An Chré-umhaois

Is í an Chré-Umhaois an tréimhse arb í is príomhthréith ann ná úsáid a bhaint as copar agus a chóimhiotal cré-umha mar príomhábhar crua i mbruithniú uirlisí agus airm. In ord croineolaíoch, luíonn sé idir an Chlochaois agus an Iarannaois. Tugann an téarma an Chlochaois le tuiscint an neamhábaltacht amhiarann a bhruithniú agus tugann an téarma Iarannaois le tuiscint an cumas chun déantán a mhonarú in aon cheann de na trí chineál ábhar crua. Léiríonn an leagan amacha seo san croineolaíocht sheandálaíochta an deacracht a bhaineann le monarú i stair na teicneolaíochta. I rith na gcéadta bliain anuas de staidéir agus mionscrúdú eolaíoch ar an Chré-Umhaois, bhí sé soiléir go raibh, ar an iomlán, úsáid an chopair nó an chré-umha amháin ar an chuid is cobhsaí agus dá bhrí sin, an chuid is diagnóisí de bhraisle gnéithe a mharcáil na tréimhse sin. Chomh maith le déantúsaíocht na chré-umha ó amhábhair agus úsáid fhorleathan na n-uirlisí agus na n-arm cré-umha, le linn na tréimhse seo, lean forbairt na siombailí picteagramacha nó idéagramacha agus na próta-scríbhneoireachta, agus gnéithe eile den sibhialtacht uirbeacha.

Scaipeadh na miotalóireachta.jpeg
Idirleathadh miotalóireachta san Eoraip agus san Áise Bheag. Is iad na ceantair is dorcha na cinn is sine.
An Réamhstair

Sainíonn an téarma réamhstair an tréimhse ama ag tosú le teacht i láthair an chéad duine daonna agus dar críoch le haireagán na scríbhneoireachta. Toisc nach ann do dhoiciméid scríofa gur féidir linn a úsáid chun staidéar a dhéanamh ar a mhodhanna maireachtála, úsáidtear iarsmaí nó taisí daoine. Samplaí: corp an duine féin, uirlisí fiaigh, pictiúir, deilbh, srl.

B'é an seandálaí Paul Tournal a chum an téarma Ante-historique i dtosach báire, agus é ag déanamh cur síos ar na pluaiseanna a d'aimsigh sé i ndeisceart na Fraince.

Deirtear gur thosaigh an stair leis an chéad scríbhinn a bhfuil eolas againn air, as an Mheaspatáim, beagáinín roimh 3000 RC.

Tá an tréimhse seo an-leathan agus roinntear é go traidisiúnta i dtrí aimsir neamhchothrom:

An Chlochaois

An tSean-Chlochaois (Pailéiliteach)

An Meán-Chlochaois (Méisiliteach)

An Nua-Chlochaois (Neoiliteach)

An Chré-umhaois

An Iarannaois - roinntear é ina dhá thréimhse ainmnithe as dhá láthair de chuid na gCeilteach

Cultúr Hallstat

Cultúr La Tène

An Traí

Is cathair í An Traoi (Tróia; Gréigis: Τροία, Troia, nó Ίλιον, Ilion freisin; Laidin: Troia, Ilium, Tuircis: Truva) agus suíomh Chogadh na Traoi, mar a tugadh cuntas air san Íliad, ceann den dá eipic a luaitear le Hóiméar. Traígh a thugtar ar lucht cónaithe na cathrach.

De réir mar a deir Hóiméir, scriosadh an chathair i ndeireadh an chogaidh tar éis do na Traígh capall adhmaid, deis a cheap na Gréagaigh, a ligean isteach sa chathair. Tá tagairtí i saothair seachas san Íliad don eachtra: san Odaisé (eipic eile le Hóiméir), mar shampla. Chuir staraithe Gréagacha dátaí difriúla leis an gcogadh, idir an dóú is an ceathrú haois déag RCh.

