An Airgintín

Is tír i Meiriceá Theas í an Airgintín. Tá teorainneacha aici leis an Sile, le Paragua, leis an mBolaiv, leis an mBrasaíl agus le Peiriú. Ceann de thíortha an réigiúin úd Río de la Plata is ea í (rioplatense mar a deirtear sa Spáinnis), agus cosúil leis na tíortha eile i Río de la Plata fuair sí a lán tionchair ón Iodáil, ó shocraigh a lán lucht imirce ón tír sin san Airgintín. Tá lorg na hIodáilise féin le mothú sa chineál Spáinnise a labhraítear sa tír. Is iad teangacha na n-inimirceach, cosúil leis an Iodáilis (nó leis na canúintí Iodálacha), an Ghearmáinis, an Araibis agus an Béarla féin, na teangacha mionlaigh is mó. An chuid is mó de na teangacha bundúchasacha ón aimsir roimh theacht na Spáinneach, chuaigh siad in éag, ach labhraítear cuid acu i gcónaí, ar nós na Ceatsuaise agus na Guaráinise.

Tagann ainm na tíre ón fhocal Laidine argentum, a chiallaíonn airgead.

Is í Buenos Aires an phríomhchathair. Bhí 43 milliún duine ina gcónaí ansin sa bhliain 2005.

República Argentina
Bratach na hAirgintíne Armas na hAirgintíne
Bratach Armas
Mana: En unión y libertad
Amhrán náisiúnta: Himno Nacional Argentino
Suíomh na hAirgintíne
Príomhchathair Buenos Aires
34°36′ Theas 58°23′ Thiar
An chathair is mó Buenos Aires
Teangacha oifigiúla Spáinnis
Rialtas
Uachtarán

Mauricio Macri
Neamhspleáchas
Fógraithe
Glactha leis ó
ón Spáinn
25 Bealtaine 1810
9 Iúil 1816
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
2,791,810 km² ()
1.1%
Daonra
 • Meas. ó 2015
 • Daonáireamh -
 • Dlús
 
43,417,000 (ú)
32ú
13/km² (ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
U S$ 516,951 milliún (22)
US$ 13.153 (-)
Airgeadra peso (ARS)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
UTC-3 (UTC)
- (UTC)
Fearann Idirlín .ar
Glaochód +54

Stair

Roimh theacht na nEorpach

Ní raibh ach áitreabh scaipthe san Airgintín roimh theacht na Spáinneach. Sa chúigiú haois déag áfach tháinig trúpaí ó Impireacht na nInceach leis na críocha seo a shealbhú, ó theastaigh mianraí agus miotail an réigiúin ó Tupac Inca Yupanqui a bhí ag rialú na nInceach san am. Ba iad na hIncigh a choinnigh an lámh in uachtar ar na críocha seo go dtí gur tháinig na conquistadores ón Spáinn.

Na hEorpaigh

An chéad dream Eorpach a tháinig go dtí an réigiún níorbh iad na Spáinnigh ach na Portaingéiligh iad. Ba iad Gonçalo Coelho agus Amerigo Vespucci iad sa bhliain 1502. Timpeall ar an mbliain 1512 d'fhionn Joäo de Lisboa agus Estevão de Fróis béal na habhann tábhachtaí úd Río de la Plata, agus chuaigh siad i dteagmháil leis na Charrúa, treibh áitiúil a d'inis dóibh faoi na hIncigh—"na daoine ar an taobh eile de na sléibhte". Ba é seo an chéad uair a chuala muintir na hEorpa trácht ar impireacht na nInceach. Sa bhliain 1516 a tháinig na Spáinnigh faoi cheannas Juan Díaz de Solís, agus fiche bliain ina dhiaidh sin bhunaigh siad an chéad choilíneacht san áit a bhfuil Buenos Aires inniu. Ní raibh maireachtáil i ndán don choilíneacht an iarracht sin, áfach, nó thréig na Spáinnigh í sa bhliain 1541. Níor cuireadh tús buan le Buenos Aires ach sa bhliain 1580, nuair d'athbhunaigh Juan de Garay an choilíneacht. Seacht mbliana roimhe sin bhí cathair Córdoba (an dara cathair is mó daonra san Airgintín inniu) bunaithe ag Jerónimo Luis de Cabrera. Cuid de Leas-Ríocht Pheiriú ab ea na coilíneachtaí seo, agus is as Peiriú a tháinig an chéad lucht áitribh. Murab ionann agus na coilíneachtaí eile i Meiriceá Theas, ní de thoradh aon ruathar óir a tháinig an t-áitreabh Spáinneach san Airgintín ar an bhfód.

