 lucht féachana.

Santiago de Compostela

Is í Santiago de Compostela príomhchathair Chomhphobal féinrialaitheach na Gailíse. Tá sé suite in iarthuaisceart na Spáinne i gcúige A Coruña. Is í an ardeaglais ceann sprice na hoilithreachta a dtugtar Camino de Santiago uirthi. Ba Cathair San Séam an t-ainm a bhi ag na Gaeil ar an áit sa Mheánaois. Deirtear go dtagann an t-ainm compostela ó campus stellae na Laidine, i.e. "faiche réalta", rud a fhágann go gciallaíonn Santiago de Compostela "Naomh Séamus na faiche réalta". Tá baint ag an ainm leis an scéal gur tugadh cnámha Naomh Séamas anall ón Meánoirthear go dtí an Spáinn, áit ar cuireadh iad agus a bhfaca aoire réalt os a gcionn. Tógadh eaglais san áit agus ardeaglais ina dhiaidh sin.

Tá an ardeaglais in aice chearnóg mhór na seanchathrach. Ar an taobh eile den chearnóg tá Pazo de Raxoi (Pálás Raxoi), halla na cathrach agus áit chruinnithe Xunta (rialtas) na Gáilíse. Ar thaobh na láimhe deise de staighre na hardeaglaise tá Hostal dos Reis Católicos, óstán a thóg na Monarcaí Caitliceacha Isabella I agus Ferdinand II do na hoilithrigh (anois is parador é).

Tá clú ar Ollscoil Santiago freisin.

Baisteadh ceann d'oird mhíleata na Spáinne, Ord Santiago, as an gcathair (ar nós Calatrava, Alcantara agus Montesa).

Tá sí ar an gcathair is mó báisteach san Eoraip de bhárr na gaoithe láidre aniar ón Aigéan Atlantach agus na sléibhte a bheith timpeall air.

Inniu féin tugann oilithrigh as gach cearn a n-aghaidh ar an gcathair ar son thaisí an Naoimh.

Tarragona

Tarragona is a port city located in northeast Spain on the Costa Daurada by the Mediterranean Sea. Founded before the 5th century BC, it is the capital of the Province of Tarragona, and part of Tarragonès and Catalonia. Geographically, it is bordered on the north by the Province of Barcelona and the Province of Lleida. The city has a population of 201,199 (2014).

Is cathair poirt sa Chatalóin in oirthuaisceart na Spáinne é Tarragona. Tá sí lonnaithe ar chósta Daurada ar an Meánmhuir. Tá sí mar phríomhchathair ar an gcúige Tarragona chomh maith agus cúigí Barcelona suite ó thuaidh agus Lleida ó dheas. BHí thart ar 131,000 daoine ina gcónaí ann sa bhliain 2017.

Zamora

Is cathair i gcomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Zamora agus í mar phríomhchathair chúige Zamora. Tá sí súite ar cnoc carraigeach in iarthuaisceart na tíre (iarthar an réigiúin) in aice teorainn na Portaingéile trasnaithe ag abhainn Duero. Bhí thart ar 63,217 ina gcónaí ann sa bhliain 2016. Tá 24 eaglais tógtha ar stíl Rómhánúil óna 12ú agus 13ú haoiseanna agus glaotar Iarsmalann Ealaín Rómhánúil dá bharr. Tá Zamora mar an chathair leis an méid is mó eaglais rómhánúil san Eoraip. Is é an tSeachtain Mhór an féile is tábhachtaí sa chathair.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.