Chreid na Sean-Ghréagaigh is na Rómhánaigh gur chogadh stairiúil é Cogadh na Traoi. Rinne Veirgil, file mór Rómhánach, mionléiriú ar fhinscéal Hóiméir san [[An

Aeinéid|Aeinéid]]. Thug Alastar Mór cuairt ar an suíomh sa bhliain 334 RC agus d'ofráil sé íobairtí ag tuamaí Aichill agus Patraclas, laochra Hóiméaracha.

Bhunaigh an tImpire Ágastas cathair nua ann, agus rath uirthi go dtí gur bunaíodh Cathair Chonstaintín. Tháinig meath uirthi de réir a chéile.

Sna 1870í chuaigh Heinrich Schliemann, seandálaí Gearmánach, i mbun tochailte san áit. Nochtadh iarsmaí roinnt cathracha a tógadh i ndiaidh a chéile. D'fhógair Schliemann go raibh an fhíor-Thraí aimsithe aige, ach meastar anois gurb í Traí VII, ceann de na cathracha is luaithe, atá i gceist ag Hóiméir.

Cuireadh an suíomh ar liosta Oidhreacht Domhanda UNESCO sa bhliain 1998.

Ankara

Is í Ankara nó Ancara príomhchathair na Tuirce, agus í ar an dara cathair is mó sa tír sin (tá Iostanbúl níos mó). Is í Ankara príomhchathair Chúige Ankara freisin. Tá breis is 4.7 milliún duine ina gcónaí sa chathair.

Téann stair Ankara siar go dtí an Chré-umhaois. Bhí sí tábhachtach in aimsir na gCeilteach agus na Rómhánach. Tháinig sí i gcomharbas ar Iostanbúl mar phríomchathair na Tuirce i mí Dheireadh Fómhair 1923.

Christian Jürgensen Thomsen

Seandálaí a rugadh i gCóbanhávan ab ea Christian Jürgensen Thomsen (1788-1865). Ó 1816, ina rúnaí ar an gCoimisiún Ríoga chun Seaniarsmaí a Chaomhnú. Chuir sé córas na 3 aois ar bun chun an réamhstair sa Seandomhan a roinnt go croineolaíoch: an chlochaois, an chré-umhaois, an iarannaois. Rangaigh sé na bailiúcháin seandálaíochta sa Mhúsaem Náisiúnta i gCóbanhávan i 1819 de réir an chórais sin, agus d'fhoilsigh an coincheap ina leabhar Letetraad til Nordisk Oldkyndighed (Treoraí do Sheaniarsmaí an Tuaiscirt, 1836).

Clochaois

Is ré leathan réamhstairiúil í an Chlochaois, ina raibh daoine ag brath ar chloch chun uirlisí agus airm a dhéanamh. Mar shampla, bhíodh feidhm á bhaint as breochloch agus seirt le haghaidh uirlisí agus airm, agus basalt agus gaineamhchloch chun brónna a dhéanamh le haghaidh cócaireachta. Chomh maith leis na hábhair seo, bhí adhmad, cnámh, sliogán, beann agus rudaí eile in úsáid. Sa chuid is déanaí den aois, thosaigh daoine ag déanamh criadóireachta as cré nó dríodair eile.

Tosaíonn an Chlochaois idir 2.7 agus 2.58 milliún bliain ó shin nuair a bhaineadh feidhm as uirlisí cloiche don chéad uair i nGona na hAetóipe. Críochnaíonn an aois le forbairt na talmhaíochta, ceansú ainmhithe áirithe agus bruithniú mhian chopair chun miotal a chruthú.

Copar

Is dúil cheimiceach é an copar. Is é an ceann is éadroime de na miotail lómhara. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 29, agus is é Cu an tsiombail cheimiceach. Miotal insínte é agus é ina sheoltóir maith leictreachais agus teasa. Tá dath ruadhearg ann, nó fiú pinc, má tá sé nuaghearrtha. Ó tá sé chomh maith sin ag iompar teasa agus leictreachais, úsáidtear mar sheoltóir leictreach agus teirmeach é. Comhábhar tábhachtach é ina lán cóimhiotal freisin - is cóimhiotal copair agus stáin é an cré-umha, agus mar is eol dúinn, bhí an cré-umha chomh tábhachtach lena linn is gur bhaist na staraithe a ainm ar aois iomlán i stair an duine - an Chré-umhaois.

