1739

Blianta:
1736 1737 1738 - 1739 (MDCCXXXIX) - 1740 1741 1742
Deichniúra:
1700í 1710í 1720í - 1730í - 1740í 1750í 1760í
Aois:
17ú haois - 18ú haois - 19ú haois

Tarluithe

  • 1 Eanáir - Thángthas den chéad uair ar Oileán Buvet
  • 20 Márta - Ghabh Nader Shah, rialtóir na hIaráine, Deilí san India, chreach sé an chathair agus ghoid sé an Kōh-i Nūr, an diamant mór cáiliúil

Breitheanna

Básanna

1736

Bliain bhisigh a bhí sa bhliain 1736 agus í ag tosnú ar an Domhnach.

24 Deireadh Fómhair

Is é an 24 Deireadh Fómhair an 297ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 298ú lá i mbliain bhisigh. Tá 68 lá fágtha sa bhliain.

An tSeirbia

Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an tSeirbia, nó Poblacht na Seirbia (Seirbis: Република Србија nó Republika Srbija). Is í Béalgrád an phríomhchathair agus an chathair is mó. Tá sí suite ag crosaire idir Lár na hEorpa agus Oirdheisceart na hEorpa. Tá stair agus cultúr éagsúil ag an tír cé gur tír réasúnta beag í. Faoi láthair tá sí ag dul tríd an aistriú ó Sóisialachas Tito agus ré Milošević go daonlathas. Tá teorainn aici leis An Ungáir ó thuaidh; An Rómáin agus an Bhulgáir san oirthear; an Mhacadóin ó dheas agus; an Chróit, an Bhoisnia, agus Montainéagró san iarthar; freisin tá teorainn aici leis an Albáin tríd an réigiúin Cosaive.

Ó lonnaigh na Seirbiaigh sna Balcáin, bhunaigh siad stáit éagsúla, ar deireadh d'aontaigh siad mar Impireacht na Seirbia sa bhliain 1346. Faoin 16ú haois, rinne Impireacht Otamánach gabháil ar an réigiúin iomláin ina bhfuil Seirbia an lá inniu suite. San 19ú haois ath-bhunaigh réabhlóid Seirbia mar mhonarcacht bhunreachtúil. I ndiaidh tamaill d'fhás an ríocht seo agus fuair siad réidh leis an feodachas ar fud na Balcáin. Sa bhliain 1918 aontaigh an cúige Hapsburgach Vóvaidín le Ríocht na Seirbia. I ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, bhí Seirbia páirteach i gcur le chéile an chéad Iúgslaiv leis na náisiúnaithe eile Slavaigh ó dheas, bhí an t-aonán seo i ré i bhfoirm éagsúla go dtí an bhliain 2006. Sa bhliain sin aisghabh Seirbia a neamhspleáchas. I mí Feabhra 2008 d'fhógair pairlimint UNMIK-riaraithe Cosaive, cúige Seirbia ó dheas, neamhspleáchas. Bhí freagairt rialtais idirnáisiúnta measctha, le cuid mhaith den Eoraip ag tabhairt aitheantas don aonán nua. Tá Seirbia mar bhaill de chomhlachtaí idirnáisiúnta éagsúla, ina measc tá, NA, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip(ESCE), Comhpháirtíocht na Síochána, an Eagraíocht Comhar Eacnamaíochta na Mara Duibhe(CEMD) agus Comhaontú Saorthrádála na hEorpa Láir(CSEL). Tá sí freisin mar iarrthóir oifigiúil le bheith mar bhaill den Aontas Eorpach agus is tír neodrach í.

Cogadh Chluas Jenkins

Bhí Cogadh Chluas Jenkins (le aithne ar Guerra del Asiento san Spáinn) coimhlint idir an Bhreatain agus An Spáinn as 1739 go 1748.

Dick Turpin

Ba fhoghlaí bóthair Ssasanach é Richard "Dick" Turpin (baist. 21 Meán Fómhair 1705 – 7 Aibreán 1739). Rugadh in Hempstead , Essex, é agus baisteadh é ar an 21 lá de mhí Mheán Fómhar na bliana.

DuPont

Clann tionsclaíochta Fhrancach-Mheiriceánach, le comhlachtaí tábhachtacha déantúsaíochta le beagnach 300 bliain i stát Delaware. I measc a gcuid táirgí tá púdar gunna, snáithíní, plaistigh is ceimiceáin. Baill thábhachtacha den chlann ab ea Pierre Samuel (1739-1817), Eleuthere Irenée (1771-1834), Henry (1812-1889), Lammot (1880-1952), is Pierre Samuel (1870-1954).

Gorta Éireannach 1740 – 1741

Tháinig gorta Éireannach na mblianta 1740 - 1742 den "Sioc Mór" a bhuail an Eoraip idir Nollaig 1739 agus Meán Fómhair 1741 tar éis deich mblianta a mbíodh geimhreadh bog ann. D’fhág an gorta seo lorg tubaisteach ar Éirinn, agus bhí sé níos measa ar shlite áirithe ná an Drochshaol céad bliain ina dhiaidh sin. Thug na hÉireannaigh “Bliain an Áir" ar an mbliain 1741.

Henrik Gabriel Porthan

Ba é Henrik Gabriel Porthan an t-ainm ba tábhachtaí i saol cultúrtha na Fionlainne san ochtú haois déag.