Ba í an smuigleáil a chuir Buenos Aires agus na cathracha eile sa réigiún ag borradh. Nuair a bhí an réigiún á rialú ó Lima, ní raibh sé ceadaithe úsáid a bhaint as na cuanta maithe nádúrtha i Río de la Plata, nó ba é an dlí a bhí i bhfeidhm ná an trádáil idirnáisiúnta a dhéanamh trí Callao amháin (is é sin, cuan Lima). Sa bhliain 1776 dheighil na Spáinnigh an réigiún ó Leas-Ríocht Pheiriú agus bhunaigh siad Leas-Ríocht Río de la Plata. Ba í Buenos Aires príomhchathair na coilíneachta nua. Ní raibh Río de la Plata chomh mór i dtuilleamaí na miotal lómhar cosúil le Peiriú, nó bhí an beostoc agus an trádáil mara ní ba thábhachtaí mar fhoinsí ioncaim.

Neamhspleáchas

Ar an 9 Iúil 1816, d'fhógair an Airgintín a neamhspleáchas ón Spáinn. Le fírinne is é an t-ainm a bhí ar an tír san am ná Cúigí Aontaithe Mheiriceá Theas (Provincias Unidas de Sudamérica), agus ina dhiaidh sin, Cúigí Aontaithe Río de la Plata, ós rud é nach raibh cuid de na cúigí sin sásta fanacht in aon stát leis an Airgintín. Rinneadh stát nua na Bolaíve de chúig chúige de chuid sean-Leas-Ríocht Río de la Plata, agus bhain Uragua amach neamhspleáchas di féin le lámh láidir i bpáirc an áir.

Sa bhliain 1900 bhí an Airgintín ar ceann de na deich dtíortha is saibhre sa domhan. San am sin bhí na mílte inimirceach ag tonnadh isteach ón Eoraip.

Deachtóireacht

Bhí an tír faoi stiúir an airm agus éagobhsaíocht ghinearálta ó 1930 go dtí 1983, beagnach. Tháinig an Peronismo (nó Justicialismo) chun saoil sna 1950idí nuair a bhí Juan Perón agus a bhean chéile, Evita i gcumhacht. Deachtóireacht a bhí ann a raibh culaith an daonlathais curtha air.

I ndiaidh dó bheith ina Aire Saothair agus ina Leas-Uachtarán, toghadh faoi thrí é ina Uachtarán ar an Airgintín agus é in oifig ó Mheitheamh na bliana 1946 go Meán Fómhair, 1955, nuair a cuireadh as oifig é le coup d'état, agus arís eile ó Dheireadh Fómhair na bliana 1973 go dtína bhás i mí Iúil, 1974.

Le linn a chéad téarma (1946–52), ba mhór an tacaíocht a fuair Perón ón dara bean chéile aige, Eva Duarte ("Evita"), agus bhí an-ghnaoi ag an bpobal orthu beirt.

Cogadh

Sa bhliain 1982, d'ionsaigh rialtas míleata na hAirgintíne Oileáin Fháclainne, agus d'éirigh ina chogadh idir an Airgintín agus an Ríocht Aontaithe. I ndiaidh dhá mhí, d'éirigh leis na Sasanaigh ruaigeadh a chur ar na hAirgintínigh.

