1018

Blianta:
1015 1016 1017 - 1018 () - 1019 1020 1021
Deicheanna blianta:
980í 990í 1000í - 1010í - 1020í 1030í 1040í
Céadta blianta:
10ú céad - 11ú céad - 12ú céad

Eachtraí

Breitheanna

Básanna

Aber-porth

52.1321°N 4.5406°W / 52.1321; -4.5406

Baile i Ceredigion, an Bhreatain Bheag, is ea Aber-porth, 118.6 km ó Caerdydd agus 311 ó Londain. Tá daonra 2,293 ann, agus tá 1018 (44.4%) in ann Breatnais a labhairt.

An Bhulgáir

Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an Bhulgáir (Bulgáiris: България). Is í Sóifia an phríomhchathair agus an chathair is mó atá inti.

An Ghrian

Is í an Ghrian an réalta is mó sa ghrianchóras í. Tá an Domhan á timpeallú faoi 150 milliún ciliméadar di, agus glactar leis an meánfhad ón nGrian go dtí an Domhan mar aonad réalteolaíoch. Abhacréalta bhuí is ea an Ghrian, agus í comhdhéanta as an hidrigin, den chuid is mó.

Sroicheann an teocht ar dhromchla na Gréine tuairim is cúig mhíle céim Celsius, ach sa chroílár, áit a bhfuil an t-imoibreoir comhleá ag obair, tá sé i bhfad níos teo fós, mar atá, timpeall ar chúig mhilliún déag de chéimeanna Celsius.

Tá níos mó ná 99 % de mhais an Ghrianchórais comhchruinnithe sa Ghrian, agus is í an Ghrian a choinníonn an saol agus an bheatha ag imeacht ar dhroim an Domhain. Tugann an Ghrian an fuinneamh a chuireann na gaotha ag séideadh agus an aimsir ag athrú. Tríd is tríd, ní bheadh an domhan ann mar is eol dúinn é, ach go bé go bhfuil an Ghrian ann.

Cé go bhfuil an Ghrian i bhfad rógheal le go n-aithneodh súile an duine aon difríochtaí gile uirthi, is féidir le lucht eolaíochta spotaí a fheiceáil ar a dromchla nach bhfuil chomh geal lena dtimpeallacht. Tugtar grianspotaí ar na smáil seo. Tá baint acu le maighnéadas na Gréine, agus iad ag dul i bhflúirse agus i ngainne arís, de réir tréimhse aon bhliain déag.

Ní mór cuimhne a choinneáil air go bhfuil sé an-dainséarach do na súile breathnuithe a dhéanamh ar an nGrian, agus go bhfuil modhanna oibre ar leith ag teastáil leis na dainséir a sheachaint.

Carraig Thuathail

Is baile suite i gContae Chorcaí í Carraig Thuathail. Sa bhliain 2016, bhí 5,080 duine ina gcónaí ann.Tá sé 12 ciliméadar soir ó chathair Chorcaí. Tá sé ceangailte le hIarnród Fo-uirbeach Chorcaí agus tá bóthar an N25 ag dul dó. Tá Carrig Thuathail ar cheann de na bailte is mó fáis sa réigiún, agus mol do chuideachtaí cógaisíochta agus biteicneolaíochta.

Cnút Mór

Bhí Cnút Mór (Sean-Lochlannais: Knútr inn ríki; c 985 nó 995 - 12 Samhain, 1035.), ina thiarna agus ghobharnóir ar Dhiúcacht Schleswig agus an Phomreáin, ina dhiaidh sin, ba rí Shasana é (ón bhliain 1016), rí na Danmhairge (1018), agus rí na hIorua (1028).

Mac an rí Svein Tjugeskjegg (nó 'Sven na Féasóige Gabhlaí' i nGaeolge) ab ea é, a raibh ina chomhalta de Lochlannaigh Jomsborg, ord míleata a bhí tráth lonnaithe sa Pholainn, mar atá inniu ann. Léiríonn staraithe neamhchinnteacht fós, cé acu an raibh nó nach raibh Lochlannaigh Jomsburg ar marthain. B'í máthair s'aigesan ná iníon chéad diuice na Polanie, Mieszko I; d'fhéadfadh gurb é Świętosława (féach: Sigrid Storråda)a hainm, cé gur deir an 'Oxford DNB ' go bhfuil a hainm anaithnid.