Rugadh Porthan i Viitasaari i Lár na Fionlainne ar an 8, nó ar an 9, Samhain 1739, agus fuair sé bás i dTúrcú ar an 16 Márta 1804. Ba iad an ministir paróiste Sigfrid Porthan agus a bhean Kristina Juslenius a thuismitheoirí.

Nuair nach raibh Henrik Gabriel beag ach cúig bliana, buaileadh a athair breoite le galar intinne, agus cuireadh an buachaill chuig a uncail, ministir paróiste eile. Ní raibh Henrik ach cúig bliana déag, nuair a chuaigh sé go hAcadamh Thúrcú le haghaidh staidéir. Sé bliana ina dhiaidh sin, bhain sé amach a chéim mar Magister Philosophiae, is é sin, Máistir Fealsúnachta - céim a fhreagraíonn don Mháistir Ealaíon i dtíortha an Bhéarla. Sa bhliain 1760, thosaigh sé ag léachtóireacht san Acadamh. Bhí sé ina leabharlannaí chúnta ón mbliain 1764 anuas, agus sa bhliain 1772, rinneadh leabharlannaí de i Leabharlann na hOllscoile.

Bhí sé ina Ollamh in Acadamh Thúrcú, arbh é an chéad síol le hOllscoil Heilsincí, ón mbliain 1777 anuas. Is é an teideal oifigiúil a bhí air ná professor eloquentiae, is é sin, Ollamh le Deisbhéalaí, nó Ollamh le Reitric. Go praiticiúil, ollúnacht le Laidin, Gréigis agus staire a bhí ann, nó dhírigh Porthan ar na hábhair seo thar aon rud eile. Deirtear, fiú, gurbh eisean "athair na staire" i saol acadúil na Fionlainne. Thug sé isteach modh oibre na heolaíochta i léann na Fionlainne, agus chaith sé i dtraipisí na hipitéisí fánacha faoi bhunús na Fionlainnise a bhí coitianta go dtí sin - roimh lá Phorthan, bhí lucht an léinn san Fhionlainn ag áitiú go raibh gaol ag an bhFionlainnis leis an Eabhrais, cuir i gcás.

Sna blianta 1766-1778, d'fhoilsigh Porthan a thráchtas faoi fhilíocht tíre na bhFionlannach, De poesi Fennica. Ní raibh Porthan féin ag saothrú na Fionlainnise, áfach - scríobh sé a chuid saothar i Sualainnis agus i Laidin. Bhí sé den tuairim, fiú, go raibh an Fhionlainnis ag dul in éag agus nach mbeadh le déanamh ach filíocht na bhFionlannach a bhreacadh síos agus a aistriú go Laidin le haghaidh na nglúinte a bhí le teacht.

Mar sin féin, ba mhór an spreagadh í obair Phorthan do lucht saothraithe na Fionlainnise. Nuair a bhunaigh Porthan iris Sualainnise dá chuid féin, Tidningar utgifne i Åbo, rith le Antti Lizelius, sa bhliain 1775, an chéad iris Fionlainnise - Suomenkieliset Tieto-Sanomat ("Teachtaireachtaí Eolais as Fionlainnis") - a fhoilsiú. Bhí Lizelius ábalta an leathmhíosachán seo a choinneáil ag imeacht ar feadh aon bhliain amháin. Ina dhiaidh sin féin, éacht mór ceannródaíochta a bhí ann.

Is léir gur tharraing tráchtas Phorthan súil an domhain léannta i dtreo fhilíocht tíre na Fionlainne an chéad uair. Sa naoú haois déag, chuaigh Elias Lönnrot ag taisteal na tíre ar lorg na ndánta agus na laoithe arb iad amhábhar an dá mhórshaothar filíochta úd Kalevala agus Kanteletar a tháinig ó pheann Lönnrot. Is ar éigean a rithfeadh le Lönnrot an obair seo a chur i gcrích gan an cheannródaíocht a rinne Porthan roimhe.

Scríobh Porthan tráchtas faoi phiseoga na bhFionlannach ársa fosta, mar atá, De superstitione veterum Fennorum theoretica et practica (1782), agus rinne sé iarracht foclóir sanasaíochta Fionlainnise agus gramadach Fionlainnise a scríobh, obair nach raibh sé i ndán dó a chur i gcrích roimh a bhás, áfach. Mar sin féin, chuir sé an lucht léinn a tháinig ina dhiaidh ar bhealach a leasa leis na saothair seo.

James Napper Tandy

Réabhlóidí Éireannach, agus ball de chuid na nÉireannach Aontaithe ab ea James Napper Tandy (timpeall 1739 - 24 Lúnasa 1803).

Meddygon Myddfai

Dochtúirí ba ea Meddygon Myddfai, a raibh cónaí orthu i Myddfai na Breataine Bige. Sráidbhaile is ea Myddfai i Sir Gaerfyrddin (Carmarthenshire). Bhí siad ann ó thús an 13ú céad go 1739. Is é Rhiwallon Feddyg (fostaithe ag Rhys Gryg, tiarna Dynevor agus Ystrad Towy) an chéad ainm a bhfuil trácht air. Tháinig a mhic (Cadwgan, Gruffydd agus Einon) i gcomharbas air. Is iomaí leigheas luibe a bhíodh acu. Lean an traidisiún seo ar aghaidh ar feadh tuairim is 500 bliain. Nuair a cuireadh David Jones (1719)) agus John Jones (1739) in eaglais an pharóiste, tháinig deireadh leis an líne fhada.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.