Maidir leis an gcopar féin, fuair sé a ainm ó oileán na Cipire, ós ansin a bhí na poill mhianaigh ba mhó a tháirg copar sa tseanársaíocht.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcopar sna comhdhúile ná +II (na comhdhúile copracha) agus +I (na comhdhúile coprúla), agus is é +II an ceann is coitianta agus is cobhsaí. Bíonn dath gorm nó uaine sna comhdhúile copracha. Is féidir leis an bhfluairín an copar a ocsaídiú go +III nó +IV, ach bíonn a leithéidí de chomhdhúile an-éagobhsaí.

Córas na dtrí aois

Is éard atá i gceist le Córas na dtrí aois ná roinnt chroineolaíoch réamhstair an tSeandomhain i 3 aois: an chlochaois, an chré-umhaois, agus an iarannaois, bunaithe ar smaointe clasaiceacha ar an am atá thart. Luadh den chéad uair é i dtaobh na seandálaíochta nuair a bhain an Danmhargach Christian Jürgensen Thomsen feidhm as chun na bailiúcháin seandálaíochta sa Mhúsaem Náisiúnta i gCóbanhávan a rangú i 1819. Tháinig sé chun suntais níos leithne le foilsiú Letetraad til Nordisk Oldkyndighed (Treoraí do Sheaniarsmaí an Tuaiscirt, 1836) de chuid Thomsen, agus Danmarks Oldtid (Seaniarsmaí na Danmhairge, 1843) de chuid Jens Worsaae, mac léinn Thomsen, as Béarla. Fo-roinneadh an chlochaois i ré Phailéiliteach (seanchlochaois, tréithrithe le clocha scealptha) is ré Neoiliteach (nua-chlochaois, tréithrithe ag uirlisí snasta cloiche) ag an seandálaí Sasanach John Lubbock ina leabhar Prehistoric Times (Aoiseanna Réamhstairiúla, 1865). Tugadh an ré Mhéisiliteach ar an 5 mhílaois díreach i ndiaidh an mhóroighrithe seo caite (timpeall 10,000 bliain ó shin) ag an am sin freisin. Tugadh an ré Chalcailiteach ar an gcoparaois nó an luathchré-umhaois i bhfad níos deireanaí.

Gaeil

Na Gaeil a tugadh riamh ar bhunmhuintir na hÉireann, na hAlban (Gaeilge na hAlban: na Gàidheil) agus Mhanann (Gaeilge Mhanann: ny Gaeil), agus é le tuiscint go raibh saghas éigin Gaeilge á labhairt acu uile. Ainm é a thagann ó Goídil (gοi:δil') na sean-Ghaeilge. (D'fhéadfadh siúd teacht ón ainm a thug na Breatnaigh ar choilínigh Éireannacha in iarthar na Breataine tar éis thitim na hImpireachta Rómhánaí.)Is fada na Gaeil á samhlú leis na Ceiltigh, ach is léir ón bhfianaise sheandálaíoch nach bhfuil an scéal chomh simplí sin.

Heinse

Is cuimhneachán réamhstairiúil socraithe ina liagchiorcal é heinse.

Liagchiorcal

Is leacht den galláin é an Liagchiorcal. Fáinní ciorclacha (nó gar do bheith ciorclach) cloch mór ina seasamh, a fhaightear in Éirinn is an Bhreatain, ón Aois Neoiliteach dhéanach nó an Chré-Aois luath. Timpeall 900 díobh ann fós, cuid acu suas le 400 m ar trastomhas. Meastar gur fheidhmigh siad mar theampaill ina ndéantaí eachtraí spéartha, gabháil thart na séasúr, torthúlacht na talún is na ndaoine, agus éachtaí eile a chomóradh.