Daonlathas

D'éirigh an junta (deachtóireacht) níos laige i ndiaidh na heachtra seo. Tháinig an daonlathas ar ais san Airgintín sa bhliain dar gcionn, 1983.

Tháinig biseach ar na cúrsaí eacnamaíochta nuair a d'éirigh Carlos Menem ina uachtarán ó 1989.

Ach bhí fadhbanna eacnamaíocha ag deireadh na 1990í agus theip ar na hAirgintínigh a gcuid íocaíochtaí a dhéanamh.

Struchtúr polaitiúil

Tá córas uachtaráin i bhfeidhm, in éineacht le parlaimint le dhá theach, an Chomhdháil le 257 ball agus an Seanad le 72 ball. Tá tréimhse in oifig ceithre bliana ag an uachtarán. Tá 23 cúige ann, chomh maith le ceantar feidearálach Buenos Aires, gach ceann acu lena chomhdháil is lena chóras riaracháin féin, iad go léir faoin rialtas feidearálach.

Tíreolaíocht

  • Aibhneacha Paraná, Uruguay agus Limay; eas Iguazu ar an dteorainn leis an mBrasaíl san oirthuaisceart.
  • Sléibhte Andes agus an tsliabh is airde i Meiriceá Theas, Aconcagua (6960 m).
  • Las Pampas—limistéar clárach timpeall 1.5 milliún ciliméadar cearnach..
  • An Phatagóin.
  • Cúigí agus limistéir eile.
  • Aeráid.

Eacnamaíocht

  • Tábhachtach na talmhaíochta, las Pampas agus na Gauchos.
  • Fíon.

Féach freisin

Tagairtí

Tíortha Mheiriceá Theas
Airgintín, an | Bholaiv, an | Bhrasaíl, an | Cholóim, an | Eacuadór | Ghuáin, an | Paragua | Peiriú | tSile, an | Suranam | Uragua | Veiniséala
20 Meitheamh

Is é an 20 Meitheamh an 171ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 172ú lá i mbliain bhisigh. Tá 194 lá fágtha sa bhliain.

2 Aibreán

Is é an 2 Aibreán an 92ú lá den bhliain de réir an fhéilire Ghréagóra nó an 93ú lá i mbliain bhisigh. Tá 273 lá fágtha sa bhliain.

9 Iúil

Is é an 9 Iúil an 190ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 191ú lá i mbliain bhisigh. Tá 175 lá fágtha sa bhliain.

An Iodáilis

Is í an Iodáilis nó an Eadáinis, mar a thug Máirtín Ó Cadhain uirthi de réir a chanúna (Iodáilis: italiano nó lingua italiana) teanga náisiúnta na hIodáile. Labhraítear freisin í i gCathair na Vatacáine, san Airgintín, san Eilvéis, in Uragua, sa Bhrasaíl, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin agus san Fhrainc. Ceann de na teangacha oifigiúla is ea í san Eilvéis, chomh maith leis an bhFraincis, an Ghearmáinis agus an Réata-Rómáinis. Teanga bhundúchasach is ea an Iodáilis san Iodáil féin agus san Eilvéis, ach tháinig na pobail Iodálacha sna tíortha eile, go háirithe san Oileán Úr, ar an bhfód de thoradh na himirce, nó ba dual do na hIodálaigh riamh dul ar imirce. D'fhág na hinimirceoirí Iodálacha an-lorg ar chultúr na Stát Aontaithe agus na hAirgintíne, ach go háirithe, agus tá leathchaint na gcoirpeach san Airgintín, an lunfardo, lán focail iasachta ón Iodáilis.

Tá an Iodáilis chaighdeánach bunaithe ar chanúint na Toscáine, ach is é an fuaimniú a chluinfeá i gcathair na Róimhe féin an fuaimniú is airde meas ar na saoltaí seo. Mar a deir na hIodálaigh féin, is í an Iodáilis is fearr ná lingua toscana in bocca romana, teanga na Toscáine i mbéal na Róimhe.

