An Chréit

Is oileán Gréigeach í an Chréit. Tá sé suite i ndeisceart na Mara Aeigéiche. Is é Heraklion an chathair is mó agus 224,253 duine ina gcónaí ann. Sa bhliain 2011, bhí 623,065 duine ina gcónaí ar an oileán ar fad.

Mount Ida chain Messara plain from Phaistos Crete Greece
Máchaire Messara. Tá na sléibhte Ida sa chúlra.
Island of Crete, Greece
An Chréit
Impireacht Otamánach

Mhair an Impireacht Otamánach (Tuircis Otamánach: دَوْلَتِ عَلِيّهٔ عُثمَانِیّه Devlet-i ʿAliyye-yi ʿOsmâniyye, Tuircis an lae atá inniu ann: Osmanlı İmparatorluğu or Osmanlı Devleti) ó 1299 go 1923.

Leabhar Gabhála na hÉireann

Is cnuasach dánta agus scéalta próis é Leabhar Gabhála na hÉireann (Meán-Ghaeilge Lebor Gabála Érenn) a mhaíonn gur stair na hÉireann agus na nGael é, ó chruthú an domhain go dtí an mheánaois. Caomhnaítear roinnt leaganacha, an ceann is luaite tiomsaithe ag scriobhneoir anaithnid san 11ú haois, le scéalta ársa an béaloidis.

Meascán de stair, miotaseolaíocht, finscéal, béaloideas agus staireagrafaíocht Chríostaí atá i gceist. Glactar leis gur cumadh an saothar mar aithris ar chuntas an Bhíobla ar bhunús chlann Iosrael.

Insíonn an Leabhar Gabhála gur lonnaigh (nó 'ghabh') sé dhream ceann ar cheann i nÉirinn: muintir Ceasrach, muintir Pharthaláin, Neimhidh, na Fir Bholg, na Tuatha Dé Danann, agus an Chlann Mhíle. Díothaíodh an chéad cheithre dhream, nó b'éigean dóibh Éire a thréigeadh. Seasann an chúigiú dream do (dhea)dhéithe págánach na hÉireann, agus an séú dream dosna Gaeil féin. Tá dream eile ann sna scéalta, na Fomhóraigh, a sheasann ar an taobh dorcha den fhórsa.

Meastar inniu gur miotas nach mór é an Leabhar Gabhála . Is amhlaidh go bhfuil sé bunaithe ar bhréagstair Chríostaí den mheánaois, ach faightear ann chomh maith roinnt de mhiotaseolaíocht réamhChríostaí na nGael. Creideann scoláirí go raibh sé mar chuspóir ag na scríbhneoirí ná stair eipice na hÉireann a chumadh arbh fhéidir a chur ar chomhchaighdeán le staraithe na nIosraelíteach nó na Rómhánach, agus a thug miotas págánach le chéile le cruinneshamhail Chríostaí na staire. Creidtear, mar shampla, go bhfuil sé ghabháil ann chun bheith mar an gcéanna le "Sex Aetates Mundi". Maítear go bhfuil an Leabhar Gabhála "an-údarásach ... scríofa chun an bhearna idir an chruinneshamhail Chríostaí agus réamhstair na hÉireann a dhruidim".

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.