Lleida

Is cathair sa Chatalóin in oirthuaisceart na Spáinne é Lleida. Tá sí lonnaithe in iarthar an réigiúin agus í mar phríomchathair an chúige Lleida. Tá thar ar 138,000 daoine ina gcónaí ann. Tá Lleida ar cheann de na chathracha is sine sa Chatalóin. Tá daoine ina gcónaí ann chomh fada siar agus an Chré-umhaois. Thóg na Rómhánaigh baile ann d'arbh ainm Ilerda faoi réim Augustus. Ghabh na múraigh í san 8ú haois agus ansin athtógadh í sa bhliain 1149. Sa bhliain 1297, bunaíodh Ollscoil Lleida an tríú ollscoil is sine sa Spáinn. Rinne go leoir damáiste don chathair i rith cogaidh éagsúla. Ó shin i leith tá fás agus forbairt uirbeach agus deimeagraifeach tágtha ar an áit.

Neoiliteach

Is é an dara cuid den Chlochaois í an ré Neoiliteach (Gréigis neos=nua, lithos=cloch, nó "Nua-Chlochaois"), de réir an chórais a úsáidtear chun réanna réamhstaire an chine daonna a rangú:

An Chlochaois

An Chré-umhaois

An Iarannaois

Réamhstair na hÉireann

Tá eolas againn ar réamhstair na hÉireann mar gheall ar fhianaise sheandálaíochta agus fianaise ghéinitigh. Tá datá de thimpeall 12,500 bliain ó shin curtha ar an bhfianaise is sine atá againn de dhaoine ag maireachtáil in Éirinn. Tagann réamhstair na hÉireann chun deiridh le tús an taifid stairiúil, timpeall 400 AD. Clúdaíonn an tréimhse seo antSean-Chlochaois, Lár na Clochaoise,An Nua-Chlochaois, an Aois Chré-umha agus an Iarannaois. Cuireadh tús leis an taifead stairiúil i roinnt mhaith den Eoraip le hionraí na Rómhánach sna críocha siúd; ós rud é nach ndearna na Rómhánaigh riamh Éire a ghabháil, is é teacht na Críostaíochta, a tharla beagáinín níos déanaí, an imeacht lena gcuirtear tús leis an taifead stairiúil inti.

Sasana

Tír in oileán na Breataine Móire is ea Sasana (Béarla: England; Coirnis: Pow Sows). Is é Sasana an tír is mó sa Ríocht Aontaithe.

Stair

Cur síos ar an saol atá caite, agus ciall a bhaint aisti, atá i gceist le stair. Is ón Fhraincis "Histoire" a tháinig an focal go Gaeilge, agus tá a bhunús sa bhfocal Laidne historia a chiallaíonn "scéal". Is féidir stair réigiúin leathain agus cultúir ar fad a chur síos agus staidéar a dhéanamh orthu, nó is féidir dian-staidéar a dhéanamh ar thír, ar bhaile, ar dhuine, nó ar cheird nó aon gné eile den saol thar am.

Stair Shasana

Is é Sasana an tír is mó san Ríocht Aontaithe. D'eascair an t-ainm Sasana ó na Angla-Shacsanaigh a tháinig sa 5ú haois. Tír amháin aontaithe ab ea críoch Sasana ó shin an 10ú haois. Sa bhliain 1707, cheangail an Bhreatain (Sasana and an Bhreatain Bheag) le Albain chun an Bhreatain Mhór a chruthú.

Stán

Is é an stán dúil cheimiceach uimhir a 50 agus is í an tsiombail cheimiceach a thagraíonn dó sna foirmlí ceimiceacha ná Sn. Ó thaobh na ceimice de, tá sé sách cosúil leis an dá dhúil is cóngaraí dó i ngrúpa a 14, is é sin, an luaidhe agus an gearmáiniam. Miotal iar-thrasdultach é an stán go bunúsach, cé go bhfuil tréithe áirithe aige a chuireann miotalóideach nó neamh-mhiotal i gcuimhne. Tá dhá uimhir ocsaídiúcháin aige, mar atá, +2 (na comhdhúile stánúla) agus +4 (na comhdhúile stánacha). Is iad na comhdhúile stánacha is cobhsaí.

Teicneolaíocht

Craobhacha den eolaíocht a bhfuil feidhmeanna fóinteacha ag baint leo.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.