An Phatagóin

Ceantar tíreolaíoch i Meiriceá Theas is ea an Phatagóin a shíneann ón tSíle ar fud na nAindéis agus tríd an Airgintín freisin.

An Spáinnis

Is í an Spáinnis nó Caistílis teanga náisiúnta na Spáinne, chomh maith leis an gcuid is mó de Mheiriceá Theas agus Láir. Tá tábhacht ag an teanga, freisin, sna hOileáin Fhilipíneacha, i Meicsiceo agus i gcuid mhaith de Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe de thoradh na hinimirce ó thíortha Mheiriceá Laidineach. Labhraítear Spáinnis i dtuaisceart Mharacó go fóill, sa chuid den tír a bhí ina coilíneacht ag an Spáinn. Is teanga Rómánsach í, is é sin, is teanga de bhunadh na Laidine í. Tugtar Castellano ar an gcaighdeán oifigiúil go minic, is é sin, an Chaistílis, nó teanga Chúige na Caistíle. Dealraíonn sé gur tháinig an Spáinnis, mar theanga nó mar chanúint ar leith, ar an bhfód i gCantabria i dtuaisceart na Spáinne, ach ansin, chuaigh sí in úsáid sa Chaistíl freisin. Sa bhliain 1492, foilsíodh an chéad ghramadach chaighdeánach don Spáinnis. Sa bhliain chéanna, chuaigh Críostóir Colambas, nó Cristobal Colón, mar a thugann na Spáinniseoirí air, i dtír san Oileán Úr, agus chuir sé an chéad tús leis an ngabháltas millteanach, an Conquista nó an Concas, a rinne na Spáinnigh ansin. Thug siad a dteanga leo, agus ní raibh aon mhoill ar na bundúchasaigh í a fhoghlaim. Mar sin, is í an Spáinnis an teanga Rómánsach is líonmhaire cainteoirí inniu. Creidtear go bhfuil sí ó dhúchas ag ceithre chéad is deich milliún duine, agus an uimhir sin ag dul in airde. Mar sin, tá an Spáinnis ar theangacha móra an domhain, agus is fiú í a fhoghlaim, de réir gach caighdeán.

An tSile

Is tír i Meiriceá Theas í an tSile (Spáinnis: Chile). Tá teorainn aici leis an mBolaiv, leis an Airgintín agus le Peiriú. Is í Santiago de Chile an phríomhchathair. Tá beagáinín níos lú ná 18.0 milliún duine ina gcónaí ann.

Aspen, Colorado

Is cathair í Aspen atá suite in Colorado, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá Aspen suite i gContae Pitkin. Tá Steve Skadron ina mhéara air. Bunaíodh an chathair sa bhliain 1879.

Buenos Aires

Is í Buenos Aires príomhchathair fheidearálach na hAirgintíne, agus tá sí lonnaithe ar bhruach thiar na habhann Rio de la Plata a dhéanann teorainn idir an Airgintín agus Uragua. Tá timpeall 12 milliún duine ina gcónaí ann. Is ceann de na cathracha is mó daonra í Buenos Aires i Meiriceá Theas. Tá an chuid is mó den daonra de bhunús Spáinneach nó Iodáileach. Is í an Caitliceachas Rómhánach an reiligiún is coitianta i measc na ndaoine.

Che Guevara

Réabhlóidí sóisialach a bhí in Ernesto Guevara, nó Che Guevara de ghnáth (14 Meitheamh, 1928 - 9 Deireadh Fómhair, 1967), a rugadh i Rosario, Airgintín. Maraíodh é in La Higuera na Bolaive.