Mar Phrionsa na Danmhairge, bhuaigh Cnút suíochán ríoga Shasana sa bhliain 1016, i ndiaidh na gcéadta bliain de ghníomhaíochta Lochlannacha in iarthuaisceart na hEorpa. Shealbhaigh sé Ríocht na Danmhairge sa bhliain 1018, rud a d'aontaigh corónacha Shasana agus na Danmhairge le chéile. Choimeád Cnút an bhunáit chúmhachta seo le chéile tríd na Danair agus na Sasanaigh a aontú faoi bhannaí cultúrtha an rachmais agus gnáthaimh, seachas dul i mbun na brúidiúlachta. Sa bhliain 1028 agus é i dTrondheim, tar éis deich mbliana coimhlinte in aghaidh céilí comhraic sna Críocha Lochlainn, mhaigh Cnút gur leis choróin na hIorua. Ghabh Cnút Sigtuna, cathair na Sualainne agus cé go raibh boinn eisithe aige dí agus a ainm orthu, níl insint na stair ar fáil faoin a fhorghabháil.

Fónón

Tonn mheicniúil a fhorleathann mar chuilithín trí sholad, ag díláithriú na n-adamh go móimintiúil. Is é candam chreathadh na laitíse an fónón, a léiríonn airíonna cosúil le hairíonna cáithníní (mar shampla, an cumas cáithníní eile a scaipeadh, rud a bhraitear le díraonadh neodrón). Meastar go gcuimsíonn gráinne salainn ag teocht an tseomra timpeall 1018 fónón.

Hanford

Ionad forleathan i Washington na Stát Aontaithe ina bpróiseáiltear is a stóráiltear ábhair núicléacha radaighníomhacha thar cheann an airm. Droch-cháil air de bharr an oiread sin sceite d'ábhair radaighníomhacha san aer is na huiscí taobh leis ar feadh 70 bliain, beagnach. Mar shampla, tá a fhios anois gur sceitheadh oiread is 2 × 1018 beicireil (Bq) d'iaidín radaighníomhach san aer ann i 1944-1947. Ag cur san áireamh go méadaíonn a laghad is 2 × 105 Bq iaidín, ach é ionsúite sa cholainn, an dóchúlacht go bhfaighidh duine ailse tíoróidigh, is ollmhór an sceitheadh é seo. Meastar go bhfuair suas le 20% den 250,000 duine i stáit Washington, Idaho is Oregon, mórthimpeall ar Hanford dáileoga baolacha radaíochta ó thosaigh sé. Ní haon ábhar iontais é gur cúis chonspóide an t-ionad céanna.

Mainistir na Corann

Is baile í Mainistir na Corann (Béarla: Midleton) atá le fáil tuairim is 22 chiliméadar soir ó Chathair Chorcaí (Corcaigh) i ndeisceart na hÉireann. Tá an baile suite ar an mbóthar N25 idir Corcaigh agus Ros Láir, cois Abhainn na Cora.

Máel Mórda mac Murchada

Ba é Máel Mórda mac Murchada nó Máel Mórda mac Murchada Uí Fáeláin (Maol Mórdha Mac Murchadha Uí Fhaoláin) Rí Laighean. Rugadh é timpeall 965 agus maraíodh é ag Cath Chluain Tarbh ar an 23 Aibreán 1014, mac le Murchad mac Finn agus deartháir le Gormflaith (bean chéile Bhrian Bóirmhe) a bhí ann, agus é ina dhuine de mhuintir Uí Fhaoláin, ceann de threibheanna Uí Dhúnlainge a bhí lonnaithe timpeall na Life i Nás na Rí.

Cuimhnítear air, thar aon rud eile, mar namhad Bhrian Bóirmhe, agus maraíodh an bheirt ag Cath Chluain Tarbh ar Aoine an Chéasta 1014. D'éirigh sé amach níos luaithe freisin, sa bhliain 1012. Tar éis a bháis bhí Bran, a mhac, ina rí ar Chúige Laighean idir na blianta 1016 agus 1018. Ó shin amach ar aghaidh mhair ríogacht Uí Dhúnlainge le daoine de mhuintir Uí Mhuireadhaigh in áit mhuintir Uí Fhaoláin mar thoradh ar an slua mór a cailleadh ag Cluain Tarbh.

Yr Hafanau

51.7798°N 5.1018°W / 51.7798; -5.1018

Baile i Sir Benfro, an Bhreatain Bheag, is ea Yr Hafanau, 137.1 km ó Caerdydd agus 345 ó Londain. Tá daonra 1,139 ann, agus tá 147 (12.9%) in ann Breatnais a labhairt.

I dteangacha eile

This page is based on a Wikipedia article written by authors (here).
Text is available under the CC BY-SA 3.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.