Corn FIFA an Domhain 2018 – Grúpa D

Thog Grúpa D den Chorn FIFA an Domhain 2018 ar súil idir 16 go 26 Meitheamh 2018. Bhí An Airgintín, An Íoslainn, An Chróit agus An Nigéir sa ghrúpa.

Corn Sacair an Domhain

Féach ar Corn FIFA an Domhain 2018 don chomórtas reatha.Comórtas sacair idirnáisiúnta is ea Corn Sacair an Domhain (nó Corn FIFA an Domhain). Eagraíonn FIFA an comórtas gach ceithre bhliain agus bíonn seans ag gach foireann sacair idirnáisiúnta a bheith páirteach. Bhuaigh an Iodáil Corn an Domhain sa bhliain 2006, agus beidh an chéad cheann eile ar siúl san Afraic Theas sa bhliain 2010.

Tosaíonn an corn leis an gcomórtas cáiliúcháin, ina imríonn na foirne i gcoinne a chéile agus téann na buaiteoirí isteach sna chluichí ceannais. Ní bhíonn ach dhá fhoireann is tríocha sna chluichí ceannais, agus mar sin is luachmhar an duais é. Téann an fhoireann óstach agus na curaidh go díreach isteach sna chluichí ceannais. Cuirtear na foirne eile isteach i ngrúpaí beaga, agus leanann an dhá fhoireann is fearr ar aghaidh. Ansin, is iomaíocht díbeartha í go dtí an cluiche ceannais.

As an ocht gcomórtas déag a imríodh go dtí seo, tá an corn buaite ag seacht náisiún. Tá cúig bhua ag an Bhrasaíl, níos mó ná aon fhoireann eile, agus is iad an fhoireann amháin chun páirt a ghlacadh i ngach comórtas. Tá ceithre chorn buaite ag an Iodáil, agus is iad curaidh an domhain faoi láthair. Tá an corn buaite ag an Ghearmáin faoi thrí. Tá dhá bhua ag Uragua, an Airgintín agus an Fhrainc, agus tá ceann amháin ag Sasana agus An Spáinn.

Lionel Messi

Is imreoir peile idirnáisiúnta Airgintíneach é Lionel Andrés Messi (rugadh 24 Meitheamh, 1987 i Rosario, an Airgintín). D'imir sé le Newell's Old Boys ina chaithair dhúchais ach bhog a thuismitheoirí go Barcelona agus é 11 bliain d'aois chun cóir a fháil ar mhí-eagar easpa hormón a bhí aige. Bhain sé páirt i dtriail don Barcelona agus é 13 bliain d'aois. Bhí sé chomh maith sin go raibh sé ag imirt do Barcelona B, an dara foireann, go luath ina dhiaidh sin. Fuair sé níos mó ná cúl ann mar mheán. D'imir sé a chéad chluiche don chéad fhoireann i nDeireadh Fómhair 2004 i gcoinne Espanyol agus fuair sé a chéad chúl i gcoinne Albacete ar an 1 Bealtaine 2005.

Liosta curaidh dornálaíochta meánmheáchan

1884-07-30 1891-01-14 Poblacht na hÉireann Jack (Nonpareil) Dempsey Domhan

1891-01-14 1894-09-26 – fágtha An Ríocht Aontaithe Bob Fitzsimmons Domhan

1896-12-26 1897-12-17 – fágtha na Stáit Aontaithe Kid McCoy Domhan

1898-10-24 1907-05-28 – fágtha na Stáit Aontaithe Tommy Ryan Domhan

1907-09-02 1908-09-07 – fágtha na Stáit Aontaithe Stanley Ketchel Domhan

1908-09-07 1908-11-26 na Stáit Aontaithe Billy Papke Domhan

1908-11-26 1910-06-10 – fágtha na Stáit Aontaithe Stanley Ketchel

1913-03-5 1913-10-11 na Stáit Aontaithe Frank Klaus Domhan

1913-10-11 1914-04-07 na Stáit Aontaithe George Chip Domhan

1914-04-07 1917-11-14 na Stáit Aontaithe Al McCoy Domhan

1917-11-14 1920-05-06 na Stáit Aontaithe Mike O'Dowd Domhan

1920-05-06 1923-08-31 na Stáit Aontaithe Johnny Wilson Domhan

1923-08-31 1926-02-26 na Stáit Aontaithe Harry Greb Domhan

1926-02-26 1926-12-03 na Stáit Aontaithe Tiger Flowers Domhan

1926-12-03 1929-10-29 – fágtha na Stáit Aontaithe Mickey Walker Domhan

1932-01-25 1932-06-11 na Stáit Aontaithe Gorilla Jones NBA

1932-06-11 1932-07-04 An Fhrainc Marcel Thil NBA

1933-10-30 1933-10-30 Ceanada Lou Brouillard Domhan

1933-10-30 1934-09-11 na Stáit Aontaithe Vince Dundee Domhan

1934-09-11 1935-09-19 na Stáit Aontaithe Teddy Yarosz Domhan

1935-09-19 1936-07-11 na Stáit Aontaithe Eddie Babe Risko Domhan

1936-07-11 1938-07-26 na Stáit Aontaithe Freddie Steele Domhan

1937? 1939? na Stáit Aontaithe Fred Apostoli Domhan

1938-11-01 1939-06-27 na Stáit Aontaithe Solly Krieger Domhan

1939-06-27 1940-07-19 na Stáit Aontaithe Al Hostak Domhan

1939-10-02 1940-05-23 na Filipínigh Ceferino Garcia Domhan

1940-05-23 1941-05-09 na Stáit Aontaithe Ken Overlin Domhan

1941-05-09 1941 na Stáit Aontaithe Billy Soose Domhan

1940-07-19 1947-07-16 na Stáit Aontaithe Tony Zale NBA

1947-07-16 1948-06-10 na Stáit Aontaithe Rocky Graziano Domhan

1948-06-10 1948-09-21 na Stáit Aontaithe Tony Zale Domhan

1948-09-21 1949-06-16 An Fhrainc Marcel Cerdan Domhan

1949-06-16 1951-02-14 na Stáit Aontaithe Jake LaMotta Domhan

1951-02-14 1951-07-10 na Stáit Aontaithe Sugar Ray Robinson Domhan

1951-07-10 1951-09-12 An Ríocht Aontaithe Randy Turpin Domhan

1951-09-12 1952-04-16 – fágtha na Stáit Aontaithe Sugar Ray Robinson Domhan

1953-10-21 1955-12-09 Haváí Bobo Olson Domhan

1955-12-09 1957-01-02 na Stáit Aontaithe Sugar Ray Robinson Domhan

1957-01-02 1957-05-01 na Stáit Aontaithe Gene Fullmer Domhan

1957-05-01 1957-09-23 na Stáit Aontaithe Sugar Ray Robinson Domhan

1957-09-23 1958-03-25 na Stáit Aontaithe Carmen Basilio Domhan

1958-03-25 1960-01-22 na Stáit Aontaithe Sugar Ray Robinson Domhan

1960-01-22 1961-07-11 na Stáit Aontaithe Paul Pender Domhan

1961-07-11 1962-04-07 An Ríocht Aontaithe Terry Downes Domhan

1962-04-07 1962-04-07 – fágtha na Stáit Aontaithe Paul Pender Domhan

1962-08-10 1963-12-07 An Nigéir Dick Tiger Universal (WBA/WBC)

1963-12-07 1965-10-21 na Stáit Aontaithe Joey Giardello Universal (WBA/WBC)

1965-10-21 1966-04-25 An Nigéir Dick Tiger Universal (WBA/WBC)

1966-04-25 1967-04-17 Oileáin Mhaighdean na Stát Aontaithe Emile Griffith Universal (WBA/WBC)

1967-04-17 1967-09-29 An Iodáil Nino Benvenuti Universal (WBA/WBC)

1967-09-29 1968-03-04 Oileáin Mhaighdean na Stát Aontaithe Emile Griffith Universal (WBA/WBC)

1968-03-04 1970-11-07 An Iodáil Nino Benvenuti Universal (WBA/WBC)

1970-11-07 1974-02-09 – craobh scoilte An Airgintín Carlos Monzón Universal (WBA/WBC)

1976-06-26 1977-08-29 – retired An Airgintín Carlos Monzón Universal (WBA/WBC)

1980-09-27 1987-04-06 – craobh scoilte na Stáit Aontaithe Marvelous Marvin Hagler Universal (WBA/WBC/IBF)

2004-09-18 2005-07-16 – craobh caillte na Stáit Aontaithe Bernard Hopkins Universal (WBA/WBC/IBF/WBO)

2005-07-16 2005-10-11 – craobh scoilte na Stáit Aontaithe Jermain Taylor Universal (WBA/WBC/IBF/WBO)

Meiriceá Theas

Ceann de chúig mhór-roinn an domhain é Meiriceá Theas. Is é Meiriceá Theas an mhór-roinn is fada ó dheas, ach amháin Antartaice, atá lonnaithe timpeall an Phol Theas.

Oileáin Fháclainne

Críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe iad Oileáin Fháclainne (Islas Malvinas as Spáinnis), agus iad suite san Aigéan Atlantach, 300km soir ó chósta na hAirgintíne agus 940km ó thuaidh ón Antartaice. Is iad Fáclainn Thiar agus Fáclainn Thoir na príomhoileáin san oileánra seo.

Tá an t-ainm Gaeilge bunaithe ar an mBéarla. Téann an t-ainm Béarla siar go dtí an bhliain 1690, nuair a bhaist John Strong ainm a urraí féin, Anthony Cary, Bíocúnta Falkland, ar na hoileáin. Maidir leis an ainm Spáinnise, leagan is ea é den ainm Fraincise Îles Malouines.

Pápa Proinsias

Is é Jorge Mario Bergoglio SJ, nó Pápa Proinsias (a rugadh ar 17 Nollaig, 1936) an pápa reatha san Eaglais Chaitliceach Rómhánach. Toghadh é ar an 13 Márta, 2013 agus roimhe sin bhíodh sé ina chairdinéal san Airgintín ón mbliain 2001. Ba é a bhí mar Ardeaspag Buenos Aires ón bhliain 1998.

Uragua

Is tír i Meiriceá Theas í Uragua, nó Poblacht Oirthearach Uragua, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil (Spáinnis: República Oriental del Uruguay). Orientales nó Oirthearaigh a thugtar ar mhuintir na tíre féin go minic, go háirithe sa chanúint Spáinnise a labhraítear i dtíortha Río de la Plata. Orientales, la patria o la tumba an teideal atá ar amhrán náisiúnta na tíre féin - "an tír dhúchais nó an uaigh, a Oirthearacha". Tá teorainneacha aici leis an mBrasaíl agus leis an Airgintín.

Is í Montevideo an phríomhchathair. Cathracha eile iad Paysandú, Salto, Artigas, Rivera, Melo, Treinta y Tres, Punta del Este, agus Tacuarembó. Bhí thart ar thrí mhilliún is ceithre chéad míle duine ina gcónaí annsa bhliain 2002. Níl ach 176,220 ciliméadar cearnach d'achar ann, agus mar sin, tá sí ar an gceann is lú de thíortha na Spáinnise i Meiriceá Theas.

Ar an bhfeirmeoireacht is mó a mhaireadh Uragua go dtí le déanaí, ach tá an tír ag dul chun tionsclaíochta ar na saolta seo, agus an ríomhaireacht ag dul chun cinn. Is í Uragua an tír is mó a easpórtálann bogearraí ríomhaireachta i Meiriceá Theas.

Náisiúin G-20

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.